An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Ilghnéitheach )

17 2006

An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006

CUID 2

An Scéim Aisíoca

Iarratas ar aisíocaíocht fhorordaithe.

5. — (1) Féadfaidh duine iomchuí nó duine bainteach iarratas a dhéanamh san fhoirm shonraithe chuig an riarthóir scéime ar aisíocaíocht fhorordaithe i leith muirir sláinte inghnóthaithe.

(2) Féadfaidh an riarthóir scéime diúltú iarratas a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh más rud é—

(a) nach bhfuil an t-iarratas de réir fho-alt (1), nó

(b) go mainníonn an t-iarratasóir cibé faisnéis a sholáthar don riarthóir scéime is faisnéis de bhreis ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas nó i dteannta an iarratais agus ar faisnéis í a fhéadfaidh an riarthóir scéime a éileamh le réasún chun a chumasú don riarthóir scéime an t-iarratas a chinneadh faoi alt 6.

(3) Diúltóidh an riarthóir scéime breithniú a dhéanamh ar iarratas a dhéantar—

(a) an1 Eanáir 2008 nó dá éis, nó

(b) ar an dáta scoite forordaithe nó dá éis,

cibé acu is déanaí.

Iarratas a chinneadh.

6. — (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an riarthóir scéime iarratas a chinneadh—

(a) más deimhin leis an riarthóir scéime—

(i) go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal faoin Acht seo an t-iarratas a dhéanamh,

(ii) gur muirear sláinte inghnóthaithe an muirear sláinte inghnóthaithe airbheartaithe lena mbaineann ant-iarratas, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, agus

(iii) maidir leis an méid (“méid cáilithe”) den mhuirear sláinte inghnóthaithe airbheartaithe sin is muirear sláinte inghnóthaithe,

trína chur faoi deara íocaíocht, is ionann agus suim an mhéid cháilithe agus an úis, más ann, is iníoctha de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 20(1)(b) agus is infheidhme maidir leis an mír seo, a dhéanamh a luaithe is indéanta,

(b) más rud é—

(i) gur deimhin leis an riarthóir scéime go bhfuil ant-iarratasóir i dteideal faoin Acht seo an t-iarratas a dhéanamh,

(ii) gur deimhin leis an riarthóir scéime gur muirear sláinte inghnóthaithe an muirear sláinte inghnóthaithe airbheartaithe lena mbaineann ant-iarratas, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, agus

(iii) nach deimhin leis an riarthóir scéime, ar chúis ar bith, maidir leis an méid den mhuirear sláinte inghnóthaithe airbheartaithe sin is muirear sláinte inghnóthaithe,

trína chur faoi deara íocaíocht a dhéanamh, a luaithe is indéanta—

(I) faoi réir fhomhír (II), faoi threoir an ioncaim a bhí ag an duine iomchuí, an tsaghais othair cónaithe a bhí sa duine iomchuí nó an tsaghais cúnaimh forais a fuair an duine iomchuí, de réir mar a bheidh, agus an chineáil muirir a forchuireadh, nó an chineáil ranníoca a éilíodh, ar an duine iomchuí, le linn na tréimhse a raibh an duine iomchuí ina othar nó ina hothar cónaithe chun críocha na rialachán dá dtagraítear i mír (a)(b) den mhíniú ar “muirear sláinte inghnóthaithe”,

(II) mura mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bhfomhír (I) ar fáil agus faoi réir fhomhír (III), nach mó ná 80 faoin gcéad d’uasmhéid ráta seachtainiúil an phinsin seanaoise (neamhranníocach), de réir bhrí na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, de réir mar is infheidhme le linn na tréimhse lena mbaineann an muirear sláinte inghnóthaithe,

(III) a chuireann i gcuntas an t-ús, más ann, is iníoctha de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 20(1)(b) is infheidhme maidir leis an mír seo;

(c) mura mbeidh feidhm ag mír (a) ná (b), trí dhiúltú don iarratas.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an riarthóir scéime, nach é an Fheidhmeannacht é nó í, iarratas a chinneadh de bhun fho-alt (1)(a)(b), ansin, faoi réir alt 16(12), déanfaidh an Fheidhmeannacht an aisíocaíocht fhorordaithe lena mbaineann a luaithe is indéanta.

Tosaíocht ag daoine iomchuí beo ar eastáit daoine iomchuí.

7. — Déanfaidh an riarthóir scéime—

(a) le linn dó nó di iarratais a bhreithniú agus a chinneadh, agus

(b) le linn dó nó di a chur faoi deara aisíocaíochtaí forordaithe a dhéanamh,

tosaíocht a thabhairt do dhaoine iomchuí beo ar eastáit daoine iomchuí.

Oibriú achtachán eile, etc. ar aisíocaíochtaí forordaithe.

