Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Achtacháin ar faoi réim alt 12(1)(c) a thagann cionta fúthu )

16 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2006


AN tACHT UM CHEADANNA FOSTAÍOCHTA 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1. Leiriú.

2. Leasú ar alt 2 d’Acht 2003.

3. Acht 2003 a leasú tuilleadh.

4. Iarratas ar chead fostaíochta.

5. Is náisiúnach eachtrach an deontaí ceada, forálacha ginearálta maidir le hiarratais, etc.

6. Iarratas (seachas ó náisiúnach eachtrach) ar chead — faisnéis a bheidh le soláthar.

7. Iarratas arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach — faisnéis a bheidh le soláthar.

8. An tAire do dheonú cead fostaíochta.

9. An scríbhinn bhunaidh de chead le heisiúint do náisiúnach eachtrach, an fhaisnéis a bheidh le háireamh i gcead, etc.

10. Srian le cead fostaíochta a dheonú.

11. An tAire do dhéanamh breithniú ar iarratas ar chead fostaíochta.

12. Diúltú cead fostaíochta a dheonú.

13. Athbhreithniú ar chinneadh cead a dhiúltú.

14. Rialacháin lena rialaítear deonú ceadanna, etc.

15. Critéir ar a mbeidh aird le tabhairt le linn rialacháin a dhéanamh faoi alt 14.

16. Cead fostaíochta a chúlghairm.

17. Athbhreithniú ar chinneadh cead a chúlghairm.

18. Toirmeasc ar chead fostaíochta a bhrionnú, a athrú go calaoiseach nó a úsáid go calaoiseach.

19. Toirmeasc ar úsáid áirithe a bhaint as cead fostaíochta.

20. Cead fostaíochta a athnuachan.

21. Éifeacht ordaithe faoi alt 3 nó 4 den Acht Inimirce 1999.

22. Oifigigh údaraithe.

23. Toirmeasc ar asbhaint as luach saothair agus doiciméid phearsanta a choinneáil.

24. Cead fostaíochta a thabhairt suas.

25. Faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar i ndáil le hiarratas faoi alt 420.

26. Toirmeasc ar phionósú.

27. Taifid a choinneáil.

28. Clár ceadanna fostaíochta.

29. Rialacháin.

30. Forálacha breise i ndáil le rialacháin.

31. Fógraí a sheirbheáil.

32. Pionóis agus imeachtaí.

33. Cionta ag comhlacht corpraithe.

34. Toimhde go bhfuil duine á fhostú nó á fostú.

35. Fianaise trí nasc teilifíse.

36. Feidhmeanna a tharmligean.

37. Sonraí a mhalartú i leith nithe áirithe.

38. Foráil idirthréimhseach.

39. Leasú ar alt 1(1) d’Acht 2003.

40. Caiteachais.

41. Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

SCEIDEAL 1

Achtacháin ar faoi réim alt 12(1)(c) a thagann cionta fúthu

SCEIDEAL 2

Sásamh mar gheall ar Shárú ar alt 26(3)


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 27

An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001

2001, Uimh. 19

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982

1982, Uimh. 10

Acht na gCúirteanna 1981

1981, Uimh. 11

An tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000

2000, Uimh. 27

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta 1971

1971, Uimh. 27

An tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2003

2003, Uimh. 7

Achtanna na gComhphobal Eorpach 1972 go 2003

An tAcht Inimirce 1999

1999, Uimh. 22

An tAcht Inimirce 2004

2004, Uimh. 1

An tAcht Caidrimh Thionscail 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht Caidrimh Thionscail 1990

1990, Uimh. 19

Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956

1956, Uimh. 26

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005

An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000

2000, Uimh. 5

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

An tAcht um Íoc Pá 1991

1991, Uimh. 25

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

14 & 15 Vic., c. 93

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984

1984, Uimh. 21

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003

2003, Uimh. 29

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996

1996, Uimh. 16

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967

1967, Uimh. 21

Acht na nDídeanaithe 1996

1996, Uimh. 17

An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005

2005, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2006


AN tACHT UM CHEADANNA FOSTAÍOCHTA 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CEADANNA FOSTAÍOCHTA A DHEONÚ DO NÁISIÚNAIGH EACHTRACHA ÁIRITHE CHUN A CHEADÚ DÓIBH A BHEITH I bhFOSTAÍOCHT SA STÁT, DÁ CHUMASÚ DON AIRE FIONTAR, TRÁDÁLA AGUS FOSTAÍOCHTA, TAR ÉIS AIRD A THABHAIRT AR CHRITÉIR ÁIRITHE, RIALACHÁIN A DHÉANAMH LENA bhFORCHUIRFEAR TEORAINN LEIS AN LÍON CEADANNA DEN SÓRT SIN A FHÉADFAR A DHEONÚ I dTRÉIMHSE ÁIRITHE AGUS LENA bhFORCHUIRFEAR SRIANTA ÁIRITHE EILE MAIDIR LE DEONÚ CEADANNA DEN SÓRT SIN, DO DHÉANAMH RIALÁIL THAIRIS SIN MAIDIR LE NÁISIÚNAIGH EACHTRACHA ÁIRITHE A FHOSTÚ SA STÁT AGUS DO SHOLÁTHAR COSAINTÍ ÁIRITHE DO NÁISIÚNAIGH EACHTRACHA ATÁ I bhFOSTAÍOCHT SA STÁT, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHEADANNA FOSTAÍOCHTA 2003 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[23 Meitheamh, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. — (1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2003” an tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2003;

ciallaíonn “iarratas” iarratas faoi alt 4;

déanfar “iarratas arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach” a fhorléiriú de réir alt 4(4);

ciallaíonn “saoránach” saoránach Éireannach de réir bhrí Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956;

ciallaíonn “earnáil eacnamaíoch” earnáil den gheilleagar a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach ar gá cáilíochtaí sonracha, scileanna sonracha nó eolas sonrach ina leith;

ciallaíonn “fostóir” an fostóir (mar a mhínítear in Acht 2003)—

(a) a dhéanann náisiúnach eachtrach a fhostú de bhun ceada fostaíochta, nó

(b) i gcás ceada a dheonaítear ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, a dhéanann, de thuras na huaire, náisiúnach eachtrach a fhostú de bhun ceada fostaíochta;

ciallaíonn “cead fostaíochta” cead fostaíochta arna dheonú faoi alt 8;

ciallaíonn “ordú rialaithe fostaíochta” ordú faoi alt 48 den Acht Caidrimh Thionscail 1990;

ciallaíonn “sealbhóir”, i ndáil le cead fostaíochta, an náisiúnach eachtrach dár deonaíodh é;

ciallaíonn “Ballstát den LEE” stát is páirtí conarthach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna leasú de thuras na huaire;

ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

tá le “ráta pá íosta náisiúnta san uair an chloig” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000;

tá le “náisiúnach eachtrach” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2003;

déanfar “náisiúnach eachtrach lena mbaineann” a fhorléiriú de réir alt 5(1);

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

folaíonn “leas an phobail”—

(a) ord poiblí agus leasanna na slándála náisiúnta,

(b) sláinte agus sábháilteacht an phobail, agus

(c) an gá atá ann an margadh saothair a chosaint;

tá le “comhaontú fostaíochta cláraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 25 den Acht Caidrimh Thionscail 1946;

ciallaíonn “luach saothair”, i ndáil le fostaí—

(a) aon chomaoin, in airgead nó ina chomhchineál, a fhaigheann an fostaí, go díreach nó go neamhdhíreach, ón bhfostóir i leith na fostaíochta, agus

(b) aon mhéideanna a mbeidh an fostaí i dteideal iad a fháil ar scór aon scéime nó aon socraithe pinsin.

(2) Chun críocha an Achta seo, níl duine (“an chéad duine”), de bhua an chonartha seo a leanas le duine eile (“an dara duine”), ina fhostóir nó ina fostóir ar an dara duine.

(3) Is conradh é an conradh sin—

(a) lena bhforáiltear go bhfuil an dara duine le hobair a dhéanamh nó le seirbhís a chomhlíonadh do thríú duine (cibé acu is páirtí sa chonradh an tríú duine nó nach ea), agus

(b) a rinne an chéad duine i gcúrsa gnó gníomhaireachta fostaíochta de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta 1971 a sheoladh,

cibé acu is conradh sainráite nó intuigthe é agus más conradh sainráite é, cibé acu is conradh ó bhéal nó i scríbhinn é.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2003.

2. — Leasaítear alt 2 d’Acht 2003 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Maidir le náisiúnach eachtrach—

(a) ní rachaidh sé nó sí i seirbhís fostóra sa Stát, ná

(b) ní bheidh sé nó sí i bhfostaíocht sa Stát,

ach amháin de réir ceada fostaíochta a bheidh deonaithe ag an Aire faoi alt 8 den Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 agus a bheidh i bhfeidhm.

(1A) Tá feidhm ag fo-alt (1)(b) cibé acu a éiríonn an fhostaíocht lena mbaineann—

(a) as an náisiúnach eachtrach a bheith fostaithe sa Stát ag duine,

(b) as é nó í a bheith fostaithe ag duine lasmuigh den Stát (an ‘conraitheoir’) chun dualgais a chomhlíonadh sa Stát, ar dualgais iad is ábhar do chomhaontú idir an conraitheoir agus duine eile, nó

(c) as aon socrú eile.

(2) Ní dhéanfaidh duine náisiúnach eachtrach a fhostú sa Stát ach amháin de réir ceada fostaíochta a bheidh deonaithe ag an Aire faoi alt 8 den Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 agus a bheidh i bhfeidhm.

