An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Forálacha Idirthréimhseacha )

19 2006

AN tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006

CUID 2

Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt

An lá bunaithe.

5 .— Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An tÚdarás a bhunú.

6 .— (1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú, ar a dtabharfar Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt nó, sa Bhéarla, the National Sports Campus Development Authority, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus féadfar é a agairt ina ainm corpraithe agus, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna an Údaráis.

7 .— (1) Is iad feidhmeanna an Údaráis—

(a) campas spórt a fhorbairt ar an láithreán,

(b) an campas spórt a fhearastú agus a threalmhú le cibé gléasra, innealra, trealamh agus gaireas is cuí leis,

(c) an campas spórt a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil, agus

(d) úsáid an champais spórt ag daoine a bheidh páirteach sa spórt ar leibhéil ghairmiúla agus amaitéaracha agus ag daoine den phobal i gcoitinne a spreagadh agus a chur chun cinn.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás—

(a) cibé saoráidí agus seirbhísí de chineál tráchtála is cuí leis agus a bheidh comhlántach ar an gcampas spórt, lena n-áirítear cóiríocht chónaitheach, a fhorbairt agus a sholáthar ar an láithreán,

(b) socrú a dhéanamh le haon fhoras oideachais nó comhlacht eile a mbeidh spéis aige i saoráidí liachta agus taighde le haghaidh spóirt a fhorbairt ar an láithreán agus, más cuí, in áit eile chun saoráidí den sórt sin a fhorbairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Údarás,

(c) socrú a dhéanamh le comhlacht a bhfuil baint aige le spórt a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta chun an comhlacht d’úsáid an láithreáin nó cuid den láithreán, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Údarás, chun críche atá bainteach le spórt lena n-áirítear ceanncheathrú an chomhlachta a lonnú ann, agus

(d) socruithe a dhéanamh le haon duine, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, maidir leis an duine sin do sholáthar cúnamh airgeadais dó (cibé acu trí chistí a sholáthar nó oibreacha a ghabháil de láimh) chun aon saoráidí nó seirbhísí, nó iad araon, a fhorbairt nó a sholáthar ar an gcampas spórt agus chun an duine sin d’úsáid na saoráidí agus na seirbhísí sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás plean, le haghaidh campas spórt a fhorbairt ar an láithreán, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire, ar plean é ina luafar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) na saoráidí agus na seirbhísí a mbeidh forbairt le déanamh orthu ar an láithreán;

(b) na cúiseanna atá le gach saoráid agus seirbhís a áireamh sa phlean;

(c) an costas agus an clár ama le haghaidh na saoráidí agus na seirbhísí sin a fhorbairt; agus

(d) céimeanna forbartha an champais spórt.

(4) Féadfaidh an tÚdarás an plean arna ullmhú aige faoi fho-alt (3) a leasú ó am go ham le linn an campas spórt a fhorbairt ar an láithreán agus déanfaidh sé an plean arna leasú amhlaidh a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire.

(5) Déanfaidh an tÚdarás, roimh thosach gach céime d’fhorbairt an champais spórt ar an láithreán a bheidh sonraithe sa phlean arna cheadú ag an Aire faoi fho-alt (3) (4), plean mionsonraithe maidir leis an gcéim sin den fhorbairt a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire, ar plean mionsonraithe é ina luafar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) na saoráidí agus na seirbhísí a bheidh le forbairt ar an láithreán le linn na céime sin;

(b) costas na céime sin; agus

(c) an clár ama le haghaidh an chéim sin a fhorbairt.

(6) Le linn plean a ullmhú nó a leasú lena chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire faoi fho-alt (3),(4) (5), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le Comhairle Spóirt na hÉireann agus le cibé comhlachtaí eile is cuí leis is comhlachtaí a bhfuil baint acu le spórt a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta.

(7) Féadfaidh an tAire plean a chuirfidh an tÚdarás faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (3), (4) (5) a cheadú, fara cibé modhnuithe is cuí leis nó léi (más ann).

