|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Forálacha Idirthréimhseacha. ) |
An tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach | |
An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach a bhunú arb éard a bheidh inti an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach agus an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta. |
6 .— (1) Ar an lá bunaithe, beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar the National Economic and Social Development Office nó, sa Ghaeilge, an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach agus dá ngairtear an Oifig san Acht seo, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Ar an lá bunaithe, déanfar na comhlachtaí seo a leanas a bhunú laistigh den Oifig, ar comhlachtaí iad ar a dtabharfar— | |
[EN] | (a) the National Economic and Social Council nó, sa Ghaeilge, an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, agus dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo, | |
[EN] | (b) the National Economic and Social Forum nó, sa Ghaeilge, an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, agus dá ngairtear an Fóram san Acht seo, agus | |
[EN] | (c) the National Centre for Partnership and Performance nó, sa Ghaeilge, an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta, agus dá ngairtear an tIonad san Acht seo, | |
[EN] | chun na feidhmeanna a thugtar dóibh leis an Acht seo a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Beidh an Oifig ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |
[EN] | (4) Beidh ag an Oifig agus ag gach comhlacht a bhunófar faoi fho-alt (2) agus alt 7 na cumhachtaí sin go léir is gá chun a feidhmeanna nó a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhann le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin. | |
Comhlachtaí eile a bhunú laistigh den Oifig. |
7 .— (1) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le haon Aire eile den Rialtas is iomchuí leis nó léi, cibé comhlachtaí eile is cuí leis nó léi a bhunú laistigh den Oifig chun comhairle agus tuarascálacha a ullmhú ar aon ghné d’aon ní a bhaineann le feidhmeanna na hOifige. | |
[EN] | (2) Maidir le comhlacht a bhunófar le hordú faoi fho-alt (1), tabharfar cibé teideal air a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (3) Maidir le hordú faoi fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) sonrófar feidhmeanna an chomhlachta ann, agus | |
[EN] | (b) beidh cibé forálacha ann is cuí leis an Taoiseach i ndáil leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) líon chomhaltaí an chomhlachta arna bhunú leis an ordú, | |
[EN] | (ii) modh a gceaptha, agus | |
[EN] | (iii) faoi réir alt 18(1), an fad ama a sealbhóidh siad oifig lena linn. | |
[EN] | (4) Beidh ag aon chomhlacht a bhunófar faoin alt seo na cumhachtaí sin go léir is gá chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhann le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Taoiseach, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a bhfuil ionadaíocht aige nó aici ar an gcomhlacht lena mbaineann, ordú faoi fho-alt (1) a leasú nó a chúlghairm. | |
Feidhmeanna na hOifige. |
8 .— (1) Is í feidhm na hOifige comhairle a thabhairt don Taoiseach maidir leis na nithe straitéiseacha go léir a bhaineann le forbairt eacnamaíoch agus shóisialach sa Stát. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an Oifig a feidhm a chomhlíonadh faoin bhfo-alt sin— | |
[EN] | (a) trí chláir chomhlántacha maidir le taighde, anailís agus díospóireachtaí ag an gComhairle, ag an bhFóram, ag an Ionad agus ag aon chomhlacht a bhunófar faoi alt 7 a éascú agus a chur chun cinn, | |
[EN] | (b) trí sheirbhísí comhroinnte riaracháin agus tacaíochta a chur ar fáil don Chomhairle, don Fhóram, don Ionad agus d’aon chomhlacht a bhunófar faoi alt 7, | |
[EN] | (c) trí aon tuarascálacha, moltaí nó tátail ó chomhlacht a thabharfar di agus a éireoidh as aon taighde, suirbhé nó staidéar arna dhéanamh ag comhlacht den sórt sin a chur faoi bhráid an Rialtais, agus | |
[EN] | (d) trí shocrú a dhéanamh maidir le foilsiú tuarascálacha, moltaí nó tátal den sórt sin ón gcomhlacht sin. | |
Feidhmeanna na Comhairle. |