(2A) I gcás ina ndéanfaidh duine (‘an chéad duine’) comhaontú le duine eile (‘an dara duine’) lena gcomhaontaíonn an dara duine a chur faoi deara, nó a shocrú, go ndéanfar seirbhísí (cibé de chineál sonrach nó ginearálta) ar son an chéad duine agus—

(a) gur gnách sa trádáil nó sa ghnó ina ndéantar an comhaontú, nó

(b) gur de chineál iad na himthosca ina ndéantar an comhaontú nárbh fholáir le réasún go raibh sé ar intinn ag na páirtithe sa chomhaontú,

gurbh éard iad na modhanna, nó go n-áireofaí sna modhanna, go hiomlán nó go páirteach, a d’úsáidfeadh an dara duine chun an comhaontú a chomhlíonadh, daoine arna bhfostú ag duine eile seachas an dara duine (agus cibé acu atá nó nach bhfuil gaolmhaireacht chonartha ag an duine sin leis an dara duine) do dhéanamh na seirbhísí ansin, má úsáidtear na modhanna sin, is é dualgas an chéad duine na bearta seo a leanas a dhéanamh.

(2B) Is iad na bearta sin gach beart a bheidh réasúnach chun a chinntiú, a mhéid is náisiúnach eachtrach nó náisiúnaigh eachtracha atá fostaithe sa Stát chun na seirbhísí sin a dhéanamh, duine amháin nó níos mó de na daoine atá fostaithe amhlaidh, go bhfuil an náisiúnach eachtrach sin, nó gach duine de na náisiúnaigh eachtracha sin, fostaithe de réir ceada fostaíochta arna dheonú ag an Aire faoi alt 8 den Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 agus a bheidh i bhfeidhm.”.

Acht 2003 a leasú tuilleadh.

3.— Déantar Acht 2003 a leasú tuilleadh—

(a) i bhfo-alt (3) d’alt 2—

(i) trí “nó a mhainneoidh na bearta a shonraítear i bhfo-alt (2B) a dhéanamh” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (1) nó (2)”, agus

(ii) trí “nó mainneachtain na bearta a shonraítear i bhfo-alt (2B) a dhéanamh” a chur isteach i ndiaidh “ar fho-alt (2)” i mír (b),

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (10) agus (11) d’alt 2:

“(10) Gan dochar d’fhorálacha eile an Achta seo, níl feidhm ag an alt seo maidir le náisiúnach eachtrach—

(a) a bhfuil dearbhú faoi alt 17 d’Acht na nDídeanaithe 1996 i bhfeidhm ina leith,

(b) atá i dteideal teacht isteach sa Stát de bhun alt 18 nó 24 den Acht sin,

(c) atá i dteideal teacht isteach sa Stát nó a bheith i bhfostaíocht sa Stát de bhun na gconarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha (de réir bhrí Achtanna na gComhphobal Eorpach 1972 go 2003), nó

(d) a gceadaíonn an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí dó nó di fanacht sa Stát agus atá i bhfostaíocht sa Stát de bhun coinníll den cheadú sin gur féidir leis an duine a bheith i bhfostaíocht sa Stát gan cead fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

ach, faoi réir alt 2A agus aon ordú faoi alt 3A(1) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, níl feidhm ag an alt seo maidir le náisiúnach eachtrach is náisiúnach de Phoblacht na Bulgáire nó den Rómáin (lena n-áirítear tráth tar éis aontachas Phoblacht na Bulgáire nó na Rómáine leis an Aontas Eorpach).

(11) Le linn don Aire a chinneadh cé na hiarratais ar cheadanna fostaíochta ba cheart a dheonú, tabharfaidh sé nó sí tosaíocht do gach ceann díobh seo a leanas, eadhon—

(a) iarratais i leith náisiúnach stáit a bhfuil ordú faoi alt 3 i bhfeidhm i ndáil leis, agus

(b) iarratais i leith náisiúnach de Phoblacht na Bulgáire nó den Rómáin a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leo de thuras na huaire.”,

(c) tríd an alt seo a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“Forálacha forlíontacha i ndáil le halt 2.

2A.— (1) D’ainneoin fho-alt (10) den alt sin, níl feidhm ag alt 2 maidir leis na daoine seo a leanas—

(a) náisiúnach de Phoblacht na Bulgáire nó den Rómáin a thagann faoi réim an dara nó an tríú fomhír de mhír 2 d’Iarscríbhinn VI den Chonradh Aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin,

(b) duine, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, a thagann faoi réim mhír 8 den Iarscríbhinn sin.

(2) Maidir le náisiúnach de Phoblacht na Bulgáire nó den Rómáin, is cuma cé acu a thagann an duine faoi réim an dara nó an tríú fomhír de mhír 2 d’Iarscríbhinn VI den Chonradh Aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin, níl feidhm ag alt 2 maidir leis nó léi—

(a) mura bhfuil feidhm ag mír (b), ar agus ó dheireadh na tréimhse 5 bliana ón dáta thagann Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin chun bheith ina bhallstáit den Aontas Eorpach (an ‘dáta aontachais’), nó

(b) más rud é, 2 mhí roimh dheireadh na tréimhse, nó le linn an 2 mhí roimh dheireadh na tréimhse, arb í an tréimhse 5 bliana í dá dtagraítear i mír (a) go ndéantar ordú faoi fho-alt (1) d’alt 3A a chúlghairm le hordú dá éis sin faoin bhfo-alt sin, ar agus ó dheireadh na tréimhse 7 mbliana ón dáta aontachais.

(3) San alt seo, ciallaíonn ‘Conradh Aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin’ an Conradh maidir le haontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach arna shíniú i Lucsamburg an 25ú lá d’Aibreán 2005.”,

agus

(d) trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“Gan feidhm a bheith ag alt 2 maidir le náisiúnaigh de Phoblacht na Bulgáire agus den Rómáin.

3A.— (1) D’ainneoin alt 2(10), féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (2), ordú a dhéanamh á fhoráil nach mbeidh feidhm ag alt 2 maidir le náisiúnaigh de Phoblacht na Bulgáire ná maidir le náisiúnaigh den Rómáin agus fad a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm ní bheidh feidhm dá réir sin ag an alt sin maidir leis na náisiúnaigh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) aon tráth ar leith mura rud é, ag féachaint do dhálaí an mhargaidh oibre sa Stát an tráth sin, gurb é tuairim an Aire—

(a) gurb inmhianaithe ar mhaithe le feidhmiú cuí an gheilleagair, ordú den sórt sin a dhéanamh, agus

(b) gur dócha, le linn na 24 mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, go mbeidh fostaíocht sa Stát ar fáil ar bhonn leanúnach do náisiúnaigh de na stáit dá dtagraítear i bhfo-alt (1) atá ag smaoineamh dul i bhfostaíocht sa Stát.

(3) Ní fhéadfar ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm le hordú ina dhiaidh faoin bhfo-alt sin mura rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil suaitheadh sa mhargadh oibre, an tráth a dhéantar an dara hordú a luaitear, nó gur dócha go mbeidh suaitheadh sa mhargadh oibre ina dhiaidh sin.

(4) D’ainneoin alt 2(10), i gcás ina gcúlghairtear ordú faoi fho-alt (1) le hordú ina dhiaidh faoin bhfo-alt sin ní bheidh feidhm ag alt 2 maidir le náisiúnach de Phoblacht na Bulgáire nó den Rómáin má bhí sé nó sí i bhfostaíocht sa Stát ar feadh tréimhse nach lú ná 6 sheachtain díreach roimh thosach feidhme an dara hordú a luaitear agus má bhí luach saothair á fháil aige nó aici as an bhfostaíocht sin.

(5) San alt seo—

forléireofar ‘suaitheadh’ de réir an Chonartha Aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin;

forléireofar ‘margadh oibre’ de réir an Chonartha Aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin;

tá le ‘Conradh Aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2A.

Gan feidhm a bheith le ceanglas áirithe den Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006.

3B.— (1) Féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (2), a fhoráil le hordú nach mbeidh feidhm ag alt 10 den Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 maidir le hiarratas ar chead fostaíochta i leith náisiúnaigh de Phoblacht na Bulgáire nó den Rómáin agus fad a fhanfaidh ordú den sórt sin i bhfeidhm—

(a) ní bheidh feidhm ag an alt sin (10) maidir le hiarratas den sórt sin dá réir sin, agus

(b) forléireofar forálacha eile an Achta um Cheadanna Fostaíochta 2006 agus beidh éifeacht leo faoi réir an ordaithe,

ach sin gan dochar d’aon rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 14 den Acht sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) aon tráth ar leith mura rud é, ag féachaint do dhálaí an mhargaidh oibre sa Stát an tráth sin, gurb é tuairim an Aire gurb inmhianaithe ar mhaithe le feidhmiú cuí an gheilleagair ordú den sórt sin a dhéanamh.”.

Iarratas ar chead fostaíochta.

4. — (1) Seachas i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas ar dheonú ceada fostaíochta a dhéanamh i leith náisiúnaigh eachtraigh ar leith a fhostú sa Stát—

(a) an duine a bheartaíonn an náisiúnach eachtrach a fhostú, nó

(b) faoi réir fho-alt (3), an náisiúnach eachtrach.

(2) I gcás a thagann faoi réim alt 2(1A)(b) nó (c) d’Acht 2003, féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas den sórt sin a dhéanamh, de réir mar is cuí—

(a) an conraitheoir dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) aon duine is páirtí sa socrú lena mbaineann i ndáil leis an náisiúnach eachtrach.

(3) Ní fhéadfaidh náisiúnach eachtrach iarratas a dhéanamh faoin alt seo i leith a fhostaíochta nó a fostaíochta sa Stát mura rud é go mbeidh é, laistigh de cibé tréimhse roimh an tráth a dhéanfar an t-iarratas a fhorordófar, tairiscint fostaíochta déanta i scríbhinn chuige nó chuici.

(4) Gairtear “iarratas arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach” ina dhiaidh seo san Acht seo d’iarratas faoin alt seo arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach i leith a fhostaíochta nó a fostaíochta sa Stát.

Is náisiúnach eachtrach an deontaí ceada, forálacha ginearálta maidir le hiarratais, etc.

