An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 An Scéim Aisíoca )

17 2006

An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme

1. — (1) Féadfar an tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006 agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus folóidh an comhlua “na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006” an tAcht seo.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. — San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

déanfar “ glac ” , i ndáil le haisíocaíocht fhorordaithe, a fhorléiriú de réir alt 16(13);

folaíonn “ gníomh ” neamhghníomh;

ciallaíonn “ iarratas ” iarratas faoi alt 5(1);

ciallaíonn “ iarratasóir ” , i ndáil le hiarratas, an duine iomchuí nó an duine bainteach a rinne an t-iarratas;

folaíonn “ leanbh ” leasleanbh;

ciallaíonn “ duine bainteach ” , i ndáil le duine iomchuí—

(a) duine a bheidh ainmnithe i scríbhinn ag an duine iomchuí chun iarratas a dhéanamh,

(b) Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte más coimircí cúirte é nó í an duine iomchuí,

(c) duine ag a bhfuil cumhacht aturnae mharthanach i leith an duine iomchuí;

(d) neaschara arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt;

(e) an Fheidhmeannacht más rud é—

(i) nach bhfuil aon chuid de mhír (a), (b), (c)(d) infheidhme maidir leis an duine iomchuí, agus

(ii) nach féidir leis an duine iomchuí iarratas a dhéanamh mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach nó mar gheall ar easláinte,

(f) i gcás duine iomchuí a fuair bás an 9 Nollaig 1998 nó dá éis

(i) ionadaí dlíthiúil pearsanta eastát an duine iomchuí má eisíodh deonú ionadaíochta i leith an eastáit,

(ii) duine atá i dteideal an deonú ionadaíochta sin a bhaint amach más rud é nár eisíodh deonú ionadaíochta i leith an eastáit, nó

(g) céile beo nó leanbh beo an duine iomchuí a d’íoc, thar ceann an duine iomchuí, iomlán an mhéid, nó cuid den mhéid, dá dtagraítear sa mhíniú ar “muirear sláinte inghnóthaithe” agus ar dá bhua is duine iomchuí an duine iomchuí;

ciallaíonn “Feidhmeannacht” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,

ciallaíonn “scéim ex gratia” an scéim sin, arna fógairt ag an Aire an 16 Nollaig 2004, trína ndearnadh íocaíochtaí ex gratia le daoine i leith táillí a íocadh maidir le seirbhísí d’othair chónaithe—

(a) faoi na Rialacháin Sláinte (Táillí i leith Seirbhísí d’Othair Chónaithe) 1976 (I.R. 180 de 1976) mar a bhí i bhfeidhm aon tráth sular leasaíodh iad, aon tráth a leasaíodh iad nó aon tráth tar éis iad a leasú leis na Rialacháin Sláinte (Táillí i leith Seirbhísí d’Othair Chónaithe) (Leasú) 1987 (I.R. Uimh. 300 de 1987), nó

(b) faoi na Rialacháin um Chúnamh Forais 1954 (I.R. Uimh. 103 de 1954) mar a bhí i bhfeidhm aon tráth sular leasaíodh iad, aon tráth a leasaíodh iad nó aon tráth tar éis iad a leasú leis na Rialacháin um Chúnamh Forais 1965 (I.R. Uimh. 177 de 1965),

an tráth a bhí láncháilíocht acu;

tá le “Ciste” an bhrí a shanntar dó le halt 11(1);

ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte agus Leanaí;

ciallaíonn “cuntas maoine príobháidí othair” an méid sin d’airgead agus de mhaoin phearsanta—

(a) duine dá soláthraítear seirbhísí d’othair chónaithe dá dtagraítear in alt 53 den Acht Sláinte 1970 (arna leasú le halt 4 den Acht Sláinte (Leasú) 2005),

(b) duine dá soláthraítear cúnamh forais faoi alt 54 den Acht Sláinte 1953,

(c) duine atá in áit chónaithe a úsáidtear go hiomlán nó go páirteach mar shuíomh chun cúram a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas coirp nó meabhrach, nó

(d) duine dá dtugann an Fheidhmeannacht cúram nó dá dtugtar cúram thar ceann na Feidhmeannachta, ar shlí eile, de bhíthin míchumais coirp nó meabhrach nó de bhíthin easláinte,

ar airgead agus maoin iad atá á bhainistiú nó á bainistiú, thar ceann an duine sin, ag an bhFeidhmeannacht nó ag duine eile faoi shocrú leis an bhFeidhmeannacht, cibé acu roimh thosach feidhme alt 9, ar an tosach feidhme sin nó dá éis;

ciallaíonn “ dáta scoite forordaithe ” , i ndáil le halt 5(3)(b), an dáta a fhorordófar i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 20(1)(a) i leith an ailt sin;

ciallaíonn “aisíocaíocht fhorordaithe” , i ndáil le muirear sláinte inghnóthaithe, íocaíocht faoi alt 6(1)(a)(b) i leith an mhuirir sláinte inghnóthaithe;

ciallaíonn “muirear sláinte inghnóthaithe” an méid sin a íocadh—

(a) de mhuirear arna fhorchur ar dhuine ag a bhfuil láncháilíocht faoi na Rialacháin Sláinte (Táillí i leith Seirbhísí d’Othair Chónaithe) 1976 (I.R. Uimh. 180 de 1976), mar a bhí i bhfeidhm aon tráth roimh an 14 Iúil 2005, lena n-áirítear i bhfeidhm amhlaidh agus iad arna leasú leis na Rialacháin Sláinte (Táillí do Sheirbhísí d’Othair Chónaithe) (Leasú) 1987 (I.R. Uimh. 300 de 1987), nó

