|
|||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 37 de 2003 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 2003 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 37 de 2003 | ||||||||||||||
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 2003 | ||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ CHUID III DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 1994 AGUS D'AISGHAIRM ALT 10 DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 2002. [27 Samhain, 2003] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994. |
[EN] |
Oibleagáid réamhthástáil anála a chur ar fáil. |
2. —Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 12 d'Acht 1994: |
[EN] | “12.—(1) Baineann an t-alt seo le duine atá i bhfeighil feithicle inneallghluaiste in áit phoiblí agus ar duine é nó í, i dtuairim comhalta den Gharda Síochána— | |
[EN] | (a) a bhfuil deoch mheisciúil tomhailte aige nó aici, | |
[EN] | (b) atá nó a bhí páirteach, mar aon leis an bhfeithicil, in imbhualadh, nó | |
[EN] | (c) a bhfuil cion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 2003, á dhéanamh nó déanta aige nó aici. | |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo: | |
[EN] | (a) sampla dá anáil nó dá hanáil a chur ar fáil, trí easanálú isteach i ngaireas chun alcól san anáil a thaispeáint, | |
[EN] | (b) dul in éineacht leis nó léi chuig áit (lena n-áirítear feithicil) ag an áit phoiblí nó i gcóngar na háite poiblí lena mbaineann agus a cheangal ar an duine san áit sin sampla dá anáil nó dá hanáil a chur ar fáil, trí easanálú isteach i ngaireas den sórt sin, nó | |
[EN] | (c) i gcás nach mbeidh gaireas den sórt sin ag an gcomhalta, fanacht ag an áit sin ina láthair nó i láthair comhalta eile den Gharda Síochána go dtí go mbeidh gaireas den sórt sin ar fáil aige nó aici (ach ní cheanglóidh an comhalta ar an duine fanacht san áit sin níos faide ná uair an chloig) agus féadfaidh an comhalta an tráth sin a cheangal ar an duine sampla dá anáil nó dá hanáil a chur ar fáil, trí easanálú isteach i ngaireas den sórt sin, | |
[EN] | agus féadfaidh an comhalta an modh leis an gceanglas a chomhlíonadh a chur in iúl. | |
[EN] | (3) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh— | |
[EN] | (a) ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh láithreach, nó | |
[EN] | (b) ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh láithreach ar mhodh a bheidh curtha in iúl ag comhalta den Gharda Síochána, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion agus, ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó iad araon a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (4) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas arb é tuairim an chomhalta ina leith go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta aige nó aici. | |
[EN] | (5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin gCuid seo nó faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur gaireas chun alcól san anáil a thaispeáint gaireas a chuirfidh comhalta den Gharda Síochána ar fáil chun a chumasú do dhuine sampla anála a chur ar fáil de bhun an ailt seo.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 13(1) d'Acht 1994 (sampla a chur ar fáil tar éis gabhála). |
3. —Leasaítear alt 13(1) d'Acht 1994 trí “alt 12(4)” a chur in ionad “alt 12(3)”. |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Aisghairtear alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2002. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2003 a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2003 a ghairm de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2002 agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Tagann an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire Iompair le hordú. |