|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt ) |
AN tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal. |
1 .— Féadfar an tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006 a ghairm den Acht seo. | |
Léiriú. |
2 .— (1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | ciallaíonn “Údarás” Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt arna bhunú le halt 6; | |
[EN] | tá le “Príomh-Fheidhmeannach” an bhrí a shanntar dó le halt 13; | |
[EN] | ciallaíonn “coiste” coiste arna bhunú faoi alt 11; | |
[EN] | tá le “cuideachta” an bhrí atá leis in Acht na gCuideachtaí 1963; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “ an lá bunaithe ” an lá a cheapfar faoi alt 5; | |
[EN] | ciallaíonn “ bliain airgeadais an Údaráis ” tréimhse 12 mí dar críoch an 31 Nollaig in aon bhliain agus, i gcás na chéad bhliana airgeadais de chuid an Údaráis, ciallaíonn sé an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31 Nollaig sa bhliain ar lá di an lá bunaithe; | |
[EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta; | |
[EN] | ciallaíonn “ an tIonad Náisiúnta Uisce ” an talamh is leis an gCuideachta ar a dtugtar an tIonad Náisiúnta Uisce de ghnáth agus atá suite i mBaile an Deagánaigh, i gcontae Bhaile Átha Cliath; | |
[EN] | ciallaíonn “ an láithreán ”— | |
[EN] | (a) An tIonad Náisiúnta Uisce, | |
[EN] | (b) an talamh is leis an Aire Talmhaíochta agus Bia agus a thuairiscítear i Sceideal 1, agus | |
[EN] | (c) aon talamh a gheobhaidh an tÚdarás faoi alt 6 nó 31; | |
[EN] | ciallaíonn “ fochuideachta ” fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d’Acht na gCuideachtaí 1963) de chuid an Údaráis. | |
[EN] | (2) San Acht seo, folóidh tagairtí do dhuine, nó do dhaoine, d’fhoireann an Údaráis, seachas in ailt 14, 15 agus 18, tagairtí don Phríomh-Fheidhmeannach. | |
Orduithe agus rialacháin. |
3 .— Déanfar gach ordú (seachas ordú a dhéanfar faoi alt 5 nó ordú fála, nó ordú dílseacháin, de réir bhrí Sceideal 2) agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. | |
Caiteachais. |
4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |