An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Rialacha Ilghnéitheacha ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Brí agus Forléiriú Focal agus Abairtí )

23 2005

An tAcht Léiriúcháin 2005

CUID 3

Lua agus Oibriú Achtachán

Aird bhreithiúnach.

13. — Is doiciméad poiblí Acht agus tabharfar aird bhreithiúnach air.

Lua agus tagairtí d’achtacháin leasaithe.

14. — (1) Féadfar Acht a lua in aon achtachán nó in aon doiciméad eile—

(a) faoi theideal fada nó faoi ghearrtheideal an Achta,

(b) más iomchuí, faoi uimhir leanúnach an Achta sa bhliain féilire agus faoin mbliain féilire inar ritheadh é, nó

(c) i gcás gur ritheadh an tAcht roimh achtú an Achta um Bun-Reacht Shaorstáit Éireann 1922, faoina bhliain mhonarcach agus a uimhir chaibidle agus, i gcás go raibh níos mó ná seisiún parlaiminte amháin ann sa bhliain mhonarcach chéanna, trí thagairt don seisiún lena mbaineann.

(2) Déanfar lua achtacháin nó tagairt d’achtachán a léamh mar lua de chuid an achtacháin nó tagairt don achtachán arna leasú (lena n-áirítear arna leasú tríd an achtachán a leathnú, a chur i bhfeidhm, a oiriúnú nó a mhodhnú ar shlí eile), cibé acu a dhéantar an leasú roimh an dáta, ar an dáta nó tar éis an dáta a tháinig an fhoráil ina mbeidh an lua nó an tagairt i ngníomh.

(3) Nuair a bheifear—

(a) ag lua Achta faoina ghearrtheideal, nó

(b) ag lua aon achtacháin eile faoina lua (más ann),

féadfar camóg atá díreach roimh thagairt do bhliain agus camóg atá díreach tar éis tagartha den sórt sin nach gá iad chun críche poncaíochta a fhágáil as an lua.

Dáta rite Achtanna den Oireachtas.

15. — (1) Is é dáta rite Achta den Oireachtas dáta an lae a chuirfidh an tUachtarán a lámh leis an mBille don Acht.

(2) Díreach tar éis don Uachtarán a lámh a chur leis an mBille d’Acht den Oireachtas, formhuineoidh Cléireach Dháil Éireann dáta rite an Achta ar an Acht, díreach i ndiaidh an teidil fhada, agus tuigfear gur cuid den Acht an dáta sin.

Tosach feidhme.

16. — (1) Faoi réir fho-alt (2) , tiocfaidh gach foráil d’Acht i ngníomh ar dháta a rite.

(2) I gcás go ndeirtear go dtagann Acht nó foráil d’Acht i ngníomh lá áirithe (cibé acu is lá roimh dháta rite an Achta nó ina dhiaidh agus cibé acu a ainmnítear an lá san Acht nó atá sé le ceapadh nó le déanamh amach ar shlí áirithe), tagann an tAcht nó an fhoráil i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá áirithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4), tagann gach foráil d’ionstraim reachtúil i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá a dhéantar an ionstraim reachtúil.

(4) I gcás go ndeirtear go dtagann ionstraim reachtúil nó foráil d’ionstraim reachtúil i ngníomh lá áirithe (cibé acu is lá roimh dháta déanta na hionstraime reachtúla nó ina dhiaidh, agus cibé acu a ainmnítear an lá san ionstraim nó atá sé le ceapadh nó le déanamh amach ar shlí áirithe), tagann an ionstraim reachtúil nó an fhoráil i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá áirithe.

Cumhachtaí reachtúla a fheidhmiú roimh thosach feidhme an Achta.

17. — I gcás go ndeirtear in Acht nó i bhforáil d’Acht go dtagann sé nó sí i ngníomh lá áirithe tar éis dháta rite an Achta, tá feidhm ag na forálacha seo leanas:

(a) má tá an lá a thagann an tAcht nó an fhoráil i ngníomh le ceapadh nó le déanamh amach ar shlí áirithe, féadfar an ionstraim reachtúil, an gníomh nó an ní lena gceaptar nó lena ndéantar amach an lá a dhéanamh, faoi réir aon sriain a fhorchuirtear leis an Acht, tráth ar bith tar éis an tAcht a rith;

(b) más rud é, chun críocha an Achta nó na forála, go mbronnann an tAcht cumhacht chun ionstraim reachtúil nó aon ghníomh nó ní a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh chun go mbeidh lánfheidhm ag an Acht agus lánéifeacht leis nó lánfheidhm ag an bhforáil agus lánéifeacht léi díreach ar theacht i ngníomh dó nó di, féadfar an chumhacht a fheidhmiú, faoi réir aon sriain a fhorchuirtear leis an Acht, tráth ar bith tar éis an tAcht a rith.