An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 3 Comhlachtaí Poiblí) Ar Aghaidh (CUID 5 Logainmneacha)

32 2003

ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

CUID 4

An Coimisinéir Teanga

Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.

20. —(1) Bunaítear oifig ar a dtabharfar Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus tabharfar An Coimisinéir Teanga ar shealbhóir na hoifige agus gairtear an Coimisinéir de nó di san Acht seo.

(2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.

(4) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir.

Feidhmeanna an Choimisinéara.

21. —Is iad feidhmeanna an Choimisinéara, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di le haon fhoráil eile den Acht seo—

(a) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo ag comhlachtaí poiblí,

(b) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta seo,

(c) imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, ar mainneachtain í ar dóigh leis nó léi nó, de réir mar is cuí, leis an Aire, gur féidir gur tharla sí,

(d) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo,

(e) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht seo, agus

(f) imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh.

Cumhachtaí an Choimisinéara.

22. —(1)  (a) Chun críche a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an Coimisinéir a cheangal ar aon duine a bhfuil, i dtuairim an Choimisinéara, faisnéis aige nó aici, nó a bhfuil cumhacht nó rialú aige nó aici ar thaifead nó ar rud, a bhaineann leis na críocha réamhráite, aon fhaisnéis, taifead nó rud den sórt sin a thabhairt don Choimisinéir agus, más cuí, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus comhlíonfaidh an duine an ceanglas.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le faisnéis nó le cibé méid de thaifead a bhaineann le cinntí agus le himeachtaí de chuid an Rialtais nó de chuid aon choiste de chuid an Rialtais agus chun críocha na míre seo is deimhniú críochnaitheach deimhniú a thabharfaidh Ard-Rúnaí an Rialtais á dheimhniú go bhfuil aon fhaisnéis nó taifead nó cuid de thaifead bainteach amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní chuirfidh aon achtachán nó riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin, mar a dúradh, a thabhairt don Choimisinéir.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé nó sí ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a chuirfidh treampán nó bac ar an gCoimisinéir le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) I gcás cion faoi fho-alt (4) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta, nó duine a d'airbheartaigh a bheidh ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach nó an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht sin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(6) Féadfaidh an Coimisinéir imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(7) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun na gcríoch réamhráite, freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di—

(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus

(b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chailleadh,

ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.

(8) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine chun na gcríoch réamhráite inghlactha mar fhianaise i gcoinne an duine sin in aon imeachtaí coiriúla.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo aon cheart a thabhairt chun aon taifead nó rud atá faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird nó chun rochtain a fháil ar an gcéanna.

Imscrúduithe a sheoladh.

23. —(1) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.

(2) I gcás ina mbeartaíonn an Coimisinéir imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo déanfaidh sé nó sí—

(a) fógra i scríbhinn a thabhairt—

(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann,

(ii) i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, don duine a rinne an gearán, agus

(iii) don Aire,

ina thaobh sin, agus

(b) deis a thabhairt—

(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann, agus

(ii) d'aon duine eile ar dealraitheach nó, i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, d'aon duine eile a líomhnaítear, go raibh sé nó sí freagrach as an ní a ndearnadh gearán faoi,

trácht ar an ní agus, má rinneadh gearán leis an gCoimisinéir i ndáil leis an ní, ar aon líomhaintí a bhí sa ghearán.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir—

(a) diúltú gearán a imscrúdú faoin Acht seo, nó

(b) scor d'imscrúdú faoin Acht seo i dtaobh gearáin den sórt sin,

má thagann sé nó sí ar an tuairim—

(i) go bhfuil an gearán fánach nó cráiteach,

(ii) nach ndearna an duine a rinne an gearán bearta réasúnacha chun sásamh a lorg i leith ábhar an ghearáin nó, má rinne, nár diúltaíodh sásamh dó nó di,

(iii) nach mbaineann an gearán ach amháin le ní a bhfuil cumhacht ag an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ina leith de bhun alt 4(2)(a) den Acht Ombudsman 1980, nó

(iv) nach bhfuil aon sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla i gceist sa ní a ndearnadh gearán faoi.

(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta le himscrúdú a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir a chinneadh an bhféadfaidh abhcóide nó aturnae, nó an féidir ar shlí eile, ionadaíocht a dhéanamh d'aon duine in imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.

Eisiamh.

24. —Ní imscrúdóidh an Coimisinéir aon ghearán a dhéanfaidh duine nó a dhéanfar thar ceann duine más gearán é a mbeidh imeachtaí dlíthiúla sibhialta tionscanta i ndáil leis in aon chúirt ag an duine a ndéanann an ní a ndearnadh gearán faoi difear dó nó di agus nach mbeidh na himeachtaí dífe de bharr gan cúis chaingne nó gearán is inbhreithnithe ag an gcúirt sin a nochtadh, cibé acu a bheidh na himeachtaí sin tugtha chun críche thairis sin nó nach mbeidh:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Coimisinéir an ní a imscrúdú d'ainneoin gur ní é lena mbaineann an t-alt seo más dealraitheach don Choimisinéir gur cuí déanamh amhlaidh de bharr imthosca speisialta.

Faisnéis a nochtadh.

