An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Cáin Ioncaim ) Ar Aghaidh (Caibidil 4 Cáin Chorparáide )

6 2006

TODO

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

18 .— (1) Leasaítear alt 481 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(c):

“(c) Ní mó ná 80 faoin gcéad an céatadán sonraithe ach, in aon chás lena mbaineann an mhír seo, ní mó ná €35,000,000 costas iomlán táirgthe an scannáin a n-íocann infheistíochtaí iomchuí as.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (22):

“(22A) Aon fheidhmeanna a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh féadfaidh oifigeach údaraithe iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus forléireofar aon tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don oifigeach údaraithe.”.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1)(a) cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

19 .— Leasaítear alt 659 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3B)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “iarmharmhéid”:

“ciallaíonn ‘iarmharmhéid’, i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear i dtréimhse inmhuirearaithe, méid atá comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas sin nó—

(i) €31,750, i gcás ina mbeidh sé tabhaithe i dtréimhse inmhuirearaithe dar chríoch dáta roimh an 1 Eanáir 2006, agus

(ii) €50,000, in aon chás eile,

cibé acu is lú;”.

Urrúis ainmnithe a dheonú do chomhlachtaí ceadaithe.

20 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 611(1)(a) trí “Faoi réir alt 848A, i gcás sócmhainn a dhiúscairt” a chur in ionad “I gcás sócmhainn a dhiúscairt”, agus

(b) in alt 848A—

(i) i bhfo-alt (1)(a)—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “comhlacht ceadaithe”:

“ciallaíonn ‘urrúis ainmnithe’—

(i) scaireanna (lena n-áirítear stoc), agus

(ii) bintiúir,

d’aicme a luaitear ar stocmhalartán aitheanta;”,

agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “deonachán iomchuí”:

“ciallaíonn ‘deonachán iomchuí’, faoi réir fho-alt (3A), deonachán a chomhlíonann ceanglais fho-alt (3) agus a dhéanfar i bhfoirm íocaíochta nó deonacháin, de réir mar a bheidh, ag duine (dá ngairtear an ‘deontóir’ san alt seo) ar ceachtar ní díobh seo a leanas nó iad araon—

(i) suim nó suimeanna airgid, agus

(ii) urrúis ainmnithe, arna luacháil ar a margadhluach an tráth a dhéanfar an deonachán,

arb ionann iad sa chomhiomlán agus €250 ar a laghad, le comhlacht ceadaithe, agus a dhéanfar—

(I) i gcás inar cuideachta an deontóir, i dtréimhse chuntasaíochta, agus

(II) i gcás inar pearsa aonair an deontóir, i mbliain mheasúnachta;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) Níl feidhm ag alt 611 maidir le diúscairt sócmhainne is deonachán iomchuí chun críocha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar—

(a) éileamh ar fhaoiseamh ó cháin, nó

(b) éileamh ar aisíoc cánach,

faoin alt seo maidir leis an deonachán iomchuí sin.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

Leasú ar alt 373 (léiriú (Cuid 11)) den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 373 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)—

(a) trí “1 Eanáir 2002;” a chur in ionad “1 Eanáir 2002.” i mír (n)(ii), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (n):

“(o) €23,000, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas—

(i) i dtréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 1 Eanáir 2006 nó dá éis, nó

(ii) i mbonntréimhse do bhliain mheasúnachta, i gcás ina gcríochnaíonn an bhonntréimhse sin an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.”.

Leasú ar Chaibidil 3 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide) de Chuid 7 (díolúintí cánach ioncaim agus cánach corparáide) den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 7 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 231 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (3) maidir le haon bhrabúis nó gnóchain a eascróidh tar éis an 31 Iúil 2008 chuig úinéir nó páirt-úinéir staile.”,

agus

(b) in alt 233 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (4) maidir le haon bhrabúis nó gnóchain a eascróidh tar éis an 31 Iúil 2008 chuig úinéir nó páirt-úinéir síolchú.”.

Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

23 .— Leasaítear Sceideal 26A a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 19:

“20.— An chuideachta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú faoi alt 114 (2) den Acht Airgeadais 2006.”.

Leasú ar alt 817 (scéimeanna chun dliteanas i leith cánach faoi Sceideal F a sheachaint) den Phríomh-Acht.

24 .— (1) Leasaítear alt 817 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh feidhm ag an alt seo chun cur i gcoinne aon scéime nó socraithe a dhéanfaidh nó a shocróidh dlúthchuideachta, nó ar páirtí inti nó ann an dlúthchuideachta, is scéim nó socrú arb é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, atá léi nó leis a áirithiú go seachnóidh nó go laghdóidh aon scairshealbhóir sa dlúthchuideachta muirear nó measúnacht i leith cánach ioncaim faoi Sceideal F trí airgead agus luach airgid, nó airgead nó luach airgid, a bhaint, go díreach nó go neamhdhíreach, ón dlúthchuideachta, nó trína chumasú an t-airgead nó an luach airgid sin a bhaint, chun tairbhe don scairshealbhóir, gan an dlúthchuideachta d’íoc díbhinne, nó (ar leith ó fho-alt (4)) dáileadh a dhéanamh, atá inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal F.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo, agus tá éifeacht leis, maidir le haon diúscairt scaireanna (de réir bhrí alt 817 den Phríomh-Acht) an 21 Feabhra 2006 nó dá éis.

Faoisimh i leith áite cónaithe — scéimeanna éagsúla.

25 .— Leasaítear Caibidil 11 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372AL—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (a)—

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii), agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3), an 31 Iúil 2008,”,

(II) i mír (b) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(III) i míreanna (c)(i) agus (c)(ii) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(IV) i mír (d) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(V) i mír (e) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(VI) i mír (f)—

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006.” i bhfomhír (ii), agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008,”,

agus

(VII) i mír (g) trí “dar tosach an 6 Aibreán 2001 agus dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar tosach an 6 Aibreán 2001”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh atá ar aghaidh sráide cáilithí nó a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar dreasachta cánach, a fhoirgniú, a athchóiriú nó athfheistiú más rud é—

(a) go mbeidh obair is fiú 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais iarbhír foirgnithe, athchóirithe nó, de réir mar a bheidh, athfheistithe an fhoirgnimh nó an chuid den fhoirgneamh déanta, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ag an duine a bheidh ag foirgniú, ag athchóiriú nó, de réir mar a bheidh, ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an chuid den fhoirgneamh, agus

(b) gur féidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás ina ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an chuid den fhoirgneamh, gur féidir leis an duine a bheidh ag éileamh asbhaint faoi alt 372AP nó faoi alt 372AR, de réir mar a bheidh, a shuíomh gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”,

agus

(b) in alt 372AS tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) I gcás ina dtabhóidh duine caiteachas cáilithe nó caiteachas cáilitheach aon tráth sa tréimhse 1 Eanáir 2006 go 31 Iúil 2008 ar áitreabh cáilitheach nó ar áitreabh cáilitheach speisialta, nó i ndáil leis, déanfar méid an chaiteachais cháilithe nó an chaiteachais cháilithigh a bheidh le háireamh faoi fho-alt (1) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach chun asbhaint a dheonú faoi alt 372AP nó faoi alt 372AR, de réir mar a bheidh, a laghdú—

(i) i gcás caiteachais a thabhófar sa tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2007, go dtí 75 faoin gcéad, agus

(ii) i gcás caiteachais a thabhófar sa tréimhse 1 Eanáir 2008 go 31 Iúil 2008, go dtí 50 faoin gcéad,

den mhéid a dhéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a áireamh amhlaidh thairis sin agus, chun na gcríoch sin, déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do chaiteachas a bheidh le háireamh faoi alt 372AS(1) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach a fhorléiriú dá réir sin.

(b) Chun críocha mhír (a) agus le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear caiteachas cáilithe nó caiteachas cáilitheach ar áitreabh cáilitheach nó ar áitreabh cáilitheach speisialta nó i ndáil leis—

(i) sa tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2006,

(ii) sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007, nó

(iii) sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008,

ní dhéanfar ach cibé méid den chaiteachas sin is inchurtha síos go cuí d’obair ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, ar an athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, nó ar athfheistiú an áitribh cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an áitribh cháilithigh speisialta a dhéanfar iarbhír sa tréimhse sin a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.”.

Srian ar chaiteachas a thabhaítear ar fhoirgniú agus ar athfheistiú foirgneamh tionscail agus tráchtála áirithe.

26 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 270, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú agus ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais (nó, i gcás alt 843, caiteachas cáilitheach de réir bhrí an ailt sin) aon tráth sa tréimhse ó 1 Eanáir 2006 go 31 Iúil 2008 agus maidir leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas—

(a) go bhfuil sé, nó go meastar de bhua alt 268(3) go bhfuil sé, ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d),

(b) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail de réir bhrí 268(1)(k),

(c) go bhfuil sé ina charrchlós ilstóir cáilitheach de réir bhrí 344,

(d) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann alt 372C nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372D,

(e) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann alt 372M nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372N,

(f) go bhfuil sé ina shaoráid loctha agus marcaíochta de réir bhrí alt 372U nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372W,

(g) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann alt 372AC nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372AD,

(h) go bhfuil sé ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 843, nó

(i) go bhfuil sé ina aonad cónaithe cáilitheach de réir bhrí alt 268(3A).

(5) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (4), ansin, d’ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, ach faoi réir fho-ailt (6) agus (7), maidir le méid an chaiteachais chaipitiúil nó, de réir mar a bheidh, méid an chaiteachais cháilithigh dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh faoin gCuid seo (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta a thabhairt agus muirir chothromaíochta a ghearradh faoi alt 274 agus iarmhar an chaiteachais faoi alt 277 a ríomh), cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na liúntais sin le tabhairt nó na muirir sin le gearradh go díreach faoin gCuid seo nó faoin gCuid seo de bhua fheidhm aon fhorála de Chuid 10 nó d’alt 843, laghdófar é—

(a) i gcás caiteachais a thabhófar—

(i) má tá feidhm ag fo-alt (4)(i), sa tréimhse ón 25 Márta 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007, agus

(ii) in aon chás eile, an tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007,

go dtí 75 faoin gcéad, agus

(b) i gcás caiteachais a thabhófar sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008, go dtí 50 faoin gcéad,

den mhéid a dhéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a áireamh amhlaidh thairis sin agus, chun na gcríoch sin, déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach, seachas na tagairtí in alt 279 arna chur chun feidhme le fo-alt (6), do chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a fhorléiriú mar thagairt don chaiteachas sin arna laghdú de réir an fho-ailt seo.

(6) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) agus, de réir mar a bheidh, ag fo-alt (7) i ndáil le caiteachas caipitiúil nó caiteachas cáilitheach a thabhófar ar fhoirgneamh nó déanmhas, beidh feidhm ag alt 279 i ndáil leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas amhail is—

(a) dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘an glanphraghas a íocadh’ i bhfo-alt (1) den alt sin:

‘ciallaíonn “an glanphraghas a íocadh” an méid dá bhfreagraíonn A sa chothromóid—

A = B x C

D + E

más rud é—

gurb é B an méid a d’íoc duine chun an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a cheannach,

gurb é C méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais arna laghdú de réir alt 270(5) agus, de réir mar a bheidh, alt 270(7),

gurb é D méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

gurb é E méid aon chaiteachais a tabhaíodh iarbhír, ar caiteachas é chun críocha mhír (a), (b) nó (c) d’alt 270(2).”,

(b) dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad mhír (b), i bhfo-alt (2) den alt sin:

‘(b) measfar chun na gcríoch sin, maidir leis an duine a cheannóidh an leas sin, gur thabhaigh sé nó sí, ar an dáta a thiocfaidh an praghas ceannaigh chun bheith iníoctha, caiteachas ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais atá ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin arna laghdú de réir alt 270(5) agus, de réir mar a bheidh, alt 270(7) nó leis an nglanphraghas a d’íoc (de réir bhrí an téarma sin arna chur chun feidhme le halt 270(6)(a)) an duine sin ar an leas sin, cibé acu is lú;’,

agus

(c) dá mba thagairt do ‘leis an gcaiteachas sin arna laghdú de réir alt 270(5) agus, de réir mar a bheidh, alt 270(7) nó’ an tagairt do ‘leis an gcaiteachas sin nó’ i bhfo-alt (3) den alt sin.