8. — (1) Maidir le haisíocaíocht fhorordaithe—

(a) a dhéantar le duine iomchuí beo, nó

(b) a dhéantar go díreach le céile beo nó le leanbh beo de chuid duine iomchuí de bhua alt 9(8),

tabharfar neamhaird uirthi chun críocha measúnachta cánach ioncaim faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim de réir bhrí an Achta Comhdhlúite Cánacha 1997.

(2) Maidir le haisíocaíocht fhorordaithe—

(a) a dhéantar le duine iomchuí beo,

(b) a dhéantar le céile nó le hiarchéile duine iomchuí bheo nó éagtha, nó

(c) a dhéantar go díreach le leanbh beo de chuid duine iomchuí de bhua alt 9(8),

tabharfar neamhaird uirthi sa mheasúnacht faoi aon achtachán ar acmhainn duine d’fhonn teideal duine, nó leibhéal teidil duine, chun sochair sláinte nó sochair leasa shóisialaigh (lena n-áirítear aon fhóirdheontas atá le cur i bhfeidhm i gcomhair aon sochair den sórt sin) a chinneadh, a mheasúnú nó a athbhreithniú (nó aon fhocail a mbeidh an éifeacht chéanna leo).

(3) Ní bheidh aisíocaíocht fhorordaithe a dhéantar i leith muirir sláinte inghnóthaithe ina foras aisti féin le haon fhaoiseamh cánach arna dheonú roimhe sin i leith an mhuirir sláinte inghnóthaithe a tharraingt siar.

(4) Chun críocha Chaibidil 1 de Chuid VI den Acht Airgeadais 1993, tabharfar neamhaird ar aisíocaíocht fhorordaithe a dhéantar le haon duine.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 48(4) den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 maidir le haisíocaíocht fhorordaithe.

(6) Gan dochar d’aon mhodh eile gnóthaithe—

(a) aon íocaíochtaí a dhéantar le duine iomchuí nó ina leith faoin scéim ex gratia, nó

(b) aon mhuirear a fhorchuirtear faoi na Rialacháin Sláinte (Táillí ar Sheirbhísí d’Othair Chónaithe) 2005 (I.R. Uimh. 276 de 2005) ar dhuine iomchuí agus nach bhfuil íoctha,

féadfar iad nó é a fhritháireamh in aghaidh aon aisíocaíochta forordaithe a bheidh le déanamh leis an duine iomchuí sin nó ina leith.

Aisíocaíochtaí forordaithe a íoc agus cuntais maoine príobháidí othar, etc., a oibriú.

9. — (1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an Fheidhmeannacht aisíocaíocht fhorordaithe a íoc—

(a) isteach i gcuntas bainc, i gcuntas cumainn foirgníochta, i gcuntas comhair creidmheasa nó i gcuntas oifige poist an duine iomchuí, nó le seic,

(b) i gcás duine iomchuí bheo, isteach i gcuntas maoine príobháidí othair an duine iomchuí.

(2) Féadfaidh an Fheidhmeannacht—

(a) airgead a infheistiú—

(i) ar airgead é atá á shealbhú in aon chuntas maoine príobháidí othair—

(I) mura rud é go n-ordaíonn sealbhóir an chuntais a mhalairt i scríbhinn, nó

(II) mura rud é go n-ordaíonn neaschara arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt a mhalairt i scríbhinn,

agus

(ii) le cibé forais airgeadais a bheidh údaraithe ag Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann a bunaíodh le halt 33B d’Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003,

(b) airgead a shealbhaítear in aon chuntas maoine príobháidí othair a úsáid chun sochair shealbhóir an chuntais—

(i) mura rud é go n-ordóidh sealbhóir an chuntais a mhalairt i scríbhinn, nó

(ii) mura rud é go n-ordóidh neaschara arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt a mhalairt i scríbhinn,

(c) iarratas a dhéanamh, i leith na gcuntas maoine príobháidí othar de chuid na sealbhóirí cuntais uile nó cuid díobh atá ina gcónaí san ospidéal nó san fhoras eile céanna, uair amháin ar a mhéid i ngach bliain féilire, chun breithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird nó ina cuaird atá an t-ospidéal nó an foras eile, de réir mar a bheidh, suite, ar ordacháin i dtaobh conas a fhéadfaidh an Fheidhmeannacht aon airgead de bhreis ar €5,000 nó an méid a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 20(1)(c), cibé acu is mó, in aon cheann de na cuntais sin, a úsáid chun sochair shealbhóir an chuntais ar ina chuntas nó ina cuntas maoine príobháidí othair atá an méid breise sin taiscthe.

