An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil ) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta)

6 2006

TODO

CUID 6

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 6).

120 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc trí dheonachán míreanna oidhreachta) den Phríomh-Acht.

121 .— Leasaítear alt 1003 den Phríomh-Acht, i leith na bliana measúnachta 2006 agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)(a):

“(a) Chun críocha an ailt seo déanfar margadhluach aon mhíre nó aon chnuasaigh míreanna (dá ngairtear ‘an mhaoin’ san fho-alt seo), faoi réir mhír (d), a mheasúnú mar an ceann is lú díobh seo a leanas—

(i) an praghas a gheofaí ar an maoin, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í ar an dáta luachála ar cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir, agus

(ii) (I) an praghas a gheofaí, i dtuairim an duine a thabharfaidh bronntanas na maoine, ar an maoin ar an dáta luachála dá ndíolfaí í ar an tslí dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó

(II) de roghnú an duine sin, an méid a d’íoc an duine sin ar an maoin.”.

Cáin a íoc trí dheonachán maoine oidhreachta a thabhairt d’iontaobhas oidhreachta Éireannach.

122 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 5 de Chuid 42 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1003:

“1003A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’—

(a) na hAchtanna Cánach (seachas Caibidil 8 de Chuid 6, Caibidil 2 de Chuid 18 agus Caibidil 4 den Chuid seo),

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus

(c) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna;

ciallaíonn ‘riaráistí cánach’ cáin a bheidh dlite agus iníoctha de réir aon fhorála de na hAchtanna (lena n-áirítear aon ús agus pionóis is iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchtanna i ndáil le cáin den sórt sin)—

(a) i gcás cánach ioncaim, cánach corparáide nó cánach gnóchan caipitiúil, i leith na tréimhse iomchuí, nó

(b) i gcás cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, roimh thosach na bliana féilire ina dtabharfar an bronntanas iomchuí,

nach mbeidh íoctha an tráth a thabharfar bronntanas iomchuí;

ciallaíonn “lánas an fhoirgnimh” feistis a bhfuil baint stairiúil acu leis an bhfoirgneamh agus ar ina leith is deimhin leis an Aire go bhfuil siad tábhachtach i dtaca le comhthéacs staire nó aeistéitice an fhoirgnimh a shuíomh;

ciallaíonn ‘dliteanas reatha’—

(a) i gcás cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil, aon dliteanas i leith cánach den sórt sin a éireoidh sa bhliain mheasúnachta ina dtugtar an bronntanas iomchuí,

(b) i gcás cánach corparáide, aon dliteanas i leith cánach den sórt sin a éireoidh sa tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an bronntanas iomchuí,

(c) i gcás cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, aon dliteanas i leith cánach den sórt sin a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha sa bhliain féilire ina dtugtar an bronntanas iomchuí;

tá le ‘maoin oidhreachta’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2)(a);

tá le ‘margadhluach’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3);

ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn ‘bronntanas iomchuí’ bronntanas maoine oidhreachta don Iontaobhas nach bhfaigheann an duine a thugann an bronntanas comaoin ar bith ina leith (seachas faoiseamh faoin alt seo), go díreach nó go neamhdhíreach, ón Iontaobhas nó ar shlí eile;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—

(a) i gcás cánach ioncaim agus cánach gnóchan caipitiúil, aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain ina dtugtar an bronntanas iomchuí, agus

(b) i gcás cánach corparáide, aon tréimhse chuntasaíochta roimh an tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an bronntanas iomchuí;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, de réir mar a bheidh, is iníoctha de réir aon fhorála de na hAchtanna;

ciallaíonn ‘Iontaobhas’ an chuideachta a bheidh ainmnithe chun críocha an ailt seo leis an ordú dá dtagraítear in alt 122 (2) den Acht Airgeadais 2006;

ciallaíonn ‘dáta luachála’ an dáta a dhéanfar iarratas chuig an Aire ar chinneadh faoi fho-alt (2)(a).

(2) (a) San alt seo, ciallaíonn ‘maoin oidhreachta’ foirgneamh nó gairdín a gcinnfidh an tAire ina leith, ar iarratas chuige sin a bheith déanta i scríbhinn chuig an Aire ag duine ar leis nó léi an foirgneamh nó an gairdín, gur foirgneamh nó gairdín é atá, faoi réir fhorálacha mhír (b)—

(i) ina eiseamláir shuntasach den chineál foirgnimh nó gairdín atá i gceist,

(ii) dearscnaitheach ina aicme,

(iii) ina dhíol spéise suntasach ann féin ó thaobh na heolaíochta, na staire, an náisiúin, na hailtireachta nó na haeistéitice, agus

(iv) oiriúnach lena fháil ag an Iontaobhas,

agus, chun críocha an ailt seo, folaíonn tagairt do ‘foirgneamh’—

(I) aon fhoirgneamh seachtrach, clós nó talamh atá gaolmhar leis an bhfoirgneamh i gcás an talamh a bheith ar áitiú nó ar teachtadh leis an bhfoirgneamh mar chuid dá ghairdín nó dá thírdhreach deartha nó i gcás ina gcuireann sé le tuiscint ar an bhfoirgneamh ina shuíomh, agus

(II) lánas an fhoirgnimh.

(b) Le linn don Aire iarratas faoi mhír (a) a bhreithniú, breithneoidh sé nó sí cibé fianaise a chuirfidh an duine a bheidh ag déanamh an iarratais faoi bhráid an Aire.

(c) Ar iarratas a fháil ar chinneadh faoi mhír (a), iarrfaidh an tAire ar na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn an mhaoin oidhreachta a luacháil de réir fho-alt (3).