9 .— (1) Is iad feidhmeanna na Comhairle anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna straitéiseacha a bhaineann le forbairt éifeachtúil an gheilleagair agus le ceartas sóisialach a bhaint amach agus le creat straitéiseach a fhorbairt chun caidreamh a sheoladh, agus comhaontuithe a chaibidliú, idir an Rialtas agus na comhpháirtithe sóisialacha agus tuairisciú don Taoiseach maidir leis an gcéanna. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an gComhairle, feidhmeanna na Comhairle faoi fho-alt (1) a leasú nó feidhmeanna breise a thabhairt di ar feidhmeanna iad atá bainteach le gníomhaíochtaí na hOifige. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an gComhairle, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (4) Aon tuarascáil a thabharfar don Taoiseach faoi fho-alt (1), féadfar í a thabhairt ar iarraidh ón Taoiseach nó ar thionscnamh na Comhairle. | |
Feidhmeanna an Fhóraim. |
10 .— (1) Is iad seo a leanas feidhmeanna an Fhóraim— | |
[EN] | (a) comhairle a thabhairt don Taoiseach maidir le beartais chun comhionannas agus uilechuimsitheacht shóisialach níos leithne a bhaint amach, agus maidir le cibé nithe eile a shonróidh an Taoiseach i gcomhthéacs socruithe comhpháirtíochta sóisialaí trí chláir agus beartais iomchuí a anailísiú agus trí fhaireachán agus measúnú a dhéanamh orthu, agus | |
[EN] | (b) comhairliúchán poiblí ar nithe a bhaineann le beartas agus a tharchuirfidh an Rialtas chuige, ó am go ham, a éascú. | |
[EN] | (2) Le linn comhairle a ullmhú faoi fho-alt (1), féadfaidh an Fóram tuarascálacha ar obair agus ar thátail de chuid meithleacha a mbeidh a gcomhaltaí roghnaithe ó na heagraíochtaí agus ó oifigigh aon Aire den Rialtas nó ó aon duine ag a mbeidh ionadaíocht ar an bhFóram a chur san áireamh. | |
[EN] | (3) Le linn a fheidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, beidh aird ag an bhFóram ar thuairimí na gcomhpháirtithe sóisialacha i ndáil le saincheisteanna a éireoidh as aon chomhaontú a bheidh déanta idir iad agus an Rialtas a chur i bhfeidhm. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an bhFóram, feidhmeanna an Fhóraim faoi fho-alt (1) a leasú nó feidhmeanna breise a thabhairt dó ar feidhmeanna iad a bhaineann le gníomhaíochtaí na hOifige. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an bhFóram, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (6) Aon chomhairle a thabharfar don Taoiseach faoi fho-alt (1), féadfar í a thabhairt ar iarraidh ón Taoiseach nó ar thionscnamh an Fhóraim. | |
Feidhmeanna an Ionaid. |
11 .— (1) Is iad seo a leanas feidhmeanna an Ionaid— | |
[EN] | (a) tacú le hathrú eagrúcháin agus nuálaíocht atá bunaithe ar chomhpháirtíocht, agus an méid sin a éascú, d’fhonn feidhmíocht fheabhsaithe agus gnóchain fhrithpháirteacha a thabhairt i gcrích, agus | |
[EN] | (b) cuidiú a thabhairt i ndáil le hiomaíochas náisiúnta, seirbhísí poiblí níos fearr, caighdeáin mhaireachtála níos airde, cáilíocht beatha níos fearr agus forbairt a dhéanamh ar ionad oibre na todhchaí. | |
[EN] | (2) Tabharfaidh an tIonad comhairle don Taoiseach maidir le cibé nithe a bhaineann le doimhniú a dhéanamh ar chomhpháirtíocht san ionad oibre san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach de réir mar a shonróidh sé nó sí ó am go ham. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tIonad comhoibriú leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus le haon chomhlacht iomchuí eile i dtaca le maoiniú tionscnamh comhpháirtíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1). | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an Ionad, feidhmeanna an Ionaid faoi fho-alt (1) a leasú nó feidhmeanna breise a thabhairt dó ar feidhmeanna iad atá bainteach le gníomhaíochtaí na hOifige. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an Ionad, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |
Feidhmeanna a chomhlíonadh. |
12 .— Féadfaidh comhlacht aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta d’fhoireann na hOifige a bheidh údaraithe go cuí ag an gcomhlacht chuige sin. | |
Comhdhéanamh na hOifige. |
13 .— (1) Is é a bheidh san Oifig cathaoirligh agus leaschathaoirligh na Comhairle, an Fhóraim, an Ionaid agus aon chomhlachta eile arna bhunú faoi alt 7. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an Taoiseach duine amháin de na cathaoirligh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Oifig. | |
[EN] | (3) Ní bheidh téarma oifige chathaoirleach na hOifige níos giorra ná 2 bhliain ná níos faide ná 5 bliana. | |
[EN] | (4) Cinnfidh an Oifig cad is córam do chruinniú den Oifig. | |
Comhdhéanamh na Comhairle. |
14 .— (1) Is éard a bheidh sa Chomhairle cathaoirleach, leaschathaoirleach agus cibé líon gnáthchomhaltaí a chinnfidh an Taoiseach de réir fho-alt (3). | |
[EN] | (2) An Taoiseach a cheapfaidh comhaltaí na Comhairle. | |
[EN] | (3) Maidir le gnáthchomhaltaí na Comhairle— | |
[EN] | (a) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach do leasanna gnó agus fostóirí agus a bheidh páirteach i socruithe comhpháirtíochta sóisialaí, | |
[EN] | (b) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, | |
[EN] | (c) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach do leasanna feirmeoireachta agus talmhaíochta agus a bheidh páirteach i socruithe comhpháirtíochta sóisialaí, | |
[EN] | (d) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach don earnáil phobail agus dheonach agus a bheidh páirteach i socruithe comhpháirtíochta sóisialaí, | |
[EN] | (e) is seirbhísigh phoiblí iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad, a mbeidh ar a laghad— | |
[EN] | (i) duine amháin acu ionadaitheach don Taoiseach, agus | |
[EN] | (ii) duine amháin acu ionadaitheach don Aire Airgeadais, agus | |
[EN] | (f) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad, a mbeidh eolas, taithí agus scileanna acu a mheasfaidh an Taoiseach a bheith iomchuí maidir le feidhmeanna na Comhairle. | |
Comhdhéanamh an Fhóraim. |
15 .— (1) Is éard a bheidh san Fhóram cathaoirleach, leaschathaoirleach agus cibé líon gnáthchomhaltaí a chinnfidh an Taoiseach de réir fho-alt (3). | |
[EN] | (2) An Taoiseach a cheapfaidh comhaltaí an Fhóraim. | |
[EN] | (3) Maidir le gnáthchomhaltaí an Fhóraim— | |
[EN] | (a) is comhaltaí de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann iad 15 acu, | |
[EN] | (b) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach do leasanna gnó agus fostóirí agus a bheidh páirteach i socruithe comhpháirtíochta sóisialaí, | |
[EN] | (c) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, | |
[EN] | (d) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach do leasanna feirmeoireachta agus talmhaíochta agus a bheidh páirteach i socruithe comhpháirtíochta sóisialaí, | |
[EN] | (e) is daoine iad 10 acu ar a laghad agus 15 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach don earnáil phobail agus dheonach, go háirithe iad siúd a bhíonn ag plé le nithe a bhaineann le comhionannas agus uilechuimsitheacht shóisialach, | |
[EN] | (f) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach don chóras rialtais áitiúil, | |
[EN] | (g) is seirbhísigh phoiblí iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad, agus | |
[EN] | (h) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 5 acu ar a mhéad a mbeidh eolas, taithí agus scileanna acu a mheasfaidh an Taoiseach a bheith iomchuí maidir le feidhmeanna an Fhóraim. | |
Comhdhéanamh an Ionaid. |
16 .— (1) Is éard a bheidh san Ionad cathaoirleach, leaschathaoirleach agus cibé líon gnáthchomhaltaí a chinnfidh an Taoiseach de réir fho-alt (3). | |
[EN] | (2) An Taoiseach a cheapfaidh comhaltaí an Ionaid. | |
[EN] | (3) Maidir le gnáthchomhaltaí an Ionaid— | |
[EN] | (a) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 4 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe mar ionadaithe don Taoiseach, don Aire Airgeadais, don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus do cibé Aire eile den Rialtas a chinnfidh an Taoiseach, | |
[EN] | (b) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 4 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach do leasanna gnó agus fostóirí agus a bheidh páirteach i socruithe comhpháirtíochta sóisialaí, | |
[EN] | (c) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 4 acu ar a mhéad a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus | |
[EN] | (d) is daoine iad 3 acu ar a laghad agus 4 acu ar a mhéad a mbeidh eolas, taithí agus scileanna acu a mheasfaidh an Taoiseach a bheith iomchuí maidir le feidhmeanna an Ionaid. | |
Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, comhdhéanamh na Comhairle, an Fhóraim agus an Ionaid a athrú. |
17 .— (1) D’ainneoin ailt 14, 15 agus 16, féadfaidh an Taoiseach, le hordú, i gcás inar cuí leis nó léi déanamh amhlaidh sna himthosca, comhdhéanamh chomhaltaí na gcomhlachtaí seo a leanas aathrú— | |
