An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach )

21 2006

An tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar an tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach 2006 a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ comhlacht ” comhlacht arna bhunú leis an Acht seo nó faoi;

ciallaíonn “ Ionad ” an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta a bhunaítear le halt 6(2);

ciallaíonn “ Príomh-Oifigeach ” príomhoifigeach na hOifige;

ciallaíonn “ Comhairle ” an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach a bhunaítear le halt 6(2);

ciallaíonn “ Stiúrthóir ” stiúrthóir de chuid comhlachta (seachas an Oifig);

ciallaíonn “ Fóram ” an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach a bhunaítear le halt 6(2);

ciallaíonn “ Oifig ” an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach a bhunaítear le halt 6(1);

ciallaíonn “ comhpháirtithe sóisialacha ” daoine a ghlacann páirt i socruithe arna gcur i bhfeidhm ag an Rialtas chun cúnamh a thabhairt i dtaca le beartas eacnamaíoch agus sóisialach a fhoirmiú, agus is dóigh leis an Taoiseach a bheith ionadaitheach do na príomh-earnálacha seo a leanas, eadhon, gnó agus fostóirí, ceardchumainn, feirmeoireacht agus na hearnálacha pobail agus deonacha agus, go háirithe, na heagraíochtaí nó na daoine sin a dhéanann socruithe a cheadaíonn an Rialtas, ó am go ham, chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialach a chur chun cinn trí chomhordú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí faoi seach, agus déanfar “comhpháirtíocht shóisialach” a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “ sochair aoisliúntais ” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

An lá bunaithe.

3 .— Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Orduithe agus dréacht-orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais

4 .— Déanfar dréacht de gach ordú a bheartaítear a dhéanamh faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.