(d) Ní dhéanfaidh an tAire cinneadh faoi mhír (a), i gcás inar mó margadhluach na maoine, arna chinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir fho-alt (3), ar an dáta luachála, ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

€6,000,000 - M

i gcás gurb é M méid (agus féadfaidh gur nialas é) ar cóimhéid le margadhluach na maoine oidhreachta (más ann) ar an dáta luachála nó comhiomlán mhargadhluachanna na maoine oidhreachta go léir (más ann) ar na dátaí luachála faoi seach, de réir mar a bheidh, a mbeidh cinneadh nó cinntí, de réir mar a bheidh, ina leith faoin bhfo-alt seo déanta ag an Aire in aon bhliain féilire amháin agus nach mbeidh cúlghairthe sa bhliain sin.

(e) (i) Scoirfidh maoin de bheith ina maoin oidhreachta chun críocha an ailt seo más rud é—

(I) go ndéanfar an mhaoin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, le duine seachas an tIontaobhas,

(II) go gcuirfidh úinéir na maoine in iúl don Iontaobhas i scríbhinn nach mbeartaítear an mhaoin a bhronnadh ar an Iontaobhas, nó

(III) nach mbronnfar an mhaoin ar an Iontaobhas laistigh den bhliain féilire tar éis na bliana ina ndéanfar an cinneadh faoi mhír (a).

(ii) I gcás go dtiocfaidh an tAire ar an eolas, tráth ar bith laistigh den bhliain féilire ina ndéanfar cinneadh faoi mhír (a) i leith maoine, go bhfuil feidhm ag clásal (I) nó (II) d’fhomhír (i) maidir leis an maoin, féadfaidh an tAire an cinneadh a chúlghairm le héifeacht ón tráth sin.

(3) (a) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb éard é margadhluach aon mhaoine, cibé ceann acu seo a leanas is lú—

(i) an praghas a gheofaí ar an maoin, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í ar an dáta luachála ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir, agus

(ii) (I) an praghas a gheofaí ar an maoin, i dtuairim an duine atá ag bronnadh na maoine, dá ndíolfaí í ar an dáta luachála ar an modh dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó

(II) de rogha an duine sin, an méid a d’íoc an duine sin ar an maoin.

(b) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim margadhluach na maoine a fhionnadh i cibé slí agus ar cibé dóigh is cuí leo, agus féadfaidh siad a údarú do dhuine an mhaoin a iniúchadh agus luach na maoine a thuairisciú dóibh chun críocha an ailt seo, agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina choimeád nó ina coimeád nó ina sheilbh nó ina seilbh cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh an mhaoin a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá.

(c) I gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfaidh duine a bheidh údaraithe acu luacháil, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim costas na luachála sin.

(4) I gcás ina dtabharfar bronntanas iomchuí don Iontaobhas—

(a) tabharfaidh an tIontaobhas deimhniú don duine a thug an bronntanas iomchuí, i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú go bhfuarthas an bronntanas sin agus gur aistríodh úinéireacht na maoine oidhreachta is ábhar don bhronntanas sin chuig an Iontaobhas, agus

(b) tarchuirfidh an tIontaobhas dúblach den deimhniú chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina mbeidh bronntanas iomchuí tugtha ag duine, déileálfar leis an duine, ar an deimhniú a thabharfar don duine de réir fho-alt (4) a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, mar dhuine a rinne, an dáta a chuirfear an deimhniú faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, íocaíocht ar chuntas cánach de mhéid atá ar cóimhéid le margadhluach an bhronntanais iomchuí ar an dáta luachála.

(6) Déanfar íocaíocht ar chuntas cánach a ndéileálfar léi mar íocaíocht a rinneadh de réir fho-alt (5) a fhritháireamh, a mhéid is féidir é, in aghaidh aon dliteanais i leith cánach de chuid an duine a ndéileáiltear leis nó léi mar dhuine a rinne íocaíocht den sórt sin, san ord seo a leanas—

(a) ar dtús, in aghaidh aon riaráistí cánach a dhlífidh an duine sin a íoc agus in aghaidh riaráiste cánach i leith tréimhse is luaithe i dtosaíocht ar thréimhse is déanaí, agus chun na críche seo, is de réir an dáta ar tháinig riaráiste cánach chun bheith dlite lena íoc a chinnfear an i leith tréimhse is luaithe nó i leith tréimhse is déanaí é, agus

(b) ansin amháin, in aghaidh aon dliteanais reatha de chuid an duine a ainmneoidh an duine chun na críche sin,

agus dá réir sin déanfar méid comhréireach den dliteanas sin a urscaoileadh leis an bhfritháireamh sin.

(7) A mhéid nach ndearnadh íocaíocht ar chuntas cánach a fhritháireamh de réir fho-alt (6), déanfar an t-iarmhéid a bheidh fágtha a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais i leith cánach sa todhchaí, de chuid an duine a ndéileáiltear leis nó léi mar dhuine a rinne an íocaíocht, a ainmneoidh an duine sin chun na críche sin.

(8) I gcás ina mbeidh cumhacht ag duine aon mhaoin oidhreachta a dhíol chun airgead a chruinniú chun an cháin bhronntanais nó an cháin oidhreachta a íoc, beidh cumhacht ag an duine sin an mhaoin oidhreachta sin a thabhairt mar bhronntanas iomchuí do shásamh nó mar chabhair do shásamh na cánach sin agus, ach amháin maidir le cineál na comaoine agus lena fáil agus lena cur chur feidhme, beidh aon bhronntanas iomchuí den sórt sin faoi réir na bhforálacha céanna agus déileálfar leis chun gach críche mar dhíol arna dhéanamh i bhfeidhmiú na cumhachta sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag aon tíolacais nó aistrithe a dhéanfar nó a airbheartóidh a bheith déanta chun éifeacht a thabhairt do bhronntanas iomchuí den sórt sin.

