An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Dleachtanna Stampa ) Ar Aghaidh (CUID 6 Ilghnéitheach )

6 2006

TODO

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid 5).

112 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Leasú ar alt 6 (bronntanas inchánach) den Phríomh-Acht.

113 .— (1) Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha fho-alt (2)(d), measfar gur suim atá suite sa Stát cibé méid de mhargadhluach aon scaire i gcuideachta phríobháideach a corpraíodh lasmuigh den Stát (ar cuideachta í, tar éis an bronntanas a ghlacadh, atá faoi rialú an deontaí) is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith maoine atá suite sa Stát ar dháta an bhronntanais.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 11 (oidhreacht inchánach) den Phríomh-Acht.

114 .— (1) Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha fho-alt (2)(c), measfar gur suim atá suite sa Stát cibé méid de mhargadhluach aon scaire i gcuideachta phríobháideach a corpraíodh lasmuigh den Stát (ar cuideachta í, tar éis an oidhreacht a ghlacadh, atá faoi rialú an chomharba) is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith maoine atá suite sa Stát ar dháta na hoidhreachta.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hoidhreachtaí arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 77 (maoin oidhreachta a dhíolmhú) den Phríomh-Acht.

115 .— Leasaítear alt 77 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “leis an Iontaobhas (de réir bhrí alt 1003A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997),” a chur isteach i ndiaidh “le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,”.

Leasú ar Chaibidil 3 (tobhach bliantúil ar iontaobhais lánroghnacha) de Chuid 3 den Phríomh-Acht.

116 .— (1) Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 3 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 19 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “dáta inmhuirearaithe”:

“ciallaíonn ‘dáta inmhuirearaithe’, i ndáil le haon bhliain—

(a) maidir leis an mbliain 2006, an 5 Aibreán agus an 31 Nollaig sa bhliain sin, agus

(b) maidir leis an mbliain 2007 agus le blianta dá éis, an 31 Nollaig sa bhliain lena mbaineann;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“Cáin a ríomh.

23.— (1) An cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach oidhreachta inchánach ar a muirearaítear cáin mar gheall ar alt 20 ríomhtar í, faoi réir fho-alt (2), de réir ráta aon faoin gcéad den luach inchánach sin.

(2) Is é a bheidh sa cháin is inmhuirearaithe ar an dáta inmhuirearaithe arb é an 31 Nollaig 2006 é méid atá comhionann le 73.97 faoin gcéad den cháin is inmhuirearaithe de bhua fho-alt (1).”,

agus

(c) in alt 24 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás go ndéanfar margadhluach maoine a chinneadh de réir fho-alt (1) ar dháta luachála agus gurb é an 5 Aibreán 2006 an dáta luachála sin, ansin déileálfar leis an margadhluach, arna chinneadh amhlaidh, mar mhargadhluach na maoine ar an dáta luachála arb é an 31 Nollaig 2006 é.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith na bliana 2006 agus blianta eile dá éis.

Iontaobhais lánroghnacha: tuairisceáin

117 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 21—

(i) trí mhír (e) a scriosadh, agus

(ii) i mír (f) trí “ag alt 50 agus alt 81 agus Sceideal 2” a chur in ionad “ag alt 46(2), (3), (4) agus (5) agus ailt 50, 54, 56 agus 81 agus Sceideal 2”,

(b) in alt 46(2) trí “Aon duine atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua mhír (c) d’alt 16, de bhua mhír (c) d’alt 21, nó de bhua alt 45(1),” a chur in ionad “Faoi réir mhír (e) d’alt 21, aon duine atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 45(1), nó de bhua mhír (c) d’alt 16”,

(c) in alt 46(3) trí “fo-alt (2)(c) (seachas i leith cánach a éiríonn de bharr alt 20)” a chur in ionad “fo-alt (2)(c)”,

(d) in alt 46(4) trí “alt 15 nó 20” a chur in ionad “alt 15”,

(e) in alt 46(15) trí “duine a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát” a chur in ionad “duine atá ina chónaí nó ina cónaí agus ar a bhfuil sainchónaí sa Stát”,

(f) in alt 46 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Chun críocha fho-alt (15), déileálfar le duine nach bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát dáta na diúscartha mar dhuine nach bhfuil cónaí air nó uirthi agus nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát ar an dáta sin mura rud é—

(a) go raibh cónaí ar an duine sin sa Stát leis na 5 bliana measúnachta chomhleanúnacha díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina mbeidh an dáta sin, agus

(b) go bhfuil cónaí nó gnáthchónaí ar an duine sin sa Stát ar an dáta sin.”,

(g) in alt 54(1) trí “an cháin a bheidh dlite agus iníoctha (seachas cáin a éiríonn mar gheall ar alt 20)” a chur in ionad “an cháin a bheidh dlite agus iníoctha”, agus

(h) in alt 56 trí “cáin oidhreachta (seachas cáin a éiríonn mar gheall ar alt 20)” a chur in ionad “cáin oidhreachta”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain 2006 agus blianta dá éis.