(7) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann mír (a), mír (d) (seachas áitreabh cáilitheach atá ar aghaidh sráide cáilithí (de réir bhrí alt 372A)), mír (e) nó mír (g) d’fho-alt (4) agus nach mór do dhuine a shuíomh maidir leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas sin go ndearnadh an coinníoll atá—

(i) má tá feidhm ag fo-alt (4)(a), in alt 268 (13)(c)(ii)(I) nó, de réir mar a bheidh, in ailt 272(9)(b)(i) agus 274 (1B)(b)(i),

(ii) má tá feidhm ag fo-alt (4)(d), in alt 372A(3)(a),

(iii) má tá feidhm ag fo-alt (4)(e), in alt 372L(3)(a), nó

(iv) má tá feidhm ag fo-alt (4)(g), in alt 372AA(3)(a),

a chomhlíonadh an 31 Nollaig 2006 nó roimhe.

(b) (i) Ní dhéileálfar le duine mar dhuine a chomhlíon an coinníoll dá dtagraítear i mír (a) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas, mura rud é—

(I) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a)(ii), go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí (de réir bhrí alt 372A), agus

(II) in aon chás eile, go ndéanfaidh ant-údarás áitiúil (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001),

ar ina limistéar riaracháin atá an foirgneamh nó an déanmhas suite, deimhniú a thabhairt i scríbhinn an 30 Márta 2007 nó roimhe don duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, ina luaitear—

(A) gur deimhin leis go ndearnadh, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, obair ab fhiú 15 faoin gcéad ar a laghad de na costais iarbhír a bhain leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann a fhoirgniú nó a athfheistiú,

(B) an méid iarbhír den chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais faoin 31 Nollaig 2006, agus

(C) méid réamh-mheasta iarmhéid an chaiteachais chaipitiúil (seachas an méid sin dá dtagraítear i gclásal (B)) atá le tabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais.

(ii) Maidir le hiarratas ar dheimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (i), is an duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a dhéanfaidh é, an 31 Eanáir 2007, nó roimhe sin,

(iii) Le linn don údarás áitiúil iomchuí breithniú a dhéanamh i dtaobh an dtabharfaidh sé deimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (i), tabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás áitiúil, aird ar threoirlínte i ndáil le deimhnithe den sórt sin a thabhairt, ar treoirlínte iad a eisíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

(c) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, ní mó an méid caiteachais chaipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (4) agus a ndéileálfar leis mar chaiteachas a bheidh tabhaithe sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Iúil 2008 chun críocha liúntais agus muirir a dhéanamh (dá dtagraítear i bhfo-alt (5)) faoin gCuid seo, ná an méid a bheidh deimhnithe ag an údarás áitiúil iomchuí nó, de réir mar a bheidh, ag an údarás áitiúil faoi chlásal (C) de mhír (b)(i) i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas sin.

(d) Beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo roimh chur i bhfeidhm fhorálacha fho-ailt (5) agus (6) agus i gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo chun an méid caiteachais chaipitiúil a ndéileálfar leis mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Iúil 2008 a laghdú, is i ndáil le caiteachas a tabhaíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008 a dhéanfar an laghdú sin, i dtosaíocht ar an tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go an 31 Nollaig 2007.

(e)I gcás ina ndíolfar foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an fo-alt seo ag an duine a d’fhoirgnigh nó a d’athfheistigh an foirgneamh nó an déanmhas, déanfaidh an duine sin, tráth an díola sin, cóip den deimhniú dá dtagraítear i mír (b)(i) a sholáthar don cheannaitheoir chun críocha an ceannaitheoir do dhéanamh éilimh faoi aon cheann d’fhorálacha na Coda seo.”,

agus

(b) in alt 316—

(i) i bhfo-alt (2A), trí “31 Iúil 2008” a chur in ionad “31 Iúil 2006” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas faoin gCuid seo, i dtaobh cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais dá dtagraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h) nó (i) d’alt 270(4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006)—

(a) (i) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 270(4)(i), sa tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 24 Márta 2007, agus

(ii)in aon chás eile, sa tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2006,

(b) (i) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 270(4)(i), sa tréimhse ón 25 Márta 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007, agus

(ii)in aon chás eile, sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007,

(c)sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008,

ní dhéileálfar (d’ainneoin fho-alt (2) agus aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a ndéileáiltear nó a ndéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos d’obair ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a rinneadh iarbhír i dtréimhse den sórt sin mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh óstán, campaí saoire agus iostán saoire.

27 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268(13)—

(i) i mír (a) trí “faoi réir mhíreanna (b) agus (c)” a chur in ionad “faoi réir mhír (b)”,

(ii) i mír (b) trí “31 Nollaig 2006” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le caiteachas arna thabhú an 31 Iúil 2008, nó roimhe, ar fhoirgniú nó ar athfheistiú iostáin saoire más rud é—

(i) go mbeidh coinníollacha fhomhír (i), (ii) nó (iii), de réir mar a bheidh, de mhír (b) comhlíonta,

(ii) faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7)—

(I) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an iostáin saoire, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an iostáin saoire, agus

(II) go mbeidh an duine dá dtagraítear i gclásal (I) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin ant-iostán saoire, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i gclásal (I),

(iii) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(iv) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 272—

(i) i bhfo-ailt (3)(c)(iii) agus (4)(c)(iii), trí “faoi réir fho-ailt (8) agus (9)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (8)”,

(ii) i bhfo-alt (8), trí “31 Nollaig 2006” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3)(c)(iii) ná (4)(c)(iii) maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 31 Iúil 2008 nó roimhe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais más rud é—

(a) gur comhlíonadh coinníollacha mhír (a), (b), (ba) nó (c), de réir mar a bheidh, d’fho-alt (8),

(b) faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7)—

(i) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(ii) go mbeidh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i bhfomhír (i),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

agus

(c) in alt 274—

(i) i bhfo-alt (1)(b)(iii)(III), trí “faoi réir fho-ailt (1A) agus (1B)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (1A)”,

(ii) i bhfo-alt (1A), trí “31 Nollaig 2006” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)(b)(iii)(III) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 31 Iúil 2008 nó roimhe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais más rud é—

(a) go gcomhlíonfar coinníollacha mhír (a), (b), (ba) nó (c), de réir mar a bheidh, d’fho-alt (1A),

(b) faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7)—

(i) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(ii) go mbeidh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i bhfomhír (i),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh clinicí díobhálacha spóirt.

28 .— Leasaítear alt 268 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2B)—

(i) i mír (f), trí “le linn na tréimhse 10 mbliana dar tosach an tráth dá dtagraítear in alt 272(4)(h)” a chur in ionad “le linn na tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear in alt 272(4)(h)”, agus

(ii) i mír (I) trí “faoi réir mhír (II), “a chur isteach roimh “folaíonn”,

(b) i bhfo-alt (9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) faoi threoir mhír (k), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse dar tosach an 15 Bealtaine 2002 agus dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (16), dar críoch an 31 Iúil 2008.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le clinic díobhálacha spóirt cáilitheach a fhoirgniú nó a athfheistiú más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an chlinic, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an chlinic, agus

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an clinic, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh carrchlós ilstóir.

29 .— (1) Leasaítear alt 344 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(i) i mír (c) trí “an 31 Nollaig 2006” a chur in ionad “an 31 Iúil 2006” agus “chun críocha an mhínithe seo, nó” a chur in ionad “chun críocha an mhínithe seo;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) an 31 Iúil, más rud é, i ndáil le foirgniú nó athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh—

(i) gur eisigh an t-údarás áitiúil iomchuí an deimhniú dá dtagraítear i mír (c) an 31 Nollaig 2003 nó roimhe, agus

(ii) (I) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an charrchlóis ilstóir cháilithigh, agus

(II) go mbeidh an duine dá dtagraítear i gclásal (I) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an carrchlós ilstóir cáilitheach, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i gclásal (I);”,

agus

(b) i bhfo-alt (2)(a), trí “Faoi réir fho-ailt (3) go (6A) agus (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (3) go (6A)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla i gcomhair áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana uirbí agus i gcomhair áitreabh tráchtála ar shráideanna ina bhfuil cónaí os cionn an tsiopa.

30 .— (1) Leasaítear Caibidil 7 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372A—

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (a):

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii); agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008,”,

(II) i mír (b):

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii); agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1B) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgneamh nó déanmhas nó le cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas, a fhoirgniú nó a athfheistiú is foirgneamh nó déanmhas a mbeidh a aghaidh ar shráid cháilitheach nó a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais nó na coda den fhoirgneamh nó den déanmhas, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais nó na coda den fhoirgneamh nó den déanmhas, agus

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a),

(c) i gcás foirgnimh nó déanmhais, nó i gcás cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas, a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach más rud é—

(i) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(ii) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 372(1)—

(i) i mír (c):

(I) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, i bhfomhír (ii); agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372A, an 31 Iúil 2008,”,

(ii) i mír (d):

(I) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006.” i bhfomhír (ii); agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d’alt 372AL, an 31 Iúil 2008.”,

(c) in alt 372BA(1)—

(i) i mír (bb):

(I) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii); agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1B) agus (3) d’alt 372A, an 31 Iúil 2008,”,

(ii) i mír (c):

(I) trí “in alt 372AL” a chur in ionad “in alt 372A”;

(II) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006.” i bhfomhír (ii); agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372AL, an 31 Iúil 2008.”,

(d) in alt 372C, i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “Faoi réir fho-alt (4) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (4)”, agus

(e) in alt 372D(2)(a), trí “Faoi réir mhír (b), fo-ailt (3) go (5) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhír (b) agus fho-ailt (3) go (5)”.

(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b)(ii) agus (c)(ii)(II) agus (III) d’fho-alt (1) amhail ar agus ón 1 Eanáir 2006.

(c) Meastar feidhm a bheith ag mír (c)(ii)(I) d’fho-alt (1) amhail ar agus ón 1 Eanáir 2004.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana tuaithe.

31 .— (1) Leasaítear Caibidil 8 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372L—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i bhfomhír (ii) de mhír (a), trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii) de mhír (a):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le foirgniú agus athfheistiú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais,

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 372M, i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “Faoi réir fho-alt (4) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (4)”, agus

(c) in alt 372N(2)(a), trí “Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) go (5) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhír (b) agus fho-ailt (3) go (5)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh saoráidí loctha agus marcaíochta agus le haghaidh áitreabh tráchtála gaolmhara.

32 .— (1) Leasaítear Caibidil 9 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372U—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (b), trí “an 31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “an 31 Iúil 2006;” agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgnimh nó déanmhais is saoráid loctha agus marcaíochta cháilitheach nó áitreabh cáilitheach (de réir bhrí alt 372W(1)) más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”,

(b) in alt 372V(1)(a), trí “Faoi réir fho-ailt (2) go (4A) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) alt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (2) go (4A)”, agus

(c) in alt 372W(2)(a), trí “Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), fho-ailt (3) go (5A) agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) agus fho-ailt (3) go (5A)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana baile.