(8) Déanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia, tráth a ordóidh an Rialtas dó nó di déanamh amhlaidh, eastát agus leas uile an Aire sin den Rialtas sa talamh a thuairiscítear i Sceideal 1, nó sa chuid di a shonrófar san ordachán, a thíolacadh don Údarás ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus atá ar marthain agus inchomhlíonta agus, go dtí go ndéanfar an tíolacadh sin, toilíonn an tAire sin den Rialtas le forbairt na talún sin, nó an chuid sin di, ag an Údarás de réir an Achta seo.

(9) San alt seo, ciallaíonn “campas spórt” campas saoráidí le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt, cibé acu ar an taobh istigh nó amuigh faoin aer, agus saoráidí agus seirbhísí chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear an tIonad Náisiúnta Uisce agus féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh ann airéine laistigh, páirceanna imeartha, saoráidí traenála spóirt, staidiam peile, saoráidí riaracháin le haghaidh spóirt agus saoráidí liachta agus taighde le haghaidh spóirt.

Cumhachtaí an Údaráis.

8 .— (1) Faoi réir an Achta seo, beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir atá riachtanach nó fóirsteanach chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, comhaontuithe a dhéanamh le daoine eile d’fhonn feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh, cibé acu trí léas, trí lamháltas nó ar aon mhodh eile.

(3) Féadfaidh an tÚdarás glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais, téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir fad nach mbeidh na hiontaobhais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a bhaineann leis na bronntanais sin ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis agus fad a bheidh siad ar comhréir le nósanna imeachta cuntasaíochta an Rialtais.

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé muirir a ghearradh is dóigh leis is cuí, ar aon duine seachas an tAire, i gcomaoin chomhlíonadh a fheidhmeanna, as seirbhísí arna dtabhairt aige agus as gníomhaíochtaí arna seoladh aige agus déanfaidh sé fáltais ó na muirir sin a thaifeadadh mar ioncam.

(5) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoin alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici.

(6) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir aon ordacháin a thabharfaidh an tAire dó ó am go ham, sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú.

Comhaltas an Údaráis agus téarmaí agus coinníollacha comhaltais.

9 .— (1) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an Údarás:

(a) cathaoirleach; agus

(b) 12 ghnáthchomhalta.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh comhalta den Údarás agus is duine an comhalta sin, i dtuairim an Aire, a bhfuil taithí aige nó aici ar nithe, nó a bhfuil cumas léirithe aige nó aici i leith nithe, is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis.

(3) Déanfaidh an tAire, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do thaithí iomchuí na ndaoine lena mbaineann, a áirithiú go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh an Údaráis.

(4) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.

(5) Beidh na daoine a chéadcheapfar chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Údarás i seilbh oifige mar a leanas:

(a) beidh ceathrar de na comhaltaí sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse 3 bliana ó dháta a gceaptha;

(b) beidh ceathrar de na comhaltaí sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta a gceaptha; agus

(c) beidh an chuid eile de na comhaltaí i seilbh oifige ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta a gceaptha.

(6) Déanfar na comhaltaí den Údarás a bheidh i seilbh oifige ar feadh na dtréimhsí a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (5) a chinneadh trí chrannchur a dhéanfar ar cibé slí a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fho-alt (5), beidh aon duine a cheapfar de bhun an ailt seo chun bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Údarás i seilbh oifige ar feadh na tréimhse 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.

(8) D’ainneoin fho-ailt (5) go (7), beidh gnáthchomhalta den Údarás a cheapfar faoi fho-alt (2) i seilbh oifige go dtí go gceapfaidh an tAire duine chun ionad an duine sin a ghlacadh mar chomhalta den sórt sin den Údarás, mura túisce a éagfaidh sé nó sí, nó a thiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe le haghaidh oifige, nó a éireoidh sé nó sí as nó a chuirtear é nó í as oifig.