(3) Más rud é, maidir le haisíocaíocht fhorordaithe a bheidh le déanamh—

(a) gur aisíocaíocht í i leith duine iomchuí bheo agus gon-eascraíonn sí as iarratas arna dhéanamh ag iarratasóir a thagann faoi réim mhír (a) den mhíniú ar “duine bainteach”, ansin ní íocfaidh an Fheidhmeannacht an aisíocaíocht fhorordaithe, faoi réir aon ordachán dá mhalairt faoi fho-alt (7), ach amháin isteach i gcuntas (ar féidir gur cuntas maoine príobháidí othair é) de chuid an duine iomchuí,

(b) gur aisíocaíocht í i leith duine iomchuí bheo is ábhar do dheimhniú a thagann faoi réim alt 4(4)(b)(ii)(II), ansin ní íocfaidh an Fheidhmeannacht an aisíocaíocht fhorordaithe, faoi réir aon ordachán dá mhalairt faoi fho-alt (7), ach amháin isteach i gcuntas maoine príobháidí othair an duine iomchuí.

(4) Ní dhéanfaidh an Fheidhmeannacht iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c)

(a) go dtí go mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aici do na sealbhóirí cuntais lena mbaineann an t-iarratas á rá go bhfuil sé ar intinn aici iarratas den sórt sin a dhéanamh, agus

(b) go dtí go mbeidh fógra foilsithe aici i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát á rá go bhfuil sé ar intinn aici iarratas den sórt a dhéanamh.

(5) Cinnfidh breitheamh den Chúirt Chuarda iarratas faoi fho-alt (2)(c) trí cibé ordacháin a thabhairt a mheasann an breitheamh a bheith ar mhaithe le leas na sealbhóirí cuntais lena mbaineann an t-iarratas.

(6) I gcás ina mbaineann fo-alt (3) le haisíocaíocht fhorordaithe, ansin féadfaidh an Fheidhmeannacht nó aon duine leasmhar eile iarratas a dhéanamh chun breithimh den Chúirt Chuarda, ar ina chuaird nó ina cuaird atá cónaí ar an duine iomchuí lena mbaineann an aisíocaíocht fhorordaithe, ar iarratas é go ndéanfar an aisíocaíocht fhorordaithe ar shlí seachas mar a shonraítear san fho-alt sin.

(7) Cinnfidh breitheamh den Chúirt Chuarda iarratas faoi fho-alt (6) trí cibé ordacháin a thabhairt a mheasann an breitheamh a bheith ar mhaithe le leas an duine iomchuí lena mbaineann an t-iarratas, lena n-áirítear ordachán go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht an aisíocaíocht fhorordaithe lena mbaineann an t-iarratas a íoc isteach i cibé cuntas, nó le cibé duine, a shonrófar san ordachán.

(8) Ní íocfaidh an Fheidhmeannacht aisíocaíocht fhorordaithe go díreach le céile beo ná le leanbh beo de chuid duine iomchuí ach amháin a mhéid a bheidh an céile nó an leanbh, de réir mar a bheidh, tar éis a dheimhniú don Fheidhmeannacht go mbaineann an aisíocaíocht fhorordaithe le méid dá dtagraítear sa mhíniú ar “muirear sláinte inghnóthaithe”—

(a) arna íoc ag an gcéile nó ag an leanbh, de réir mar a bheidh, thar ceann an duine iomchuí, agus

(b) ar dá bhua is duine iomchuí an duine iomchuí.

(9) San alt seo, ciallaíonn “sealbhóir cuntais”, i ndáil le cuntas maoine príobháidí othair, an duine dár bunaíodh an cuntas.

Socraíochtaí.

10. — (1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le hiarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht fhorordaithe i leith muirir sláinte inghnóthaithe, ní tharscaoileann sin aon chúis caingne eile a bheidh ag an iarratasóir i leith an mhuirir sláinte inghnóthaithe.

(2) Aon duine a ghlacann le haisíocaíocht fhorordaithe i leith muirir sláinte inghnóthaithe (cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an aisíocaíocht fhorordaithe i leith an méid iomláin atá á lorg san iarratas lena mbaineann nó i leith cuid de), tarscaoileann sé nó sí leis sin—

(a) ceart an duine chun agra a dhéanamh maidir le haon chuid den mhuirear sláinte inghnóthaithe sin, agus

(b) gach cúis caingne eile a bhaineann leis an muirear sláinte inghnóthaithe.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine—

(a) dámhachtain ó chúirt, nó

(b) socraíocht,

i leith muirir sláinte inghnóthaithe (cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an dámhachtain nó an tsocraíocht i leith iomlán an mhuirir sláinte inghnóthaithe nó i leith cuid de), ní bheidh an duine i dteideal iarratas a dhéanamh i leith aon chuid den mhuirear sláinte inghnóthaithe sin.

