2 2004

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 2004


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA (LEASÚ) 2004

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

 

1.

Míniú.

2.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1997.

3.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1997.

4.

Toghlaigh agus an líon comhaltaí atá le toghadh.

5.

Tagairtí a oiriúnú.

6.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

Na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2002

 

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 2004


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA (LEASÚ) 2004

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA 1997 CHUN TUILLEADH ÉIFEACHTA A THABHAIRT DO CHINNEADH 76/787/CEGC, CEE, EURATOM1 , DO THABHAIRT ÉIFEACHT DO CHINNEADH 2002/772/CE, EURATOM AN 25 MEITHEAMH AGUS AN 23 MEÁN FÓMHAIR 20022 ÓN gCOMHAIRLE AG LEASÚ NA hIONSTRAIME ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCINNEADH CÉADLUAITE, DO LEASÚ NA dTOGHLACH DÁ dTOGHTAR IARRTHÓIRÍ AGUS LÍON NA gCOMHALTAÍ ATÁ LE TOGHADH DO NA TOGHLAIGH SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [27 Feabhra, 2004]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1997.

2. —Leasaítear alt 11 d'Acht 1997—

(a)  i bhfo-alt (2) (d), trí “Ballstáit baile an duine, nó” a chur in ionad “Ballstáit baile an duine.”,

(b)  trí na míreanna seo a leanas a chur le fo-alt (2):

“(e) gur Aire den Rialtas é nó í, nó

(f)  gur comhalta de Rialtas Ballstáit eile é nó í, nó

(g)  gur comhalta de Choimisiún na gComhphobal Eorpach é nó í, nó

(h)  gur Breitheamh, Abhcóide Ginearálta nó Cláraitheoir de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach nó den Chúirt Chéadchéime atá ag gabháil leis an gCúirt sin é nó í, nó

(i)  gur comhalta de Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh é nó í, nó

(j) gur comhalta de Chúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach é nó í, nó

(k)  gurb é nó í Ombudsman na gComhphobal Eorpach é nó í, nó

(l)  gur comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an Chomhphobail Eorpaigh agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach é nó í, nó

(m)  gur comhalta é nó í de choiste nó de chomhlacht eile arna bhunú de bhun na gConarthaí ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach chun cistí na gComhphobal a bhainistiú nó cúram buan díreach riaracháin a chomhlíonadh, nó

(n)  gur comhalta de Bhord Stiúrthóirí, de Choiste Bainistíochta nó d'fhoireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta é nó í, nó

(o)  gur oifigeach nó seirbhíseach gníomhach é nó í—

(i)  d'aon cheann d'institiúidí na gComhphobal Eorpach,

(ii)  d'aon cheann de na sainchomhlachtaí atá ag gabháil leis na hinstitiúidí sin, nó

(iii) don Bhanc Ceannais Eorpach.”,

(c)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a)   Faoi réir mhír (b), duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint nó a mheasfar de bhun alt 19 a bheith tofa amhlaidh, agus a bheidh, tráth a thofa nó a tofa nó an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach den Oireachtas lena mbaineann, ar a thoghadh nó ar a toghadh amhlaidh, nó, i gcás an duine a bheith le meas amhlaidh, an lá a chéadmheasfar amhlaidh é nó í.

(b)   Duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint sa bhliain 2004 nó a mheasfar tar éis an toghcháin sin, de bhun alt 19, a bheith tofa amhlaidh, agus a bheidh, tráth a thofa nó a tofa nó an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, féadfaidh sé nó sí a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint agus den Teach den Oireachtas lena mbaineann—

(i) go dtí an lánscor ar an Dáil díreach roimh olltoghchán chomhaltaí na Dála is túisce a dhéanfar tar éis an toghcháin faoin Acht seo sa bhliain 2004, más comhalta den Dáil an duine, nó

(ii)  go dtí an lá roimh an lá vótaíochta in olltoghchán chomhaltaí an tSeanaid is túisce a dhéanfar tar éis an toghcháin faoin Acht seo sa bhliain 2004, más comhalta den Seanad an duine.

(c)   San fho-alt seo ciallaíonn ‘comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas’ comhalta den Dáil nó den Seanad seachas—

(i)  Aire den Rialtas,

(ii)  Aire Stáit, nó

(iii) Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach na Dála nó Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an tSeanaid.”,

agus

(d)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Más rud é, le linn do dhuine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa—

(a)  go dtiocfaidh an duine chun bheith faoi réir aon cheann de na dícháilíochtaí dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2),

(b)  go dtiocfaidh an duine chun bheith ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar oifig nó chun bheith i seilbh poist, de réir mar a bheidh, dá dtagraítear i mír (b), (e), (f), (g), (h), (i), (j), (k), (l), (m), (n) nó (o) d'fho-alt (2) nó i bhfo-alt (4), nó

(c)  go dtoghfar é nó í mar chomhalta den Dáil nó go dtoghfar nó go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta den Seanad,

scoirfidh an duine, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1997.

3. —Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1997 tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 90:

“90.—(1) Faoi réir mhír (2), nuair a bheidh comhaireamh na vótaí críochnaithe, cinnfidh agus dearbhóidh an ceann comhairimh toradh na vótaíochta agus air sin beidh na hiarrthóirí a mheastar a bheith tofa arna dtoghadh.

(2)  Ní dhearbhóidh an ceann comhairimh toradh na vótaíochta go dtí go mbeidh an vótaíocht críochnaithe sa Bhallstát arb iad a thoghthóirí na toghthóirí is deireanaí a vótálfaidh sa toghchán iomchuí.”.

Toghlaigh agus an líon comhaltaí atá le toghadh.

4. —Leasaítear Acht 1997 maidir le toghcháin Eorpacha a dhéanfar tar éis an 1 Eanáir 2004 tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal:

“AN TRÍÚ SCEIDEAL

Toghlaigh

 

Toghlach

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Baile Átha Cliath

Na contaetha seo a leanas:

Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas;

agus cathair Bhaile Átha Cliath.

4

An tOirthear

Na contaetha seo a leanas:

Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Longfort, Lú, An Mhí, Uíbh Fhailí, An Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin.

3

An tIarthuaisceart

Na contaetha seo a leanas:

An Cabhán, An Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin agus Sligeach;

agus cathair na Gaillimhe.

3

An Deisceart

Na contaetha seo a leanas:

Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh, Tiobraid Árann Theas agus Port Láirge;

agus cathracha Chorcaí, Luimnigh agus Phort Láirge.

3

Sa Sceideal seo, déanfar ‘contaetha’ agus ‘cathracha’ a fhorléiriú de réir alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus de réir Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht sin.”.

Tagairtí a oiriúnú.

5. —Déanfar aon tagairt d'ionadaí i bParlaimint na hEorpa in Acht 1997 agus i ngach Acht eile den Oireachtas agus i ngach ionstraim arna déanamh faoi aon cheann de na hAchtanna sin a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta de Pharlaimint na hEorpa.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú) 2004 a ghairm den Acht seo.

(2)  Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2004 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2002 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

1 O.J. Uimh. L278, 8.10.1976, lch. 1.

2 O.J. Uimh. L283, 21.10.2002, lch. 1.