[EN] | (a) an Chomhairle, in ionad a comhdhéanaimh ar fad nó aon chuid dá comhdhéanamh dá dtagraítear in alt 14(3), | |
[EN] | (b) an Fóram, in ionad a chomhdhéanaimh ar fad nó aon chuid dá chomhdhéanamh dá dtagraítear in alt 15(3), | |
[EN] | (c) an tIonad, in ionad a chomhdhéanaimh ar fad nó aon chuid dá chomhdhéanamh dá dtagraítear in alt 16(3). | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Taoiseach ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
Coinníollacha comhaltais. |
18 .— (1) Is éard a bheidh i dtéarma oifige gnáthchomhalta comhlachta 2 bhliain ar a laghad agus 5 bliana ar a mhéad. | |
[EN] | (2) Ainmneoidh an Taoiseach aon chomhalta amháin de chuid gach comhlachta chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcomhlacht sin. | |
[EN] | (3) Is éard a bheidh i dtéarma oifige cathaoirligh comhlachta 2 bhliain ar a laghad agus 5 bliana ar a mhéad. | |
[EN] | (4) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach comhlachta de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht, scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcomhlacht freisin. | |
[EN] | (5) Beidh gach comhalta de chomhlacht i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a íoc) a chinnfidh an Taoiseach an tráth a cheaptar an comhalta. | |
[EN] | (6) Íocfar le comhaltaí comhlachta cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas arna dtabhú acu a chinnfidh an Taoiseach ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (7) Beidh comhalta de chomhlacht dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin más rud é— | |
[EN] | (a) go scoirfidh sé nó sí de bheith ionadaitheach don chomhlacht nó don ghrúpa leasa a d’ainmnigh é nó í agus i gcás an scor sin a bheith curtha in iúl go cuí don Taoiseach ag an gcomhlacht iomchuí nó ag an ngrúpa leasa lena mbaineann, | |
[EN] | (b) i gcás an duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann ar an bhFóram, go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, | |
[EN] | (c) i gcás an duine a bheith ina ionadaí nó ina hionadaí don chóras rialtais áitiúil ar an bhFóram, go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, | |
[EN] | (d) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í, | |
[EN] | (e) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, | |
[EN] | (f) go gciontófar é nó í i gcion indíotáilte i ndáil le cuideachta, | |
[EN] | (g) go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, nó | |
[EN] | (h) go ndícháileofar nó go srianfar é nó í ó bheith ina stiúrthóir ar aon chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí). | |
[EN] | (8) Ní bheidh éifeacht le dícháiliúchán de bhun ordaithe ó chúirt, ar dícháiliúchán é dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(d), (f), (g) nó (h), go dtí go mbeidh an gnátham chun achomharc a dhéanamh i gcoinne aon ordaithe den sórt sin imithe in éag, nó má thaisctear achomharc laistigh den am sin, go dtí go ndéantar aon achomharc den sórt sin, nó aon achomharc eile ina choinne sin, a chinneadh. | |
[EN] | (9) Féadfaidh comhalta de chomhlacht éirí as a chomhaltas nó a comhaltas aon tráth trí litir a bheidh dírithe chun an Taoisigh agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir sin nó ar an dáta a gheobhaidh an Taoiseach an litir, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an Taoiseach comhalta de chomhlacht a chur as comhaltas an chomhlachta aon tráth ar chúiseanna sonraithe, más rud é, i dtuairim an Taoisigh, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don chomhlacht gur gá é nó í a chur as comhaltas le go gcomhlíonfadh an comhlacht a fheidhmeanna go héifeachtach. | |
[EN] | (11) Más rud é go bhfaighidh comhalta de chomhlacht bás, go n-éireoidh sé nó sí as, go scoirfidh sé nó sí, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear é nó í as oifig, féadfaidh an Taoiseach duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht chun an corrfholúntas a tharlaíonn amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna inar ceapadh an comhalta den chomhlacht ar dá bharr nó dá barr a tharlaíonn an corrfholúntas. | |
[EN] | (12) Beidh duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht de bhua na míre seo i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ar dá bharr nó dá barr a tharlaíonn an corrfholúntas a gceaptar é nó í lena líonadh agus beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chomhalta den chomhlacht. | |
