An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 An Scéim Aisíoca )

17 2006

An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006

CUID 3

Ilghnéitheach

Cionta agus pionóis.

19. — (1) Aon duine a dhéanfaidh faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt don riarthóir scéime go feasach in iarratas, nó i dtaca le hiarratas, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, gan leithscéal dleathach, alt 12(4) (9) a shárú, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Rialacháin.

20. — (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena dtabharfar éifeacht don Acht seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar leis na rialacháin sin—

(a) faoi réir fho-alt (2), dáta a fhorordú i leith alt 5(3)(b),

(b) a fhoráil go n-íocfar ús ar mhuirear sláinte inghnóthaithe faoi threoir na nithe seo a leanas—

(i) an treoir-phraghas do thomhaltóirí, agus

(ii) cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar iarratas ar aisíocaíocht fhorordaithe i leith an mhuirir sláinte inghnóthaithe a chinneadh faoi mhír (a)(b) d'alt 6(1),

(c) faoi réir fho-alt (3), méid a fhorordú i leith alt 9(2)(c),

(d) a chumasú don Fheidhmeannacht muirear a fhorchur as na nithe seo a leanas a riaradh—

(i) cuntais maoine príobháidí othar, nó

(ii) aicme cuntas maoine príobháidí othar.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoi fho-alt (1)(a) ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht faoi fho-alt (1)(c) chun méid dá dtagraítear san fho-alt sin a fhorordú ach amháin chun go léireoidh an méid a bheidh forordaithe an ráta boilscithe sa Stát.

Cumhacht chun deacrachtaí a dhíchur.

21. — (1) Más rud é go n-éireoidh aon deacracht, in aon slí, maidir le haon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh ar dealraitheach dó nó di é a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an deacracht sin a dhíchur, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh nó chun oibriú na forála sin a áirithiú nó a éascú.

(2) Ní fhéadfar aon rialacháin a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain amháin a bheith caite tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Rialacháin a leagan.

22. — Déanfaidh an tAire gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Ombudsman 1980.

23.— Leasaítear Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Ombudsman 1980 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “An Roinn Sláinte”:

“An Roinn Sláinte agus Leanaí

Daoine arna gceapadh de bhun alt 16(3) den Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 chun breithniú a dhéanamh ar achomhairc faoi alt 16(1) den Acht sin”.