5. — (1) I ngach cás, is cuma cé hé nó cé hí an t-iarratasóir ar dheonú an cheada faoi alt 8

(a) saineofar maidir le hiarratas ar dheonú ceada fostaíochta faoi alt 8, gur iarratas é ar dheonú ceada den sórt sin faoin alt sin don duine a bheartaítear a fhostú de bhun an cheada (dá ngairtear “an náisiúnach eachtrach lena mbaineann” san Acht seo), agus

(b) is don náisiúnach eachtrach lena mbaineann a dhéanfar deonú ceada fostaíochta faoi alt 8.

(2) Beidh iarratas ar chead fostaíochta i scríbhinn agus beidh cibé táille a fhorordófar ag gabháil leis.

Iarratas (seachas ó náisiúnach eachtrach) ar chead — faisnéis a bheidh le soláthar.

6. — Maidir le hiarratas ar chead fostaíochta (seachas iarratas ó náisiúnach eachtrach)—

(a) soláthrófar ann tuairisc iomlán chruinn ar an bhfostaíocht a ndéanfar an t-iarratas ina leith (“an fhostaíocht lena mbaineann”) agus ar théarmaí agus coinníollacha na fostaíochta, lena n-áirítear na huaire oibre gach seachtain, agus ré na fostaíochta,

(b) soláthrófar ann faisnéis maidir leis na cáilíochtaí, na scileanna nó an taithí a bheidh ag teastáil don fhostaíocht lena mbaineann,

(c) soláthrófar ann faisnéis agus, más cuí, aon doiciméid iomchuí maidir le cáilíochtaí, scileanna nó taithí an náisiúnaigh eachtraigh lena mbaineann,

(d) sonrófar ann an áit ina mbeidh an fhostaíocht lena mbaineann le seoladh,

(e) sonrófar ann an luach saothair agus aon asbhaintí, i gcás go gcomhaontófar amhlaidh, le haghaidh cothú agus cóiríochta, nó le haghaidh ceachtar acu, i leith na fostaíochta lena mbaineann,

(f) maidir leis an náisiúnach eachtrach lena mbaineann—

(i) sonrófar ann ar iarr nó nár iarr sé nó sí ceadú dul i dtír sa Stát ar ócáid roimhe sin nó an raibh sé nó sí sa Stát ar ócáid roimhe sin gan ceadú dul i dtír,

(ii) i gcás go mbeidh sé nó sí sa Stát tráth an iarratais, soláthrófar ann faisnéis agus doiciméid a bhainfidh leis an gceadú a deonaíodh dó nó di dul i dtír sa Stát,

agus

(g) soláthrófar ann cibé faisnéis eile a fhorordófar, nó a iarrfaidh an tAire agus a d’fhéadfadh, i dtuairim an Aire, a bheith ina cúnamh ábhartha i dtaca le breith a thabhairt ar an iarratas.

Iarratas arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach — faisnéis a bheidh le soláthar.

7. — Maidir le hiarratas arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach—

(a) soláthrófar ann cibé faisnéis agus doiciméid a bhaineann le cáilíochtaí, scileanna agus taithí an náisiúnaigh eachtraigh a iarrfaidh an tAire,

(b) sonrófar ann ar iarr nó nár iarr sé nó sí ceadú dul i dtír sa Stát ar ócáid roimhe sin nó an raibh sé nó sí sa Stát ar ócáid roimhe sin gan ceadú dul i dtír,

(c) i gcás go mbeidh sé nó sí sa Stát tráth an iarratais, soláthrófar ann faisnéis agus doiciméid a bhainfidh leis an gceadú a deonaíodh dó nó di dul i dtír sa Stát,

(d) soláthrófar ann cibé faisnéis agus doiciméid a bhaineann leis an tairiscint fostaíochta dá dtagraítear in alt 4(3) a iarrfaidh an tAire,

(e) soláthrófar ann faisnéis maidir leis na cáilíochtaí, na scileanna nó an taithí a bheidh ag teastáil don fhostaíocht dá dtagraítear in alt 4(3),

(f) soláthrófar ann tuairisc iomlán chruinn ar an bhfostaíocht a bheidh i gceist má ghlactar leis an tairiscint fostaíochta sin (“an fhostaíocht lena mbaineann”) agus ar théarmaí agus coinníollacha na fostaíochta, lena n-áirítear na huaire oibre gach seachtain, agus ré na fostaíochta,

(g) sonrófar ann an áit ina mbeidh an fhostaíocht lena mbaineann le seoladh,

(h) sonrófar ann an luach saothair beartaithe agus aon asbhaintí, i gcás go gcomhaontófar amhlaidh, le haghaidh cothú agus cóiríochta, nó le haghaidh ceachtar acu, i leith na fostaíochta lena mbaineann, agus

(i) soláthrófar ann cibé faisnéis eile a fhorordófar, nó a iarrfaidh an tAire agus a d’fhéadfadh, i dtuairim an Aire, a bheith ina cúnamh ábhartha i dtaca le breith a thabhairt ar an iarratas.

An tAire do dheonú cead fostaíochta.

8. — (1) Faoi réir ailt 10, 12, agus 14 agus alt 2(11) d’Acht 2003, féadfaidh an tAire, ar iarratas arna dhéanamh chuige nó chuici, cead fostaíochta a dheonú.

(2) Oibreoidh an cead fostaíochta a dheonófar amhlaidh, ach amháin i gcás a thagann faoi réim fho-alt (3), chun fostaíocht an náisiúnaigh eachtraigh lena mbaineann sa Stát ag na daoine seo a leanas a cheadú (arb í an fhostaíocht a shonrófar san iarratas í)—

(a) an t-iarratasóir, nó

(b) i gcás iarratais arna dhéanamh faoi alt 4(2), an duine iomchuí eile.

(3) I gcás iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, oibreoidh an cead fostaíochta a dheonófar amhlaidh chun fostaíocht an náisiúnaigh eachtraigh lena mbaineann sa Stát in earnáil eacnamaíoch a shonrófar sa chead a cheadú.

(4) Sonrófar i gcead fostaíochta an tréimhse ar lena linn a fhéadfar an náisiúnach eachtrach lena mbaineann a fhostú sa Stát de bhun an cheada agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo, fanfaidh an cead i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sin dá réir sin.

(5) Ní faide an tréimhse a shonrófar sa chead fostaíochta chun na críche sin ná tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta a deonaíodh an cead nó cibé tréimhse is faide ná sin a shonrófar le rialacháin faoi alt 14.

An scríbhinn bhunaidh de chead le heisiúint do náisiúnach eachtrach, an fhaisnéis a bheidh le háireamh i gcead, etc.

9. — (1) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar—

(a) an scríbhinn bhunaidh de chead fostaíochta a dheonófar faoi alt 8 a eisiúint don náisiúnach eachtrach lena mbaineann, agus

(b) cóip den chead a dheonófar amhlaidh (murar deonaíodh é ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach) a eisiúint don duine a fhostóidh an náisiúnach eachtrach lena mbaineann de bhun an cheada.

(2) Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh i gcead fostaíochta:

(a) má deonaíodh an cead ar shlí seachas ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, tuairisc ar an bhfostaíocht ar deonaíodh an cead ina leith agus ráiteas maidir leis an luach saothair agus aon asbhaintí, i gcás go gcomhaontófar amhlaidh, le haghaidh cothú agus cóiríochta, nó le haghaidh ceachtar acu, i leith na fostaíochta;

(b) má deonaíodh an cead ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, tuairisc ar an earnáil eacnamaíoch ina gceadaítear, de bhun an cheada, an náisiúnach eachtrach a fhostú sa Stát;

(c) ráiteas maidir leis an gceanglas faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 go n-íocfaidh a fhostóir nó a fostóir an ráta pá íosta náisiúnta san uair an chloig leis an náisiúnach eachtrach lena mbaineann agus maidir le héifeacht fho-ailt (1), (3) agus (4) d’alt 23; agus

(d) ráiteas go bhféadfar iarratas nua ar dheonú ceada fostaíochta a dhéanamh i leith an náisiúnaigh eachtraigh lena mbaineann faoi réir, agus de réir, na nAchtanna um Cheadanna Fostaíochta 2003 agus 2005.

(3) Beidh ar áireamh i gcead fostaíochta, nó ag gabháil leis, achoimre ar phríomhchearta fostaíochta an fhostaí.

(4) Maidir le fo-ailt (2) agus (3), is fo-ailt iad de bhreis ar aon fhoráil eile den Acht seo, nó ar aon fhoráil de chuid rialachán faoi alt 29(2), lena sonraítear nithe nó faisnéis a bheidh le háireamh i gcead fostaíochta.

Srian le cead fostaíochta a dheonú.

10. — (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le cead fostaíochta seachas cead fostaíochta arna dheonú ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach.

(2) Ní dheonófar cead fostaíochta lena mbaineann an t-alt seo mura ndeimhneoidh an t-iarratasóir don Aire—

(a) go ndearna sé nó sí gach beart a bhí inghlactha aige nó aici de réir réasúin chun an fhostaíocht ar ina leith a dhéantar an t-iarratas a thairiscint do shaoránach nó do náisiúnach eachtrach dá dtagraítear in aon mhír de mhíreanna (a) go (d) d’alt 2 (10) d’Acht 2003 nó a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht sin ina leith, agus

(b) an tráth a rinneadh an t-iarratas, gur náisiúnaigh iad 50 faoin gcéad d’fhostaithe an iarratasóra d’aon cheann díobh seo a leanas, eadhon—

(i) ceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an LEE, nó

(ii) Cónaidhm na hEilvéise, nó

(iii) teaglaim d’aon stáit de na stáit dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii).

(3) Maidir leis an alt seo—

(a) i leith fho-alt (2)(a), is alt é d’fhorlíonadh Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 an 15 Deireadh Fómhair 1968 ón gComhairle maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Chomhphobal, agus

(b) is alt é de bhreis ar na ceanglais eile a sonraítear ina leith leis an Acht seo gur gá iad a chomhlíonadh maidir le cead fostaíochta a dheonú agus ní dochar é—

(i) d’aon rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 14, agus

(ii) d’alt 2(11) d’Acht 2003.

An tAire do dhéanamh breithniú ar iarratas ar chead fostaíochta.