(9) Faoi réir alt 12, beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire.

(10) Beidh duine dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú mar chomhalta den Údarás nó de choiste—

(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) má dhéanann sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe,

(c) má chiontaítear é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu is i ndáil le cuideachta é nó nach ea,

(d) má chiontaítear é nó í i gcion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(e) má tá dearbhú faoi alt 150 d’Acht na gCuideachtaí 1990 déanta ina choinne nó ina coinne nó má tá sé nó sí faoi réir ordaithe dícháilíochta, nó má mheastar é nó í a bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta, de bhua Chuid VII den Acht sin, nó

(f) más rud é go bhfuil easaontacht leasa aige nó aici atá chomh suntasach sin gur gá, i dtuairim an Aire, nach sealbhódh sé nó sí an oifig sin nó go scoirfeadh sé nó sí den oifig sin a shealbhú.

(11) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as oifig aon tráth trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(12) Féadfaidh an tAire aon tráth comhalta den Údarás a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire—

(a) gur tháinig an comhalta chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar dhualgais na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach,

(b) gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó

(c) go ndealróidh sé gur gá an comhalta a chur as oifig le go ndéanfar feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh go héifeachtach.

(13) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Údarás bás, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe le haghaidh oifige, gon-éireoidh sé nó sí as oifig nó go gcuirfear é nó í as oifig, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás chun an corrfholúntas iarmhartach a líonadh.

(14) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás faoi fho-alt (13) beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta den Údarás ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(15) Ní bheidh comhalta den Údarás a mbeidh 2 théarma as a chéile curtha isteach aige nó aici mar chomhalta den sórt sin in-athcheaptha.

(16) Chun críocha fho-alt (15), measfar téarma mar chomhalta den Údarás a bheith curtha isteach ag duine is cúis le corrfholúntas nó a líonfaidh corrfholúntas d’ainneoin nach raibh sé nó sí i seilbh oifige ach amháin ar feadh cuid den téarma.

(17) Faoi réir alt 10(3), féadfaidh an tÚdarás gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

Cruinnithe agus nós imeachta.

10 .— (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire, i gcomhairle le cathaoirleach an Údaráis, dáta, tráth agus ionad chéadchruinniú an Údaráis a shocrú.

(3) 5 is córam do chruinniú den Údarás.

(4) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Beidh vóta ag gach comhalta den Údarás (lena n-áirítear an cathaoirleach) a bheidh i láthair ag cruinniú den Údarás.

(6) Ag cruinniú den Údarás, déanfar aon cheist ar gá vótáil ina leith a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Údarás a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an tÚdarás, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Údaráis.

Coistí.

11 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás coistí a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dó maidir le nithe a bhaineann le haon cheann dá fheidhmeanna.

(2) Is iad a bheidh ar choiste cathaoirleach agus cibé líon comhaltaí eile a chinnfidh an tÚdarás agus féadfaidh daoine nach comhaltaí den Údarás nó daoine dá fhoireann a bheith ar choiste.

(3) Is é an tÚdarás a cheapfaidh an cathaoirleach agus na comhaltaí eile de choiste.

(4) Féadfaidh an tÚdarás comhalta de choiste a chur as comhaltas den choiste tráth ar bith.

(5) Féadfaidh an tÚdarás coiste a dhíscaoileadh tráth ar bith.

(6) Féadfaidh an tÚdarás nós imeachta agus gnó coiste a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coiste a nós imeachta agus a ghnó féin a rialáil.

(7) Féadfaidh coiste gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Údarás agus de choistí.

12 .— Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí (más ann) a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta den Údarás nó de choiste.

An Príomh-Fheidhmeannach.

13 .— (1) Beidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Príomh-Fheidhmeannach.