33 .— (1) Leasaítear Caibidil 10 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372AA—

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (b), trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “an 31 Iúil 2006;” agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgniú nó le hathfheistiú foirgnimh nó déanmhais nó cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach más rud é—

(a) go mbeidh obair is fiú 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais iarbhír foirgnithe, nó de réir mar a bheidh, athfheistithe an fhoirgnimh nó an déanmhais nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas déanta, an 31 Nollaig 2006, nó roimhe, ag an duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas,

(b) gur féidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás ina ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas, gur féidir leis an duine a bheidh ag éileamh asbhaint faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, a shuíomh gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 372AB(1)(c)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (I):

“(I) i gcás ailt 372AC agus 372AD—

(A) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-alt (1A) d’alt 372AA, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Nollaig 2006, nó

(B) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372AA, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Iúil 2008,

agus”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (II):

“(II) i gcás aon fhorála de Chaibidil 11 den Chuid seo—

(A) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-alt (1A) d’alt 372AL, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Nollaig 2006, nó

(B) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372AL, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Iúil 2008.”,

(c) in alt 372AC, i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “Faoi réir alt 372AJ agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir alt 372AJ”, agus

(d) in alt 372AD(2)(a), trí “Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) agus (4), alt 372AJ agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) agus (4) agus alt 372AJ”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(b) Tá feidhm ag fomhír (b)(ii) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir, 2006.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal.

34 .— (1) Leasaítear alt 843 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” trí “31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1A), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “31 Iúil 2006”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le háitreabh cáilitheach a fhoirgniú más rud é—

(a) go mbeidh obair is fiú 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais iarbhír foirgnithe an áitribh cháilithigh déanta, an 31 Nollaig 2006, nó roimhe, ag an duine a bheidh ag foirgniú an áitribh cháilithigh, agus

(b) gur féidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás ina ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh cáilitheach, gur féidir leis an duine a bheidh ag éileamh asbhaint faoi Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, a shuíomh gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”,

agus

(c) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-ailt (2A) go (7) agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (2A) go (7)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh ospidéal príobháideach cáilitheach.

35 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268(2A) sa mhíniú ar “ospidéal cáilitheach”—

(i) trí “(de réir bhrí na Rialachán Tobac (Cur Chun Cinn agus Cosaint Sláinte), 1995 (I.R. Uimh. 359 de 1995))” a scriosadh,

(ii) i mír (f)—

(I) i bhfomhír (xiii), trí “agus” a scriosadh,

(II) i bhfomhír (xiv), trí “agus” a chur isteach i ndiaidh “péidiatraiceacha,” agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (xiv):

“(xv) seirbhísí meabhair-shláinte (de réir bhrí an Achta Meabhair-Shláinte 2001),”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(fa) i gcás foirgnimh nó déanmhais—

(i) a úsáidfear den chéad uair an1 Feabhra 2007 nó dá éis, nó

(ii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, a úsáidfear, tar éis an caiteachas sin a thabhú, den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis,

a sholáthraíonn sonraí iomchuí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena dtarchur ar aghaidh chuig an Aire Sláinte agus Leanaí agus chuig an Aire Airgeadais, i ndáil leis an méid seo a leanas—

(I) an méid caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais,

(II) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú san fhoirgneamh nó sa déanmhas,

(III) an méid a infheisteoidh gach infheisteoir, agus

(IV) cineál na struchtúr atá á mbunú chun an infheistíocht san fhoirgneamh nó sa déanmhas a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, gur faisnéis í a bheidh ina cabhair le linn na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus na sochair a eascraíonn as faoiseamh cánach a oibriú faoin gCuid seo le haghaidh ospidéal cáilitheach a mheas,”,

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) a dtugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí agus le toiliú an Aire Airgeadais, deimhniú bliantúil i scríbhinn ina leith le linn na tréimhse—

(i) 10 mbliana dar tosach an tráth dá dtagraítear in alt 272(4)(ga)(i), nó

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(iii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

á rá gur deimhin léi go gcomhlíonann an t-ospidéal na coinníollacha a luaitear i míreanna (a), (c), (d), (e), (f), (fa) agus (g),”,

agus

(v) i mír (I) trí “faoi réir mhír (II),” a chur isteach roimh “folaíonn sé”,

(b) in alt 272(4)—

(i) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (g),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(ga) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail de réir bhrí mhír (j) d’alt 268(1)—

(i) 7 mbliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(iii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, gon-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

agus”,

agus

(iii) i mír (h) trí “(j) nó” a scriosadh,

agus

(c) in alt 274(1)(b)—

(i) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh fho-alt (vi),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (vi):

“(via) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (j) d’alt 268(1)—

(I) 10 mbliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas chéad uair, nó

(II) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(III) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

agus”,

agus

(iii) i bhfomhír (vii)—

(I) trí “(j) nó” a scriosadh, agus

(II) trí “10 mbliana, tar éis an trátha” a chur in ionad “10 mbliana, dar tosach an tráth”.

(2) (a) Meastar feidhm a bheith ag mír (a)(i) dfho-alt (1) amhail ar an agus ón 29 Márta 2004.

(b) Tá feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (1) i leith caiteachais chaipitiúil a thabhófar an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

(c) Meastar feidhm a bheith ag mír (c)(iii) (II) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 15 Bealtaine 2002.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh ionad meabhair-shláinte cáilitheach.

36 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (j) agus trí “cháilithigh, nó” a chur in ionad “cháilithigh” i mír (k), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k):

“(l) chun críocha trádála arb éard atá inti oibriú nó bainistiú ionaid meabhair-shláinte cháilithigh,”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1B):

“(1C) San alt seo ciallaíonn ‘ionad meabhair-shláinte cáilitheach’ ionad (de réir bhrí alt 62 den Acht Meabhair- Shláinte 2001)—

(a) is ionad ceadaithe chun críocha an Achta Meabhair-Shláinte 2001,

(b) a bhfuil an acmhainn ann chun seirbhísí d’othair lae agus d’othair sheachtracha a sholáthar agus cóiríocht a sholáthar de mhéid nach lú ná 20 leaba ar bhonn thar oíche d’othair chónaithe,

(c) a sholáthraíonn sonraí iomchuí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena dtarchur ar aghaidh chuig an Aire Sláinte agus Leanaí agus chuig an Aire Airgeadais, i ndáil leis an méid seo a leanas—

(i) méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an ionaid,

(ii) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú san ionad,

(iii) an méid a infheisteoidh gach infheisteoir, agus

(iv) cineál na struchtúr atá á mbunú chun an infheistíocht san ionad a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, ar faisnéis í a bheidh ina cabhair le linn na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus na sochair a eascraíonn as faoiseamh cánach a oibriú faoin gCuid seo i le haghaidh ionad meabhair-shláinte cáilitheach a mheas,

(d) a gheallann d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte—

(i) go gcuirfidh sé méid nach lú ná 20 faoin gcéad dá acmhainn ar fáil go bliantúil, chun cóireáil a chur ar dhaoine atá ag fanacht mar othair phoiblí le seirbhísí d’othair lae, d’othair chónaithe nó d’othair sheachtracha, faoi réir ceanglas seirbhíse a shonróidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimh ré agus faoi réir an choinníll nach gceanglófar le haon ní san fhomhír seo ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an acmhainn iomlán, nó aon chuid den acmhainn, a chuirfidh an t-ionad ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a ghlacadh, agus

(ii) i ndáil leis na táillí a mhuirearófar i leith na cóireála a chuirfear ar fáil d’aon duine den sórt sin, nach mó na táillí sin ná 90 faoin gcéad de na táillí a mhuirearófaí i leith cóireála den tsamhail chéanna arna cur ar fáil do dhuine a bhfuil árachas liachta príobháideach aige nó aici,

agus

(e) a dtugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí agus le toiliú an Aire Airgeadais, deimhniú bliantúil i scríbhinn ina leith le linn na tréimhse—

(i) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-ionad den chéad uair, nó

(ii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an ionaid, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-ionad den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

á rá gur deimhin léi go gcomhlíonann an t-ionad na coinníollacha a luaitear i míreanna (a), (b), (c) agus (d),

agus—

(I) faoi réir mhír (II), folaíonn sé aon chuid den ionad arb é atá inti seomraí a úsáidtear go heisiach chun measúnacht a dhéanamh ar othair nó cóireáil a chur orthu, ach

(II) ní fholaíonn sé aon chuid den ionad arb é atá inti seomraí nó oifigí sainchomhairleoirí.

(1D) I gcás ina mbeidh an leas iomchuí i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1)(l) ar seilbh—

(a) ag cuideachta,

(b) ag iontaobhaithe iontaobhais,

(c) ag pearsa aonair a bhfuil baint aige nó aici le hoibriú nó le bainistiú an ionaid lena mbaineann mar fhostaí nó mar stiúrthóir nó in aon cháil eile, nó

(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 372A), i gcás inar thabhaigh an forbróir maoine sin nó duine atá bainteach leis an bhforbróir maoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin,

ansin, d’ainneoin an fho-ailt sin, ní mheasfar gur foirgneamh nó déanmhas tionscail, chun críocha na Coda seo, an foirgneamh nó an déanmhas sin maidir le héileamh ar aon liúntas faoin gCuid seo ag aon duine den sórt sin, is cuma cé acu a bheidh an leas iomchuí sin ar seilbh ag an duine dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d), de réir mar a bheidh, i gcáil aonair nó i gcomhar nó i gcomhpháirtíocht le duine nó le daoine eile.”,

agus

(iii) i bhfo-alt (9)—

(I) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (g) agus trí “2008, agus” a chur in ionad “2008.” i mír (h) (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2006), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) faoi threoir mhír (l), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an dáta a thiocfaidh alt 36 den Acht Airgeadais 2006 i ngníomh, nó dá éis.”,

(b) in alt 272—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (g) agus trí “i bhfo-alt (2)(c), agus” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)(c),” i mír (h), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (l) d’alt 268(1), le 15 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c).”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)—

(I) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (ga) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) agus trí “den chéad uair, agus” a chur in ionad “den chéad uair.” i mír (h), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (l) d’alt 268(1)—

(I) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

agus

(c) in alt 274(1)(b)—

(i) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh fhomhír (via) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) agus trí “den chéad uair, agus” a chur in ionad “den chéad uair.” i bhfomhír (vii), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vii):

“(viii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (l) d’alt 268(1)—

(I) 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh tithe téarnaimh, tithe banaltrais cláraithe agus aonad cónaithe cáilitheach.

37 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

“(a) in alt 268(3A), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) (i) atá léasaithe le duine nó le daoine atá deimhnithe, ag duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi alt 26 d’Acht na Liachleachtóirí Ginearálta 1978, mar dhuine nó mar dhaoine óna dteastaíonn cóiríocht den sórt sin mar gheall ar sheanaois nó easláinte, nó

(ii) atá léasaithe leis an teach banaltrais cláraithe ar choinníoll go ndéanfar é a léasú ina dhiaidh sin le duine nó le daoine dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus ar teach é nach n-úsáideann an duine nó na daoine sin chun aon chríche eile ina dhiaidh sin.”,

(b) in alt 268(3B), trí “sa tréimhse dar tosach an 25 Márta 2002 agus dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “sa tréimhse 5 bliana dar tosach dáta rite an Achta Airgeadais 2002”,

(c) in alt 272(4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (g) nó (i) d’alt 268(1)—

(i) 7 mbliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(iii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,”,

agus

(d) in alt 274(1)(b)—

(i) i bhfomhír (ii), trí “de réir mhír (c) nó (e)” a chur in ionad “de réir mhír (c), (e), (g) nó (i)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii);

“(iia) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (g) nó (i) d’alt 268(1)—

(I) 10 mbliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(III) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críocha áirithe cúraim leanaí.

38 .— Leasaítear alt 843A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (a), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi réir mhír (c), amhail is dá mba thagairt do 7 mbliana an tagairt i bhfo-alt (4)(a)(ii) den alt sin do 25 bliana, agus

(c) i gcás áitribh cháilithigh—

(i) a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, nó

(ii) más rud é go dtabhaítear caiteachas cáilitheach ar athfheistiú nó ar athchóiriú an áitribh cháilithigh, a úsáidfear, tar éis an caiteachas sin a thabhú, den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis,

amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad fhomhír (ii) i bhfo-alt (4)(a) den alt sin:

“(ii) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú nó ar athchóiriú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

(b) i bhfo-alt (4), trí “, ach faoi réir fho-alt (4A)” a chur isteach i ndiaidh “alt 274(1)”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás áitribh cháilithigh lena mbaineann fomhír (i) nó (ii) d’fho-alt (3)(c), ansin d’ainneoin alt 274(1), ní dhéanfar aon liúntas cothromaíochta a thabhairt ná aon mhuirear cothromaíochta a ghearradh i ndáil le háitreabh cáilitheach mar gheall ar aon teagmhas dá dtagraítear san alt sin agus a tharlaíonn—

(a) i gcás ina bhfuil feidhm ag fomhír (i) d’fho-alt (3)(c), níos mó ná 15 bliana tar éis ant-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair, nó

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag fomhír (ii) d’fho-alt (3)(c), níos mó ná 15 bliana tar éis ant-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair i ndiaidh an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú nó ar athchóiriú an áitribh cháilithigh a thabhú.”.

Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta le haghaidh foirgneamh agus déanmhas áirithe.

39 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 274—

(i) i bhfo-alt (1)(b), trí “D’ainneoin mhír (a) agus fho-alt (2A)(b)” a chur in ionad “D’ainneoin mhír (a)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(2A) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘saoráid iomchuí’ foirgneamh nó déanmhas—

(i) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (g) d’alt 268(1),

(ii) atá in úsáid mar aonad cónaithe cáilitheach (de réir bhrí alt 268(3A)) a meastar, de bhua alt 268(3B), gur foirgneamh nó déanmhas dá dtagraítear i bhfomhír (i) é,

(iii) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (i) d’alt 268(1),

(iv) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (j) d’alt 268(1),

(v) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (l) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) d’alt 268(1), nó

(vi) is áitreabh cáilitheach (de réir bhrí alt 843A(1)) atá in úsáid chun an tseirbhís nó na seirbhísí dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘áitreabh cáilitheach’ san alt sin a sholáthar.

(b) Más rud é—

(i) gur saoráid iomchuí foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann fomhír (i), (ii), (iii), (iv), (v) nó (vi) de mhír (a),

(ii) gur tugadh liúntas faoin gCaibidil seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(iii) go scoirfidh an foirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann de bheith ina shaoráid iomchuí,

ansin, faoi réir mhír (c), déileálfar leis an scor sin mar theagmhas is cúis le muirear cothromaíochta faoin alt seo agus gearrfar an muirear cothromaíochta sin ar an duine a mbeidh teideal aige nó aici chuig an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas lena mbaineann díreach roimh an teagmhas sin tarlú, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (b), más rud é, laistigh de 6 mhí den scor dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír sin, gur saoráid iomchuí athuair an foirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann de bhua aon fhomhír de mhír (a) a chur chun feidhme, seachas an fhomhír ar dá bua a déileáladh roimhe sin leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas mar shaoráid iomchuí.”,

agus

(b) in alt 318—

(i) i mír (c), trí “agus” a scriosadh ag deireadh na míre sin,

(ii) i mír (d), trí “suimeanna caipitiúla, agus” a chur in ionad “suimeanna caipitiúla.”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ndiaidh mhír (d):

“(e) i gcás inar scor dá dtagraítear in alt 274(2A)(b) an teagmhas, comhiomlán na nithe seo a leanas—

(i) iarmhar an chaiteachais (de réir bhrí alt 277) a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach roimh an teagmhas sin, agus

(ii) na liúntais a tugadh faoi Chaibidil 1 den Chuid seo i leith an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas—

(a) a úsáidfear den chéad uair an 1 Eanáir 2006 nó dá éis, nó

(b) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, a úsáidfear, tar éis an caiteachas sin a thabhú, den chéad uair an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 812 (cánachas ar ioncam a mheastar a éiríonn as aistrithe cirt chun ús a fháil ó urrúis) den Phríomh-Acht.

40 .— (1) Leasaítear alt 812 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(a)—

(i) trí “agus” a chur isteach ag deireadh fhomhír (ii), agus

(ii) trí fhomhír (iii) a scriosadh,

agus

(b) trí fho-alt (2)(b) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díol, aistriú nó réadú eile, an 7 Márta 2006 nó dá éis, i leith an chirt chun aon ús a fháil (de réir bhrí alt 812) ar ús é is iníoctha i leith aon urrús (de réir bhrí an ailt sin).

Leasú ar Chuid 36A (cuntais dreasachta coigiltis speisialta) den Phríomh-Acht.

41 .— (1) Leasaítear Cuid 36A den Phríomh-Acht in alt 848H tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Más rud é go ndéileálfar le cuntas dreasachta coigiltis speisialta mar chuntas atá ag aibiú agus go n-éileoidh an phearsa aonair cháilitheach amhlaidh chun críocha Chuid 36B, eiseoidh an bainisteoir coigiltis cháilithigh ‘ráiteas aibíochta’ don phearsa aonair cháilitheach i ndáil leis an gcuntas, ar ráiteas é ina sonrófar na nithe seo a leanas—

(a) ainm agus seoladh na pearsan aonair cáilithí,

(b) Uimhir PSP na pearsan aonair cáilithí,

(c) an dáta aibíochta i ndáil leis an gcuntas, arb é an dáta é ar déileáladh leis an gcuntas mar chuntas a bhí ag aibiú,

(d) na cistí comhlána i ndáil leis an gcuntas, arb éard iad luach na sócmhainní sa chuntas díreach roimh an dáta aibíochta,

(e) an cháin aibíochta i ndáil leis an gcuntas, arb éard í an dliteanas i leith cánach ar ghnóchain a measfar a fhabhróidh chuig an gcuntas ar an dáta aibíochta,

(f) na glanchistí i ndáil leis an gcuntas, arb éard iad luach na sócmhainní a bheidh fágtha sa chuntas díreach tar éis an dáta aibíochta agus na cánach aibíochta a bheidh urscaoilte, agus

(g) ainm agus seoladh an bhainisteora cháilithigh coigiltis.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 2 Feabhra 2006.

Pinsin: creidmheasanna cánach dreasachta.

42 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 36A:

“CUID 36B

Pinsin: creidmheasanna cánach dreasachta

Léiriú (Cuid 36B).

848V.— Sa Chuid seo—

tá le ‘ranníocaí saorálacha breise’ agus ‘scéim sochar scoir’, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh in alt 770;

ciallaíonn ‘riarthóir’, faoi réir alt 848AD—

(a) i gcás CCSP, riarthóir CCSP,

(b) i gcás scéime sochar scoir, riarthóir de réir bhrí alt 770, agus

(c) i gcás conartha blianachta, duine a luaitear in alt 784 a mbeidh gnó á sheoladh go dleathach aige nó aici ag deonú blianachtaí ar shaol daoine, lena n-áirítear an duine a luaitear in alt 784(4A)(ii);

ciallaíonn ‘conradh blianachta’ conradh blianachta nó scéim iontaobhais nó cuid de scéim iontaobhais a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 784;

tá le ‘cistí comhlána’, ‘dáta aibíochta’, ‘ráiteas aibíochta’, ‘cáin aibíochta’ agus ‘glanchistí’, i ndáil le cuntas dreasachta coigiltis speisialta, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh in alt 848H(5);

ciallaíonn ‘ioncam comhlán’ i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta, comhiomlán—

(a) ioncam na pearsan aonair ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta sula ndéanfar aon laghdú ón ioncam sin i leith liúntas, caillteanas, asbhaintí agus faoiseamh eile, lena n-áirítear laghduithe de bhua ailt 372AP, 372AR agus 372AU agus, seachas i gcás ina dtugtar na liúntais sin le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin, liúntais faoi Chuid 9, agus

(b) an mhéid ioncaim don bhliain mheasúnachta atá díolmhaithe ó cháin faoi na hAchtanna Cánach;

ciallaíonn ‘Uimhir PSP’ i ndáil le pearsa aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;

tá le ‘riarthóir CCSP’ agus ‘ranníoc CCSP’, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh i gCaibidil 2A de Chuid 30;

tá le ‘cuntas dreasachta coigiltis speisialta’ an bhrí a shanntar dó in alt 848C agus forléireofar ‘cuntas’ dá réir sin.

Cistí a aistriú ar an CDCS d’aibiú.

848W.— Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le pearsa aonair—

(a) nach mó ná €50,000 a ioncam nó a hioncam comhlán, don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain roimhe sin’ san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina mbeidh dáta aibíochta chuntas dreasachta coigiltis speisialta na pearsan aonair, agus

(b) nach mbeidh aon chuid dá ioncam nó dá hioncam inchánach don bhliain roimhe sin inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta is airde, nó i gcás pearsan aonair atá pósta, nach mbeadh aon chuid dá ioncam nó dá hioncam inchánach don bhliain sin inmhuirearaithe amhlaidh, dá mba rud é, i gcás nach amhlaidh atá an cás, go ndearna an phearsa aonair iarratas faoi alt 1023 agus go raibh éifeacht leis an iarratas sin don bhliain sin,

agus—

(i) laistigh den tréimhse 3 mhí dar tosach an dáta aibíochta—

(I) a thabharfaidh a ráiteas aibíochta do riarthóir, agus

(II) a shuibscríobhfaidh méid (dá ngairtear ‘suibscríobh pinsin’ sa Chuid seo) a bheidh ar cóimhéid leis na glanchistí go léir, nó le cuid de na glanchistí, i ndáil lena chuntas nó lena cuntas dreasachta coigiltis speisialta, chuig an riarthóir—

(A) mar ranníoc saorálach breise,

(B) mar ranníoc CCSP, nó

(C) mar phréimh faoi chonradh blianachta,

(ii) a dhéanfaidh dearbhú de chineál dá dtagraítear in alt 848X,

(iii) nach ndéanfaidh éileamh, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach, ar asbhaint chun críocha cánach ioncaim i leith an tsuibscríofa pinsin seachas i leith an méid ar mó é ná €7,500, an creidmheas cánach i ndáil leis an suibscríobh pinsin nó an creidmheas cánach breise, agus

(iv) nach laghdóidh aon mhéid a cheanglaítear air nó uirthi a íoc, sa bhliain a thiocfaidh sé nó sí chun bheith i dteideal go gcreidiúnófar creidmheasanna cánach dó nó di faoi alt 848Y, faoi scéim sochar scoir, nó mar ranníoc CCSP nó mar phréimh faoi chonradh blianachta.

Dearbhú.

848X.— Maidir leis an dearbhú, dá dtagraítear in alt 848W, is dearbhú i scríbhinn é arna dhéanamh ag pearsa aonair chuig riarthóir—

(a) a dhéanfaidh agus a shíneoidh an phearsa aonair,

(b) a dhéanfar i cibé foirm—

(i) a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(ii) ina mbeidh tagairt don chion arb éard é dearbhú bréagach a dhéanamh faoi alt 848AF,

(c) ina mbeidh na sonraí seo a leanas i dtaobh na pearsan aonair—

(i) a ainm nó a hainm,

(ii) seoladh a bhuanáite nó a buanáite cónaithe,

(iii) a uimhir nó a huimhir PSP

(iv) a dháta nó a dáta breithe, agus

(v) méid a shuibscríofa nó a suibscríofa pinsin,

agus

(d) a ndearbhófar ann—

(i) nach mó ná €50,000 ioncam comhlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina mbeidh dáta aibíochta a chuntais nó a cuntais dreasachta coigiltis speisialta,

(ii) nach bhfuil aon chuid d’ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain roimhe sin inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta is airde nó, i gcás pearsan aonair atá pósta, nach mbeadh aon chuid d’ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain sin inmhuirearaithe amhlaidh dá mba rud é, i gcás nach amhlaidh atá an cás, go ndearna an phearsa aonair iarratas faoi alt 1023 agus go raibh éifeacht leis an iarratas sin don bhliain sin,

(iii) nach ndéanfaidh an phearsa aonair éileamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach, ar asbhaint chun críocha cánach ioncaim i leith an tsuibscríofa pinsin seachas i leith an méid ar mó é ná €7,500, an creidmheas cánach i ndáil leis an suibscríobh pinsin nó an creidmheas cánach breise, agus

(iv) nach ndearna agus nach ndéanfaidh an phearsa aonair aon mhéid a laghdú a cheanglaítear air nó uirthi a íoc, sa bhliain a thiocfaidh sé nó sí chun bheith i dteideal go gcreidiúnófar creidmheasanna cánach dó nó di faoi alt 848Y, faoi scéim sochar scoir, nó mar ranníoc CCSP nó mar phréimh faoi chonradh blianachta.