11. — (1) Le linn iarratas ar chead fostaíochta a bhreithniú, beidh aird ag an Aire—

(a) ar a mhéid a bheadh cinneadh chun an cead a dheonú ar comhréir le beartas eacnamaíochta an Rialtais, de thuras na huaire,

(b) maidir leis na scileanna nó na cáilíochtaí a shonraítear a bheith ag teastáil don fhostaíocht lena mbaineann an t-iarratas, is é sin le rá, a shonraítear a bheith ag teastáil amhlaidh—

(i) ón iarratasóir, nó

(ii) i gcás iarratais ó náisiúnach eachtrach, ón duine a rinne an tairiscint dá dtagraítear in alt 4(3) don náisiúnach eachtrach,

ar cibé acu atá siad riachtanach don fhostaíocht sin nó iomchuí maidir léi,

(c) ar cibé cinn de na nithe eile dá dtagraítear in alt 6 nó, de réir mar a bheidh, in alt 7 is nithe is iomchuí maidir leis an iarratas, agus

(d) má tá aon mhíreanna de mhíreanna (a) go (j) d'alt 12(1) le feidhmiú i ndáil leis an iarratas, ar aon nithe atá ábhartha, i dtuairim an Aire, maidir le mír nó míreanna den sórt sin a fheidhmiú.

(2) Le linn iarratas ar chead fostaíochta a bhreithniú, féadfaidh an tAire cibé bearta a dhéanamh is dóigh leis nó léi a bheith riachtanach chun cruinneas nó fíre na faisnéise a sholáthraítear maidir leis an iarratas a shuíomh.

(3) Tá an t-alt seo faoi réir fhorálacha aon rialachán faoi alt 14 a bhfuil feidhm acu i ndáil leis an iarratas.

(4) Dá réir sin, ní údaraítear don Aire le haon ní san alt seo cinneadh a dhéanamh ar iarratas ar chead fostaíochta a dheonú nach n-údarófaí dó nó di a dhéanamh mar gheall ar oibriú na rialachán sin.

Diúltú cead fostaíochta a dheonú.

12. — (1) Féadfaidh an tAire diúltú cead fostaíochta a dheonú, más rud é—

(a) go bhfuil mainnithe ag an iarratasóir ar an gcead (“an t-iarratasóir”) aon fhaisnéis a sholáthar a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi i leith an iarratais ar an gcead (“an t-iarratas”),

(b) go bhfuil mainnithe ag an iarratasóir an táille fhorordaithe a thabhairt i dteannta an iarratais,

(c) gur ciontaíodh an t-iarratasóir i gcion faoin Acht seo nó faoi Acht 2003, nó faoi achtachán a shonraítear i Sceideal 1, le linn na tréimhse 5 bliana dar críoch dáta an iarratais,

(d) go mbeadh sé, i dtuairim an Aire, ar neamhréir go follasach le beartas eacnamaíochta an Rialtais, de thuras na huaire, an cead a dheonú,

(e) go mbeidh an 2 choinníoll seo a leanas comhlíonta, eadhon—

(i) go mbeidh tréimhse (ar tréimhse í dar críoch dáta an iarratais) is giorra ná 12 mhí caite ó thosaigh an náisiúnach eachtrach lena mbaineann fostaíocht sa Stát ar dtús, agus

(ii) go mbeidh, dáta an iarratais, cead fostaíochta a deonaíodh don náisiúnach eachtrach i bhfeidhm cheana féin,

(f) gur le leas an phobail é, i dtuairim an Aire, déanamh amhlaidh,

(g) go bhfuil mífhaisnéis ábhartha tugtha ag an iarratasóir i leith an iarratais,

(h) go bhfuil doiciméad brionnaithe nó calaoiseach curtha faoi bhráid an Aire i leith an iarratais,

(i) go dtagann nó gur tháinig an náisiúnach eachtrach lena mbaineann i dtír sa Stát, nó go bhfuil nó go raibh sé nó sí sa Stát, gan cheadú,

(j) gur lú an luach saothair a bheidh le híoc leis an náisiúnach eachtrach lena mbaineann i leith na n-uaire an chloig oibre sa tseachtain atá beartaithe (cibé uaire an chloig iad) ná an luach saothair caighdeánach do sheachtain oibre, nó

(k) maidir leis na scileanna nó na cáilíochtaí a shonraítear a bheith ag teastáil don fhostaíocht lena mbaineann, is é sin le rá, a shonraítear a bheith ag teastáil amhlaidh—

(i) ón iarratasóir, nó

(ii) i gcás iarratais ó náisiúnach eachtrach, ón duine a rinne an tairiscint dá dtagraítear in alt 4(3) don náisiúnach eachtrach,

nach bhfuil siad riachtanach don fhostaíocht sin nó iomchuí maidir léi.

(2) Is fo-alt gan dochar d’alt 10(2) agus d’fho-alt (3) é fo-alt (1).

(3) Diúltóidh an tAire cead fostaíochta a dheonú más rud é go sáródh deonú an cheada rialacháin faoi alt 14 a bheidh i bhfeidhm an tráth a dhéanfar an cinneadh ar an iarratas ar an gcead.

(4) I gcás ina ndiúltóidh an tAire cead fostaíochta a dheonú, tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus na gcúiseanna atá leis.

(5) I gcás ina ndiúltófar iarratas ar chead fostaíochta, déanfaidh an tAire cibé cuid, a bheidh forordaithe, den táille a bheidh curtha chuige nó chuici i leith an iarratais a chur ar ais chuig an iarratasóir.

(6) San alt seo, ciallaíonn “luach saothair caighdeánach do sheachtain oibre” an luach saothair seachtainiúil a gheobhadh an náisiúnach eachtrach lena mbaineann dá ndéanfadh sé nó sí 39 n-uaire an chloig oibre gach seachtain—

(a) ag an ráta pá íosta náisiúnta san uair an chloig, nó

(b) más rud é gur mó ná an ráta pá íosta náisiúnta san uair an chloig an ráta pá san uair an chloig dá bhforáiltear in ordú rialaithe fostaíochta nó i gcomhaontú fostaíochta cláraithe a bhfuil feidhm aige maidir leis an bhfostaíocht lena mbaineann, an ráta pá san uair an chloig dá bhforáiltear san ordú nó sa chomhaontú sin.

Athbhreithniú ar chinneadh cead a dhiúltú.

13. — (1) Maidir le cinneadh ón Aire diúltú cead fostaíochta a dheonú, féadfaidh an t-iarratasóir ar an gcead, de réir rialachán faoi alt 29(3), é a chur faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú faoin alt seo.

(2) Déanfar cinneadh a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh lena athbhreithniú laistigh de 21 lá ón dáta a thabharfar fógra don iarratasóir i dtaobh an chinnidh faoi alt 12.

(3) Is oifigeach don Aire, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire chun na críche, a sheolfaidh athbhreithniú faoin alt seo ar chinneadh; maidir leis an duine a cheapfar amhlaidh—

(a) ní hé ná ní hí an duine a rinne an cinneadh é nó í, agus

(b) beidh sé nó sí ar ghrád is sinsearaí ná grád an duine a rinne an cinneadh.

(4) Féadfaidh an duine a cheapfar amhlaidh, tar éis dó nó di deis a thabhairt don duine a chuir an cinneadh faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú uiríll a dhéanamh i scríbhinn i ndáil leis an ní—

(a) an cinneadh a dhaingniú (agus, má dhéanann an duine amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don dara duine a luaitear i dtaobh na gcúiseanna atá leis an daingniú), nó

(b) an cinneadh a chealú agus an cead fostaíochta is ábhar don iarratas lena mbaineann an t-athbhreithniú a dheonú don náisiúnach eachtrach lena mbaineann.

Rialacháin lena rialaítear deonú ceadanna, etc.

14. — (1) Féadfaidh an tAire, ag féachaint do na nithe a shonraítear in alt 15, agus dóibh sin amháin, rialacháin a dhéanamh lena sonrófar, ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain (“an tréimhse chuí”), cibé ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas is cuí leis an Aire, eadhon:

(a) an líon uasta ceadanna fostaíochta a fhéadfar a dheonú le linn na tréimhse cuí;

(b) an líon uasta ceadanna fostaíochta a fhéadfar a dheonú le linn na tréimhse cuí i leith earnála eacnamaíche sonraithe;

(c) catagóirí fostaíochta (trí thagairt a dhéanamh don earnáil eacnamaíoch nó do na hearnálacha eacnamaíocha ina bhfuil siad)—

(i) a fhéadfaidh a bheith ina n-ábhar do dheonú ceada fostaíochta le linn na tréimhse cuí, nó

(ii) nach mbeidh ina n-ábhar do dheonú ceada fostaíochta le linn na tréimhse sin;

(d) an méid íosta luach saothair (is méid ar mó é ná an méid dá dtagraítear in alt 12(1)(j)) a bheidh iníoctha i leith fostaíochta mar choinníoll le deonú ceada fostaíochta ina leith;

(e) na cáilíochtaí nó scileanna a cheanglaítear a bheith ag náisiúnach eachtrach a ndéanfar iarratas ina leith, nó a dhéanfaidh iarratas, ar chead fostaíochta le linn na tréimhse cuí, chun go ndeonófar an cead;

(f) chun críocha alt 8(5), i ndáil le cead fostaíochta a dheonófar le linn na tréimhse cuí de bhun iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, tréimhse is faide ná 2 bhliain dar tosach an dáta a dheonófar an cead.

(2) A mhéid is cuí leis an Aire, ach ag féachaint do na nithe a shonraítear in alt 15, agus dóibh sin amháin, féadfaidh ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a bheith i rialacháin faoi fho-alt (1):

(a) foráil lena sonraítear, maidir leis na teorainneacha nó na ceanglais a thagann faoi réim fho-alt (1)(a), (b), (c), (d) (e) agus dá bhforáiltear sna rialacháin i ndáil le ceadanna fostaíochta a dheonú sa tréimhse lena mbaineann, go mbeidh feidhm acu, nó go mbeidh feidhm acu fara modhnuithe sonraithe, i ndáil le ceadanna fostaíochta a athnuachan faoi alt 20 sa tréimhse sin;

(b) foráil lena sonraítear, chun críocha alt 20(3), i ndáil le cead fostaíochta a dhéanfar a athnuachan sa tréimhse lena mbaineann, tréimhse is faide ná 3 bliana.