(2) Is é an tÚdarás a cheapfaidh an Príomh-Fheidhmeannach le ceadú an Aire agus féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, é nó í a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(3) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh, a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(4) Maidir leis an bPríomh-Fheidhmeannach—

(a) beidh sé nó sí i seilbh oifige faoi chonradh seirbhíse i scríbhinn ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa chonradh agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais i leith caiteachas agus aoisliúntas) a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus a shonrófar amhlaidh, agus

(b) íocfar é nó í as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás.

(5) Ní bheidh an Príomh-Fheidhmeannach ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste, ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta arna mbunú ag an Údarás nó ag coiste, de réir mar a bheidh, freastal ar chruinnithe den Údarás nó de choiste agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt ag cruinnithe den sórt sin agus comhairle a thabhairt dóibh.

(6) Ní shealbhóidh an Príomh-Fheidhmeannach aon oifig, ná ní bheidh aon phost eile aige nó aici, a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith, nó ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó, gan toiliú an Údaráis ná gan ceadú an Aire.

(7) Aon duine a bhí ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach, ní dhéanfaidh é nó sí, ar feadh tréimhse 12 mhí tar éis dó nó di éirí as oifig, nó tar éis é nó í a chur as oifig nó tar éis dó nó di scor den oifig, aon oifig nó fostaíocht a shealbhú, ná gníomhú mar shainchomhairleoir, i gcás gur dóigh dó nó di faisnéis a úsáid nó a nochtadh a bheidh faighte aige nó aici i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar Phríomh-Fheidhmeannach.

Foireann an Údaráis.

14 .— (1) Faoi réir alt 33, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh le bheith ina ndaoine d’fhoireann an Údaráis de réir mar a chinnfidh sé ó am go ham, agus

(b) gráid na foirne sin den Údarás agus an líon foirne i ngach grád a chinneadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth aon duine d’fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar dhuine dá fhoireann.

(3) Faoi réir alt 33, is éard a bheidh i dtéarmaí agus coinníollacha seirbhíse, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le liúntais i leith caiteachas (a íocfaidh an tÚdarás as airgead a bheidh faoina réir), daoine d’fhoireann an Údaráis cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá fhoireann a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

Aoisliúntas na foirne.

15 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis nó léi is cuí i ndáil le haoisliúntas daoine a cheapfar i bhfostaíocht an Údaráis faoi alt 14, nó a ghlacfar isteach i bhfostaíocht an Údaráis faoi alt 33.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé daoine dá fhoireann nó ina leith is cuí leis an Údarás, agus cuirfidh sé scéim den sórt sin i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Socróidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéim aoisliúntais agus cuirfidh sé scéim den sórt sin i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoin alt seo do dhaoine a thiocfaidh ar an lá bunaithe chun bheith ina ndaoine d’fhoireann an Údaráis faoi alt 33, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná iad sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá sin.

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás sochair aoisliúntais d’aon duine dá fhoireann nó ina leith, nó ní dhéanfaidh an tÚdarás aon socrú eile chun sochair den sórt sin a sholáthar do dhuine den sórt sin, ach amháin de réir scéime aoisliúntais nó, má cheadaíonn an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, sochair den sórt sin a dheonú, de réir an cheadaithe sin.

(7) Déanfar foráil le scéim aoisliúntais maidir le hachomharc i gcoinne cinnidh a bhaineann le sochair aoisliúntais is iníoctha faoin scéim.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara scéim aoisliúntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “ sochair aoisliúntais ” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha le duine nó ina leith ar scor dó nó di de bheith ina dhuine nó ina duine d’fhoireann an Údaráis;

ciallaíonn “ scéim aoisliúntais ” scéim aoisliúntais a dhéanfar faoi fho-alt (2)(4).

Leasanna a nochtadh.