(9) Ní bheidh duine i dteideal aon aisíoca cánach i leith aon íocaíochta ar chuntas cánach a dhéanfar de réir an ailt seo.

(10) Ní bheidh ús iníoctha maidir le haon ró-íocaíocht cánach i leith aon tréimhse a eascróidh go díreach nó go neamhdhíreach de bhíthin íocaíocht ar chuntas cánach arna déanamh de réir an ailt seo a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais i leith na tréimhse sin.

(11) I gcás ina dtabharfaidh duine bronntanas iomchuí agus go ndéileálfar leis nó léi, i leith an bhronntanais sin, mar dhuine a rinne íocaíocht ar chuntas cánach, ní lamhálfar faoiseamh don duine lena mbaineann faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna i leith an bhronntanais sin.

(12) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le gach bliain, liosta a thiomsú de theidil (más ann), de thuairiscí agus de luachanna na maoine oidhreachta (más ann) a mbeidh faoiseamh faoin alt seo tugtha ina leith.

(b) D’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu leis na hAchtanna nó leis an Acht um Rúin Oifigiúla 1963, áireoidh na Coimisinéirí Ioncaim sa tuarascáil bhliantúil uathu don Aire Airgeadais an liosta (más ann) dá dtagraítear i mír (a) don bhliain ar ina leith a thabharfar an tuarascáil.”.

(2) Ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú an chuideachta (is cuideachta atá corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí) arb í a bheidh ina hIontaobhas chun críocha alt 1003A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le fo-alt (1)).

(3) Tagann fo-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Foirmeacha, etc. a fhorordú.

123 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(d) an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(e) Caibidil IV de Chuid II den Acht Airgeadais 1992,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;

folaíonn “foirm nó doiciméad eile” foirm nó doiciméad eile lena húsáid nó lena úsáid, nó is féidir a úsáid, i bhfoirm mheaisín-inléite.

(2) I gcás ina gceanglaítear le foráil de na hAchtanna go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim foirm nó doiciméad eile a úsáidtear chun aon chríche de chuid na nAchtanna a fhorordú, a údarú nó a cheadú, féadfaidh duine díobh seo a leanas foirm nó doiciméad eile den sórt sin a fhorordú, a údarú nó a cheadú—

(a) Coimisinéir Ioncaim, nó

(b) oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nach ísle grád nó céim ná Rúnaí Cúnta a bheidh údaraithe acu chun na críche sin.

(3) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní lena sriantar alt 12 den Acht Léiriúcháin 2005.

Leasú ar Chaibidil 3A (Treoir 2003/48/CE an 3 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhFoirm Íocaíochtaí Úis a chur i bhfeidhm agus Nithe Gaolmhara) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

124 .— (1) Leasaítear Caibidil 3A (arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhfoirm Íocaíochtaí Úis) 2005 (I.R. Uimh. 317 de 2005) de Chuid 38 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 898F, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) (a) Déanfaidh gníomhaire íocaíochta a shuífidh céannacht agus áit chónaithe pearsan aonair de réir an ailt seo na nithe seo a leanas a choimeád nó, i gcás ina mbeidh an doiciméadacht iomchuí á shealbhú ag duine eile, beidh rochtain aige nó aici orthu—

(i) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun an phearsa aonair a chéannú, agus

(ii) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun áit chónaithe na pearsan aonair a shuíomh,

ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a thagann deireadh leis an ngaol idir an gníomhaire íocaíochta agus an phearsa aonair.

(b) Maidir le haon íocaíocht úis a dhéanfar le pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a), coimeádfaidh gníomhaire íocaíochta na doiciméid bhunaidh nó cóipeanna is inghlactha in imeachtaí dlí a bhaineann le haon íocaíocht úis a dhéanamh leis an bpearsa aonair nó le haon íocaíocht úis a urrú don phearsa aonair i gcás ina ndéanfar nó ina n-urrófar an íocaíocht ar an 1 Iúil 2005 nó dá éis, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a rinneadh nó a urraíodh an íocaíocht úis.”,

(b) in alt 898G, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) (a) Déanfaidh gníomhaire íocaíochta a shuífidh céannacht agus áit chónaithe pearsan aonair de réir an ailt seo na nithe seo a leanas a choimeád nó, i gcás ina mbeidh an doiciméadacht iomchuí á shealbhú ag duine eile, beidh rochtain aige nó aici orthu—

(i) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun an phearsa aonair a chéannú, agus

(ii) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun áit chónaithe na pearsan aonair a shuíomh,

ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a thagann deireadh leis an ngaol idir an gníomhaire íocaíochta agus an phearsa aonair nó, i gcás idirbhirt a dhéantar in éagmais caidrimh chonarthaigh, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a rinneadh nó a urraíodh an íocaíocht úis.

(b) Maidir le haon íocaíocht úis a dhéanfar le pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a), coimeádfaidh gníomhaire íocaíochta na doiciméid bhunaidh nó cóipeanna is inghlactha in imeachtaí dlí a bhaineann le haon íocaíocht úis a dhéanamh leis an bpearsa aonair nó le haon íocaíocht úis a urrú don phearsa aonair i gcás ina ndéanfar nó ina n-urrófar an íocaíocht ar an 1 Iúil 2005 nó dá éis, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a rinneadh nó a urraíodh an íocaíocht úis.”,

agus

(c) in alt 898Q, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Más rud é maidir le haon duine, nach gcomhlíonfaidh sé nó sí aon fhoráil de rialacháin faoin gCaibidil seo lena gceanglaítear ar an duine sin aon fhaisnéis, doiciméad nó deimhniú a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim, dlífear pionós €1,520 a chur ar an duine sin.