(4) D’ainneoin aon tréimhse ama a shonraítear i rialacha cúirte maidir le suim airgid a íoc isteach sa chúirt, ar mhodh taiscthe, mar shásamh ar iarratas, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir tar éis diúltú d’íocaíocht fhorordaithe, ansin féadfaidh an Fheidhmeannacht méid na híocaíochta forordaithe, nó cibé suim eile airgid is cuí leis an bhFeidhmeannacht in imthosca uile an cháis, a íoc isteach sa chúirt lena mbaineann i leith aon imeachtaí sibhialta ar páirtí iontu ant-iarratasóir agus a eascraíonn as na gníomhartha céanna, nó as gníomhartha atá go substaintiúil mar an gcéanna, leis na gníomhartha a ndéantar gearán fúthu san iarratas.

Aisíocaíochtaí forordaithe, etc. a dheonú.

11. — (1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht ciste a bhunú agus a bhainistiú, ar ciste é ar a dtabharfar Ciste na Scéime Aisíoca (Deonacháin) (“an Ciste”) agus a bheidh le cur chun feidhme faoi chomhair feabhsuithe a sholáthar ar sheirbhísí sláinte poiblí a sholáthraítear do dhaoine scothaosta cleithiúnacha agus do dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar ciste é a bhfuil na caiteachais ina leith neamh-aisfhillteach agus nach caiteachais iad a bheadh, le linn seirbhísí sláinte poiblí den sórt sin a sholáthar de ghnáth, ina gcaiteachais a d’íocfaí, thairis sin, as leithroinnt ón Aire Airgeadais nó ó Aire eile den Rialtas.

(2) Má bhunaítear an Ciste, féadfaidh iarratasóir (seachas iarratasóir a thagann faoi réim mhír (e) den mhíniú ar “duine bainteach”) ordachán a thabhairt in iarratas go ndéanfar aon aisíocaíochtaí forordaithe, nó na haisíocaíochtaí forordaithe go léir, a eascróidh as an iarratas, a íoc isteach sa Chiste.

(3) Faoi réir alt 9(3), cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara go gcomhlíonfar ordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(4) Is é a bheidh in airgead an Chiste—

(a) cibé aisíocaíochtaí forordaithe a íocfar isteach sa Chiste de bhun ordacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (2), agus

(b) cibé airgead eile a nglactar leis faoi fho-alt (11), arb é atá ann ná na fáltais ó dhíol nó ó dhiúscairt eile talún nó maoine eile lena nglactar faoin bhfo-alt sin nó arb é atá ann ná ioncam a fhaightear ar infheistíochtaí arna ndéanamh de bhun fho-alt (12) nó na fáltais ó dhíol nó ó dhiúscairt eile infheistíochtaí den sórt sin.

(5) Chun críocha Chaibidil 1 de Chuid VI den Acht Airgeadais 1993, tabharfar neamhaird ar aon aisíocaíocht fhorordaithe, nó ar aon airgead eile dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), a íoctar isteach sa Chiste.

(6) Déileálfar le haon aisíocaíocht fhorordaithe, nó le haon airgead eile dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), a íoctar isteach sa Chiste, mar aisíocaíocht nó mar airgead lenar ghlac duine mar shochar chun críoch poiblí nó chun críoch carthanúil agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 76(2) den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

(7) Déanfaidh an Fheidhmeannacht tuarascáil bhliantúil ar oibriú an Chiste, agus ar shonraí faoi chuntais an Chiste, a chur faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana féilire (rud a chiallaíonn, i gcás na chéad tuarascála den sórt sin, an chuid sin den bhliain féilire dar tosach an dáta a bunaíodh an Ciste suas go dtí an 31 Nollaig díreach tar éis an dáta sin, agus an lá sin san áireamh).

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de thuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(9) Is é a bheidh sa Chiste cibé cuntais a chinnfidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(10) Faoi réir alt 18, a mhéid a bhaineann an t-alt sin leis an gCiste, coimeádfaidh an Fheidhmeannacht cuntais an Chiste.

(11) Féadfaidh an Fheidhmeannacht bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh—

(a) más chun sochair don Chiste a thugtar an bronntanas,

(b) más rud é nach bhfuil na hiontaobhais agus na coinníollacha a ghabhann leis an mbronntannas ar neamhréir leis na críocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó le mír (c), agus

(c) más rud é, i gcás talaimh nó maoine eile, go bhféadfaidh an Fheidhmeannacht, dá rogha féin, luach an bhronntanais a réadú chun sochair don Chiste.

(12) Féadfaidh an Fheidhmeannacht airgead atá chun creidiúna don Chiste (seachas airgead den sórt sin atá ag teastáil de thuras na huaire chun íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste de bhun fho-alt (1)) a infheistiú le cibé forais airgeadais a bheidh údaraithe ag Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann a bunaíodh le halt 33B d’Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003.

Taifid.