Leasú ar Chuid 10 (faoisimh) den Phríomh-Acht.

118 .— (1) Leasaítear Cuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 89(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “maoin talmhaíochta”:

“ciallaíonn ‘maoin talmhaíochta’—

(a) talamh talmhaíochta, talamh féaraigh agus coillearnach sa Stát agus barraí, crainn agus casarnach ag fás ar thalamh den sórt sin agus folaíonn sé freisin cibé foirgnimh feirme, tithe feirme agus maintithe (mar aon leis na tailte a áitítear i dteannta na bhfoirgneamh feirme, na dtithe feirme agus na maintithe sin) is de ghné is iomchuí don mhaoin, agus innealra feirme, beostoc agus stoc folaíochta ar an maoin sin, agus

(b) teideal chun íocaíochta (de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 23 );”,

agus

(ii) sa mhíniú ar “feirmeoir” trí “ar sa Stát atá sainchónaí air agus” a scriosadh,

agus

(b) tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2:

“CAIBIDIL 2A

Faoiseamh talmhaíochta nó faoiseamh gnó a aisghlámadh: talamh forbraíochta

Maoin talmhaíochta agus gnó: talamh forbraíochta.

102A.— (1) San alt seo—

tá le ‘maoin talmhaíochta’ an bhrí a shanntar dó le halt 89;

ciallaíonn ‘luach úsáide reatha’ —

(a) i ndáil le talamh aon tráth áirithe, an méid arbh éard é margadhluach na talún an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde go raibh sé an tráth sin, agus go mbeadh sé, neamhdhleathach aon fhorbairt (de réir bhrí alt 3 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000) a dhéanamh i ndáil leis an talamh, seachas forbairt nach bhfuil inti ach mionfhorbairt, agus

(b) i ndáil le scaireanna i gcuideachta aon tráth áirithe, an méid arbh éard é luach na scaireanna an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde chéanna, i ndáil leis an talamh óna ndíorthaíonn na scaireanna a luach iomlán nó cuid dá luach, amhail mar atá luaite i mír (a);

ciallaíonn ‘talamh forbraíochta’ talamh sa Stát, ar mó a margadhluach ar dháta bronntanais nó oidhreachta ná luach úsáide reatha na talún sin ar an dáta sin, agus folaíonn sé scaireanna a ndíorthaíonn a luach go hiomlán nó go páirteach ó thalamh den sórt sin;

ciallaíonn ‘mionfhorbairt’ forbairt (nach forbairt ag údarás áitiúil nó gnóthaire reachtúil de réir bhrí alt 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000) is forbairt dhíolmhaithe faoi réim nó dá bhua alt 4 den Acht sin chun críocha an Achta sin;

forléireofar ‘maoin ghnó iomchuí’ de réir alt 93;

forléireofar ‘dáta luachála’ de réir alt 30.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh faoiseamh deonaithe de bhua alt 89(2) nó alt 92 i leith bronntanais nó oidhreachta arb éard é nó í maoin talmhaíochta nó, de réir mar a bheidh, maoin ghnó iomchuí,

(b) gur talamh forbraíochta atá, go hiomlán nó go páirteach, sa mhaoin, agus

(c) go ndéanann an deontaí nó an comharba an talamh forbraíochta a dhiúscairt go hiomlán nó go páirteach aon tráth i rith na tréimhse a thosóidh 6 bliana tar éis dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta agus a chríochnóidh 10 mbliana tar éis an dáta sin,

ansin déanfar cáin a athríomh ar dháta luachála an bhronntanais nó na hoidhreachta amhail is gurb ionann an méid ar mó margadhluach na talún diúscartha ná a luach úsáide reatha ar an dáta sin agus luach na maoine—

(i) nár mhaoin talmhaíochta, nó

(ii) nár mhaoin ghnó iomchuí,

de réir mar a bheidh, agus beidh cáin iníoctha dá réir sin.”.

(2) (a) Meastar feidhm a bheith ag fo-alt (1)(a)(i) maidir le bronntanais agus oidhreachtaí maoine talmhaíochta a bheidh glactha an 1 Eanáir 2005, nó dá éis sin.

(b) Beidh feidhm ag fo-ailt (1)(a)(ii) agus (1)(b) maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 104 (liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna) den Phríomh-Acht.

119 .— (1) Leasaítear alt 104 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir leis an asbhaint cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar dhiúscairt sócmhainne i gcoinne cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, ar asbhaint í a dhéantar de bhua fho-alt (1), scoirfidh sí d’fheidhm a bheith aici a mhéid a dhiúscraítear an tsócmhainn laistigh de 2 bhliain tar éis dháta an bhronntanais nó, de réir mar a bheidh, dháta na hoidhreachta.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

23 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch. 1.