16 .— (1) I gcás go mbeidh aon leas airgid nó leas tairbhiúil eile ag comhalta den Údarás nó de choiste, ag stiúrthóir fochuideachta, ag duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta nó ag sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh ar fostú ag an Údarás nó ag fochuideachta, in aon ní, nó atá ábhartha i leith aon ní, a bheidh le breithniú ag an Údarás, ag coiste nó ag fochuideachta—

(a) nochtfaidh sé nó sí cineál an leasa don Údarás, don choiste nó don fhochuideachta, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní,

(b) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bhaineann leis an ní,

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí páirt ar bith in aon bhreithniú ar an ní,

(d) tarraingeoidh sé nó sí siar ó aon chruinniú ag a mbeidh an ní á phlé nó á bhreithniú fad a bheidh sé á phlé nó á bhreithniú amhlaidh, agus

(e) más comhalta den Údarás nó de choiste nó más stiúrthóir ar fhochuideachta é nó í, ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí thairis sin mar chomhalta den sórt sin nó mar stiúrthóir den sórt sin i ndáil leis an ní.

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a) is comhalta de chuideachta nó d’aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil in aon ní, nó atá ábhartha i leith aon ní, dá dtagraítear san fho-alt sin an duine, nó aon ghaol bainteach de chuid an duine nó ainmnitheach de chuid ceachtar díobh;

(b) tá an duine nó aon ghaol bainteach de chuid an duine i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, a bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici in aon ní den sórt sin, nó atá ábhartha i leith aon ní den sórt sin;

(c) is páirtí in aon socrú nó in aon chomhaontú (cibé acu atá sé infhorfheidhmithe nó nach bhfuil) i dtaobh talún lena mbaineann aon ní den sórt sin an duine nó aon ghaol bainteach de chuid an duine;

(d) tá leas tairbhiúil ag aon ghaol bainteach in aon ní den sórt sin nó atá ábhartha i leith aon ní den sórt sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha i leith aon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2) atá chomh cianda nó chomh beagthábhachtach sin nach féidir é a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn aon cheist i leith an ní a bhreithniú nó a phlé, nó le linn vótáil ar aon cheist i leith an ní, nó le linn aon fheidhm a chomhlíonadh i leith an ní.

(4) Cinnfidh an tÚdarás aon cheist i dtaobh arbh ionann iompar áirithe ag duine, dá ndéanfadh sé é, agus mainneachtain aige nó aici fo-alt (1) a chomhlíonadh agus déanfar sonraí faoin gcinneadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe ag a ndéanfar an cinneadh.

(5) Má dhéantar nochtadh faoi fho-alt (1) ag cruinniú den Údarás, de choiste nó d’fhochuideachta, déanfar sonraí faoin nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(6) I gcás inar deimhin leis an Aire gur sháraigh comhalta den Údarás nó de choiste, nó stiúrthóir d’fhochuideachta fo-alt (1), féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi, an comhalta nó an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás ina gcuirtear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste nó ina stiúrthóir d’fhochuideachta.

(7) I gcás ina ndéanann duine seachas duine lena mbaineann fo-alt (6), sárú ar fho-alt (1), cinnfidh an tÚdarás nó, de réir mar is cuí, an fhochuideachta lena mbaineann, an beart cuí a bheidh le déanamh i ndáil leis an duine, lena n-áirítear conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh seirbhísí leis an duine a fhoirceannadh.

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 194 d’Acht na gCuideachtaí 1963 maidir le stiúrthóir fochuideachta.

(9) Ní mheasfar go ndéanfaidh aon ní san alt seo dochar d’oibriú aon rialach dlí lena gcuirtear srian ar stiúrthóirí cuideachta maidir le haon leas a bheith acu i gconarthaí leis an Údarás nó le fochuideachta.

(10) San alt seo ciallaíonn “gaol bainteach”, i ndáil le duine, céile, páirtnéir, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr, leanbh nó céile linbh leis an duine.

Nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda a thoirmeasc.