(b) I gcás inar comhlacht daoine an duine a luaitear i mír (a), dlífear pionós ar leithligh €950 a chur ar rúnaí an chomhlachta.

(c) Féadfar, gan dochar d’aon mhodh eile chun gnóthú, imeachtaí a shaothrú maidir leis na pionóis uile mar gheall ar mhainneachtain aon fhoráil de rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar in imeachtaí achoimre chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoi aon Acht a bhaineann leis an mál.

(d) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoin alt seo—

(i) maidir le deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé nó sí na taifid iomchuí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir, le linn tréimhse sonraithe, aon fhaisnéis, doiciméad nó deimhniú dá dtagraítear i mír (a), beidh sé ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt nach ndearna an cosantóir, le linn na tréimhse sin, an fhaisnéis, an doiciméad nó an deimhniú sin a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim;

(ii) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear i bhfomhír (i) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur shínigh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim é.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar Chaibidil 3 (oibleagáidí agus tuairisceáin eile) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

125 .— Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 38 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 891A:

“Tuairisceáin ar íocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag daoine áirithe.

891B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cuideachta árachais’—

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);

ciallaíonn ‘ciste comhchoiteann’—

(a) gnóthas infheistíochta (de réir bhrí alt 739B), nó

(b) iontaobhas aonad a bhfuil feidhm ag alt 731(5) maidir leis;

ciallaíonn ‘foras airgeadais’—

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971 ,

(b) duine dá dtagraítear in alt 7(4) d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó

(c) foras creidmheasa (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú), 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992)) a bheidh údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann chun gnó forais creidmheasa a sheoladh de réir fhorálacha na n-achtachán maoirseachta (de réir bhrí na Rialachán sin);

ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le pearsa aonair, uimhir phearsanta seirbhíse poiblí na pearsan aonair (de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005);

ciallaíonn ‘íocaíocht iomchuí’, i ndáil le duine sonraithe—

(a) i gcás duine sonraithe is cuideachta árachais, ciste comhchoiteann nó foras airgeadais—

(i) aon íocaíocht úis nó íocaíocht ar mhodh úis,

(ii) aon íocaíocht i leith aon infheistíochta,

(iii) aon íocaíocht arna déanamh ar mhodh brabaigh ar infheistíocht, nó

(iv) aon íocaíocht eile dá sórt,

de chineál nó de chineálacha a shonraítear nó a mhínítear i rialacháin agus a dhéanfaidh nó a chreidiúnóidh an duine sonraithe nó a dhéanfar nó a chreidiúnófar tríd an duine sonraithe, agus

(b) i gcás aon duine sonraithe eile, aon íocaíocht de chineál nó de chineálacha a shonraítear nó a mhínítear i rialacháin agus a dhéanfaidh nó a chreidiúnóidh an duine sonraithe nó a dhéanfar nó a chreidiúnófar tríd an duine sonraithe;

ciallaíonn ‘duine iomchuí’—

(a) aon chuideachta árachais,

(b) aon fhoras airgeadais,

(c) aon chiste comhchoiteann, nó

(d) aon Aire den Rialtas, aon chomhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht, nó aon chomhlacht eile a ghabhfaidh de láimh cistí poiblí a eisíoc;

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘duine sonraithe’ duine is comhalta d’aicme daoine iomchuí a shonraítear i rialacháin;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin dá bhforáiltear faoi na hAchtanna Cánach nó faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil;

ciallaíonn ‘uimhir thagartha cánach’ i ndáil le duine—

(a) i gcás duine is pearsa aonair, Uimhir PSP na pearsan aonair, agus

(b) in aon chás eile—

(i) an uimhir thagartha a luafar ar aon fhoirm thuairisceáin ioncaim nó aon fhógra measúnachta a eiseoidh oifigeach Ioncaim don duine, nó

(ii) uimhir chláraithe an duine chun críocha cánach breisluacha.

(2) (a) Chun críocha an ailt seo agus aon rialachán—

(i) maidir le haon mhéid arna chreidiúnú, nó arna fhritháireamh in aghaidh aon mhéid eile, i leith íocaíochta iomchuí, déileálfar leis mar íocaíocht agus forléireofar dá réir sin tagairtí san alt seo agus i rialacháin d’íocaíocht, agus

(ii) déanfar aon tagairt san alt seo agus i rialacháin do mhéid íocaíochta a fhorléiriú mar thagairt don mhéid arbh é méid na híocaíochta sin é mura mbeadh aon cháin le baint as an íocaíocht sin.

(b) Déanfar tagairt san alt seo do rialachán nó do rialacháin a fhorléiriú mar thagairt do rialachán nó do rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (3).

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil le rialacháin go gceanglófar ar dhuine sonraithe—

(a) tuairisceán faisnéise a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le híocaíochtaí iomchuí arna ndéanamh ag an duine sonraithe lena mbaineann nó tríd an duine sin ar feadh nó faoi threoir cibé tréimhse nó tréimhsí, seachas tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2005, a shonrófar sna rialacháin, agus

(b) faoi réir fho-alt (4)(h), uimhreacha tagartha cánach na ndaoine lena ndéanfar aon íocaíochtaí den sórt sin a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfar, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt do dhuine á chur in iúl gur duine sonraithe an duine sin, lena n-áirítear an tslí ina a dtabharfar an fógra sin,

(b) an dáta a chinneadh in aon bhliain faoina dtabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi na rialacháin,

(c) an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar cheart tuairisceáin a sheachadadh uirthi a fhorordú,

(d) an cineál nó na cineálacha íocaíochtaí iomchuí atá le cur san áireamh i dtuairisceáin atá le tabhairt faoi rialacháin a shonrú nó a mhíniú,