12. — (1) Féadfaidh an riarthóir scéime agus, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, an Fheidhmeannacht rochtain a fháil ar aon taifid iomchuí, agus na taifid sin a phróiseáil, chun críocha an Achta seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh an riarthóir scéime agus, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, an Fheidhmeannacht, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo, cód cleachtais a ullmhú agus a chur faoi deara an cód cleachtais sin a fhógairt ar cód cleachtais é a bheidh le comhlíonadh ag duine a fhaigheann rochtain agus a dhéanann próiseáil ar aon taifid iomchuí de bhun fho-alt (1), nó ag duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) agus a bhfuil aon fhaisnéis iomchuí ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh aige nó ina seilbh, ina coimeád nó faoina hurláimh aici, a mhéid arb é atá sna taifid iomchuí nó san fhaisnéis iomchuí, de réir mar a bheidh, ná sonraí pearsanta.

(3) Ní dhéanfaidh an riarthóir scéime ná, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, an Fheidhmeannacht an fheidhm faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh ach amháin tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

(4) Faoi réir fho-alt (5) agus alt 14, ní dhéanfaidh duine faisnéis iomchuí a nochtadh ach amháin chun an duine do chomhlíonadh feidhme faoin Acht seo nó chun seirbhísí dá dtagraítear in alt 3 (1) a sholáthar.

(5) Féadfaidh duine faisnéis iomchuí a nochtadh do chomhalta den Gharda Síochána más rud é go gcreideann an duine le réasún go bhfuil an nochtadh riachtanach chun cosc a chur le leanúint de ghníomh is coir.

(6) Ní taifid Roinne iad, de réir bhrí alt 2(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, doiciméid a ullmhaítear chun feidhm a chomhlíonadh faoin Acht seo.

(7) An Fheidhmeannacht a dhéanfaidh an cinneadh maidir le stóráil, coinneáil nó diúscairt na nithe seo a leanas—

(a) iarratais (lena n-áirítear aon doiciméid a bheidh ag gabháil le hiarratais),

(b) doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (6), agus

(c) taifead iomchuí atá i seilbh, nó faoi urláimh, an riarthóra scéime agus, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, na Feidhmeannachta.

(8) Féadfaidh an riarthóir scéime a iarraidh ar dhuine i scríbhinn rochtain ar thaifid iomchuí, nó cóipeanna díobh, a sholáthar don riarthóir scéime, ar taifid iomchuí iad—

(a) atá i seilbh, nó faoi urláimh, an duine, agus

(b) a chuideoidh nó a d’fhéadfadh cuidiú leis an riarthóir scéime feidhmeanna an riarthóra scéime faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(9) Aon duine is ábhar d’iarraidh faoi fho-alt (8), comhlíonfaidh sé nó sí an iarraidh a luaithe is indéanta tar éis don duine an iarraidh a fháil.

(10) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a iarraidh ar an riarthóir scéime i scríbhinn cibé faisnéis a sholáthar dóibh i ndáil le haisíocaíochtaí forordaithe arna ndéanamh le duine ar faisnéis í a chuideoidh nó a d’fhéadfadh cuidiú leis na Coimisinéirí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le measúnú, muirearú, bailiú agus gnóthú aon dliteanas cánach is infheidhme maidir leis an duine nó i ndáil leis an duine (lena n-áirítear, i gcás duine éagtha, eastát an duine sin).

(11) Comhlíonfaidh an riarthóir scéime iarraidh faoi fho-alt (10) a luaithe is indéanta tar éis don riarthóir scéime an iarraidh a fháil.

(12) San alt seo—

ciallaíonn “ faisnéis iomchuí ”, i ndáil le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4), faisnéis a sholáthraítear faoin Acht seo don riarthóir scéime, don Fheidhmeannacht nó do dhuine a bheidh ceaptha faoi alt 16(3) agus ar faisnéis í a bheidh faighte ag an duine céadluaite i gcúrsa feidhm de chuid an duine faoin Acht seo a chomhlíonadh nó le linn seirbhísí dá dtagraítear in alt 3(1) a sholáthar;

ciallaíonn “ taifead iomchuí ” aon taifead a chuideoidh nó a d’fhéadfadh cuidiú leis an riarthóir scéime iarratas faoi alt 6 a chinneadh.

Cuntas speisialta.

13. — (1) Déanfar, ar thosach feidhme an ailt seo, cuntas speisialta a chur ar bun a mhaoineofar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus a úsáidfear chun íoc as aisíocaíochtaí forordaithe agus as costais na Feidhmeannachta le linn an tAcht seo a riaradh, a mhéid a bhaineann an tAcht seo le haisíocaíochtaí forordaithe agus le bunú agus bainistiú an Chiste, más ann, ag an bhFeidhmeannacht.

(2) Faoi réir fho-alt (3) , féadfar an t-airgead sa chuntas speisialta a úsáid aon tráth ach ní úsáidfear é ach amháin chun na gcríoch dár vótáladh é agus ní eiseofar as an gcuntas sin é ach amháin ar ordachán ón Aire Airgeadais.

(3) Aon airgead, lena n-áirítear ús (más ann), sa chuntas speisialta, féadfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir ordachán ón Aire Airgeadais.

