|
|||||
|
AN tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 2 Forálacha a bhaineann le Fáil Éigeantach | |
[EN] | Alt 31. | |
[EN] | 1. (1) I gcás ina mbeartóidh an tÚdarás aon talamh nó aon leas i dtalamh nó aon cheart thar thalamh a fháil go héigeantach faoi alt 31, déanfaidh an tÚdarás iarratas chuig an Aire ar ordú faoi mhír 2 á údarú don Údarás an talamh a fháil, nó an ceart a fháil nó a úsáid, go héigeantach, agus beidh ag gabháil leis an iarratas cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an tÚdarás fógra a fhoilsiú, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i dtaobh an iarratais, i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na talún lena mbaineann agus déanfaidh sé cóip den fhógra a sheirbheáil ar gach duine ar dealraitheach don Údarás go bhfuil eastát nó leas aige nó aici sa talamh, a mhéid a bheidh sé indéanta go réasúnach na daoine sin a fhionnadh. | |
[EN] | (3) Beidh san fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (2) foráil lena gcuirtear in iúl do dhaoine a bhfuil eastát nó leas acu sa talamh lena mbaineann go bhfuil ceart acu agóid a thaisceadh leis an Aire, laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh an tÚdarás an t-iarratas, in aghaidh ordú a dhéanamh faoi mhír 2 i ndáil leis an talamh agus sonróidh sé na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a thaiscfear de réir mhír 5 a iniúchadh. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire aon agóid in aghaidh iarratas an Údaráis a thaiscfear leis nó léi laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (3) a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis nó léi i ndáil leis an gcéanna. | |
[EN] | 2. I gcás nach dtaiscfear aon agóid in aghaidh iarratas an Údaráis leis an Aire laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1(3) nó i gcás ina ndiúltóidh sé nó sí d’aon agóid den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ordú (dá ngairtear “ordú fála” sa Sceideal seo) á údarú don Údarás an talamh nó an ceart lena mbaineann a fháil go héigeantach de réir théarmaí a iarratais nó faoi réir cibé modhnuithe, más ann, a chinnfidh sé nó sí agus a shonróidh sé nó sí san ordú fála. | |
[EN] | 3. (1) Aon tráth tar éis ordú fála a dhéanamh agus roimh thíolacadh nó fionnadh praghais, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir na míre seo, dul isteach ar an talamh a bheidh le fáil agus seilbh a ghlacadh air nó an ceart a bheidh le fáil a fheidhmiú. | |
[EN] | (2) Maidir leis an Údarás— | |
[EN] | (a) ní rachaidh sé isteach ar aon talamh nó ní ghlacfaidh sé seilbh air faoin mír seo gan fógra i scríbhinn a thabhairt d’áititheoir na talún mí amháin ar a laghad roimh ré go bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, | |
[EN] | (b) ní dhéanfaidh sé aon cheart faoin mír seo a fheidhmiú gan fógra i scríbhinn a thabhairt mí amháin ar a laghad roimh ré d’áititheoir na talún ar ina leith a bheidh an ceart le feidhmiú go bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh. | |
[EN] | 4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach litreach a bheidh dírithe chuige nó chuici ag a ghnáthsheoladh nó a gnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige nó aici. | |
[EN] | (2) Más rud é, ar aon chúis, nach bhféadfar an clúdach litreach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a sheirbheáil ar an duine dá bhfuil sé beartaithe trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach litreach a bheidh dírithe chuig “an t-áititheoir” gan a ainm nó a hainm a lua ag an talamh lena mbaineann an fógra. | |
[EN] | 5. (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo. | |
[EN] | (2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthanach ó thaobh cainníochta agus gné chun go dtaispeánfaidh siad ar leorscálaí an talamh nó an ceart a bheartaítear a fháil. | |
[EN] | (3) Tabharfaidh na leabhair thagartha ainmneacha úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme agus áititheoirí na talún a bheartaítear a fháil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú. | |
[EN] | (4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i cibé áit nó áiteanna is dóigh leis an Údarás, le toiliú an Aire, a bheith oiriúnach agus coimeádfar i dtaisce iad amhlaidh ar feadh míosa amháin ar a laghad agus fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh, beidh siad ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon duine, saor in aisce, idir 10 a chlog ar maidin agus 4 a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí. | |