[EN] | (13) Beidh comhalta de chomhlacht a rachaidh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais in éag le himeacht aimsire in-athcheaptha mar chomhalta den chomhlacht. | |
[EN] | (14) Déanfaidh an Taoiseach, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do thaithí iomchuí, a chinntiú go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh comhlachta. | |
Cruinniú de chomhlacht. |
19 .— (1) Tionólfaidh comhlacht cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Ag cruinniú de chomhlacht— | |
[EN] | (a) beidh cathaoirleach an chomhlachta, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn agus fad a bheidh cathaoirleach an chomhlachta as láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, beidh an leaschathaoirleach ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó mura mbeidh an leaschathaoirleach i láthair, toghfaidh na comhaltaí den chomhlacht a bheidh i láthair duine dá gcomhaltaí chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh comhlacht gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí. | |
[EN] | (4) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh comhlacht a nós imeachta agus a ghnó a rialáil le buanorduithe nó ar shlí eile. | |
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa. |
20 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta den Chomhairle, den Fhóram (faoi réir fho-alt (2)), den Ionad nó de chomhlacht arna bhunú faoi alt 7— | |
[EN] | (a) go n-ainmnítear é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
[EN] | (b) go dtoghtar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, | |
[EN] | (c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, nó | |
[EN] | (d) go dtagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001), | |
[EN] | scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle, den Fhóram, den Ionad nó den chomhlacht, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) níl feidhm ag míreanna (a) agus (b) maidir le comhalta den Fhóram lena mbaineann alt 15(3)(a) ar comhalta é nó í a ainmnítear mar chomhalta de Sheanad Éireann nó a thoghtar mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, agus | |
[EN] | (b) níl feidhm ag mír (d) maidir le comhalta den Fhóram lena mbaineann alt 15(3)(f) ar comhalta é nó í a thagann chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil. | |
[EN] | (3) Más rud é, maidir le duine d’fhoireann na hOifige— | |
[EN] | (a) go n-ainmnítear é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
[EN] | (b) go dtoghtar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó | |
[EN] | (c) go meastar, de bhun na Coda sin XIII, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, | |
[EN] | beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Oifig agus ní íocfaidh an Oifig leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Oifig, aon luach saothair nó liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmnítear nó a thoghtar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheastar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh), agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach nó ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin. | |
[EN] | (4) Duine atá de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle, den Fhóram (faoi réir fho-alt (5)), den Ionad nó de chomhlacht arna bhunú faoi alt 7 nó chun bheith ar fostú in aon cháil ag an Oifig. | |
[EN] | (5) Níl feidhm ag fo-alt (4) maidir le duine atá, de thuras na huaire, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, i dteideal suí sa Teach sin, ar duine é nó í a bhfuil feidhm ag alt 15(3)(a) maidir leis nó léi agus a cheaptar faoi alt 15(2) mar chomhalta den Fhóram. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfar aon tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) a áireamh, chun críocha aon sochair aoisliúntais, mar sheirbhís leis an Oifig. | |
Coistí. |
21 .— (1) Féadfaidh comhlacht coistí a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dó i ndáil le comhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna. | |