(b) de ranníoc, le haghaidh seirbhísí d’othair chónaithe amháin, ar ranníoc é a cheanglaítear ar dhuine ag a bhfuil láncháilíocht a íoc faoi na Rialacháin um Chúnamh Forais 1954 (I.R. Uimh. 103 de 1954), mar a bhí i bhfeidhm aon tráth, ar thosach feidhme, nó tar éis thosach feidhme, na Rialachán dá dtagraítear i mír (a), lena n-áirítear i bhfeidhm amhlaidh agus iad arna leasú leis na Rialacháin um Chúnamh Forais 1965 (I.R. Uimh. 177 de 1965);

forléireofar an briathar “diúltaigh”, i ndáil le haisíocaíocht fhorordaithe, de réir alt 16(1)(b);

ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le muirear sláinte inghnóthaithe, an duine dá dtagraítear i mír (a)(b) den mhíniú ar “muirear sláinte inghnóthaithe” is cuma arbh é nó í nó nárbh é nó í an duine sin an duine a d’íoc an méid go léir nó aon chuid den mhéid dá dtagraítear sa mhíniú sin;

ciallaíonn “riarthóir scéime”—

(a) faoi réir mhír (b), an Fheidhmeannacht,

(b) i ndáil le foráil den Acht seo is ábhar d’ainmniúchán faoi alt 3(2), an duine is ábhar don ainmniúchán sin;

ciallaíonn “sonraithe”, i ndáil le foirm, sonraithe faoi alt 4;

ciallaíonn “céile”, i ndáil le duine iomchuí, céile de réir bhrí alt 3(10)(c) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.

Féadfaidh an Fheidhmeannacht socrú a dhéanamh le duine chun seirbhísí a sholáthar chun críocha an Achta seo, etc.

3. — (1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht socrú a dhéanamh le duine (lena n-áirítear aon oifigeach poiblí nó aon chomhlacht poiblí) chun go soláthróidh an duine seirbhísí, thar ceann na Feidhmeannachta, chun críocha an Achta seo (lena n-áirítear iarratas a dhéanamh sa cháil de chuid na Feidhmeannachta a thagann faoi réim mhír (e) den mhíniú ar “duine bainteach” agus i ndáil leis na feidhmeanna a fhorchuirtear ar an bhFeidhmeannacht faoin Acht seo i leith an Chiste).

(2) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, i ndáil le foráil den Acht seo, duine a bhfuil socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanta aige nó aici a ainmniú i scríbhinn mar an riarthóir scéime i ndáil leis an bhforáil sin, agus féadfar sin a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an bhFeidhmeannacht agus a bheidh sonraithe san ainmniúchán.

Cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú.

4. — (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an riarthóir scéime foirm aon doiciméid a gceanglaítear faoin Acht seo í a bheith san fhoirm shonraithe a shonrú agus féadfaidh sé nó sí foirm cibé doiciméid eile is gá chun críocha an Achta seo agus is cuí leis an riarthóir scéime a shonrú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh achoimre ar na nithe seo a leanas in iarratas—

(a) cuspóir an iarratais, agus

(b) na hiarmhairtí a ghabhann le cinneadh an iarratais faoi alt 6(1)(a), (b)(c) (lena n-áirítear an ceart achomhairc faoi alt 16(1) i gcoinne breithe faoi alt 6(1)(a), (b) (c)).

(3) Maidir le foirm a bheidh sonraithe faoin alt seo—

(a) comhlánófar í de réir cibé ordacháin agus treoracha a bheidh sonraithe san fhoirm,

(b) faoi réir fho-alt (4), beidh cibé doiciméid (lena n-áirítear ionstraimí, deimhnithe, dúblaigh den fhoirm agus dearbhuithe reachtúla) a bheidh sonraithe san fhoirm ag gabháil léi, agus

(c) má cheanglaítear an fhoirm chomhlánaithe a sholáthar don riarthóir scéime nó d’aon duine eile, soláthrófar amhlaidh í ar an modh, más ann, a bheidh sonraithe san fhoirm.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)(b), beidh deimhniú i bhfoirm a shonraítear faoin alt seo ag gabháil le hiarratas a dhéanfaidh iarratasóir a thagann faoi réim mhír (e) den mhíniú ar “duine bainteach” agus ar iarratas i leith duine iomchuí bheo é agus is deimhniú é sin—

(a) a bheidh eisithe ag liachleachtóir cláraithe a scrúdaigh an duine iomchuí tráth nach luaithe ná 6 mhí roimh an dáta a síníodh an t-iarratas,

(b) ina luafar—

(i) dáta an scrúdaithe, agus

(ii) gurb é tuairim an liachleachtóra—

(I) go bhfuil an duine iomchuí sách cumasach chun an achoimre dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a thuiscint, nó

(II) nach bhfuil an duine iomchuí sách cumasach chun an achoimre dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a thuiscint,

agus

(c) a bheidh sínithe ag an liachleachtóir.

(5) Maidir le cumhacht an riarthóra scéime faoi fho-alt (1)

(a) feidhmeofar í ionas go gceanglófar ar an duine a bheidh ag comhlánú na foirme dearbhú reachtúil a dhéanamh i dtaobh na sonraí atá san fhoirm a bheith fíor cruinn de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé nó sí,

(b) féadfar í a fheidhmiú ionas go sonrófar 2 fhoirm nó níos mó d’aon doiciméad dá dtagraítear san fho-alt sin, cibé acu mar mhalairt nó chun socrú a dhéanamh maidir le himthosca áirithe nó cásanna áirithe, de réir mar is cuí leis an riarthóir scéime.