|
|||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 26 de 2004 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ) 2004 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 26 de 2004 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ) 2004 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ A gCOMHIOMLÁN NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. | ||
[19 Iúil, 2004] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960. |
1. —Leasaítear alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (o) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 2000) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 1980): |
[EN] | “(o) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó a gcomhiomlán ná €50,000,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh acmhainní breise airgeadais, | |
[EN] | (p) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 2004 a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 go 2004 a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 go 2000 agus den Acht seo le chéile. |