(3) Fad a fhanfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) i bhfeidhm le linn na tréimhse cuí lena mbaineann na rialacháin, déanfar cumhachtaí iomchuí an Aire faoin Acht seo i ndáil le ceadanna fostaíochta a fheidhmiú, le linn na tréimhse sin, faoi réir agus de réir na rialachán sin.

(4) Chun amhras a sheachaint, le linn tréimhse den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ní thabharfar an tosaíocht a cheanglaítear le halt 2(11) d’Acht 2003 a thabhairt d’iarratas i leith náisiúnaigh eachtraigh dá dtagraítear san fhoráil sin, ach amháin dá bhféadfaí cead fostaíochta, is ábhar don iarratas, a dheonú don náisiúnach eachtrach, ar shlí a bheadh ar comhréir leis na rialacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

Critéir ar a mbeidh aird le tabhairt le linn rialacháin a dhéanamh faoi alt 14.

15. — (1) Is iad na nithe a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) d’alt 14 ná—

(a) na cáilíochtaí nó na scileanna atá ag teastáil, i dtuairim an Aire, d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialach agus d’iomaíochas eacnamaíoch agus sóisialach sa tréimhse lena mbainfidh na rialacháin áirithe faoi alt 14 (an “tréimhse iomchuí”),

(b) an earnáil eacnamaíoch nó na hearnálacha eacnamaíocha a mbeidh baint aici nó acu, i dtuairim an Aire, leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialach agus leis an iomaíochas eacnamaíoch agus sóisialach sin a bhaint amach,

(c) na cáilíochtaí nó na scileanna atá ag teastáil, i dtuairim an Aire, d’fheidhmiú cuí na hearnála eacnamaíche nó na n-earnálacha eacnamaíocha sin sa tréimhse iomchuí, agus

(d) más rud é, i dtuairim an Aire, gur dócha go mbeidh easnamh nó barrachas, le linn na tréimhse iomchuí, i leith cáilíochtaí nó scileanna a thagann faoi réim mhír (c), meastachán chomh maith agus is féidir leis an Aire a dhéanamh (agus is meastachán a gceanglaítear ar an Aire a dhéanamh, de bhua an ailt seo) ar an méid a bheidh san easnamh nó sa bharrachas sin.

(2) Aon tagairtí i bhfo-alt (1) do cháilíochtaí nó do scileanna is tagairtí iad do cháilíochtaí nó do scileanna fostaithe.

Cead fostaíochta a chúlghairm.

16. — (1) Féadfaidh an tAire cead fostaíochta a chúlghairm más rud é—

(a) i dtuairim an Aire, nár chomhlíon sealbhóir an cheada nó an fostóir alt 19(1) (2),

(b) gur ciontaíodh sealbhóir an cheada nó an fostóir i gcion faoin Acht seo,

(c) i dtuairim an Aire, go bhfuarthas é trí chalaois nó trí mhífhaisnéis,

(d) i dtuairim an Aire, go raibh aon fhaisnéis a soláthraíodh i leith an iarratais ar an gcead fostaíochta bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,

(e) gur deonaíodh an cead fostaíochta de bhua earráide riaracháin, nó

(f) i dtuairim an Aire, gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh.

(2) I gcás ina gcinnfidh an tAire cead fostaíochta a chúlghairm, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn do shealbhóir an cheada agus don fhostóir i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) an cinneadh,

(b) na cúiseanna a bheidh leis, agus

(c) go bhféadfaidh ceachtar acu nó go bhféadfaidh siad araon, de réir rialachán faoi alt 29(3) agus laistigh de 28 lá ó dháta an fhógra i dtaobh an chinnidh, an cinneadh a chur faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú faoi alt 17.

(3) Faoi réir fho-alt (5), beidh éifeacht le cinneadh cead fostaíochta a chúlghairm faoin alt seo, más rud é nach mbeidh an cinneadh curtha faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú faoi alt 17 de réir an ailt sin, ag deireadh na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (2)(c).

(4) I gcás ina gcuirfear cinneadh den sórt sin faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú faoi alt 17 de réir an ailt sin, faoi réir fho-alt (5), ní bheidh éifeacht le cúlghairm an cheada fostaíochta lena mbaineann go dtí go dtabharfar breith ar an athbhreithniú (agus go dtí go ndaingneofar an cinneadh ar an athbhreithniú sin) nó go dtí go dtarraingeofar siar an iarraidh a cuireadh faoi bhráid an Aire go ndéanfaí an cinneadh a athbhreithniú.

(5) Más rud é, i dtuairim an Aire, gur de chineál iad na himthosca a bhainfidh le cúlghairm ceada fostaíochta gur cuí, ag féachaint do leas an phobail, go mbeidh éifeacht láithreach leis an gcinneadh an cead a chúlghairm agus go luafaidh sé nó sí an tuairim sin san fhógra i dtaobh an chinnidh faoi fho-alt (2), ansin beidh éifeacht leis an gcúlghairm láithreach ar an bhfógra sin a thabhairt.

Athbhreithniú ar chinneadh cead a chúlghairm.

17. — (1) Maidir le cinneadh ón Aire cead fostaíochta a chúlghairm, féadfaidh sealbhóir an cheada nó an fostóir, de réir rialachán faoi alt 29(3), é a chur faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú faoin alt seo.

(2) Déanfar cinneadh a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh lena athbhreithniú laistigh de 28 lá ón dáta a thabharfar fógra don duine i dtaobh an chinnidh faoi alt 16(2).

(3) Is oifigeach don Aire, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire chun na críche, a sheolfaidh athbhreithniú faoin alt seo ar chinneadh; maidir leis an duine a cheapfar amhlaidh—

(a) ní hé ná ní hí an duine a rinne an cinneadh é nó í, agus

(b) beidh sé nó sí ar ghrád is sinsearaí ná grád an duine a rinne an cinneadh.

(4) Féadfaidh an duine a cheapfar amhlaidh, tar éis dó nó di deis a thabhairt don duine a chuir an cinneadh faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú uiríll a dhéanamh i scríbhinn i ndáil leis an ní—

(a) an cinneadh a dhaingniú (agus, má dhéanann an duine amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don dara duine a luaitear i dtaobh na gcúiseanna atá leis an daingniú), nó

(b) an cinneadh a chealú.

(5) Más rud é, maidir le cinneadh cead fostaíochta a chúlghairm—

(a) go raibh éifeacht leis, de bhua alt 16(5), ar an bhfógra i dtaobh an chinnidh a thabhairt don sealbhóir, agus

(b) go ndéanfar, ar athbhreithniú faoin alt seo, é a chealú,

ansin, nuair a bheidh an tréimhse ar lena linn a fhanfaidh an cead fostaíochta i bhfeidhm á cinneadh, tabharfar neamhaird ar an tréimhse ar scoir an cead de bheith i bhfeidhm lena linn de bhua alt 16(5).

Toirmeasc ar chead fostaíochta a bhrionnú, a athrú go calaoiseach nó a úsáid go calaoiseach.

18. — (1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) doiciméad a airbheartóidh gur cead fostaíochta é a bhrionnú,

(b) cead fostaíochta a athrú le hintinn mheabhlaireachta,

(c) cead fostaíochta a úsáid le hintinn mheabhlaireachta,

(d) a cheadú go n-athrófar cead fostaíochta le hintinn mheabhlaireachta,

(e) a cheadú go n-úsáidfear cead fostaíochta le hintinn mheabhlaireachta, nó

(f) doiciméad brionnaithe a airbheartóidh gur cead fostaíochta é a úsáid le hintinn mheabhlaireachta.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Toirmeasc ar úsáid áirithe a bhaint as cead fostaíochta.

19. — (1) I gcás gur deonaíodh cead fostaíochta (seachas ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach) ní airbheartóidh an fostóir—

(a) an cead fostaíochta a aistriú chuig duine eile,

(b) an cead fostaíochta a úsáid chun náisiúnach eachtrach a fhostú seachas an náisiúnach eachtrach dár deonaíodh é, nó

(c) an cead fostaíochta a úsáid i leith fostaíochta seachas an fhostaíocht ar ina leith a deonaíodh é.

(2) Ní airbheartóidh sealbhóir ceada fostaíochta—

(a) an cead fostaíochta a aistriú chuig náisiúnach eachtrach eile,

(b) a cheadú do náisiúnach eachtrach eile an cead fostaíochta a úsáid chun dul i seirbhís fostóra sa Stát nó chun bheith i bhfostaíocht sa Stát, nó

(c) más rud é gur deonaíodh an cead ar scór iarratais ón sealbhóir, an cead fostaíochta a úsáid chun conradh fostaíochta a dhéanamh nó chun bheith i bhfostaíocht in earnáil eacnamaíoch seachas an earnáil eacnamaíoch ar ina leith a deonaíodh é.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1)(2), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Cead fostaíochta a athnuachan.

20. — (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ar iarratas ón bhfostóir nó, má deonaíodh an cead ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, ó shealbhóir an cheada, cead fostaíochta a athnuachan de réir an ailt seo.

(2) Déanfar iarratas ar chead fostaíochta a athnuachan—

(a) laistigh de cibé tréimhse roimh éag na tréimhse dár deonaíodh é (nó dár athnuadh é go deireanach faoin alt seo) a bheidh forordaithe, nó

(b) laistigh de cibé tréimhse tar éis éag na tréimhse sin a bheidh forordaithe.

(3) Maidir leis an tréimhse ar ina leith a fhéadfar cead fostaíochta a athnuachan, faoi réir fho-alt (4), ní faide í ná 3 bliana nó cibé tréimhse is faide ná sin a shonrófar le rialacháin faoi alt 14.