[EN] | 6. (1) Cheal comhaontú, is faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919 a shocrófar méid an phraghais a bheidh le híoc ag an Údarás ar aon talamh a gheofar de bhun ordú fála leis na daoine uile agus faoi seach a bheidh ina theideal nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann nó a bheidh le híoc ar aon cheart a gheofar de bhun ordú fála leis na daoine uile agus faoi seach ag a bhfuil teideal chun na talún nó eastáit nó leasanna sa talamh ar ina leith a bheidh an ceart á fheidhmiú. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act 1845 maidir leis an bpraghas sin agus, faoi réir mhíreanna 7 agus 8, maidir leis an talamh nó leis an gceart a gheofar a thíolacadh don Údarás agus measfar, chun na forálacha sin a fheidhmiú, gurb é an tÚdarás tionscnóirí an ghnóthais. | |
[EN] | 7. (1) I gcás ina mbeidh an tÚdarás tar éis dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar thalamh de réir mhír 3 agus gur deimhin leis an Aire— | |
[EN] | (a) nach ndearnadh na leasanna leithleacha sa talamh a thíolacadh don Údarás nó a aistriú chuige, | |
[EN] | (b) go bhfuil géarghá ann, i dtaca leis na críocha dá bhfuil an tÚdarás údaraithe an talamh a fháil go héigeantach, gur ceart fáil na talún a thabhairt chun críche, agus | |
[EN] | (c) go bhfuil tairiscint chuí déanta i scríbhinn ag an Údarás do gach duine ag a bhfuil leas sa talamh agus a mbeidh sonraí dóthanacha tugtha i dtaobh a leasa aige nó aici chun a chumasú don Údarás tairiscint chuí a dhéanamh i leith an leasa sin, | |
[EN] | ansin féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú dílseacháin” sa Sceideal seo) lena ndílseofar an talamh don Údarás. | |
[EN] | (2) Más rud é, roimh an ordú dílseacháin a dhéanamh, go dtiocfaidh an tAire nó an tÚdarás ar an eolas go bhfuil an talamh a bheidh le fáil leis an ordú faoi réir (cibé acu go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir i leith dleachta eastáit, dleachta comharbais nó cánach oidhreachta is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an tAire nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, in iúl láithreach don Aire Talmhaíochta agus Bia, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go mbeartaítear an t-ordú a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh ordú dílseacháin déanta, déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 7 lá tar éis fógra a fháil ón Aire i dtaobh an t-ordú a dhéanamh— | |
[EN] | (a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na talún lena mbaineann an t-ordú, á rá go bhfuil an t-ordú déanta, ag tuairisciú na talún sin agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus | |
[EN] | (b) fógra, á rá go bhfuil an t-ordú sin déanta agus cén éifeacht atá leis an ordú, a sheirbheáil ar gach duine a dhealróidh dó leas a bheith aige nó aici sa talamh lena mbaineann an t-ordú. | |
[EN] | 8. (1) Is san fhoirm a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Sceideal seo agus a údaraítear leis seo dó nó di a dhéanamh a bheidh ordú dílseacháin agus beidh i gceangal leis léarscáil den talamh lena mbaineann sé agus déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go ndéantar an talamh sin a dhílsiú don Údarás i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál (seachas aon cheart slí poiblí) ar dháta sonraithe nach luaithe ná 21 lá tar éis an t-ordú dílseacháin a dhéanamh. | |
[EN] | (2) D’ainneoin aon ní i bhfomhír (1), i gcás ina mbeidh an tÚdarás tar éis talamh a fháil, le hordú dílseacháin, is talamh atá, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta, agus sin amháin, a bheidh inti) is iníoctha leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an tÚdarás chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas, amhail ón dáta a dhílseofar an talamh dó leis an ordú dílseacháin, chun an tsuim bhliantúil nó cibé cuid di a chionroinnfidh an tAire Talmhaíochta agus Bia nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, a íoc leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh amhail is dá ndéanfadh úinéir na talún an talamh a thíolacadh chuig an Údarás ar an dáta sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú dílseacháin i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé nó sí faoi deara an t-ordú a chur chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an tÚdarás a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe. |