An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Talamh atá suite i mBaile an Aba, i mBaile Uí Chuilinn, i mBaile Bhlainséir, sa Cheapóg, i mBaile an Deagánaigh, i gCnoc na gCaorach agus i Snugborough, ar i gContae Bhaile Átha Cliath dóibh go léir, agus ar leis an Aire Talmhaíochta agus Bia é )

19 2006

AN tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006

CUID 3

Forálacha Idirthréimhseacha

Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teoranta a dhíscaoileadh.

32 .— Díscaoiltear an Chuideachta le héifeacht ón lá bunaithe.

Fostaithe a aistriú.

33 .— Glacfaidh an tÚdarás isteach ina fhostaíocht ar an lá bunaithe, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá sin, ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Cuideachta ar théarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha sin ab infheidhme maidir leis an duine sin díreach roimh an lá sin.

Talamh agus maoin eile a aistriú.

34 .— (1) An talamh go léir a bhí dílsithe don Chuideachta, díreach roimh an lá bunaithe, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann leis an talamh sin nó a ghabhann leis, beidh siad, ar an lá sin, arna ndílsiú don Údarás gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh sé dílsithe don Chuideachta ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh sin agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.

(2) Ar an lá bunaithe, gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an lá sin, ina maoin de chuid na Cuideachta, beidh sí arna haistriú don Údarás gan aon aistriú nó sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistreofar le fo-alt (2), féadfaidh an tÚdarás, ar an lá bunaithe nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(4) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistreofar chuig an Údarás faoi fho-alt (2) agus a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, in ainm na Cuideachta, déanfar, ar iarraidh ón Údarás, é nó iad a aistriú isteach ina ainm.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

35 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid na Cuideachta a éireoidh de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne an Chuideachta roimh an lá bunaithe, beidh siad, ar an lá sin, arna n-aistriú chuig an Údarás.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig an Údarás, féadfaidh an tÚdarás, ar lá an bunaithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú ina ainm féin, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne an Údaráis, ina ainm féin, agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú sin a thabhairt do dhuine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.

Conarthaí láithreacha a choimeád ar marthain.

36 .— (1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó tugtha ag an gCuideachta d’aon duine, nó a bheidh déanta nó tugtha ag aon duine don Chuideachta, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn arna dhéanamh idir an Chuideachta agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe ná curtha i gcrích go hiomlán díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm an Údaráis in ionad ainm na Cuideachta iontu.

(2) Gach doiciméad eile arna dheonú nó arna dhéanamh ag an gCuideachta agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis amhail is gurbh é an tÚdarás a dheonaigh nó a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

Imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh agus ar páirtí iontu an Chuideachta.

37 .— Cuirfear ainm an Údaráis in ionad ainm na Cuideachta in aon imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh díreach roimh an lá bunaithe agus ar páirtí iontu an Chuideachta, agus ní rachaidh na himeachtaí sin ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

Díolúine ó dhleacht stampa.

38 .— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim faoina ndéanfar aon talamh nó aon leas in aon talamh nó aon cheart thairis a thíolacadh don Údarás nó a dhílsiú dó faoin Acht seo.

Bailíochtú na cumhachta chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú agus a aistriú.

39 .— Beidh ag an Taoiseach, ag an Aire Airgeadais agus ag an Aire, agus measfar go raibh acu riamh, cumhacht chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú agus a aistriú agus, maidir le bunú na Cuideachta, beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí éifeachtúil céanna is dá mbeadh an chumhacht sin acu tráth a bunaithe.