(4) Más rud é, an dáta a dhéantar iarratas ar chead fostaíochta a athnuachan, gur tréimhse 5 bliana nó níos mó an tréimhse dá raibh an cead i bhfeidhm (lena n-áirítear na tréimhsí dá raibh sé athnuaite cheana), ansin féadfaidh sé gur tréimhse gan teorainn an tréimhse dár féidir an cead a athnuachan ar scór an iarratais sin.

(5) Beidh an táille fhorordaithe ag gabháil le hiarratas ar chead fostaíochta a athnuachan.

(6) Tabharfaidh an t-iarratasóir ar chead fostaíochta a athnuachan don Aire—

(a) cibé faisnéis (is faisnéis atá cosúil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in alt 6 7, de réir mar is cuí) a shonróidh an tAire in ordachán i scríbhinn arna thabhairt aige nó aici chun críocha an fho-ailt seo, agus

(b) má iarrann an tAire ráiteas nó fianaise den sórt sin, ráiteas nó fianaise, i cibé foirm a shonróidh an tAire, á dhaingniú gur chomhlíon an t-iarratasóir téarmaí an cheada fostaíochta agus forálacha an Achta seo le linn na tréimhse dar críoch an tráth a dhéantar an t-iarratas ar athnuachan.

(7) Foilseoidh an tAire, i cibé slí is cuí leis nó léi, aon ordachán a thabharfar faoi fho-alt (6)(a).

(8) Beidh feidhm ag ailt 11 go 13 fairis na modhnaithe a shonraítear i bhfo-alt (9), maidir le hathnuachan ar chead fostaíochta a dheonú, nó le diúltú athnuachan ar chead fostaíochta a dheonú, faoi mar atá feidhm acu maidir le cead fostaíochta a dheonú nó le diúltú cead fostaíochta a dheonú.

(9) Is iad seo a leanas na modhnuithe a luaitear i bhfo-alt (8)

(a) fo-alt (1)(b) a fhágáil ar lár as alt 11,

(b) tagairtí do chinneadh ón Aire diúltú athnuachan ar chead fostaíochta a dheonú a chur in ionad tagairtí do chinneadh ón Aire diúltú cead fostaíochta a dheonú, agus

(c) aon mhodhnuithe eile is gá.

Éifeacht ordaithe faoi alt 3 nó 4 den Acht Inimirce 1999.

21. — (1) Má dhéantar ordú faoi alt 3 nó 4 den Acht Inimirce 1999 i ndáil le náisiúnach eachtrach a mbeidh cead fostaíochta deonaithe ina leith, scoirfidh an cead de bheith i bhfeidhm, faoi réir fho-alt (2).

(2) Más rud é go ndéanfar an t-ordú lena mbaineann faoi alt 3 nó 4 den Acht Inimirce 1999 a chúlghairm nó go scoirfidh sé ar dhóigh eile de bheith i bhfeidhm, athbheofar chun feidhme an cead fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ar an gcúlghairm nó an scor sin.

(3) Más rud é go n-athbheofar chun feidhme amhlaidh cead fostaíochta tabharfar neamhaird ar an tréimhse ar scoir an cead de bheith i bhfeidhm lena linn de bhua fho-alt (1) nuair a bheidh an tréimhse a bhfanfaidh sé de bheith i bhfeidhm lena linn á cinneadh.

Oifigigh údaraithe.

22. — (1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon dá oifigigh nó dá hoifigigh a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha fhorálacha uile nó aon cheann d’fhorálacha an Achta seo nó Acht 2003 agus féadfar a shonrú gur ceapachán ar feadh tréimhse socraithe an ceapachán sin.

(2) Tabharfar barántas ceapacháin do gach oifigeach údaraithe a cheapfar faoin alt seo agus más rud é, le linn dó nó di aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú, go n-iarrfaidh duine dá ndéanann sé difear air nó uirthi é, tabharfaidh sé nó sí an barántas ceapacháin nó cóip de ar aird don duine sin.

(3) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo mar oifigeach údaraithe—

(a) má chúlghaireann an tAire an ceapachán,

(b) más ceapachán ar feadh tréimhse socraithe an ceapachán, ar éag don tréimhse sin, nó

(c) má scoireann an duine a cheapfar de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach don Aire.

(4) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil i ndáil le ní a bheidh á imscrúdú faoin Acht seo nó faoi Acht 2003—

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach, in aon áitreabh, áit nó feithicil a mbeidh forais ann chun a chreidiúint ina leith go seoltar nó gur seoladh ann nó inti aon trádáil nó gnó nó aon ghníomhaíocht i dtaca le trádáil nó gnó, nó go gcoimeádtar taifid a bhaineann leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin ann nó inti, agus an t-áitreabh, an áit nó an fheithicil agus aon taifid atá san áitreabh, san áit nó san fheithicil sin a chuardach agus a iniúchadh,

(b) aon áitreabh nó áit, nó aon chuid d’aon áitreabh nó d’aon áit, nó aon fheithicil ina gcoimeádtar taifid den sórt sin nó a bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go gcoimeádtar taifid den sórt sin ann nó inti a dhaingniú chun iniúchadh a dhéanamh air nó uirthi níos faide anonn,

(c) a cheangal ar aon duine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin nó ar aon duine atá fostaithe maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin cibé taifid a thabhairt ar aird dó nó di, agus i gcás go gcoimeádfar na taifid sin i bhfoirm neamh-inléite, iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite, nó aon fhaisnéis a thabhairt dó nó di a theastóidh ón oifigeach údaraithe le réasún i ndáil le haon iontrálacha sna taifid sin,

(d) aon taifid den sórt sin, aon chomhaid, aon pháipéir nó aon chóras faisnéise leictreonach a bheidh san áitreabh, san áit nó san fheithicil a iniúchadh agus cóipeanna a thógáil den chéanna nó sleachta a thógáil as an gcéanna, lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóipeanna den fhaisnéis sin, nó sleachta as an bhfaisnéis sin, i mbuanfhoirm inléite,

(e) na taifid sin a thabhairt chun siúil agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhsí a bheidh réasúnach lena scrúdú tráth is déanaí, faoi réir an Chúirt Dúiche d’eisiúint barántais chun na críche sin,

(f) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis a thabhairt don oifigeach údaraithe a theastóidh ón oifigeach údaraithe le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin nó maidir leis na daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin nó atá fostaithe i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin,

(g) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis eile a thabhairt don oifigeach údaraithe a theastóidh ón oifigeach údaraithe le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin,

(h) a cheangal ar aon duine a bhfuil nó a raibh trealamh sonraí á úsáid aige nó aici nó thar a cheann nó thar a ceann nó ar aon duine atá i bhfeighil an trealaimh sonraí nó i bhfeighil aon ghairis nó ábhair ghaolmhair, nó atá bainteach le hoibriú an chéanna ar shlí eile, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe i ndáil leis agus cúnamh a thabhairt chun faisnéis a bhaineann le hoibriú an trealaimh sonraí, an ghairis nó an ábhair sin a aisghabháil,

(i) aon duine eile atá fostaithe i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin a ghairm, aon tráth réasúnach, chun aon fhaisnéis a theastóidh ón oifigeach údaraithe le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach údaraithe agus aon taifid atá faoi rialú an duine eile sin a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe,

(j) a chur faoi deara grianghraif a thógáil d’aon rud san áitreabh, san áit nó san fheithicil agus na grianghraif a thabhairt chun siúil ón áit, agus

(k) aon fheithicil a bhaineann leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin a iniúchadh.

(5) Seachas le toiliú an áititheora, ní rachaidh oifigeach údaraithe isteach i dteaghais phríobháideach mura mbeidh barántas faighte aige nó aici ón gCúirt Dúiche faoi fho-alt (8) á údarú dó nó di dul isteach amhlaidh.

(6) I gcás ina gcoiscfear ar oifigeach údaraithe, ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí dó nó di faoin alt seo, dul isteach in aon áitreabh, áit nó feithicil, féadfar iarratas a dhéanamh ar bharántas faoi fho-alt (8) á údarú dó nó di dul isteach amhlaidh.

(7) Le linn d’oifigeach údaraithe a cheapfar faoin alt seo aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, féadfaidh cibé oifigigh údaraithe eile nó comhaltaí den Gharda Síochána, nó iad araon, de réir mar a mheasfaidh sé nó sí is gá, a bheith ina theannta nó ina teannta.

(8) Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe faoi réim nó de réir aon fhorála den alt seo, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil faisnéis atá ag teastáil ó oifigeach údaraithe faoin alt seo á coimeád in aon áitreabh nó áit, nó in aon chuid d’aon áitreabh nó áit nó in aon fheithicil, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú d’oifigeach údaraithe, agus cibé oifigigh údaraithe eile agus comhaltaí den Gharda Síochána dá bhforáiltear i bhfo-alt (7) ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ón dáta a eiseofar an barántas, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar air nó uirthi déanamh amhlaidh, dul isteach san áitreabh, san áit nó san fheithicil, le forneart réasúnach más gá, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe faoin alt seo a fheidhmiú.

(9) Comhlíonfaidh duine aon iarraidh nó ceanglas ó oifigeach údaraithe faoin Acht seo.

(10) Aon duine—

(a) a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú cumhachta faoin alt seo,

(b) nach gcomhlíonfaidh ceanglas faoin alt seo gan leithscéal réasúnach, nó

(c) a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais den sórt sin, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Toirmeasc ar asbhaint as luach saothair agus doiciméid phearsanta a choinneáil.

23. — (1) Ní dhéanfaidh an fostóir aon mhuirear, táille nó caiteachas a asbhaint as luach saothair shealbhóir an cheada fostaíochta lena mbaineann ná ní fhéachfaidh sé nó sí le haon mhuirear, táille nó caiteachas a ghnóthú uaidh nó uaithi, is muirear, táille nó caiteachas a éiríonn as aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas nó a bhaineann leis nó leo:

(a) an t-iarratas ar an gcead fostaíochta nó ar an gcead a athnuachan faoi alt 20 nó aon ní i ndáil le hiarratas den sórt sin nó leis an gcead sin a dheonú nó a athnuachan nó a bhaineann leis an gcéanna;

(b) earcú an tsealbhóra don fhostaíocht ar ina leith a rinneadh an t-iarratas; nó

(c) aon mhéid a íocadh roimhe sin leis an sealbhóir i leith costas taistil a thabhaigh an sealbhóir i ndáil le dul i mbun na fostaíochta sa Stát.

