An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Lua agus Oibriú Achtachán )

23 2005

An tAcht Léiriúcháin 2005

CUID 2

Rialacha Ilghnéitheacha

Forálacha débhríocha nó doiléire, etc. a fhorléiriú.

5. — (1) Le linn foráil d’aon Acht a fhorléiriú (seachas foráil a bhaineann le smachtbhanna pionóis nó le smachtbhanna eile a fhorchur)—

(a) is foráil atá doiléir nó débhríoch, nó

(b) is foráil a bheadh áiféiseach dá léireofaí go litriúil í nó nár léir uaithi intinn shoiléir—

(i) an Oireachtais, i gcás Achta lena mbaineann mír (a) den mhíniú ar “Acht” in alt 2(1), nó

(ii) na parlaiminte lena mbaineann, i gcás Achta lena mbaineann mír (b) den mhíniú ar “Acht” in alt 2(1),

tabharfar don fhoráil forléiriú ar léir uaidh intinn shoiléir an Oireachtais nó na parlaiminte lena mbaineann, de réir mar a bheidh, i gcás gur féidir an intinn sin a fhionnadh as an Acht ina iomláine.

(2) Le linn foráil d’ionstraim reachtúil a fhorléiriú (seachas foráil a bhaineann le smachtbhanna pionóis nó le smachtbhanna eile a fhorchur)—

(a) is foráil atá doiléir nó débhríoch, nó

(b) is foráil a bheadh áiféiseach dá léireofaí go litriúil í nó nár léir uaithi intinn shoiléir na hionstraime ina hiomláine i gcomhthéacs an achtacháin (lena n-áirítear an tAcht) faoina ndearnadh í,

tabharfar don fhoráil forléiriú ar léir uaidh intinn shoiléir an té a rinne an ionstraim i gcás gur féidir an intinn sin a fhionnadh as an ionstraim ina hiomláine i gcomhthéacs an achtacháin sin.

Forálacha a fhorléiriú in imthosca atá ag athrú.

6. — Le linn foráil d’aon Acht nó d’aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú, féadfaidh cúirt aird a thabhairt ar aon athruithe ar an dlí, ar dhálaí sóisialacha, ar theicneolaíocht, ar bhrí na bhfocal a úsáidtear san Acht sin nó san ionstraim reachtúil sin agus ar nithe eile is iomchuí, a tharla ó dháta rite an Achta sin nó ó dháta déanta na hionstraime reachtúla sin, ach sin a mhéid amháin a cheadaíonn a théacs, a chuspóir agus a chomhthéacs nó a téacs, a cuspóir agus a comhthéacs sin.

Foráil fhorlíontach le hailt 5 agus 6.

7. — (1) Le linn foráil d’Acht a fhorléiriú chun críocha alt 56, féadfaidh cúirt, d’ainneoin alt 18(g), na nithe go léir a úsáid, is nithe a ghabhann leo seo a leanas agus a leagtar amach iontu—

(a) i gcás Achta den Oireachtas, téacs sínithe an dlí sin mar a cuireadh isteach ina iris in Oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí de bhun Airteagal 25.4.5° den Bhunreacht,

(b) i gcás Achta d’Oireachtas Shaorstát Éireann, téacs sínithe an dlí sin mar a cuireadh isteach ina iris in oifig cibé oifigeach de Chúirt Uachtarach Shaorstát Éireann a chinn Dáil Éireann de bhun Airteagal 42 de Bhunreacht Shaorstát Éireann,

(c) i gcás aon Achta eile, cibé téacs den Acht sin a fhreagraíonn do théacs an Achta a cuireadh isteach ina iris ar an modh dá dtagraítear i mír (a)(b).

(2) Chun críocha fho-alt (1), toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur cóip den téacs lena mbaineann fo-alt (1) cóip de théacs Achta a gceanglaítear aird bhreithiúnach a thabhairt air.

Forálacha a léamh le chéile mar aon ní amháin agus imeachtaí achoimre i leith cionta.

8. — Más rud é—

(a) maidir le hAcht nó le páirt d’Acht (a rithfear tráth ar bith)—

(i) go bhforáiltear leis nó léi go bhféadfaidh duine sonraithe imeachtaí achoimre i leith cionta faoin Acht nó faoin bpáirt a thabhairt ar aghaidh, agus

(ii) go léifear é nó í agus aon fhoráil d’Acht eile le chéile mar aon ní amháin ina dhiaidh sin,

agus

(b) go gcruthaítear cion faoin bhforáil sin a fhéadfar a thabhairt ar aghaidh ar mhodh achomair ach nach dtugtar cumhacht shainráite don duine sonraithe cion a thabhairt ar aghaidh amhlaidh,

ansin, féadfaidh an duine sonraithe imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona faoin bhforáil eile sin mura n-údaraítear d’aon duine eile leis an Acht eile sin na himeachtaí sin a thionscnamh.

Tagairtí in achtacháin do Chodanna, etc.

9. — (1) Aon tagairt in achtachán do Chuid, do Chaibidil, d’alt, do Sceideal nó do roinn eile, cibé ainm a thugtar uirthi, léifear í mar thagairt do Chuid, do Chaibidil, d’alt, do Sceideal nó do roinn eile den achtachán ina bhfuil an tagairt.

(2) Aon tagairt in achtachán d’fho-alt, do mhír, d’fhomhír, do chlásal, d’fho-chlásal, d’airteagal, d’fho-airteagal nó do roinn eile, cibé ainm a thugtar uirthi, léifear í mar thagairt d’fho-alt, do mhír, d’fhomhír, do chlásal, d’fho-chlásal, d’airteagal, d’fho-airteagal, nó do roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt.

Achtachán d’éifeacht a bheith leis i gcónaí.

10. — Leanann achtachán d’éifeacht a bheith leis agus féadfar é a fheidhmiú ó am go ham de réir riachtanas na hócáide.

Tagairtí in achtacháin do shamplaí.

11. — Más rud é faoin gceannteideal—

(a) “Sampla” nó “Samplaí” i nGaeilge, nó

(b) “Example” nó “Examples” i mBéarla,

go bhfuil ar áireamh in achtachán, i ndeireadh forála nó i sceideal a bhaineann le foráil den sórt sin, sampla d’oibriú na forála, ansin—

(i) ní dhéanfar an sampla a léamh mar iomlán na forála, agus

(ii) féadfaidh an sampla brí na forála a leathnú ach ní chuirfidh sé teorainn leis an mbrí sin.

Claonadh ón bhfoirm.

12. — I gcás go bhforordófar foirm in achtachán nó faoi achtachán, ní chuirtear an fhoirm a úsáidtear ó bhail de thoradh claonadh ón bhfoirm ar claonadh é nach ndéanann difear ábhartha do shubstaint na foirme nó nach míthreorach an t-ábhar atá ann nó an éifeacht atá leis.