17 .— (1) Ní dhéanfaidh aon duine, mura rud é go n-údaraíonn an tÚdarás nó, de réir mar is cuí, fochuideachta dó nó di é, nó mura rud é go gceanglaítear air nó uirthi é de réir dlí, aon fhaisnéis rúnda a nochtadh a fuair sé nó sí ina cháil nó ina cáil mar aon duine díobh seo a leanas nó le linn dó nó di dualgais a fheidhmiú mar aon duine díobh:

(a) comhalta den Údarás nó de choiste;

(b) stiúrthóir fochuideachta;

(c) duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta;

(d) sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta, nó fostaí de chuid sainchomhairleora nó comhairleora den sórt sin; nó

(e) duine a bheidh fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta in aon cháil eile.

(2) I gcás inar deimhin leis an Aire gur sháraigh comhalta den Údarás nó de choiste nó stiúrthóir fochuideachta fo-alt (1), féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi é, an comhalta nó an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás ina gcuirfear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste nó ina stiúrthóir fochuideachta.

(3) I gcás ina sáróidh duine a luaitear i mír (c), (d) (e) d’fho-alt (1) an fo-alt sin, cinnfidh an tÚdarás nó, de réir mar is cuí, an fhochuideachta lena mbaineann an beart cuí a bheidh le déanamh i ndáil leis an duine, lena n-áirítear conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh seirbhísí leis an duine a fhoirceannadh.

(4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh faisnéise don Údarás nó, de réir mar is cuí, d’fhochuideachta, nó nochtadh faisnéise ag an Údarás nó thar ceann an Údaráis don Aire.

(5) San alt seo folaíonn “faisnéis rúnda”—

(a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an Údarás nó ag fochuideachta ina leith go bhfuil sí rúnda maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus

(b) faisnéis a bhainfidh le tograí de chineál tráchtála nó le tairiscintí a chuirfidh conraitheoir, sainchomhairleoir nó aon duine eile faoi bhráid an Údaráis nó fochuideachta.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil.

18 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta den Údarás nó de choiste, le stiúrthóir fochuideachta, leis an bPríomh-Fheidhmeannach nó le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa,

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó

(d) go ndéanfar é nó í a thoghadh nó a chomhthoghadh mar chomhalta d’údarás áitiúil,

air sin—

(i) i gcás duine den Údarás nó de choiste nó stiúrthóra fochuideachta nó an Phríomh-Fheidhmeannaigh, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó den choiste nó ina stiúrthóir ar an bhfochuideachta nó ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach, de réir mar a bheidh, agus

(ii) i gcás duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta, beidh sé nó sí ar iasacht ó fhostaíocht leis an Údarás nó leis an bhfochuideachta agus ní íocfaidh an tÚdarás nó an fhochuideachta leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás nó ón bhfochuideachta, aon luach saothair nó liúntais i leith caiteachas in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar amhlaidh é nó í, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa nó ar é nó í a thoghadh nó a chomhthoghadh amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint sin nó ina chomhalta nó ina comhalta den údarás áitiúil.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás nó le fochuideachta chun críocha aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi alt 15 nó ar shlí eile.

(3) Aon duine a bheidh, de thuras na huaire—

(a) i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) i dteideal faoi bhuanorduithe údaráis áitiúil suí mar chomhalta den údarás sin,

beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh faoi mhír (a)(c) nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin faoi mhír (b), dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste, ina stiúrthóir ar fhochuideachta nó ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach nó ina dhuine nó ina duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta.

(4) San alt seo ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 2001.

Airleacain ón Aire chuig an Údarás.

19 .— Déanfaidh an tAire, ó am go ham, cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a airleacan chuig an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críocha caiteachais ag an Údarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Cuntais agus iniúchtaí.

20 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách—

(a) ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an tÚdarás, agus

(b) ar mhaoin, sócmhainní agus dliteanais uile an Údaráis,

lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sé cibé cuntais speisialta (más ann) a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo agus a bheidh sínithe ag an bPríomh-Fheidhmeannach a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí, tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid an Údaráis lena mbaineann na cuntais.