Teideal chun creidmheasa cánach pinsin.

848Y.— I gcás ina mbeidh dearbhú de chineál dá dtagraítear in alt 848X déanta ag pearsa aonair, agus ina mbeidh ráiteas aibíochta agus suibscríobh pinsin tugtha aige nó aici don riarthóir, maidir leis an bpearsa aonair, nuair a bheidh an suibscríobh pinsin neamh-inchúlghairthe—

(a) faoi réir na Coda seo, déileálfar leis nó léi chun críocha na nAchtanna Cánach mar phearsa aonair a d’íoc méid comhiomlánaithe leis an riarthóir, ar méid é, tar éis cáin ioncam a asbhaint de réir ráta 25 faoin gcéad, lena bhfágtar méid an tsuibscríofa pinsin, agus

(b) faoi réir alt 848Z, beidh sé nó sí i dteideal go gcreidiúnófar dó nó di, de réir fhorálacha na Coda seo agus ní faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, an méid cánach ioncaim (dá ngairtear ‘an creidmheas cánach’ sa Chuid seo, i ndáil leis an suibscríobh pinsin) a ndéileáiltear leis mar mhéid a asbhaineadh amhlaidh.

Creidmheasanna cánach.

848Z.— (1) Ní mó ná €2,500 creidmheas cánach i ndáil le suibscríobh pinsin.

(2) Maidir le pearsa aonair a bheidh i dteideal creidmheasa cánach i ndáil lena shuibscríobh pinsin nó lena suibscríobh pinsin, beidh sé nó sí i dteideal go gcreidiúnófar dó nó di, de réir fhorálacha na Coda seo agus ní faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, méid breise (dá ngairtear ‘creidmheas cánach breise’ sa Chuid seo).

(3) Déanfar méid an chreidmheasa cánach breise a chinneadh de réir na foirmle—

A x C

B

i gcás—

gurb é A an cháin aibíochta i ndáil le cuntas na pearsan aonair,

gurb é B na glanchistí, i ndáil le cuntas na pearsan aonair, agus

gurb é C méid an tsuibscríofa pinsin.

Creidmheasanna cánach a íoc.

848AA.— I gcás ina dtiocfaidh pearsa aonair chun bheith i dteideal creidmheasa cánach, i ndáil lena shuibscríobh pinsin nó lena suibscríobh pinsin, agus i dteideal creidmheasa cánach breise, agus ina gcomhlíonfaidh an riarthóir alt 848AB—

(a) déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir an ailt sin, an creidmheas cánach agus an creidmheas cánach breise a íoc leis an riarthóir,

(b) déileálfaidh an riarthóir láithreach leis na creidmheasanna cánach sin, ar iad a fháil, mar ranníoc saorálach breise, mar ranníoc CCSP, nó de réir mar a bheidh, mar phréimh faoi chonradh blianachta, arna dhéanamh nó arna déanamh ag an bpearsa aonair, agus

(c) chun críocha aon éilimh ón bpearsa aonair ar fhaoiseamh faoi Chaibidlí 1, 2, 2A agus 2B de Chuid 30, déanfar neamhshuim den suibscríobh pinsin a mhéid nach mó ná €7,500 é agus de mhéid na gcreidmheasanna cánach sin.

Tuairisceán míosúil.

848AB.— Tabharfaidh riarthóir atá nó a bhí cláraithe de réir alt 848AD, laistigh de 15 lá ó dheireadh gach míosa, tuairisceán (lena n-áirítear, más amhlaidh atá an cás, tuairisceán nialais) do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) ina sonrófar i leith na bpearsan aonair go léir a tháinig, faoin gCuid seo, sa mhí roimhe sin chun bheith i dteideal creidmheasanna cánach a chreidiúnú dóibh—

(i) méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i ndáil le suibscríobhanna pinsin,

(ii) méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach breise, agus

(iii) an líon suibscríobhanna pinsin lena mbaineann, ag idirdhealú idir ranníocaí saorálacha breise, ranníocaí CCSP agus préimheanna faoi chonradh blianachta,

agus

(b) ina mbeidh dearbhú i bhfoirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (a) ceart, de réir mar is fearr is eol don riarthóir agus mar a chreideann sé nó sí.

Tuairisceáin eile.

848AC.— Déanfaidh riarthóir atá nó a bhí cláraithe de réir alt 848AD, maidir le gach ceann de na tréimhsí 4 mhí dar críoch an 30 Meán Fómhair 2006, an 31 Eanáir 2007, an 31 Bealtaine 2007 agus an 30 Meán Fómhair 2007, an 28ú lá den mhí tar éis dheireadh na tréimhse, nó roimhe, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear, más amhlaidh atá an cás, tuairisceán nialais) ina sonrófar—

(a) i leith gach pearsan aonair dár éilíodh creidmheasanna cánach sa tréimhse—

(i) ainm na pearsan aonair,

(ii) seoladh na pearsan aonair,

(iii) Uimhir PSP na pearsan aonair,

(iv) an dáta aibíochta i ndáil le cuntas dreasachta coigiltis speisialta na pearsan aonair,

(v) na cistí comhlána i ndáil leis an gcuntas,

(vi) na glanchistí i ndáil leis an gcuntas,

(vii) an cháin aibíochta i ndáil leis an gcuntas,

(viii) méid an tsuibscríofa pinsin,

(ix) méid an chreidmheasa cánach i ndáil leis an suibscríobh pinsin a éilíodh agus a íocadh,

(x) méid an chreidmheasa cánach breise a éilíodh agus a íocadh, agus

(xi) cibé acu a déileáladh leis na creidmheasanna cánach mar ranníoc saorálach breise, mar ranníoc CCSP nó mar phréimh faoi chonradh blianachta,

agus

(b) i ndáil le creidmheasanna cánach arna n-éileamh sa tréimhse—

(i) méid iomlán na gcreidmheasanna cánach, i ndáil le suibscríobhanna pinsin, agus

(ii) méid iomlán na gcreidmheasanna cánach breise.

Riarthóirí a chlárú agus a iniúchadh.

848AD.— (1) Ní fhéadfaidh duine a bheith ina riarthóir chun críocha na Coda seo mura mbeidh an duine ar áireamh i gclár a choinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Coda seo.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) na tuairisceáin a thabharfaidh riarthóirí faoi ailt 848AB agus 848AC a iniúchadh, agus

(b) na nósanna imeachta a bhunóidh an riarthóir a scrúdú chun a chinntiú go bhfuil na tuairisceáin ceart.

Rialacháin (Cuid 36B).

848AE.— (1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil ghinearálta maidir le riaradh na Coda seo agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin—

(a) maidir leis an tslí ina gclárófar riarthóir faoi alt 848AD,

(b) maidir leis an tslí ina dtabharfar tuairisceán faoi alt 848AB, agus conas a cheartófar earráidí i dtuairisceán den sórt sin,

(c) maidir leis an tslí ina dtabharfar tuairisceán faoi alt 848AC, agus conas a cheartófar earráidí i dtuairisceán den sórt sin,

(d) maidir leis an tslí ina n-éileofar agus ina n-íocfar creidmheasanna cánach,

(e) maidir leis an tréimhse a gceanglófar na doiciméid dá dtagraítear in alt 848G a choinneáil lena linn, agus

(f) maidir leis an tslí ina bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim scrúdú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bheidh curtha ar bun ag riarthóir chun a chinntiú go gcomhlíonfar forálacha na Coda seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cionta (Cuid 36B).

848AF.— Aon duine a dhéanann dearbhú faoi alt 848X nó 848AB atá bréagach, dlitear ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil €3,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air nó uirthi.

Dearbhuithe a choinneáil.

848AG.— Coinneoidh riarthóir i leith gach pearsan aonair lena mbaineann an Chuid seo—

(a) an ráiteas aibíochta i ndáil le cuntas dreasachta coigiltis speisialta na pearsan aonair, agus

(b) an dearbhú de chineál dá dtagraítear in alt 848X a dhéanfaidh an phearsa aonair,

ar feadh cibé tréimhse agus i cibé foirm a fhorálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le rialachán.”.

Leasú ar alt 530 (léiriú (Caibidil 2)) den Phríomh-Acht.

43 .― Le héifeacht ón 7 Márta 2006, leasaítear alt 530 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibríochtaí iomchuí a sheoltar sa Stát is cuma an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas i leith na n-oibríochtaí sin:

(a) maidir leis an bpríomhchonraitheoir nó leis an bhfochonraitheoir, nó maidir leis an mbeirt acu, faoin gconradh iomchuí ar faoi a sheoltar na hoibríochtaí amhlaidh—

(i) nach bhfuil cónaí air sa Stát sa bhliain mheasúnachta nó sa tréimhse chuntasaíochta, de réir mar is cuí, ina seoltar na hoibríochtaí, nó

(ii) i ndáil leis na hoibríochtaí iomchuí sin, nach bhfuil, nó nach meastar ina leith go bhfuil—

(I) trádáil á seoladh aige sa Stát, trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht nó ar shlí eile, ar trádáil í ar ina leith atá an príomhchonraitheoir nó an fochonraitheoir, de réir mar a bheidh, faoi dhliteanas i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar is cuí

(II) gnó á sheoladh aige sa Stát trí bhuanfhoras, de réir bhrí socruithe ag a bhfuil feidhm dlí de bhua alt 826(1)(a);

(b) nach dtagann an conradh iomchuí ar faoi a sheoltar na hoibríochtaí iomchuí faoi réir dhlí an Stáit;

(c) gur lasmuigh den Stát a dhéantar íocaíocht i leith na n-oibríochtaí iomchuí.”.

Leasú ar alt 531 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) den Phríomh-Acht.

44 .— (1) Leasaítear alt 531 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Ní lamhálfar éileamh ar aisíoc faoi rialacháin arna dhéanamh de réir mhír (b) nó (c) d’fho-alt (5) tráth nach lamhálfaí, faoi alt 865(4), éileamh ar aisíoc i leith na tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321), is tréimhse ina mbeidh an tréimhse lena mbaineann an t-éileamh ar aisíoc.”,

(b) i bhfo-alt (11)—

(i) i mír (a)—

(I) trí “Faoi réir fho-alt (11A), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim” a chur in ionad “Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

“(v) go bhfuil cúis mhaith ann le bheith ag súil go gcomhlíonfaidh an duine, an chomhpháirtíocht nó an chuideachta sin na hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (iii) agus (iv) i ndáil le tréimhsí dar críoch tráth tar éis dháta deiridh na tréimhse cáilithí, agus”,

agus

(ii) i mír (b) trí “Maidir le duine dá dtagraítear i mír (a) nach deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith i ndáil leis na nithe a shonraítear i bhfomhír (i) go (iv) agus (vi) den mhír sin” a chur in ionad “Duine nach deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith i ndáil leis na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv) agus (vi) de mhír (a)”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(11A) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar dheimhniú údarúcháin de réir fho-alt (11) (dá ngairtear an ‘duine céadluaite’ san fho-alt seo) agus go raibh oibríochtaí iomchuí (ar oibríochtaí foirgníochta, oibríochtaí foraoiseachta nó oibríochtaí próiseála feola iad, de réir mar a bheidh) atá comhchosúil leo sin atá á ndéanamh nó atá le déanamh ag an duine sin, á ndéanamh roimhe sin ag duine eile (dá ngairtear an ‘dara duine a luaitear’ san fho-alt seo) nó go bhfuil siad á ndéanamh aige nó aici, agus, maidir leis an dara duine a luaitear—

(a) gur cuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 10 mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna Cánach) leis an duine céadluaite nó gur chuideachta den sórt sin é nó í murach go ndearnadh an chuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh gan foirceannadh,