(2) I gcás ceada fostaíochta arna dheonú ar scór iarratais ó náisiúnach eachtrach, ní dhéanfaidh an duine a rinne an tairiscint fostaíochta dá dtagraítear in alt 4(3) ar ina leith a rinneadh an t-iarratas aon mhuirear, táille nó caiteachas a asbhaint as luach saothair shealbhóir an cheada fostaíochta ná ní fhéachfaidh sé nó sí le haon mhuirear, táille nó caiteachas a ghnóthú uaidh nó uaithi, is muirear, táille nó caiteachas a éiríonn as aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas nó a bhaineann leis nó leo:

(a) earcú an tsealbhóra don fhostaíocht ar ina leith a rinneadh an t-iarratas; nó

(b) aon mhéid a íocadh roimhe sin leis an sealbhóir i leith costas taistil a thabhaigh an sealbhóir i ndáil le dul i mbun na fostaíochta sa Stát.

(3) Ní choimeádfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) ná duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann aon doiciméad pearsanta de chuid sealbhóra dá dtagraítear san fho-alt sin.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), (2) (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) San alt seo, folaíonn “doiciméad pearsanta” pas, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais, doiciméad a bhaineann le haon chuntas arna shealbhú le foras airgeadais, doiciméad a bhaineann le scileanna, cáilíochtaí nó taithí an náisiúnaigh eachtraigh agus doiciméid taistil.

Cead fostaíochta a thabhairt suas.

24. — (1) Más rud é maidir le fostaíocht náisiúnaigh eachtraigh de bhun ceada fostaíochta (seachas cead arna dheonú ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach) go bhfoirceannfaidh an fostóir nó sealbhóir an cheada í nó go scoirfidh sí, ar chúis ar bith, ar shlí eile, laistigh de 4 sheachtain ó dháta an fhoirceanta nó an scoir, tabharfaidh—

(a) an sealbhóir an bhunchóip den chead suas don Aire, agus

(b) an fostóir an chóip den chead suas don Aire.

(2) Aon duine a mhainneoidh fo-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (2) a shuíomh go ndearna sé nó sí gach beart réasúnach chun an bhunchóip nó, de réir mar a bheidh, an chóip den chead fostaíochta lena mbaineann a thabhairt suas don Aire laistigh de 4 sheachtain ón dáta a scoir an fhostaíocht lena mbaineann nó a foirceannadh í.

Faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar i ndáil le hiarratas faoi alt 420.

25. — Aon duine a dhéanfaidh, ar iarratas faoi alt 420, faisnéis a bheidh bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt don Aire agus a fhios aige nó aici go bhfuil sí bréagach nó míthreorach amhlaidh nó a bheidh meargánta i dtaobh í a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Toirmeasc ar phionósú.

26. — (1) San alt seo folaíonn “pionósú” aon ghníomh nó neamhghníomh ag fostóir nó ag duine a bheidh ag gníomhú thar ceann fostóra a dhéanann difear d’fhostaí, chun a aimhleasa nó a haimhleasa, maidir le haon téarma nó coinníoll de chuid a fhostaíochta nó a fostaíochta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), san alt seo folaíonn “pionósú”—

(a) fionraí, asleagan nó dífhostú (lena n-áirítear dífhostú de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005), nó bagairt fionraí, asleagain nó dífhostaithe,

(b) ísliú céime nó deis ar ardú céime a chailleadh,

(c) dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú i dtuarastal nó uaireanta oibre a athrú,

(d) aon araíonacht, iomardú nó pionós eile (lena n-áirítear pionós airgeadais) a fhorchur nó a chur i bhfeidhm, agus

(e) comhéigean nó imeaglú.

(3) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú nó pionósú a bhagairt i gcoinne fostaí—

(a) mar gheall ar ghearán a dhéanamh chuig comhalta den Gharda Síochána nó chuig an Aire nach bhfuil foráil d’Acht 2003 nó den Acht seo á comhlíonadh,

(b) mar gheall ar fhianaise a thabhairt in aon imeachtaí faoi Acht 2003 nó faoin Acht seo, nó

(c) mar gheall ar fhógra a thabhairt go bhfuil ar intinn aige nó aici aon cheann de na nithe dá dtagraítear sna míreanna roimhe seo a dhéanamh.

(4) Tá éifeacht le Sceideal 2 i ndáil le sárú líomhnaithe ar fho-alt (3) agus le nithe atá iarmhartach i ndáil leis sin agus tá leasuithe ar achtacháin eile san áireamh ann.

(5) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (3), dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005, ní fhéadfar faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoi Sceideal 2 agus faoi na hAchtanna sin araon.

Taifid a choinneáil.

27. — (1) Coimeádfaidh an fostóir, i ndáil le náisiúnach eachtrach dár deonaíodh cead fostaíochta (seachas cead arna dheonú ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach), taifead ar an bhfostaíocht lena mbaineann, ar ré na fostaíochta agus ar shonraí i dtaobh an cheada, agus coimeádfar an taifead sin go ceann na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (5).

(2) I gcás ina rachaidh náisiúnach eachtrach dá mbeidh cead fostaíochta deonaithe ar scór iarratais arna dhéanamh aige nó aici i seirbhís nó i bhfostaíocht duine sa Stát, coimeádfaidh an dara duine a luaitear taifead i leith an náisiúnaigh eachtraigh, is taifead—

(a) ar an bhfostaíocht a bheidh á déanamh ag an náisiúnach eachtrach agus ar an earnáil eacnamaíoch ina mbeidh sí á déanamh,

(b) ar ré na fostaíochta, agus

(c) ar shonraí i dtaobh an cheada,

agus coimeádfar an taifead sin go ceann na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (5).

(3) Déanfaidh an fostóir nó, i gcás ceada a thagann faoi réim fho-alt (2), an dara duine a luaitear san fho-alt sin (dá ngairtear an “dara duine a luaitear” i bhfo-alt (5)(b))—

(a) cibé leabhair agus taifid, lena n-áirítear cuntais, a fhorordófar maidir le fostaíocht an náisiúnaigh eachtraigh dá mbeidh an cead fostaíochta lena mbaineann deonaithe, a choimeád agus beidh siad ar fáil ag an bhfostóir lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe a bheidh ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin Acht seo, ag áitreabh nó áit ghnó an duine sin ina seoltar an fhostaíocht sa Stát, agus

(b) faisnéis a thabhairt don Aire, ar an Aire a iarraidh air nó uirthi déanamh amhlaidh, maidir leis na leabhair agus na taifid dá dtagraítear i mír (a).

(4) Áirítear sna taifid a fhéadfar a fhorordú chun críocha fho-alt (3)(a)

(a) taifid maidir leis an luach saothair a íocfar le linn tréimhse sonraithe leis an náisiúnach eachtrach iomchuí,

(b) taifid maidir leis an trádáil nó leis an ngnó lena mbainfidh an fhostaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin, agus

(c) más rud é go mbeidh níos mó ná aon náisiúnach eachtrach amháin fostaithe ag an bhfostóir lena mbaineann de bhun 2 chead fostaíochta nó níos mó, taifid ar an líon de thuras na huaire de na náisiúnaigh eachtracha sin, más ann, ar náisiúnaigh iad—

(i) de Bhallstát den LEE, nó

(ii) de stát seachas Ballstát den Aontas Eorpach nó Ballstát den LEE.

(5) Is í an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (2)

(a) faoi réir mhír (b), 5 bliana, nó

(b) sa chás go bhfanfaidh an náisiúnach eachtrach iomchuí i bhfostaíocht an fhostóra nó, de réir mar a bheidh, i bhfostaíocht an dara duine a luaitear, ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana ón dáta a dheonófar an cead, tréimhse a bheidh comhionann le ré na tréimhse ar lena linn a fhanfaidh an náisiúnach eachtrach san fhostaíocht sin.

(6) Aon duine a mhainneoidh fo-alt (1), (2)(3) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Clár ceadanna fostaíochta.

28. — Bunóidh agus coimeádfaidh an tAire clár ceadanna fostaíochta a dheonófar faoin Acht seo agus cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár sin—

(a) ainm—

(i) shealbhóir an cheada agus an fhostóra i gcás gach ceada fostaíochta arna dheonú ar shlí eile seachas ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, nó

(ii) shealbhóir an cheada agus an duine a rinne an tairiscint fostaíochta lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 4(3) i gcás gach ceada fostaíochta arna dheonú ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach,

(b) an fhostaíocht nó an earnáil eacnamaíoch ar ina leith a deonaíodh gach cead fostaíochta,

(c) an seoladh—

(i) i gcás gach ceada fostaíochta arna dheonú ar shlí eile seachas ar scór iarratais arna dhéanamh ag náisiúnach eachtrach, arb é an seoladh ag a seolfar an fhostaíocht, nó

(ii) i gcás gach ceada fostaíochta arna dheonú ar scór iarratais den sórt sin, arb é seoladh an duine a rinne an tairiscint fostaíochta lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 4(3),

(d) ré gach ceada fostaíochta agus na dátaí a thosóidh sé agus a rachaidh sé in éag,

(e) i gcás cead fostaíochta a athnuachan faoi alt 20, an fíoras go ndearnadh é a athnuachan, an tréimhse dá ndearnadh é a athnuachan agus na dátaí a thosóidh an tréimhse sin agus a rachaidh sí in éag,

(f) i gcás cead fostaíochta a chúlghairm faoi alt 16, an fíoras go ndearnadh é a chúlghairm, dáta a chúlghairme agus an chúis go ndearnadh é a chúlghairm agus, i gcás go mbeidh athbhreithniú faoi alt 17 ann, an fíoras go ndearnadh athbhreithniú ar an gcinneadh agus toradh an athbhreithnithe, agus

(g) i gás ina dtabharfar suas an cead fostaíochta, an dáta a dhéanfar é a thabhairt suas agus an chúis a bheidh leis sin.