(3) Déanfaidh an tÚdarás cóip de na cuntais, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 3 mhí dá éis sin, cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Aon uair a cheanglóidh an coiste de Dháil Éireann a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, air nó uirthi déanamh amhlaidh, tabharfaidh an Príomh-Fheidhmeannach fianaise don choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglófar a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais a bheidh faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglófar ar an bPríomh-Fheidhmeannach nó ar an Údarás a choimeád faoin alt seo,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a chuid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a fhearann ar an Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(5) Ní dhéanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach, le linn a dhualgais nó a dualgais faoi fho- alt (4) a chomhlíonadh, ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh tuillteanas cuspóirí beartais den sórt sin.

Freastal os comhair Coiste Oireachtais.

21 .— (1) Freastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair Coiste Oireachtais, ar iarraidh i scríbhinn ón gCoiste, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta an Údaráis, de réir mar a cheanglóidh an Coiste.

(2) San alt seo ciallaíonn “Coiste Oireachtais” coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar, seachas—

(a) an Coiste dá dtagraítear in alt 20(4),

(b) an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann, nó

(c) an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann,

nó fochoiste de chuid coiste den sórt sin.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire.

22 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Údaráis, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire faoina ghníomhaíochtaí le linn na bliana sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis dó nó di an tuarascáil a fháil.

(2) Beidh i dtuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis i cibé foirm agus maidir le cibé nithe a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an tÚdarás cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna nó comhairle i ndáil le haon ní a bhaineann leis na feidhmeanna sin, nó iad araon, de réir mar a iarrfaidh an tAire ó am go ham, a thabhairt don Aire.

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

23 .— Leasaítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 ar an lá bunaithe—

(a) trí “Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt,” a chur isteach i mír 1(2) den Chéad Sceideal, agus

(b) i gCuid I den Tríú Sceideal—

(i) trí “An tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006.” a chur isteach i gcolún (2), agus

(ii) trí “alt 17.” a chur isteach i gcolún (3) os coinne lua an Achta um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006 i gcolún (2).

Beartas an Rialtais agus ordacháin don Údarás.

24 .— Le linn don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh, tabharfaidh sé aird ar bheartas an Rialtais agus comhlíonfaidh sé aon ordachán ginearálta beartais a thabharfaidh an tAire dó ó am go ham.

Athnuachan ar léasanna, etc.

25 .— D’ainneoin aon fhorála sna hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005, tá an tÚdarás i dteideal toiliú—

(a) le hathnuachan ar léas nó ar chomhaontú tionóntachta maidir leis an láithreán nó maidir le haon chuid de,

(b) le foligean an láithreáin nó aon chuid de, nó

(c) le hathrú in úsáid an láithreáin nó aon chuid de,

a choimeád siar i gcás ina ndéanfadh an athnuachan sin, an foligean sin nó an t-athrú sin in úsáid, de réir mar a bheidh, dochar do bhainistiú nó d’oibriú an láithreáin.

Séala an Údaráis.

26 .— (1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(2) Déanfar séala an Údaráis a fhíordheimhniú—

(a) le síniú chathaoirleach an Údaráis nó comhalta eile den Údarás a bheith údaraithe ag an Údarás chuige sin, agus

(b) le síniú an Phríomh-Fheidhmeannaigh nó aon duine eile d’fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an Údarás chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise ionstraim a airbheartóidh gur ionstraim í a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

(4) Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d’fhorghníomhódh é nó í, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an Údarás chuige sin é nó í a dhéanamh nó fhorghníomhú thar ceann an Údaráis.

Socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha.

27 .— Faoi réir alt 7 den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le hAghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002, is údarás Stáit chun críocha an Achta sin an tÚdarás, agus, ar an lá bunaithe, leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin trí “Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt” a chur leis.