(b) gur cuideachta é nó í agus gur comhpháirtíocht an duine céadluaite—

(I) ina bhfuil nó ina raibh ar chumas comhpháirtí, nó

(II) i gcás ina bhfuil níos mó ná comhpháirtí amháin ina scairshealbhóir, ina bhfuil nó ina raibh ar chumas na gcomhpháirtithe sin le chéile,

go díreach nó go neamhdhíreach, cibé acu i dteannta nó in éagmais duine bhaintigh nó daoine bainteacha (de réir bhrí alt 10 mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna Cánach), níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a rialú, nó

(c) gur comhpháirtíocht an dara duine a luaitear agus gur cuideachta an duine céadluaite—

(I) ina bhfuil nó ina raibh ar chumas comhpháirtí, nó

(II) i gcás ina bhfuil níos mó ná comhpháirtí amháin ina scairshealbhóir, ina bhfuil nó ina raibh ar chumas na gcomhpháirtithe sin le chéile,

go díreach nó go neamhdhíreach, cibé acu i dteannta nó in éagmais duine bhaintigh nó daoine bainteacha (de réir bhrí alt 10 mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna Cánach), níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a rialú, nó

ansin, ní eiseofar deimhniú údarúcháin faoi fho-alt (11) don duine céadluaite mura mbeidh an dara duine a luaitear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear ar an duine sin leis na hAchtanna Cánach, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha 1972 i ndáil leis na nithe a shonraítear i míreanna (a)(iii) agus (iv) d’fho-alt (11).”,

(d) i bhfo-alt (12), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den fho-alt seo agus faoi réir fho-alt (13), más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír (a), (b) nó (c) ag príomhaí, gur deimhin leo gur chóir cárta íocaíochtaí iomchuí i leith an fhochonraitheora lena mbaineann a eisiúint, eiseoidh siad cárta den sórt sin chuig an bpríomhaí agus, nuair a gheobhaidh an príomhaí an cárta, beidh sé nó sí i dteideal, faoi réir aon teorann a fhorchuirtear ar an gcárta de réir mhír (e), le linn na bliana measúnachta (nó an chuid neamhchaite den bhliain mheasúnachta) lena mbaineann an cárta íocaíochtaí iomchuí, íocaíocht a dhéanamh, gan cáin a asbhaint, leis an bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta ach, i gcás iarratais lena mbaineann mír (b), nó iarratais lena mbaineann mír (c), más rud é gur eisíodh an cárta íocaíochtaí iomchuí a luaitear i bhfomhír (i) den mhír sin tar éis iarratas a bheith déanta faoi réim agus de réir mhír (b), déanfaidh an príomhaí aon íocaíochtaí den sórt sin a íoc díreach isteach sa chuntas bainc ainmnithe.

(e) I gcás inar dealraitheach dóibh é a bheith riachtanach déanamh amhlaidh chun ant-ioncam a chosaint, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teorainn a fhorchur (dá ngairtear an ‘teorainn shonraithe’ san alt seo), trí mhéid na teorann a shonrú ar chárta íocaíochtaí iomchuí, ar mhéid na n-íocaíochtaí a fhéadfaidh príomhaí a íoc, gan cáin a asbhaint, leis an bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta.

(f) I gcás ina mbeidh teorainn shonraithe curtha chun feidhme ag na Coimisinéirí Ioncaim do bhliain mheasúnachta i ndáil le cárta íocaíochtaí iomchuí de bua mhír (e), déanfaidh siad, ar iarraidh ón bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta, de réir mar is cuí, an teorainn a leasú trí laghdú a dhéanamh uirthi nó, más cuí leo déanamh amhlaidh sna himthosca, trí mhéadú a dhéanamh uirthi nó trí dheireadh a chur léi.

(g) Más rud é, de réir mhír (f), go leasóidh na Coimisinéirí Ioncaim teorainn shonraithe arna cur chun feidhme maidir le cárta íocaíochtaí iomchuí, eiseoidh siad cárta íocaíochtaí iomchuí nua chuig an bpríomhaí, agus úsáidfidh an príomhaí an cárta sin dá éis sin.

(h) I gcás ina gcuirtear teorainn shonraithe chun feidhme maidir le cárta íocaíochtaí iomchuí, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl i scríbhinn don fhochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta, an tráth céanna a eiseofar an cárta don phríomhaí, go bhfuil an teorainn curtha chun feidhme agus méid, nó méid athbhreithnithe, na teorann, de réir mar a bheidh.

(i) Más rud é, i mbliain mheasúnachta, gur mó comhiomlán mhéid na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh príomhaí le fochonraitheoir ná an teorainn shonraithe, más ann, arna forchur ar an gcárta íocaíochtaí iomchuí, nó ar an gcárta íocaíochtaí iomchuí leasaithe, de réir mar a bheidh, a eiseofar i leith an fhochonraitheora sin, déanfaidh an príomhaí cáin a asbhaint as an mbarrachas sin de réir fho-alt (1) agus í a íoc leis an Ard-Bhailitheoir.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (17A):

“(17B) Aon duine arb éagóir leis nó léi teorainn shonraithe arna forchur ag na Coimisinéirí Ioncaim, faoi fho-alt (12), i ndáil le cárta íocaíochtaí iomchuí, nó cárta íocaíochtaí iomchuí leasuithe, de réir mar a bheidh, féadfaidh sé nó sí, trí fhógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna an chárta íocaíochtaí iomchuí lena mbaineann, achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne teorainn den sórt sin a fhorchur, ach, go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh maidir leis an ní, fanfaidh an teorainn i bhfeidhm.”,

(f) i bhfo-alt (18), trí “faoi fho-alt (17), (17A) nó (17B)” a chur in ionad “faoi fho-alt (17) nó faoi fho-alt (17A)”,

(g) i bhfo-alt (19), trí “faoi fho-alt (17) nó (17B)” a chur in ionad “faoi fho-alt (17)”, agus

(h) i bhfo-alt (20) trí “faoi fho-alt (17), (17A) nó (17B)” a chur in ionad “faoi fho-alt (17) nó faoi fho-alt (17A)”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) maidir le hiarratais ar dheimhnithe údarúcháin faoi alt 531(11) den Phríomh-Acht, arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag míreanna (d), (e), (f), (g) agus (h) d’fho-alt (1) maidir le hiarratais ar chártaí íocaíochtaí iomchuí faoi alt 531(12) den Phríomh-Acht, arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Comhchistí conarthacha.

45 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 739H tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim chun comhchiste conarthach nó comhchistí conarthacha (de réir bhrí alt 739I(1)(a)(i)) a athchóiriú nó maidir le 2 chiste nó níos mó den sórt sin a chónascadh mar a bheadh feidhm aige maidir le scéim athchóiriúcháin nó cónasctha dá bhfolódh ‘gnóthas infheistíochta’ comhchiste conarthach de réir bhrí alt 739I(1)(a)(i).

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh feidhm ag na mínithe ar ‘gnóthas infheistíochta’, ‘aonad’ agus ‘sealbhóir aonaid’, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le comhchiste conarthach de réir bhrí alt 739I(1)(a)(i) mar atá feidhm acu maidir le gnóthas infheistíochta de réir bhrí mhír (b) den mhíniú ar ‘gnóthas infheistíochta’.”,

agus

(b) in alt 739I(1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) gnóthas comhinfheistíochta is comhlacht neamhchorpraithe arna bhunú ag cuideachta bhainisteoireachta faoina mbeidh na rannpháirtithe, trí shocrú conarthach, rannpháirteach i maoin an ghnóthais comhinfheistíochta agus faoina mbeidh scair di acu mar chomhúinéirí, i gcás ina mbeidh sé sainráite faoina ghníomhas bunaithe go bhfuil sé bunaithe de bhun an Achta um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 agus go sealbhaíonn sé údarú arna eisiúint de réir an Achta sin agus nach bhfuil sé bunaithe de bhun Threoir Uimh. 85/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle 1 , arna leasú ó am go ham, nó”.

Mar a dhéileálfar le díbhinní áirithe.

46 .— (1) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 5 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 27:

“28. D’ainneoin mhír 23, nuair a dhéanfar aon ús, díbhinní nó íocaíochtaí bliantúla eile is iníoctha, as aon ioncam poiblí seachas ioncam poiblí an Stáit, nó i leith stoc, chistí, scaireanna nó urrúis aon chomhlachta daoine nach gcónaíonn sa Stát, a chur ar iontaoibh aon duine sa Stát chun an céanna a íoc le gnóthas infheistíochta de réir bhrí alt 739B agus nuair a bheadh oibleagáid ar an duine a gcuirtear ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh amhlaidh, ar leith ón mír seo, an cháin ioncaim a íoc ar an ús, ar na díbhinní nó ar na híocaíochtaí bliantúla eile sin ar oibleagáid í a fhorchuirtear le halt 17 agus le Caibidil 1 de Chuid 3, nó le Caibidil 2 de Chuid 4 agus leis an Sceideal seo, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon íocaíochtaí ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 246 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí) den Phríomh-Acht.

47 .— Leasaítear alt 246 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (bb):

“(bbb) ús a íoctar sa Stát le gnóthas infheistíochta de réir bhrí alt 739B,”.

Leasú ar Chaibidil 5 (sealbhóirí polasaithe—bonn nua) de Chuid 26 den Phríomh-Acht, etc.

48 .— (1) Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 26 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 730(1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-mhír (iv):

“(iv) deireadh tréimhse iomchuí, i gcás nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí an ailt seo an deireadh sin ar shlí eile, agus chun críocha na fomhíre seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ i ndáil le polasaí saoil tréimhse 8 mbliana dar tosach tráth tionscanta an pholasaí agus gach tréimhse 8 mbliana ina dhiaidh sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin; ach más rud é—

(I) go n-íoctar préimheanna faoi théarmaí polasaí go bliantúil nó ag eatraimh is minice ná sin, agus

(II) nach mó ná €3,000 sa bhliain méid iomlán na bpréimheanna sin,

ansin beidh feidhm ag an bhfomhír seo amhail is dá mba thagairt do 12 bhliain gach tagairt do 8 mbliana,”,

(b) in alt 730D—

(i) i bhfo-alt (1) trí “faoi réir fho-ailt (1A) agus (2)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (2)”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é—

(a) go dtarlóidh teagmhas inmhuirearaithe, nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv), i ndáil le polasaí saoil, agus

(b) gur tharla teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) roimhe sin i ndáil leis an bpolasaí sin,

ansin cinnfear an gnóchan a éireoidh ar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i mír (a) amhail is nár achtaíodh alt 730C(1)(a)(iv).”,

(iii) i bhfo-alt (4) trí mhír (ba) a scriosadh, agus

(iv) i bhfo-alt (5)(a)(i) trí “1 Bealtaine 2006” a chur in ionad “1 Bealtaine 2005”,

(c) in alt 730F tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘an chéad cháin’ i ndáil le polasaí saoil, an cháin chuí ar tugadh cuntas inti agus a íocadh de réir alt 730G i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(b) i ndáil leis an bpolasaí saoil;

ciallaíonn ‘gnóchan nua’ i ndáil le polasaí saoil, an gnóchan arna chinneadh de réir alt 730D i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(a) i ndáil leis an bpolasaí saoil;

ciallaíonn ‘an dara cáin’ cáin chuí arna ríomh de réir fho-alt (1) i leith an ghnóchain nua sin.

(b) (i) I gcás ina mbeidh feidhm tráth ar bith ag fo-alt 730D(1A) i leith polasaí saoil arna thosú ag comhlacht árachais, déanfar cion (dá ngairtear an ‘cion iomchuí’ san fho-alt seo) den chéad cháin a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid den dara cáin.

(ii) I gcás inar mó ná an dara cáin sin an cion iomchuí sin, déanfar, faoi réir fho-alt (iii), méid atá comhionann le méid an bharrachais—

(I) a íoc leis an sealbhóir polasaí ag an gcuideachta árachais i ndáil leis an bpolasaí saoil,

(II) a áireamh i dtuairisceán faoi alt 730G(2), agus

(III) a mheas mar mhéid a fhéadfar a fhritháireamh in aghaidh cánach cuí is iníoctha ag an gcuideachta árachais i leith aon teagmhais inmhuirearaithe sa tréimhse dá mbeidh tuairisceán den sórt sin le tabhairt, nó in aon tréimhse ina dhiaidh sin.

