|
|||||
|
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 17 de 2002 | ||
| [EN] |
ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ (LEASÚ), 2002 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 17 de 2002 | ||||||||||||||||||||||||||||
ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ (LEASÚ), 2002 | ||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE CLÁR GINEARÁLTA NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978. [10 Aibreán, 2002] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
| [EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978. | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht mar a leanas: | ||
| [EN] | (a) trí “den Aontas Eorpach” a chur in ionad “de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa” sa mhíniú ar “Ballstát”; | |||
| [EN] | (b) trí “clárú inteirneachta” a chur in ionad “clárú sealadach” sa mhíniú ar “lán-chlárú”; | |||
| [EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “forordú”: | |||
| [EN] | “ciallaíonn ‘forordaithe’ forordaithe le riail ón gComhairle;”; | |||
| [EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “clárú sealadach” agus “cláraithe go sealadach”: | |||
| [EN] | “ciallaíonn ‘clárú inteirneachta’ clárú de bhua alt 28 den Acht seo agus déanfar ‘cláraithe mar inteirn’ a fhorléiriú dá réir sin;”. | |||
| [EN] |
Leasú ar Chuid II den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i gCuid II i ndiaidh alt 25: | ||
| ||||
| [EN] |
Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear alt 26(2) den Phríomh-Acht trí “cláraithe mar inteirn” a chur in ionad “cláraithe go sealadach”. | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht. |
5. —Leasaítear alt 27(2) den Phríomh-Acht mar a leanas: | ||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d): | |||
| [EN] | “(d) a bhí cláraithe go díomuan ar feadh tréimhse nach lú san iomlán ná 24 mhí le linn na tréimhse forordaithe agus a dheimhneoidh don Chomhairle— | |||
| [EN] | (i) go ndeachaigh sé faoi na cúrsaí oiliúna forordaithe, nó gur shaothraigh sé an taithí fhorordaithe, agus | |||
| [EN] | (ii) go ndearna sé, mura bhfuil feidhm ag fo-alt (2A) den alt seo nó ag díolúine fhorordaithe, na scrúduithe forordaithe a ghnóthú.”; | |||
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí mhír (e) a aisghairm; | |||
| [EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||
| [EN] | “(2A) Ní gá do dhuine ar thosaigh a thréimhse tosaigh de chlárú díomuan roimh 1 Eanáir 1998 agus atá, thairis sin, i dteideal a chláraithe faoi fho-alt (2)(d) nó (2B) den alt seo, a dheimhniú don Chomhairle gur ghnóthaigh sé na scrúduithe forordaithe. | |||
| [EN] | (2B) Beidh duine a ndeachaigh a chlárú díomuan in éag aon tráth le linn na tréimhse 12 mhí roimh thosach feidhme an fho-ailt seo i dteideal a chláraithe faoin alt seo— | |||
| [EN] | (a) má dhéanann sé iarratas san fhoirm agus sa tslí a chinnfidh an Chomhairle agus má íocann sé an táille iomchuí laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme an fho-ailt seo, agus | |||
| [EN] | (b) má dhéanann sé na nithe is infheidhme agus a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (2)(d) a dheimhniú don Chomhairle.”. | |||
| [EN] |
Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht. |
6. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 28 den Phríomh-Acht: | ||
| ||||
| [EN] |
Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht. |
7. —Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht mar a leanas: | ||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |||
| [EN] | “(a) go bhfuil duine, nach bhfuil thairis sin i dteideal a chláraithe, sa Stát, nó go bhfuil beartaithe aige a bheith sa Stát, go díomuan chun fostaíocht agus tuilleadh oiliúna a fháil i gcleachtadh na míochaine in ospidéal, i bhforas, i gclinic nó i gcleachtadh ginearálta na míochaine nó i suíomh forordaithe seirbhíse sláinte, agus”; | |||
| [EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||
| [EN] | “(2) Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a chinnfear faoi fho-alt (1) den alt seo a fhadú go ceann tréimhse nó tréimhsí forordaithe ach, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní faide ná seacht mbliana iomlán na dtréimhsí go léir de chlárú díomuan.”. | |||
| [EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||
| [EN] | “(3) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar lán-chlárú sula rachaidh a chlárú díomuan in éag, déanfar, faoi réir alt 46 den Acht seo, a thréimhse de chlárú díomuan a fhadú go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach i ndáil leis an iarratas sin. | |||
| [EN] | (4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, is cinneadh críochnaitheach cinneadh i gcás nach mbeidh aon ábhar achomhairc ann in aghaidh an chinnidh, nó i gcás ina mbeidh ábhar achomhairc ann laistigh de thréimhse a bheidh imithe in éag gan achomharc a bheith tionscanta. | |||
| [EN] | (5) De réir na nósanna imeachta forordaithe, féadfaidh an Chomhairle duine a thagann faoi réim earnála forordaithe a chlárú go díomuan más deimhin leis an gComhairle— | |||
| [EN] | (a) go bhfuil céim, dioplóma nó cáilíocht eile ag an duine, a thugann, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil an t-eolas agus an oilteacht aige is gá chun an mhíochaine a chleachtadh go héifeachtúil, | |||
| [EN] | (b) gur ghnóthaigh an duine scrúdú iomchuí chun an chéim, an dioplóma nó an cháilíocht eile sin a fháil, agus | |||
| [EN] | (c) go bhfuil deimhniú, a mheasann an Chomhairle a bheith comhionann le deimhniú taithí, ag an duine. | |||
| [EN] | (6) Ní foláir iarratais ar chlárú díomuan faoi fho-alt (5) den alt seo a dhéanamh de réir na nósanna imeachta forordaithe. | |||
| [EN] | (7) D'fhonn a chinntiú go bhfuil duine dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo cláraithe go díomuan faoin Acht seo sula ndéanfaidh sé an mhíochaine a chleachtadh sa Stát, féadfaidh an Chomhairle dualgais agus coinníollacha a fhorordú a bheidh le comhlíonadh ag daoine a bheartaíonn seirbhísí duine dá dtagraítear san fho-alt sin a áirithiú.” | |||
| [EN] |
Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht. |
8. —Leasaítear alt 37(1) den Phríomh-Acht trí “arna ndeonú sa Stát” a scriosadh. | ||
| [EN] |
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
9. —Leasaítear an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3: | ||
| [EN] | “4. Céim, dioplóma nó cáilíocht eile a dhámhfar i mBallstát agus a aithneoidh an Chomhairle mar cháilíocht atá comhionann ar a laghad le cáilíocht a shonraítear in aon cheann de mhíreanna 1 go 3 den Sceideal seo.”. | |||
| [EN] |
Rialacha arna ndéanamh faoi alt 27 den Phríomh-Acht do leanúint i bhfeidhm. |
10. —Leanfaidh riail arna déanamh faoi alt 27 den Phríomh-Acht roimh leasú an ailt sin leis an Acht seo de bheith i bhfeidhm go dtí cibé tráth a dhéanfar í a chúlghairm le riail arna déanamh ag an gComhairle faoi alt 25A den Phríomh-Acht. | ||
| [EN] |
Tosach feidhme. |
11. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | ||
| [EN] | (2) Féadfar laethanta éagsúla a cheapadh faoi fho-alt (1) chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |||
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
12. —(1) Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú), 2002 , a ghairm den Acht seo. | ||
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1978 go 2002, a ghairm d'Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1978 go 2000, agus den Acht seo, le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin. |