(e) na daoine nó na haicmí daoine a mhíniú lena mbeidh íocaíochtaí iomchuí déanta, chun na daoine nó na haicmí daoine a bheidh le cur san áireamh i dtuairisceán atá le tabhairt faoi rialacháin a chinneadh,

(f) céannacht agus áit chónaithe nó bunaíocht duine lena ndéantar íocaíocht iomchuí a chinneadh, chun daoine lena ndéantar íocaíochtaí iomchuí a chur san áireamh i dtuairisceán atá le tabhairt faoi rialacháin,

(g) na mionsonraí a shonrú a bhaineann le híocaíocht iomchuí atá le cur san áireamh i dtuairisceán arna thabhairt faoi rialacháin,

(h) oibleagáid a fhorchur—

(i) ar dhaoine sonraithe uimhir thagartha cánach a fháil ó dhaoine (dá ngairtear ‘custaiméirí’ sa mhír seo)—

(I) lena mbunóidh siad caidreamh conarthach,

(II) dá ndéanfaidh siad aon idirbheart a ghabháil de láimh, nó

(III) a ndéanfaidh siad íocaíocht iomchuí ina leith,

ar dháta a bheidh sonraithe i rialacháin nó dá éis, is dáta nach luaithe ná an dáta a thiocfaidh na rialacháin sin i bhfeidhm, chun an uimhir sin a chur san a áireamh i dtuairisceán faoi rialacháin, agus

(ii) ar chustaiméirí a n-uimhir thagartha cánach a thabhairt do dhuine sonraithe ar iarraidh ón duine sonraithe sin, más rud é—

(I) go mbunóidh custaiméirí den sórt sin caidreamh conarthach leis an duine sonraithe, nó

(II) go ndéanfaidh an duine sonraithe aon idirbheart a ghabháil de láimh,

ar dháta a bheidh sonraithe sna rialacháin nó dá éis, i gcás ina bhféadfaidh an caidreamh nó ant-idirbheart a bheith ina chúis le híocaíocht iomchuí,

(i) ‘leabhair’ agus ‘taifid’ a mhíniú chun críocha rialachán,

(j) an modh ar a gcoimeádfar taifid a chinneadh agus an tréimhse a leagan síos chun taifid a choinneáil is taifid a choimeádfar amhlaidh i ndáil le haon cheann de na nithe a shonraítear sna míreanna roimhe seo,

(k) go ndéanfaidh oifigigh Ioncaim, a bheidh údaraithe chuige sin—

(i) a cheangal—

(I) go dtabharfar leabhair, taifid nó doiciméid eile ar aird,

(II) go gcuirfear faisnéis, mínithe agus mionsonraí ar fáil,

(III) ar dhaoine an chabhair sin go léir a thabhairt a theastóidh le réasún agus a shonrófar sna rialacháin,

i ndáil le híocaíochtaí iomchuí agus i ndáil leis na daoine a ndearnadh na híocaíochtaí sin leo laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe i rialacháin, agus

(ii) sleachta a thógáil as leabhair, taifid nó doiciméid eile nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó a cheangal go gcuirfear cóipeanna de na leabhair, de na taifid agus de na doiciméid sin ar fáil,

agus

(l) cibé nithe forlíontacha agus teagmhasacha is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá—

(i) chun a chumasú do dhaoine a gcuid oibleagáidí faoi rialacháin a chomhlíonadh, nó

(ii) chun aon rialacháin a riaradh agus a chur i ngníomh i gcoitinne, lena n-áirítear—

(I) an t-údarás a tharmligean chuig oifigeach Ioncaim chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraítear le rialacháin do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh, agus

(II) na Coimisinéirí Ioncaim d’údarú oifigigh Ioncaim chun aon chumhachtaí a fheidhmiú, aon ghníomhartha a dhéanamh nó aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar leis an alt seo nó le rialacháin.

(5) Leagfar gach rialachán a dhéanfar faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(6) Féadfaidh oifigeach Ioncaim a bheidh údaraithe chun críche rialachán dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit ghnó de chuid duine shonraithe—

(a) chun a chinneadh maidir le faisnéis—

(i) a bhí san áireamh i dtuairisceán a thug an duine sonraithe sin faoi rialacháin, an raibh sí cruinn iomlán, nó

(ii) nach raibh san áireamh i dtuairisceán den sórt sin, ar cheart gan í a áireamh amhlaidh,

(b) chun na nósanna imeachta a chuir an duine sonraithe sin ar bun a scrúdú chun a chinntiú go gcomhlíonfar oibleagáidí an duine sin faoi rialacháin.

(7) (a) Beidh feidhm ag alt 898O—

(i) maidir le mainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán a cheanglaítear faoi rialacháin a sheachadadh, agus maidir le gach uile mhainneachtain den sórt sin, agus

(ii) maidir le tuairisceán mícheart nó neamhiomlán a thabhairt faoi rialacháin,

mar atá feidhm aige maidir le mainneachtain tuairisceán a sheachadadh nó maidir le tuairisceán mícheart nó neamhiomlán a thabhairt dá dtagraítear in alt 898O.

(b) Aon duine nach gcomhlíonfaidh—

(i) ceanglais ó oifigeach Ioncaim le linn cumhachtaí nó dualgais an oifigigh faoin alt seo nó faoi rialacháin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, nó

(ii) aon duine nach gcomhlíonfaidh aon cheanglas de chuid rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (3),

dlífear pionós €1,265 a chur air nó uirthi; agus chun pionós faoin mír seo a ghnóthú, beidh feidhm ag alt 1061 mar atá feidhm aige chun pionós a ghnóthú faoi aon cheann de na hailt dá dtagraítear san alt sin.