(iii) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (ii) mura rud é—

(I) go ndéanfaidh an sealbhóir polasaí dearbhú don chuideachta árachais go ndéantar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(a) ar chúiseanna bona fide agus nach cuid é d’aon idirbheart arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis, cáin chuí a ghnóthú faoi fhorálacha an fho-ailt seo, agus

(II) nach mbeidh forais réasúnacha ag an gcuideachta árachais chun a chreidiúint go bhfuil an dearbhú faoi chlásal (I) bréagach.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar an ‘cion iomchuí’ a chinneadh de réir na foirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A an chéad cháin,

gurb é B an gnóchan nua, agus

gurb éard é C gnóchan arna chinneadh de réir alt 730D sa chás gur aibigh an polasaí an tráth sin.”,

agus

(d) in alt 730G—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a) trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 730F(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”, agus

(II) i mír (b) trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 730F(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”,

agus

(ii) i bhfo-alt (3) trí “(arna laghdú d’aon mhéid a bheidh le creidiúnú de réir fho-alt 730F(1A))” a chur isteach i ndiaidh “i dtuairisceán”.

(2) Leasaítear alt 42 den Acht Airgeadais 2005 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Tá feidhm ag mír (c) d’fho-alt (1) maidir le haon pholasaí a bhainfear amach an 1 Bealtaine 2006 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag míreanna (a), (b) agus (d) d’fho-alt (1) agus tá éifeacht leo maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) den Phríomh-Acht) a tharlóidh ón tráth díreach roimh an Acht Airgeadais 2006 a rith.”.

(3) Tá feidhm ag fo-alt (1) agus tá éifeacht leis maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) den Phríomh-Acht) a tharlóidh tráth rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 6 (polasaithe saoil coigríche áirithe— cánachas agus tuairisceáin) de Chuid 26 den Phríomh Acht.

49 .— (1) Leasaítear Caibidil 6 de Chuid 26 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 730H(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe”:

“ciallaíonn ‘diúscairt mheasta’ diúscairt den chineál dá bhforáiltear in alt 730K(6);”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stát eischósta”:

“ciallaíonn ‘teagmhas iomchuí’ deireadh tréimhse iomchuí, i gcás ina gciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le polasaí saoil coigríche, tréimhse 8 mbliana dar tosach tráth tionscanta an pholasaí agus gach tréimhse 8 mbliana dá éis sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin; ach más rud é—

(a) go n-íoctar préimheanna faoi théarmaí an pholasaí go bliantúil nó ag eatraimh is minice ná sin, agus

(b) nach mó ná €3,000 sa bhliain méid iomlán na bpréimheanna sin,

ansin beidh feidhm ag an míniú seo amhail is dá mba thagairt do 12 bhliain aon tagairt do 8 mbliana;”,

agus

(b) in alt 730K—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) tríd an bhforáil atá ann a athuimhriú mar mhír (a), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(b) Más rud é maidir le polasaí saoil coigríche—

(i) go measfar de réir mhír (a) gur nialas gnóchan ar dhiúscairt,

(ii) nach diúscairt mheasta an diúscairt sin, agus

(iii) go raibh cáin inmhuirearaithe ar dhuine i leith diúscartha measta is luaithe ar an bpolasaí,

ansin beidh feidhm ag forálacha alt 865 (ar leith ó fho-alt (4)) agus féadfaidh an cigire cibé aisíocaíocht nó fritháireamh a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach mó comhiomlán na cánach is iníoctha i leith an pholasaí faoin alt seo ná an cháin ab iníoctha amhlaidh i leith an pholasaí dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (6).”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Más rud é go bhfuil polasaí saoil coigríche ag duine agus go dtarlaíonn teagmhas iomchuí i leith an pholasaí sin, ansin measfar chun críocha an ailt seo gur dhiúscair an duine iomlán an pholasaí díreach roimh thráth an teagmhais iomchuí sin agus go bhfuair sé nó sí ar ais láithreach é ar a mhargadhluach an tráth sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon teagmhas iomchuí (de réir bhrí alt 730H(1) den Phríomh-Acht) a tharlóidh dáta rite an Achta seo nó dá éis i leith polasaí saoil coigríche (de réir bhrí alt 730H(1) den Phríomh-Acht) arna bhaint amach an 1 Eanáir 2001 nó dá éis.

Nithe áirithe a bhaineann le gnóthais infheistíochta i gCaibidil 1A de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

50 .— (1) Leasaítear Caibidil 1A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2000) de Chuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 739B(1) sa mhíniú ar “teagmhas inmhuirearaithe”—

(i) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (cc), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (cc):

“(ccc) deireadh tréimhse iomchuí, agus chun críocha na míre seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le haonad i ngnóthas infheistíochta, tréimhse 8 mbliana dar tosach an tráth a gheobhaidh sealbhóir aonad an t-aonad sin agus gach tréimhse 8 mbliana ina dhiaidh sin dar tosach díreach i ndiaidh na tréimhse iomchuí roimhe sin, agus”,

(b) in alt 739D—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) trí “agus de réir fho-alt (2A)” a chur isteach i ndiaidh “faoi réir an ailt seo”,

(II) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (dd), agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd):

“(ddd) i gcás inar deireadh tréimhse iomchuí i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad an teagmhas inmhuirearaithe, barrachas (más ann) luach an aonaid, gan féachaint d’aon mhéid cánach iomchuí (de réir bhrí alt 739E) a éireoidh leis sin, arna shealbhú ag an sealbhóir aonad lá an deiridh sin, ar an méid iomlán a d’infheistigh an sealbhóir aonad sa ghnóthas infheistíochta chun an t-aonad a fháil, agus i gcás ina bhfuair an sealbhóir aonad an t-aonad ar shlí eile, is é an méid a infheistíodh amhlaidh chun an t-aonad sin a fháil luach an aonaid an tráth a fuair an sealbhóir aonad é, agus”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Más rud é—

(a) maidir le teagmhas inmhuirearaithe, nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) den mhíniú ar ‘teagmhas inmhuirearaithe’ in alt 739B(1), go dtarlóidh sé i ndáil le gnóthas infheistíochta i leith sealbhóra aonad, agus

(b) maidir le teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) den mhíniú ar theagmhas inmhuirearaithe in alt 739B(1), gur tharla sé roimhe sin i ndáil le gnóthas infheistíochta i leith sealbhóra aonad,

ansin, déanfar an gnóchan a eascróidh ar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i mír (a) a chinneadh amhail is nár achtaíodh alt 739B(1)(ccc).”,

(c) in alt 739E—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘an chéad cháin”, i ndáil le sealbhóir aonad, an cháin chuí ar ar tugadh cuntas agus a íocadh de réir alt 739F i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 739D(2A)(b) maidir leis an aonad sin;

ciallaíonn ‘gnóchan nua’, i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad, an gnóchan arna chinneadh de réir alt 739D i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 739D(2A)(a) i leith an aonaid sin;

ciallaíonn ‘an dara cáin’ an cháin chuí arna ríomh de réir fho-alt (1) i leith an ghnóchain nua sin.

(b) (i) Más rud é, aon tráth, go mbeidh feidhm ag fo-alt 739D(2A) i leith aonaid de chuid sealbhóra aonad i ngnóthas infheistíochta déanfar cion (dá ngairtear an ‘cion iomchuí’ san fho-alt seo) den chéad cháin a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid dara cáin.

(ii) I gcás inar mó an cion iomchuí sin ná an dara cáin sin, déanfar, faoi réir fhomhír (iii), méid is comhionann le méid an bharrachais—

(I) a íoc leis an sealbhóir aonad ag an ngnóthas infheistíochta i leith an aonaid,

(II) a áireamh i dtuairisceán faoi alt 739F(2), agus

(III) a mheas mar mhéid a fhéadfar a fhritháireamh in aghaidh cánach cuí is iníoctha ag an ngnóthas infheistíochta i leith aon teagmhais inmhuirearaithe sa tréimhse ar ina leith a dhéantar tuairisceán den sórt sin, nó in aon tréimhse ina dhiaidh sin.

(iii) Ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) mura rud é—

(I) go dtabharfaidh an sealbhóir aonad dearbhú don ghnóthas infheistíochta á rá gur ar chúiseanna bona fide a tharla an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 739D(2A)(a) agus nach cuid é d’aon idirbheart arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis cáin chuí a ghnóthú faoi fhorálacha an fho-ailt seo, agus

(II) nach bhfuil forais réasúnacha ag an ngnóthas infheistíochta chun a chreidiúint go bhfuil an dearbhú faoi chlásal (I) bréagach.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar an ‘cion iomchuí’ a chinneadh leis an bhfoirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A an chéad cháin,

gurb é B an gnóchan nua, agus

gurb é C gnóchan arna chinneadh de réir alt 739D más rud é go ndearnadh an t-aonad a raibh feidhm ag an gcéad cháin maidir leis a chealú an tráth sin.”,

(ii) i bhfo-alt (1)(b), trí “(d), (dd) nó (ddd)” a chur in ionad “(d) nó (dd)”, agus

(iii) i bhfo-alt (3)(b)—

(I) trí “d’aistriú teideal chun aonaid,” a chur in ionad “d’aistriú teideal chun aonaid, nó” i bhfomhír (ia), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ia):

“(ib) deireadh do theacht le tréimhse iomchuí, nó”,

agus

(d) in alt 739F—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a), trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 739E(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”, agus

(II) i mír (b), trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 739E(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”, agus

(ii) i bhfo-alt (3) trí “(arna laghdú d’aon mhéid atá le creidiúnú de réir alt 739E(1A))” a chur isteach i ndiaidh “i dtuairisceán”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo agus beidh éifeacht leis maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir an mhínithe ar theagmhas inmhuirearaithe in alt 739B(1)(ccc) den Phríomh-Acht) a tharlóidh tráth rite an Achta seo nó dá éis sin.

Leasú ar Chaibidil 4 (cistí eischósta áirithe—cánachas agus tuairisceáin) de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

51 .— (1) Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 747B(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe”:

“ciallaíonn ‘diúscairt mheasta’ diúscairt den chineál dá bhforáiltear in alt 747E(6);”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stát eischósta”:

“ciallaíonn ‘teagmhas iomchuí’ deireadh do theacht le tréimhse iomchuí, i gcás ina gciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le ciste eischósta, tréimhse 8 mbliana dar tosach an tráth a fhaightear leas ábhartha sa chiste agus gach tréimhse 8 mbliana ina dhiaidh sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin;”,

agus

(b) in alt 747E—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) tríd an bhforáil láithreach a athuimhriú mar mhír (a), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(b) Más rud é, maidir le leas ábhartha i gciste eischósta—

(i) go measfar de réir mhír (a) gur nialas gnóchan ar dhiúscairt,

(ii) nach diúscairt mheasta an diúscairt sin, agus

(iii) go raibh duine inmhuirearaithe i leith cánach maidir le diúscairt mheasta is luaithe ar leas ábhartha sa chiste,

ansin beidh feidhm ag forálacha alt 865 (ar leith ó fho-alt (4)) agus féadfaidh an cigire cibé aisíocaíocht nó fritháireamh a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach mó comhiomlán na cánach is iníoctha i leith an leasa ábhartha sa chiste faoin alt seo ná an cháin ab iníoctha amhlaidh i leith an leasa ábhartha sa chiste dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (6).”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Más rud é go bhfuil leas ábhartha i gciste eischósta ag duine agus go dtarlaíonn teagmhas iomchuí i leith an chiste sin, ansin measfar chun críocha an ailt seo gur dhiúscair an duine iomlán an leasa ábhartha díreach roimh thráth an teagmhais iomchuí agus go bhfuair sé nó sí ar ais láithreach é ar a mhargadhluach an tráth sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon teagmhas iomchuí (de réir bhrí alt 747B(1) den Phríomh-Acht) a tharlóidh dáta rite an Achta seo nó dá éis i leith leasa ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht) a fuarthas an 1 Eanáir 2001 nó dá éis.