Rialacháin.

29. — (1) Déanfaidh an tAire rialacháin lena ndéanfar foráil maidir leis an nós imeachta a bhainfidh le hiarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta faoi alt 4 nó ar athnuachan ar chead fostaíochta faoi alt 20 agus le cead fostaíochta a dheonú nó a athnuachan ar scór iarratais den sórt sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(a) an fhoirm ina ndéanfar iarratas ar chead fostaíochta agus an fhoirm ina mbeidh cead fostaíochta;

(b) an fhoirm ina ndéanfar iarratas ar athnuachan ar chead fostaíochta agus an fhoirm ina mbeidh cead fostaíochta arna athnuachan;

(c) an tréimhse ar laistigh di a thabharfar don Aire aon fhaisnéis nó doiciméid, lena n-áirítear faisnéis nó doiciméid bhreise a iarrfaidh an tAire agus a bhainfidh le cead fostaíochta a dheonú nó a athnuachan; agus

(d) cibé fianaise a theastóidh le réasún ón Aire a thabhairt ar aird dó nó di laistigh de thréimhse shonraithe d’fhonn aon fhaisnéis nó doiciméid a fhíorú is faisnéis nó doiciméid a tugadh roimhe sin don Aire i leith iarratais ar chead fostaíochta a dheonú nó a athnuachan.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na nósanna imeachta i ndáil le cinneadh a chur faoi bhráid an Aire lena athbhreithniú faoi alt 13 17 agus maidir le hathbhreithniú den sórt sin a dhéanamh agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(a) an fhoirm ina ndéanfar cinneadh a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh;

(b) faisnéis shonraithe a thabhairt don duine a bheidh ag déanamh an athbhreithnithe chun críocha an athbhreithnithe;

(c) cibé faisnéis bhreise a thabhairt is dóigh leis an duine sin is cuí chun críocha an athbhreithnithe;

(d) an tréimhse ar laistigh di a thabharfar aon fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise den sórt sin a iarrfaidh an duine sin; agus

(e) cibé fianaise a theastóidh le réasún ón duine sin a thabhairt ar aird dó nó di laistigh de thréimhse shonraithe d’fhonn aon fhaisnéis nó sonraí a tugadh roimhe sin dó nó di a fhíorú chun críocha an athbhreithnithe.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le hiarratas a dhéanamh faoi alt 4 20 trí mheán leictreonach (de réir bhrí an Achta um Thráchtáil Leictreonach 2000).

Forálacha breise i ndáil le rialacháin.

30. — (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó a bheidh le forordú.

(2) Féadfar rialacháin éagsúla faoi fho-alt (1) a dhéanamh i leith aicmí éagsúla nithe is ábhar don fhorordú lena mbaineann.

(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha, iarmhartacha agus idirthréimhseacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha, nó de dhroim, na rialachán sin, nó chun lánéifeacht a thabhairt dóibh.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 14) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(5) Gach rialachán a dhéanfar faoi alt 14 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Fógraí a sheirbheáil.

31. — (1) Déanfar fógra nó doiciméad a cheanglaítear a sheirbheáil, a eisiúint nó a thabhairt faoin Acht seo a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a sheirbheáil ar an duine nó a eisiúint chuige nó chuici nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin; nó

(d) ar cibé modh eile a fhorordófar.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

Pionóis agus imeachtaí.

32. — (1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 18(2), 19(3), 23(4)25, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 22(10), 24(2)27(6), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó na €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi Acht 2003 nó faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

(4) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Cionta ag comhlacht corpraithe.

33. — (1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta sin, tá feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

Toimhde go bhfuil duine á fhostú nó á fostú.

34. — In imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 2(3) d’Acht 2003, i gcás ina mbeidh fianaise tugtha—

(a) ag comhalta den Gharda Síochána,

(b) ag oifigeach inimirce (de réir bhrí an Achta Inimirce 2004), nó

(c) ag oifigeach údaraithe faoi alt 22,

go bhfaca sé nó sí duine ag déanamh gnímh in áit áirithe, is gníomh a bhfuil a dhéanamh, sna himthosca lena mbaineann, i gcomhréir leis an duine a bheith fostaithe chun an gníomh sin a dhéanamh san áit, ansin toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, go raibh an duine sin fostaithe chun an gníomh sin a dhéanamh san áit sin.

Fianaise trí nasc teilifíse.

35. (1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo nó faoi Acht 2003, féadfaidh duine, seachas an cúisí, le cead na cúirte, fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo má tá an duine lasmuigh den Stát.

(2) Déanfar fianaise a thabharfar faoi fho-alt (1) a fhístaifeadadh.

(3) In aon imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) in aon chuaird nó dúiche chúirte dúiche i gcás inar deimhin leis an gcúirt gur ceart cead a dheonú fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo de bhun an fho-ailt sin ach nach bhfuil na saoráidí riachtanacha chun déanamh amhlaidh ar fáil sa chuaird nó sa dúiche sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, na himeachtaí a aistriú chuig cuaird nó dúiche chúirte dúiche ina bhfuil na saoráidí sin ar fáil agus, nuair a dhéantar ordú den sórt sin, féadfar dlínse na cúirte a mbeidh na himeachtaí aistrithe chuici a fheidhmiú—

(a) i gcás na Cúirte Cuarda, ag an mbreitheamh den chuaird lena mbaineann, agus

(b) i gcás na Cúirte Dúiche, ag an mbreitheamh den chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche lena mbaineann.

(4) Aon duine a thabharfaidh ráiteas, le linn fianaise a thabhairt faoi fho-alt (1) ó lasmuigh den Stát, ar ráiteas ábhartha é sna himeachtaí agus is eol don duine a bheith bréagach nó nach gcreideann sé nó sí a bheith fíor beidh sé nó sí ciontach i mionnú éithigh.

(5) Féadfar imeachtaí i leith ciona dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a thionscnamh, agus féadfar déileáil leis an gcion, chun críocha dlínse na cúirte, mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

(6) Maidir leis an alt seo is alt gan dochar é d’aon achtachán eile lena ndéantar socrú maidir le fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo.

Feidhmeanna a tharmligean.

36. — (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire den Rialtas lena mbaineann, comhlíonadh feidhmeanna faoi aon cheann nó gach ceann d’ailt 6 go 13, 16, 17 agus 20 in aicme shonraithe cásanna a tharmligean chuig oifigeach, d’aicme shonraithe, d’Aire eile den Rialtas.

(2) Beidh feidhmeanna a tharmligfear amhlaidh inchomhlíonta dá réir sin ag oifigeach den sórt sin.

(3) Má tharmligtear feidhmeanna faoi alt 1317 amhlaidh, déanfar an tagairt san alt sin d’oifigeach don Aire arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire chun an t-athbhreithniú a sheoladh, i ndáil le comhlíonadh na feidhme is ábhar don tarmligean i gcás ar bith, a fhorléiriú mar thagairt don oifigeach don Aire den Rialtas lena mbaineann arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun an t-athbhreithniú a sheoladh.

(4) Ní fhorléireofar fo-alt (1) mar ní a dhéanann difear don fheidhm maidir leis an Acht seo atá ag an dlí ginearálta a bhaineann le gníomhartha oifigigh d’Aire den Rialtas a chur i leith an Aire den Rialtas.

(5) San alt seo ciallaíonn “sonraithe” sonraithe sa tarmligean lena mbaineann.

Sonraí a mhalartú i leith nithe áirithe.

37. (1) Féadfaidh an tAire faisnéis arna sealbhú aige nó aici chun críocha an Achta seo nó Acht 2003 a thabhairt do gach ceann díobh seo a leanas, eadhon:

(a) an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh;

(b) an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; agus

(c) na Coimisinéirí Ioncaim,

más gá le réasún í a thabhairt amhlaidh chun go gcomhlíonfaidh an tAire den Rialtas dá dtagraítear i mír (a)(b), nó de réir mar a bheidh, na Coimisinéirí Ioncaim, feidhmeanna faoi aon achtachán.

(2) Maidir le faisnéis arna sealbhú—

(a) ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh,

(b) ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, nó

(c) ag na Coimisinéirí Ioncaim,

d’ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tAire sin den Rialtas nó, de réir mar a bheidh, na Coimisinéirí Ioncaim, í a thabhairt don Aire más gá le réasún í a thabhairt amhlaidh chun go gcomhlíonfaidh an tAire feidhmeanna faoi Acht seo nó faoi Acht 2003.

Foráil idirthréimhseach.

38. — (1) Maidir le cead fostaíochta arna dheonú ag an Aire faoi scéim a riarann an tAire roimh thosach feidhme an ailt seo agus is cead a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé i bhfeidhm, faoi réir fho-alt (2), ar feadh na tréimhse dár deonaíodh nó dár athnuadh é nó, de réir mar is cuí, dár athnuadh é go deireanach faoin scéim sin.

(2) Maidir le cead fostaíochta a choimeádtar i bhfeidhm le fo-alt (1), measfar, chun críocha an Achta seo agus Acht 2003, gur cead fostaíochta é arna dheonú faoin Acht seo agus féadfar é a chúlghairm agus féadfar é a athnuachan dá réir sin.

Leasú ar alt 1(1) d’Acht 2003.

39. — Leasaítear alt 1(1) d’Acht 2003

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “fostóir”:

“ciallaíonn ‘náisiúnach eachtrach’ duine nach náisiúnach é nó í (de réir bhrí an Achta Inimirce 1999;”,

agus

(b) tríd an míniú ar “duine nach náisiúnach é nó í” a scriosadh.

Caiteachais.

40. — Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

41. — (1) Féadfar an tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Cheadanna Fostaíochta 2003 agus 2006 a ghairm den Acht um Cheadanna Fostaíochta 2003 agus den Acht seo, le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2003 agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.