Fochuideachtaí, comhfhiontair, etc.

28 .— (1) Féadfaidh fochuideachta cibé feidhmeanna de chuid an Údaráis a chinnfidh an tÚdarás a chomhlíonadh agus dá réir sin, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, fochuideachta amháin nó níos mó a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil, chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta, ina aonar nó ina haonar nó i dteannta duine eile, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, foirmiú nó bunú cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh ann, nó comhfhiontar nó comhpháirtíocht a dhéanamh, chun aon cheann d’fheidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta, chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais fochuideachta i cibé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Údarás maidir le haon ní a bhaineann le fochuideachta agus déanfaidh an tÚdarás, nó áiritheoidh sé go ndéanfar, ordachán den sórt sin a chomhlíonadh.

(6) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo gan toiliú an Aire Airgeadais i ndáil le haon sócmhainní nó barrachais de chuid fochuideachta a dhiúscairt nó a aistriú.

(7) Maidir le fochuideachta de chuid na Cuideachta, measfar gur fochuideachta í arna foirmiú agus arna bunú ag an Údarás faoin alt seo ach déanfaidh fochuideachta den sórt sin an t-alt seo a chomhlíonadh agus, aon fhoráil ina meabhrán comhlachais agus ina hairteagail chomhlachais nach gcomhlíonann an t-alt seo, is foráil ar neamhní í go feadh mhéid an neamhchomhlíonta sin.

An tÚdarás agus fochuideachtaí d’fháil iasachtaí.

29 .— Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a fháil ar iasacht chun aon cheann d’fheidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh, ach ní dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Talamh a thíolacadh don Údarás.

30 .— (1) Féadfar talamh a thíolacadh faoi alt 7(8) i modh gníomhais tíolactha nó aistrithe, de réir mar is cuí, nó i modh ordaithe (dá ngairtear “ordú dílseacháin” san alt seo) arna dhéanamh ag an Aire Talmhaíochta agus Bia lena ndílsítear an talamh lena mbaineann san Údarás.

(2) Beidh ordú dílseacháin san fhoirm a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo agus a údaraítear dó nó di leis seo a dhéanamh agus beidh ag gabháil leis léarscáil den talamh lena mbaineann sé agus déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go ndéantar an talamh sin a dhílsiú don Údarás go feadh eastát agus leas uile an Aire Talmhaíochta agus Bia ann ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh sin agus a bheidh ar marthain agus is inchomhlíonta.

(3) Nuair a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia ordú dílseacháin faoin alt seo i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé nó sí faoi deara an t-ordú a sheoladh chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 agus, air sin, cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an tÚdarás a chlárú mar úinéir na talún sin de réir an ordaithe.

An tÚdarás d’fháil talún.

31 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás aon talamh atá tadhlach leis an láithreán nó aon leas sa talamh sin nó aon cheart thar an talamh sin a fháil go héigeantach, de réir mhíreanna 1 go 6 de Sceideal 2, chun bealach rochtana chuig an láithreán agus bealach amach as ón mbóthar poiblí agus go dtí an bóthar poiblí a sholáthar.

(2) (a) Beidh éifeacht le forálacha mhíreanna 7 agus 8 de Sceideal 2, más cuí, sna himthosca a shonraítear i bhfomhír 1 den mhír sin 7 chun talamh a dhílsiú don Údarás.

(b) Más rud é go ndéanfar ordú dílseacháin de bhua mhír 7 de Sceideal 2, ní dochar é sin, as féin, d’aon éileamh ar chúiteamh a dhéanfar tar éis an t-ordú a dhéanamh i leith aon eastáit nó leasa sa talamh nó aon chirt thar an talamh, nó aon chuid de, lena mbaineann an t-ordú agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha mhír 6 de Sceideal 2 maidir le héileamh den sórt sin.

(3) I bhfo-alt (1) tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shanntar dó in alt 2 d’Acht na mBóithre 1993.