Cuideachtaí urrúsaithe agus cistí margaidh airgid.

52 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 739D(6)(k)(I)(A) trí “nó 110(2)” a chur isteach i ndiaidh “alt 739G(2)”, agus

(b) in alt 739G(2)(g), trí “, nó gur cuideachta cháilitheach é nó í de réir bhrí alt 110 atá inmhuirearaithe i leith cánach ar an íocaíocht faoi Chás III de Sceideal D” a chur isteach i ndiaidh “faoi Chás I de Sceideal D”.

Leasú ar alt 739G (cánachas ar shealbhóirí aonad i ngnóthais infheistíochta) den Phríomh-Acht.

53 .— (1) Leasaítear alt 739G den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)(h) trí “inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil,” a chur in ionad “inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim,”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 713 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Phríomh-Acht.

54 .— (1) Leasaítear alt 713 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (6) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) I gcás inar mó comhiomlán na mbrabús neamhfhaoisimh agus chuid na scairshealbhóirí den ioncam infheistíochta frainceáilte ná brabúis na cuideachta i leith a gnó saoil do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí arna ríomh de réir fhorálacha Chás I de Sceideal D, arna laghdú de chomhiomlán na méideanna seo a leanas—

(i) muirir trádála iomchuí ar ioncam faoi alt 243A,

(ii) caillteanas trádála iomchuí faoi alt 396A, agus

(iii) caillteanas nó barrachas faoi alt 420A,

chun a mbeidh teideal ag an gcuideachta in aghaidh na dtréimhsí cuntasaíochta iomchuí, arna leathnú le hailt 710 agus 714 (cibé acu atá nó nach bhfuil cáin muirearaithe ar an gcuideachta faoin gCás sin), is í an chuid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an méid acu seo a leanas is lú—

(I) méid an bharrachais sin, agus

(II) na brabúis neamhfhaoisimh,

agus”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na héilimh go léir a dhéantar an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 141 (dáiltí ó ioncam as ríchíosanna paitinne) den Phríomh-Acht.

55 .— (1) Leasaítear alt 141 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “1996 nó dá éis”:

agus, maidir leis an ioncam sonraithe, gurb éard é ioncam as paitinn cháilitheach i leith aireagáin a paitinníodh ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nár paitinníodh go príomha chun dliteanas cánachais a sheachaint”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘socrú’ aon socrú, comhaontú, comhthuiscint, geallúint nó gealltanas cibé acu sainráite nó intuigthe;

ciallaíonn ‘ioncam iomchuí’ ioncam lena mbaineann mír (b) den mhíniú ar ‘ioncam as paitinn cháilitheach’ in alt 234;

tá le ‘méid chomhiomlán an chaiteachais ar thaighde agus forbairt arna thabhú ag cuideachta i ndáil le tréimhse chuntasaíochta’, ‘méid an chaiteachais ar ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha’, agus ‘gníomhaíochtaí taighde agus forbartha’ na bríonna céanna atá leo i bhfo-alt (5)(a);

ciallaíonn ‘íocaíocht i leith maoin intleachtúil a úsáid’ aon íocaíocht a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach—

(i) maidir le haon díolúine, trádmharc, dearadh cláraithe, ceart deartha, aireagán nó ainm fearainn,

(ii) maidir le haon chóipcheart nó ceart gaolmhar de réir bhrí an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000,

(iii) maidir le haon cheadúnas nó ceart eile i leith aon ní faoi mhír (i) nó (ii),

(iv) maidir le haon chearta a dheonaítear faoi dhlí aon tíre, críche, stáit nó limistéir, seachas an Stát, nó faoi aon chonradh, coinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, is cearta a fhreagraíonn do na cearta faoi mhír (i), (ii) nó (iii) nó atá comhchosúil leo,

(v) maidir le cáilmheas a mhéid a bheidh sé inchurtha síos go díreach d’aon ní faoi mhír (i), (ii), (iii) nó (iv).

(b) Beidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (5) chun críocha an fho-ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha an fho-ailt sin.

(c) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cuideachta do thréimhse chuntasaíochta más rud é faoi aon socrú—

(i) (I) go bhféadfadh duine teacht chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh leis an gcuideachta i leith maoin intleachtúil a úsáid toisc go bhféadfadh sé go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta neamhdhóthanach chun críocha an tsocraithe, nó

(II) go dtagann duine chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh leis an gcuideachta i leith maoin intleachtúil a úsáid toisc go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta neamhdhóthanach chun críocha an tsocraithe,

(ii) (I) go bhféadfadh an chuideachta teacht chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh le haon duine i leith úsáid maoine intleachtúla ag an duine toisc go bhféadfadh sé go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta iomarcach chun críocha an tsocraithe, nó

(II) go dtagann an chuideachta chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh le haon duine i leith úsáid maoine intleachtúla ag an duine toisc go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta iomarcach chun críocha an tsocraithe.

(d) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cuideachta do thréimhse chuntasaíochta agus ina ndéanann an chuideachta dáileadh amháin nó níos mó as ioncam iomchuí, ansin, maidir le cibé méid den dáileadh sin, nó comhiomlán na ndáilte sin, nach mó ná méid an chaiteachais chomhiomláin ar thaighde agus ar fhorbairt a thabhaíonn an chuideachta i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis mar dháileadh a dhéantar as ioncam neamháirithe; ach ní dhéileálfar le dáileadh mar dháileadh a dhéantar as ioncam neamháirithe mura rud é gurb é atá san ioncam iomchuí ná ioncam as paitinn cháilitheach i leith aireagáin a paitinníodh ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní go príomha chun dliteanas cánach a sheachaint.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo agus tá éifeacht leis i leith aon dáiltí arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 7 (bearta speisialta ar scor de thrádáil nó de ghairm agus an bonn le ríomh brabús nó gnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a athrú) de Chuid 4 den Phríomh-Acht.

56 .— Leasaítear Caibidil 7 de Chuid 4 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 95:

“An bonn le ríomh brabús nó gnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a athrú.

95A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Accounting Standards Board’ an comhlacht ar a dtugtar an Accounting Standards Board agus a bunaíodh faoi airteagail chomhlachais an Accounting Standards Board Limited, cuideachta atá faoi theorainn ráthaíochta agus atá cláraithe i Sasana;

tá le ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 321(2).

(2) Más rud é—

(a) i gcás nach bhfuil feidhm ag alt 94(3) maidir leis, go mbeidh athrú ar an mbonn ar a luacháiltear obair a bheidh ar siúl chun brabúis nó gnóchain ó thrádáil nó ó ghairm is inmhuirearaithe faoi Chás I nó II de Sceideal D a ríomh, agus

(b) go ndéanfar méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ san fho-alt seo) luach oibre a bheidh ar siúl tráth an athraithe a lamháil mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain a ríomh chun críocha cánach do thréimhse inmhuirearaithe tar éis an athraithe (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ san alt seo),

ansin, sa mhéid gur lú ná an méid iomchuí an creidmheas cothromaíochta i dtaca leis an obair sin atá ar siúl, a cuireadh i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain a ríomh chun críocha cánach don tréimhse roimh an tréimhse iomchuí, déanfar cáin a mhuirearú faoi Chás I nó II de Sceideal D don tréimhse iomchuí ar an oiread sin den mhéid iomchuí ar mó é ná an creidmheas sin.

(3) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) i leith trádála nó gairme comhpháirtíochta, measfar, chun críocha na nAchtanna Cánach, gur méid brabús nó gnóchan de chuid na trádála nó na gairme comhpháirtíochta aon mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach faoi fho-alt (2).

(4) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir le hathrú ar an mbonn ar a ríomhtar brabúis nó gnóchain do thréimhse inmhuirearaithe dar críoch an tréimhse 2 bhliain dar thosach an 22 Meitheamh 2005 agus nach n-éiríonn an t-athrú ach amháin de bhua na treorach a d’eisigh an Urgent Issues Task Force de chuid an Accounting Standards Board an 10 Márta 2005 i dtaobh Application Note G of Financial Reporting Standard 5 (ar a dtugtar ‘UITF Abstract 40’), ansin ní mhuirearófar cáin i leith mhéid an bharrachais sa tréimhse iomchuí, ach ina ionad sin—

(a) i gcás inar duine seachas cuideachta an duine atá ag seoladh na trádála nó na gairme, déanfar cáin a mhuirearú—

(i) ar an gcúigiú cuid den mhéid barrachais don tréimhse iomchuí, agus

(ii) ar chúigiú cuid eile den mhéid barrachais do gach tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin go dtí go mbeidh cuntas tugtha ar an méid iomlán, agus

(iii) i gcás gurb í an tréimhse inmhuirearaithe inar scoireadh den trádáil nó den ghairm go buan aon tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii), ansin beidh cáin inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin ar cibé codán den mhéid barrachais dá dtagraítear sna fomhíreanna sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas ar iomlán an mhéid barrachais sin,

agus

(b) i gcás gur cuideachta an duine a sheolann an trádáil nó an ghairm—

(i) muirearófar cáin ar chuid den mhéid barrachais do gach tréimhse inmhuirearaithe ar laistigh go hiomlán nó go páirteach den tréimhse 5 bliana di dar tosach tús na tréimhse iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1): agus is é a bheidh sa chuid den mhéid barrachais ar a mbeidh cáin le muirearú d’aon tréimhse inmhuirearaithe den sórt sin an méid sin a mbeidh idir é agus an méid barrachais an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse inmhuirearaithe, nó an chuid den tréimhse inmhuirearaithe ar laistigh den tréimhse 5 bliana di, agus 5 bliana, agus

(ii) i gcás gurb í an tréimhse inmhuirearaithe dheireanach inar sheol an chuideachta trádáil nó gairm aon tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i), ansin muirearófar cáin don tréimhse inmhuirearaithe sin ar an gcuid sin den mhéid barrachais is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas ar iomlán an mhéid sin.”.

Leasú ar alt 64 (ús ar Eorabhannaí luaite) den Phríomh-Acht.

57 .— (1) Leasaítear alt 64 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cigire cuí”:

“ciallaíonn ‘oifigeach cuí’ oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an ailt seo;”,

(ii) sa mhíniú ar “Eorabhanna luaite”—

(I) i mír (b) trí “stocmhalartán aitheanta, agus” a chur in ionad “stocmhalartán aitheanta,” agus

(II) trí mír (c) a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (3) trí “ar an oifigeach cuí” a chur in ionad “ar an gcigire cuí” agus trí “ón oifigeach cuí” a chur in ionad “ón gcigire cuí”, agus

(c) i bhfo-alt (8)—

(i) i mír (a)(ii) trí “nó oifigeach cuí” a chur isteach i ndiaidh “cigire” agus trí nó “nó d’oifigeach cuí” a chur isteach i ndiaidh “don chigire”, agus

(ii) i mír (b) trí “nó an t-oifigeach cuí” a chur isteach i ndiaidh “an cigire”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo ón 2 Feabhra 2006.

Leasú ar alt 407 (srian le húsáid caillteanas agus liúntas caipitiúil le haghaidh trádála loingsithe cáilithí) den Phríomh Acht.

58 .— Leasaítear alt 407 den Phríomh Acht i bhfo-alt (1) trí “31 Nollaig 2010” a chur in ionad “31 Nollaig 2006” sa mhíniú ar “an tréimhse iomchuí”.

Míniú ar chuideachta árachais.

59 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht―

(a) in alt 588(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

(b) in alt 594(1)(c)(i), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(I) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(II) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

(c) in alt 706(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

agus

(d) in alt 902B(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

(2) (a) Meastar feidhm a bheith ag míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 20 Nollaig 2000.

(b) Tá feidhm ag mír (d) d’fho-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.”.

1 OJ Uimh. L375, 31.12.1985, lch. 3.