(8) Ní bheidh íocaíocht iomchuí san áireamh i dtuairisceán a bheidh le tabhairt faoi rialacháin má bhíonn an íocaíocht sin san áireamh, nó dá ndlífí an íocaíocht sin a áireamh, i dtuairisceán a thabharfar de réir alt 891A nó Chaibidil 3A.

(9) I gcás ina dtabharfaidh duine sonraithe tuairisceán (dá ngairtear an ‘tuairisceán céadluaite’ san fho-alt seo) faoi rialacháin ní gá don duine sin tuairisceán a thabhairt faoi alt 891, d’ainneoin fhorálacha alt 894, i leith aon íocaíochta a bheidh san áireamh sa tuairisceán céadluaite.”.

Idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógraí cosantacha.

126 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 811(1)—

(i) i mír (a) trí “San alt seo agus in alt 811A—” a chur in ionad “San alt seo—”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Chun críocha an ailt seo agus alt 811A, measfar na hachomhairc uile a dhéanfaidh duine nó a dhéanfar thar ceann duine faoi alt 811(7) in aghaidh aon ní nó nithe a shonraítear nó a thuairiscítear i bhfógra tuairime na gCoimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart a bheith cinnte go críochnaitheach, mura mbeidh siad cinnte amhlaidh ar shlí eile, an tráth—

(i) a bheidh comhaontú scríofa ann idir an duine sin agus oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, go seasfaidh an fógra tuairime nó go leasófar é ar shlí áirithe,

(ii) (I) a bheidh téarmaí comhaontaithe den sórt sin nach ndearnadh i scríbhinn daingnithe le fógra i scríbhinn arna thabhairt ag an duine don oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim lena ndearnadh an comhaontú, nó ag an oifigeach sin don duine, agus

(II) a bheidh 21 lá caite ó tugadh an fógra gan an duine dár tugadh é do thabhairt fógra i scríbhinn don duine a thug é á rá gur mian leis an duine céadluaite an comhaontú a shéanadh nó tarraingt siar as, nó

(iii) a thabharfaidh an duine fógra i scríbhinn d’oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á rá gur mian leis an duine gan dul ar aghaidh le hachomharc in aghaidh an fhógra tuairime.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 811:

“Idirbhearta chun dliteanas i leith cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógra cosantach.

811A.— (1) (a) San alt seo folóidh tagairtí do cháin a bheith iníoctha, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí do cháin a bheith iníoctha ag duine chun an oiread sin de bhuntáiste cánach a tharraingt siar ón duine sin is aisíocaíocht, nó íocaíocht, méid cánach, nó méadú ar mhéid cánach, is inaisíoctha, nó is iníoctha ar shlí eile, leis an duine.

(b) Chun críocha an ailt seo is é an dáta a thiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte—

(i) i gcás nach ndéanfar aon achomharc faoi alt 811(7) in aghaidh aon ní nó nithe a shonraítear nó a thuairiscítear i bhfógra na tuairime sin, 31 lá tar éis dháta fhógra na tuairime sin, nó

(ii) an dáta a bheidh gach uile achomharc a dhéanfar faoi alt 811(7) in aghaidh aon ní nó nithe den sórt sin cinnte go críochnaitheach agus nár cinneadh aon cheann de na hachomhairc amhlaidh trí ordú á ordú go bhfuil tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a deir gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, ar neamhní.

(c) Forléireofar an t-alt seo i dteannta alt 811 agus beidh éifeacht leis d’ainneoin aon cheann d’fhorálacha alt 811.

(2) Más rud é, de réir coigeartuithe nó gníomhartha arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 811(5), ar scór a dtuairime (arna leasú, nó arna breisiú, ar achomharc más iomchuí) gur idirbheart seachanta cánach idirbheart a bheith tagtha chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, go mbeidh méid cánach iníoctha ag duine nach mbeadh iníoctha dá mba rud é nár tháinig na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim lena mbaineann, ansin, faoi réir fho-alt (3)—

(a) dlífidh an duine méid a íoc (dá ngairtear an ‘formhuirear’ san alt seo) atá ar cóimhéid le 10 faoin gcéad de mhéid na cánach sin agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna, lena n-áirítear go háirithe alt 811(5) agus ag na forálacha sin a bhaineann leis an gcáin sin a bhailiú agus a ghnóthú, maidir leis an bhformhuirear sin, amhail is gurbh í an cháin sin í, agus

(b) chun críocha aon dliteanais i leith úis faoi na hAchtanna ar cháin atá dlite agus iníoctha, measfar an méid cánach, nó codanna den mhéid sin, a bheith dlite agus iníoctha ar an lá nó, maidir le codanna den mhéid sin, ar na laethanta a shonrófar san fhógra tuairime (arna leasú, nó arna breisiú, ar achomharc más iomchuí) de réir alt 811(6)(a)(iii) arna fhorléiriú i dteannta fho-alt (4)(a) den alt seo,

agus beidh an formhuirear agus an t-ús iníoctha dá réir sin.

(3) (a) Faoi réir fho-alt (6), ní bheidh formhuirear ná ús iníoctha ag duine i ndáil le hidirbheart seachanta cánach a chinnfear go críochnaitheach dochloíte a bheith ina idirbheart den sórt sin más rud é go mbeidh fógra (dá ngairtear ‘fógra cosantach’ san fho-alt seo agus i bhfo-alt (6)) faoi mhionsonraí iomlána an idirbhirt sin faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ón duine sin, nó thar ceann an duine sin, ar an dáta iomchuí (de réir bhrí mhír (c)) nó dá éis.