(4) San alt seo, ciallaíonn “ cuntas speisialta ” cuntas chun críocha an Achta seo in ainmneacha na Feidhmeannachta agus an Aire Airgeadais i gcomhar, agus maidir leis an gcuntas sin—

(a) cuntas leis an bPámháistir Ginearálta a bheidh ann, agus

(b) beidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire.

Rialú.

14. — (1) Féadfaidh an tAire iarraidh i scríbhinn a dhéanamh—

(a) chun na Feidhmeannachta nó chun an riarthóra scéime go soláthrófar tuarascáil dó nó di—

(i) ar riaradh ginearálta an Achta seo, nó ar aon ghné áirithe de riaradh an Achta seo, mar a shonrófar san iarraidh, agus

(ii) laistigh de cibé tréimhse nó, i gcás sraithe tuarascálacha, laistigh de cibé tréimhsí, a bheidh sonraithe san iarraidh, is tréimhse nó tréimhsí, de réir mar a bheidh, a bheidh réasúnach in imthosca uile an cháis,

(b) chun na Feidhmeannachta go soláthrófar tuarascáil dó nó di—

(i) ar oibriú cuntas maoine príobháidí othar i gcoitinne, ar oibriú aicme de na cuntais sin, nó ar aon ghné áirithe d’oibriú na gcuntas sin nó na haicme cuntas sin, de réir mar a bheidh, mar a shonrófar san iarraidh, agus

(ii) laistigh de cibé tréimhse nó, i gcás sraithe tuarascálacha, laistigh de cibé tréimhsí a bheidh sonraithe san iarraidh, is tréimhse nó tréimhsí, de réir mar a bheidh, a bheidh réasúnach in imthosca uile an cháis.

(2) Comhlíonfaidh an Fheidhmeannacht nó an riarthóir scéime iarraidh arna déanamh faoi fho-alt (1) ar an bhFeidhmeannacht nó ar an riarthóir scéime, de réir mar a bheidh.

(3) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara cóipeanna de thuarascáil arna soláthar don Aire de bhun iarrata arna déanamh faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Déanfaidh an riarthóir scéime, i leith gach iarratais nach dtagann faoi réim alt 5(2)(3), taifead a choimeád ar na nithe seo a leanas—

(a) ainm, seoladh, dáta breithe, dáta báis (más infheidhme), tréimhsí láncháilíochta agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí, más ann, an duine iomchuí lena mbaineann,

(b) murab é nó í an duine iomchuí lena mbaineann ant-iarratasóir, ainm, seoladh agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí, más ann, an iarratasóra,

(c) ainm an ospidéil nó an fhorais eile lena mbaineann ant-iarratas,

(d) an tréimhse ar lena linn a bhí an duine iomchuí lena mbaineann ina chónaí nó ina cónaí san ospidéal sin nó san fhoras eile sin,

(e) méid na n-aisíocaíochtaí forordaithe a rinneadh, nó a bheidh le déanamh, i leith an iarratais sin agus, más rud é nár íocadh an méid sin, nó nach n-íocfar é, leis an duine iomchuí lena mbaineann, ainm agus seoladh an duine lenar íocadh an méid nó lena n-íocfar an méid, de réir mar a bheidh, agus

(f) sonraí i dtaobh conas a ríomhadh méid a thagann faoi réim mhír (e).

(5) Féadfaidh an tAire iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig an riarthóir scéime ar rochtain a bheith aige nó aici ar aon ábhar, nó ar chóipeanna a dhéanamh d’aon ábhar, a thagann faoi réim mhír (a), (b)(c) d’alt 12(7) nó ar rochtain a bheith aige nó aici ar aon taifead, nó ar chóipeanna a dhéanamh d’aon taifead, a choimeádtar faoi fho-alt (4).

(6) Comhlíonfaidh an riarthóir scéime iarraidh arna déanamh faoi fho-alt (5) a luaithe is indéanta tar éis don riarthóir scéime an iarraidh a fháil.

(7) Féadfaidh an tAire duine a cheapadh i scríbhinn (ar duine é nó í a fhéadfaidh a bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach poiblí) chun scrúdú a dhéanamh ar oibriú cuntas maoine príobháidí othar i gcoitinne, ar oibriú aicme de na cuntais sin, nó ar aon ghné áirithe d’oibriú na gcuntas sin nó na haicme cuntas sin, de réir mar a bheidh, mar a shonrófar sa cheapachán, agus chun tuairisc a thabhairt don Aire maidir leis an gcéanna.

(8) Maidir le duine a cheapfar faoi fho-alt (7), soláthróidh an Fheidhmeannacht cibé cúnamh dó nó di a éileoidh sé nó sí le réasún chun an scrúdú a bheidh sonraithe sa cheapachán a dhéanamh.