25. —Ní dhéanfar faisnéis nó taifead nó rud a gheobhaidh an Coimisinéir nó a gheobhaidh oifigigh an Choimisinéara i gcúrsa fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna aige nó aici faoin Acht seo a nochtadh ach amháin chun críocha an fheidhmithe sin agus chun críocha aon ráitis, tuarascála nó fógra atá le tabhairt faoin Acht seo agus ní iarrfar ar an gCoimisinéir nó ar oifigigh an Choimisinéara fianaise a thabhairt in aon imeachtaí maidir le nithe a thiocfaidh ar a umhail nó ar a humhail nó ar a n-umhail i gcúrsa an fheidhmithe sin.

Tuarascáil ar fhionnachtana.

26. —(1) In aon chás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir agus ina gcinnfidh an Coimisinéir gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo nó scor d'imscrúdú den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna atá aige nó aici leis an gcinneadh a chur chuig an duine a rinne an gearán agus chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí cibé ráiteas i scríbhinn is cuí leis nó léi i ndáil leis an ní a chur chuig cibé duine eile is cuí leis nó léi.

(2) In aon chás ina seolfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoin Acht seo, déanfaidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoina mbráid seo a leanas—

(a) an comhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) an tAire, agus

(c) i gcás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir, an gearánach,

maidir le fionnachtana an imscrúdaithe agus féadfaidh sé nó sí aon mholtaí is cuí leis nó léi, ag féachaint don imscrúdú, a áireamh sa tuarascáil.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tuarascáil eatramhach a eisiúint más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir a iarraidh ar chomhlacht poiblí aon tuairimí a bheidh aige maidir le haon fhionnachtana nó moltaí atá ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama shonraithe.

(5) Más rud é, laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis tuarascáil a bhfuil moltaí inti a chur faoi bhráid comhlachta phoiblí faoi fho-alt (2), nach mbeidh, i dtuairim an Choimisinéara, aon chuid de na moltaí atá sa tuarascáil curtha i ngníomh ag an gcomhlacht sin, féadfaidh an Coimisinéir, tar éis aon fhreagraí a bhreithniú a bheidh tugtha ag an gcomhlacht poiblí dó nó di i leith na moltaí sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir leis an gcéanna.

(6) Cuirfidh an Coimisinéir ag gabháil le gach tuarascáil faoi fho-alt (5) cóip de gach freagra (más ann) a bheidh tugtha ag comhlacht poiblí nó thar a cheann ar na moltaí sin.

Scéimeanna cúitimh.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfaidh comhlacht poiblí le cibé daoine cibé suimeanna a bheidh sonraithe sa scéim, i leith aon mhainneachtana, a bheidh sonraithe i dtuarascáil ón gCoimisinéir faoi alt 26 , ag an gcomhlacht (seachas comhlacht poiblí a bheidh forordaithe chun críocha mhír 1(5) den Chéad Sceideal) forálacha an Achta seo a chomhlíonadh.

(2) D'ainneoin mhir (f) d'alt 21, ní fhéadfar a fhoráil le scéim faoi fho-alt (1) go n-íocfar airgead i leith aon mhainneachtana ag comhlacht poiblí aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla a chomhlíonadh.

(3) Féadfar scéim faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a athrú le scéim ina dhiaidh sin arna déanamh faoin bhfo-alt sin.

Achomhairc chuig an Ard-Chúirt.

28. —(1) Féadfaidh páirtí in imscrúdú faoin Acht seo nó aon duine eile a ndéanann fionnachtana agus moltaí an Choimisinéara tar éis imscrúdú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh.

(2) Déanfar achomharc faoi fho-alt (1) a thionscnamh tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis na fionnachtana agus na moltaí iomchuí a thabhairt don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt achomharc faoin alt seo ag duine, seachas ag ceann, a dhíbhe, féadfaidh an Chúirt sin, má mheasann sí gur ghabh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an bponc dlí lena mbaineann, a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais an duine i ndáil leis an achomharc, nó iad go léir, a íoc.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais duine, seachas ceann, i ndáil le tarchur faoin alt seo, nó iad go léir, a íoc.

(4) Maidir le cinneadh ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (1), sonrófar ann, i gcás inar cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don chinneadh.

An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc. an Achta.

29. —Féadfaidh an Coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áirithe den Acht seo, a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tráchtaireachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóirí oifig an Choimisinéara i ndáil le himscrúduithe, agus le fionnachtana tar éis imscrúduithe, de chuid sealbhóirí den sórt sin faoin Acht seo.

Tuarascálacha ón gCoimisinéir.

30. —(1) Déanfaidh an Coimisinéir, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí sa bhliain sin a ullmhú agus a thabhairt don Aire.

(2) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an tuarascáil a fháil, a chur faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leasanna aon duine, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla i ndáil le haon imscrúdú a bheidh déanta aige nó aici nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta aige nó aici faoin Acht seo nó i ndáil le haon ní a bhaineann le himscrúdú nó le comhlíonadh den sórt sin nó a éiríonn i gcúrsa an chéanna.

(4) San alt seo, ní fholaíonn “tuarascáil” tuarascáil faoi alt 26 .