(b) I gcás ina dtabharfaidh duine fógra cosantach, nó ina dtabharfar fógra cosantach thar ceann duine, ansin déileálfar leis an duine mar dhuine a bhfuil fógra cosantach á thabhairt aige nó aici—

(i) d’aon toisc chun aon fhéidearthacht go dtiocfadh formhuirear nó ús chun bheith iníoctha ag an duine de bhua fho-alt (2) a chosc, agus

(ii) maidir le haon tuairim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart lena mbaineann, dá mba rud é go dtiocfadh na Coimisinéirí Ioncaim ar thuairim den sórt sin, go hiomlán gan dochar i dtaobh an mbeadh sí cruinn.

(c) Ar neamhaird leis an gcineál cánach lena mbaineann—

(i) i gcás ina ndéanfar ant-iomlán nó aon chuid den idirbheart, is ábhar don fhógra cosantach, a ghabháil de láimh nó a shocrú an 2 Feabhra 2006 nó dá éis, ansin is é an dáta iomchuí—

(I) an dáta atá 90 lá tar éis an dáta a thosaigh an t-idirbheart, nó

(II) más déanaí é ná an 90 lá sin, an 2 Bealtaine 2006,

(ii) más rud é—

(I) go ndéanfar an t-iomlán den idirbheart a ghabháil de láimh nó a shocrú roimh an 2 Feabhra 2006, agus go mbeadh sé ina chúis, nó go mbeadh sé ina chúis murach alt 811, le haon mhuirear nó measúnacht i leith cánach, nó aon chuid den chéanna a laghdú, a sheachaint nó a iarchur, agus

(II) nach n-éireodh an muirear nó an mheasúnacht sin ach amháin de bhua idirbhirt amháin nó níos mó a rinneadh go hiomlán an 2 Feabhra 2006 nó dá éis,

ansin is é an dáta iomchuí an dáta atá 90 lá tar éis an dáta a thosaigh an chéad cheann de na hidirbhearta eile sin, nó

(iii) más rud é—

(I) go ndéanfar an t-iomlán den idirbheart a ghabháil de láimh nó a shocrú roimh an 2 Feabhra 2006, agus go mbeadh sé ina chúis, nó go mbeadh sé ina chúis murach alt 811, le méid cánach, nó le méadú ar mhéid cánach, nó ar chuid den chéanna, atá inaisíoctha nó iníoctha ar shlí eile le duine, a aisíoc nó a íoc, agus

(II) go dtiocfadh an méid sin nó an méadú sin ar an méid, murach alt 811, chun bheith inaisíoctha amhlaidh nó iníoctha ar shlí eile i gcéaduair, leis an duine an 2 Feabhra 2006 nó dáta dá éis,

ansin is é an dáta iomchuí dáta atá 90 lá tar éis an dáta sin.

(d) D’ainneoin fógra cosantach a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le haon ús, is iníoctha i ndáil le hidirbheart seachanta cánach a gcinnfear go críochnaitheach dochloíte gur idirbheart den sórt sin é, i leith laethanta ar an dáta nó tar éis an dáta a thiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an idirbheart sin chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte.

(4) (a) Maidir le cinneadh i dtaobh iarmhairtí cánach a d’éireodh i leith idirbhirt, dá dtiocfadh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gur idirbheart seachanta cánach ant-idirbheart, chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, chun ús a mhuirearú, sonrófar ann—

(i) dáta nó dátaí, is dáta nó dátaí atá cóir agus réasúnach chun a chinntiú go measfar cáin a bheith dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an tráth a bheadh sí dlite agus iníoctha mura ndéanfaí an t-idirbheart, gan aird a thabhairt ar aon mhaíomh nach ndéanfaí idirbheart eile a ghabháil de láimh nó a shocrú chun go mbainfí amach na torthaí, nó aon chuid de na torthaí, a baineadh amach nó a beartaíodh a bhaint amach leis an idirbheart, agus

(ii) maidir le cibé méid cánach a bheidh dlite agus iníoctha ag duine chun aisíocaíocht nó íocaíocht cánach a ghnóthú ón duine, lena n-áirítear méadú ar cháin is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile leis an duine, an dáta arb é an lá é a rinneadh an aisíocaíocht nó an íocaíocht nó a rinneadh í a fhritháireamh nó cuntas a thabhairt inti, agus sonrófar an dáta nó na dátaí chun críocha na míre seo gan aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas—

(I) an tráth a thángthas ar an tuairim ag na Coimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach ant-idirbheart lena mbaineann,

(II) an dáta a tugadh aon fhógra faoin tuairim sin, nó

(III) an dáta a tháinig an tuairim (arna leasú, nó arna breisiú, ar achomharc más iomchuí) chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte.

(b) I gcás ina dtagraítear sna forais atá le hachomharc i ndáil le hiarmhairtí cánach do dháta nó do dhátaí den sórt a luaitear i mír (a), beidh feidhm ag fo-alt (7) d’alt 811, ina leith sin, amhail is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (c) den fho-alt sin:

‘(c) nach mbeadh na hiarmhairtí cánach a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó cibé cuid de na hiarmhairtí sin a bheidh sonraithe nó tuairiscithe ag an achomharcóir san fhógra achomhairc, cóir ná réasúnach d’fhonn a chinntiú go measfar cáin a bheith iníoctha ar dháta nó ar dhátaí de réir fho-alt (4)(a) d’alt 811A,’

agus déanfar na forais achomhairc dá dtagraítear in alt 811(8)(a) a fhorléiriú dá réir sin.

(5) Beidh formhuirear is iníoctha de bhua fho-alt (2)(a) dlite agus iníoctha ar an dáta a thiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte agus beidh ús iníoctha i leith aon mhoille maidir leis an bhformhuirear a íoc amhail is dá mba éard é an formhuirear méid den cháin sin ar faoi threoir méid di a ríomhadh an formhuirear.