(9) I gcás ina gceanglóidh aon choiste de cheachtar Teach den Oireachtas ar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin na Feidhmeannachta nó ar ionadaí don riarthóir scéime fianaise a thabhairt os comhair an choiste i ndáil le haon fheidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nó an t-ionadaí, de réir mar a bheidh, an ceanglas sin a chomhlíonadh.

Fógra i dtaobh breitheanna áirithe.

15. — Déanfaidh an riarthóir scéime, a luaithe is indéanta tar éis breith a thabhairt faoi alt 5(2) nó (3)6(1)(a), (b) (c), na nithe seo a leanas a thabhairt don iarratasóir lena mbaineann agus don Fheidhmeannacht murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime—

(a) fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe agus na cúiseanna a bhí léi, agus

(b) cóip d’alt 16.

Achomhairc i gcoinne breitheanna áirithe, etc.

16. — (1) Féadfaidh duine éagóraithe—

(a) achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe faoi alt 5(2) 6(1)(c) trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don riarthóir scéime tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis fógra i dtaobh na breithe a bheith tugtha faoi alt 15,

(b) achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe faoi alt 6(1)(a)(b) trí dhiúltú don aisíocaíocht fhorordaithe lena mbaineann agus trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don riarthóir scéime i dtaobh an diúltaithe tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis fógra i dtaobh na breith a bheith tugtha faoi alt 15.

(2) Maidir le hachomharc faoi fho-alt (1)—

(a) beidh sé san fhoirm shonraithe, agus

(b) déanfar na cúiseanna leis an achomharc a lua ann.

(3) Ceapfaidh an tAire duine amháin nó níos mó ná duine amháin i scríbhinn—

(a) ar duine é nó í is abhcóide nó aturnae a bhfuil seasamh 5 bliana ar a laghad aige nó aici,

(b) chun achomhairc faoi fho-alt (1) a bhreithniú, agus

(c) faoi réir fho-ailt 10(a) agus (11), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe sa cheapachán.

(4) Déanfaidh an riarthóir scéime agus, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, an Fheidhmeannacht, chun cuidiú le duine a cheaptar de bhun fho-alt (3) chun achomharc faoi fho-alt (1) a bhreithniú, cibé cúnamh agus faisnéis a iarrfaidh an duine le réasún ar an riarthóir scéime nó ar an bhFeidhmeannacht, de réir mar a bheidh, chun cuidiú leis nó léi an t-achomharc a chinneadh, a sholáthar don duine.

(5) Aon duine a cheapfar de bhun fho-alt (3) chun achomharc faoi fho-alt (1) a bhreithniú—

(a) beidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh,

(b) faoi réir mhír (a), déanfaidh sé nó sí de réir treoirlínte arna n-ullmhú agus arna n-eisiúint ag an Aire i leith an nós imeachta a bheidh le leanúint maidir le haon bhreithniú a dhéantar ar achomharc faoi fho-alt (1),

(c) breithneoidh sé nó sí aon aighneachtaí scríofa nó ó bhéal a dhéanfaidh an t-achomharcóir, an riarthóir scéime nó, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, an Fheidhmeannacht, nó a dhéanfar thar a gceann, i leith an achomhairc,

(d) tabharfaidh sé nó sí breith i scríbhinn lena gcinnfear ant-achomharc a luaithe is indéanta in imthosca uile an cháis, agus

(e) déanfaidh sé nó sí cóip den bhreith a chur chuig an achomharcóir agus chuig an riarthóir scéime agus, murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime, chuig an bhFeidhmeannacht, mar aon leis na cúiseanna atá ag an duine leis an mbreith.

(6) Féadfaidh aon duine a ndéanann breith faoi fho-alt (5)(d) difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte—

(a) ar phonc dlí i gcoinne na breithe, agus

(b) tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis don achomharcóir cóip den bhreith agus na cúiseanna leis an mbreith de bhun fho-alt (5)(e) a fháil.

(7) Maidir le breith ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (6), sonrófar inti, más cuí, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith.

(8) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na hArd-Chúirte ar achomharc faoi fho-alt (6).

(9) Maidir leis an riarthóir scéime—

(a) más infheidhme, tabharfaidh sé nó sí éifeacht do bhreith faoi fho-alt (5) (d) a luaithe is indéanta tar éis an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a bheith caite gan aon achomharc faoi fho-alt (6) a bheith déanta i leith na breithe,

(b) más infheidhme, tabharfaidh sé nó sí éifeacht do bhreith ón Ard-Chúirt ar achomharc faoi fho-alt (6)

(i) laistigh den tréimhse, más ann, a bheidh sonraithe sa bhreith,

(ii) murab infheidhme fomhír (i), a luaithe is indéanta.