(6) (a) Maidir le fógra cosantach—

(i) seachadfar é i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus chuig cibé oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim—

(I) a shonrófar san fhoirm fhorordaithe, nó

(II) is féidir a aithint, trí thagairt do threoir san fhoirm fhorordaithe, mar an oifig ar ceart an fógra lena mbaineann a chur chuici, agus

(ii) beidh—

(I) mionsonraí iomlána an idirbhirt is ábhar don fhógra cosantach ann, lena n-áirítear aon chuid den idirbheart sin nach mbeifear tar éis a ghabháil de láimh sula seachadtar an fógra cosantach,

(II) tagairt iomlán ann d’fhorálacha na nAchtanna a mheasann an duine a sheachadfaidh an fógra cosantach, nó a seachadfar é thar a cheann nó thar a ceann, a bheith iomchuí maidir le déileáil leis an idirbheart chun críocha cánach, agus

(III) mionsonraí iomlána ann i dtaobh conas atá nó nach bhfuil feidhm maidir leis an idirbheart ag gach foráil dá dtagraítear san fhógra cosantach de réir chlásal (II), i dtuairim an duine a sheachadfaidh an fógra cosantach nó a seachadfar é thar a cheann nó thar a ceann.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), má dhéantar—

(i) faoi alt 19B den Acht Cánach Breisluacha 1972,

(ii) faoi alt 46A den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003,

(iii) faoi alt 8 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, nó

(iv) faoi alt 955(4) den Acht seo,

amhras a shonrú i dtaobh fheidhmiú an dlí maidir le haon ní, nó i dtaobh an tslí ina ndéileálfar chun críocha cánach le haon ní, atá le bheith san áireamh i dtuairisceán, ní mheasfar gur seachadadh fógra chosantaigh é sin, ná gurb ionann é sin agus seachadadh fógra chosantaigh, i ndáil le hidirbheart chun críocha fho-alt (3).

(c) I gcás ina dtagann na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart agus ina gcreideann siad nach ndearna duine fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart a sheachadadh de réir fho-alt (6)(a) faoin dáta iomchuí (de réir bhrí fho-alt (3)(c)) ansin, le linn dóibh fógra maidir lena dtuairim i ndáil leis an idirbheart a thabhairt don duine faoi alt 811(6)(a), tabharfaidh siad fógra go gcreideann siad nach ndearna an duine fógra cosantach a sheachadadh amhlaidh agus, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, forléireofar alt 811—

(i) amhail is dá n-áireofaí i bhfo-alt (7) den alt sin, mar fhorais achomhairc, gur sheachaid an duine amhlaidh fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart, agus

(ii) amhail is dá bhforálfaí le fo-alt (9) den alt sin gur trína ordú gur seachadadh amhlaidh fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart nó nár seachadadh amhlaidh fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart a chinnfí achomharc, a mhéid a dhéanfar ar na forais sin é.

(7) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon idirbheart i gcás ina ndéanfar an t-idirbheart iomlán nó aon chuid de a ghabháil de láimh nó a shocrú an 2 Feabhra 2006, nó dá éis, agus

(b) maidir le haon idirbheart, a ndearnadh an t-iomlán de a ghabháil de láimh nó a shocrú roimh an dáta sin, a mhéid atá sé ina chúis, nó a bheadh sé, murach alt 811, ina chúis—

(i) le haon mhuirear nó measúnacht i leith cánach, nó le cuid de nó di, a laghdú, a sheachaint, nó a iarchur, i gcás nachn-éireoidh an muirear nó an mheasúnacht ach amháin de bhua idirbhirt eile nó idirbheart eile a dhéanfar go hiomlán an 2 Feabhra 2006 nó dá éis, nó

(ii) le haisíocaíocht nó le híocaíocht de mhéid, nó de mhéadú ar mhéid, cánach, nó cuid de, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine i gcás ina dtiocfadh an méid sin nó an méadú sin ar an méid, murach alt 811, chun bheith inaisíoctha amhlaidh nó iníoctha ar shlí eile leis an duine an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.”.

Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

127 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 2—

(a) déantar iad a leasú a mhéid agus sa mhodh a shonraítear i míreanna 1 go 8 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu agus tagann siad i ngníomh de réir mhír 9 den Sceideal sin.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

128 .— (1) San alt seo—

tá le “seirbhísí caipitiúla” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise is caoga” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (3);

ciallaíonn “príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais 1950.

(2) I ndáil leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2006, beidh éifeacht le fo-alt (3) d’alt 148 den Acht Airgeadais 2005 ach “€00.00” a chur in ionad “€43,454,359”.

(3) D’fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d’fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim €28,037,169 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2006.

(4) Déanfar an ceathrú blianacht bhreise is caoga a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(5) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise is caoga, nach mó ná €21,550,000 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun ant-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(6) Déanfar iarmhéid an ceathrú blianacht bhreise is caoga a úsáid ar aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

129 .— Déantar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

130 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid 1

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Forléireofar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid 3 i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2005 agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2006 a ghairm di agus de na hAchtanna sin le chéile.

(5) Forléireofar Cuid 4 i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(6) Forléireofar Cuid 5 i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(7) Déanfar Cuid 6, a mhéid a bhaineann sí—

(a) le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) le cáin chorparáide, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) le cáin ghnóchan caipitiúil, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) le custaim, a fhorléiriú in éineacht leis na hAchtanna Custam,

(e) le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(f) le cáin bhreisluacha, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2006,

(g) le dleacht stampa, a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(h) le cáin mhaoine cónaithe, a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais 1983 agus nan-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an Chuid sin, agus

(i) le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(8) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite i gCuid 1, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

(9) Ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt go sainráite, más rud é go mbeidh foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordú, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.