(10) Aon duine a cheapfar de bhun fho-alt (3)

(a) íocfar leis nó léi cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais,

(b) féadfar cibé foireann a sholáthar do nó di, lena n-íocfar cibé luach saothair a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, is luach saothair is gá le réasún chun a chumasú don duine na feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh, agus

(c) féadfaidh sé nó sí éirí as an gceapachán trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire.

(11) Féadfaidh an tAire ceapachán duine arna cheapadh nó arna ceapadh de bhun fho-alt (3) a chúlghairm ar chúiseanna sonraithe.

(12) Ní íocfaidh an Fheidhmeannacht aisíocaíocht fhorordaithe a cheanglaítear a íoc faoin Acht seo—

(a) go dtí go mbeidh an tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1)(b) caite gan achomharc faoin bhfo-alt sin a bheith déanta i gcoinne na breithe (“breith iomchuí”) faoi alt 6(1)(a)(b) ba chúis leis an aisíocaíocht,

(b) má dhéantar achomharc faoi fho-alt (1) i gcoinne na breithe iomchuí, go dtí gur gá don riarthóir scéime éifeacht a thabhairt don bhreith sin dá dtagraítear i bhfo-alt (9)(a)(b) agus a bhaineann leis an achomharc.

(13) Measfar go mbeidh glactha le haisíocaíocht fhorordaithe chun críocha an Achta seo nuair a bheidh sí íoctha de réir fho-alt (12).

(14) Déanfaidh gach duine a cheapfar faoi fho-alt (3), i gceann cibé eatraimh a shonróidh an tAire i scríbhinn, tuarascáil i scríbhinn a chur faoi bhráid an Aire i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil.

(15) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de thuarascáil a chuirfear faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (14) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(16) I bhfo-alt (1), maidir le “ duine éagóraithe ”—

(a) i gcás aon breithe dá dtagraítear san fho-alt sin, ciallaíonn sé an t-iarratasóir lena mbaineann an bhreith,

(b) i gcás breithe dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin, folaíonn sé an Fheidhmeannacht murab í an Fheidhmeannacht an riarthóir scéime.

Íocaíocht aisíocaíochta forordaithe arna fáil trí chalaois nó trí mhífhaisnéis, etc. a ghnóthú.

17. — (1) I gcás ina dtarlaíonn go bhfaighidh an riarthóir scéime eolas á léiriú—

(a) gur trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a fuarthas íocaíocht iomlán aisíocaíochta forordaithe, nó cuid di, a tugadh do dhuine, nó

(b) gur ró-íocadh aisíocaíocht fhorordaithe le duine nó ina leith,

ansin tabharfaidh an riarthóir scéime tuarascáil air sin don Fheidhmeannacht.

(2) I gcás ina dtarlaíonn go bhfaighidh an Fheidhmeannacht eolas á léiriú (cibé acu is de bhun tuarascála faoi fho-alt (1) nó nach ea)—

(a) gur trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a fuarthas íocaíocht iomlán aisíocaíochta forordaithe, nó cuid di, a tugadh do dhuine, nó

(b) gur ró-íocadh aisíocaíocht fhorordaithe le duine nó ina leith,

ansin beidh an méid den íocaíocht fhorordaithe sin a fuarthas amhlaidh nó an méid den ró-íocaíocht sin, de réir mar a bheidh, inaisíoctha leis an bhFeidhmeannacht ar éileamh uaithi agus, mura ndéanfar é a aisíoc amhlaidh, féadfaidh an Fheidhmeannacht an méid a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí, in aon chúirt dlínse inniúla, ón duine ar tugadh an aisíocaíocht fhorordaithe nó an ró-íocaíocht, de réir mar a bheidh, dó nó di, nó ó eastát an duine sin.

Iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

18. — (1) Beidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dteideal iniúchadh a dhéanamh, chun críocha an Achta seo, ar na cuntais seo a leanas—

(a) cuntais na Feidhmeannachta,

(b) cuntais an riarthóra scéime,

(c) cuntais maoine príobháidí othar,

(d) cuntais an Chiste, más ann,

(e) an chuntais speisialta de réir bhrí alt 13, nó

(f) cuntais aon chiste arna fhabhrú, nó arna oibriú nó arna rialú, ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas, nó a shealbhaítear ar iontaobhas ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas,

cibé acu i ngach bliain airgeadais, nó i cibé tréimhse is giorra ná sin, de réir mar is cuí leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste in imthosca uile an cháis.

(2) Déanfar cuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) a choimeád i cibé foirm a shonróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus

(b) a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh a luaithe is indéanta tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad ach, in aon chás, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana sin.

(3) Déanfar cóip de na cuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (1), arna n-iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoin alt seo, a thíolacadh don Aire a luaithe is indéanta tar éis iad a iniúchadh amhlaidh agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Déanfaidh an Fheidhmeannacht agus an riarthóir scéime cibé cúnamh a éileoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste le réasún chun feidhmeanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chomhlíonadh faoin alt seo a sholáthar don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.