[EN] | (2) Féadfaidh comhlacht aon cheann dá fheidhmeanna a tharmligean chuig coiste a bhunaíonn sé, is feidhm ar dóigh leis gur fearr nó gur caoithiúla is féidir le coiste í a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh comhlacht na téarmaí tagartha i leith aon choiste a bhunaíonn sé a chinneadh agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a rialáil. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an comhlacht arb é a bhunaíonn coiste comhaltaí an choiste sin a cheapadh. | |
[EN] | (5) Is éard a bheidh i gcoiste cibé líon comhaltaí is cuí leis an gcomhlacht a bhunaíonn é. | |
[EN] | (6) Féadfaidh daoine nach comhaltaí de chomhlacht nó nach daoine d’fhoireann na hOifige a bheith ar choiste. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an comhlacht a bhunaíonn an coiste, aon tráth, comhalta den choiste sin a mhainníonn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe. | |
[EN] | (8) Féadfaidh comhlacht, aon tráth, coiste a bhunaíonn sé a dhíscaoileadh. | |
[EN] | (9) Féadfaidh comhlacht duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste a bhunaíonn sé. | |
[EN] | (10) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an gcomhlacht a bhunaíonn an coiste ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an comhlacht an gá le daingniú den sórt sin a ligean thar ceal. | |
[EN] | (11) Déanfar cibé liúntais a chinnfidh an Oifig, le toiliú an Taoisigh agus an Aire Airgeadais, a íoc as ioncam na hOifige le comhaltaí de choiste i leith caiteachas a thabhóidh siad i gcomhall a bhfeidhmeanna. | |
[EN] | (12) San alt seo ciallaíonn “coiste” coiste de chuid comhlachta ar coiste é a bhunaítear faoin alt seo. | |
Comhaltaí den Oifig nó de chomhlacht agus daoine den fhoireann do nochtadh leasanna. |
22 .— (1) Maidir le comhalta den Oifig nó de chomhlacht (seachas an Oifig) ag a bhfuil aon leas ábhartha nó airgeadais— | |
[EN] | (a) in aon chomhlacht corpraithe lena ndearna an Oifig conradh nó a mbeartaíonn an Oifig aon chonradh a dhéanamh leis, nó | |
[EN] | (b) in aon chonradh a rinne an Oifig nó a bheartaíonn an Oifig a dhéanamh, | |
[EN] | déanfaidh sé nó sí mar a leanas ag cruinniú den Oifig nó den chomhlacht ina n-éiríonn aon nithe den sórt sin— | |
[EN] | (i) nochtfaidh sé nó sí go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é, | |
[EN] | (ii) tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú nó ón gcuid sin den chruinniú ar lena linn a bheidh an ní á phlé, | |
[EN] | (iii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an Oifig nó an comhlacht, de réir mar a bheidh, maidir leis an ní, agus | |
[EN] | (iv) ní vótálfaidh sé nó sí ar chinneadh a bhaineann leis an ní. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar leas a nochtadh de bhun an ailt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní dhéanfar an duine a dhéanfaidh an nochtadh a áireamh sa chóram don chruinniú. | |
[EN] | (3) Más rud é, ag an gcruinniú lena mbaineann, go n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh duine é, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an chathaoirligh agus, i gcás ina gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe. | |
[EN] | (4) (a) Más deimhin leis an Taoiseach gur sháraigh comhalta den Oifig nó de chomhlacht fo-alt (1), féadfaidh an Taoiseach an comhalta sin a chur as oifig. | |
[EN] | (b) Aon duine a chuirfear as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht. | |
[EN] | (5) Aon duine d’fhoireann na hOifige ag a bhfuil aon leas ábhartha nó airgeadais (seachas ina cháil mar dhuine den sórt sin) ar leas é lena mbaineann fo-alt (1)— | |
[EN] | (a) nochtfaidh sé nó sí don Oifig go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é, agus | |
[EN] | (b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i gcaibidliú an chonartha nó in aon bhreithniú maidir leis an ní. | |
[EN] | (6) I gcás ina mainneoidh duine dá dtagraítear san alt seo nochtadh a dhéanamh de réir an ailt seo, cinnfidh an Oifig, i gcás ina mbaineann an ní leis an Oifig, nó an comhlacht áirithe, i gcás ina mbaineann an ní leis, an beart cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh. | |
Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh. |
23 .— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an chomhlachta iomchuí, aon fhaisnéis faoi rún a nochtadh ar faisnéis í a bheidh faighte aige nó aici le linn dualgais a chomhlíonadh, nó de thoradh dualgais a bheith comhlíonta aige nó aici— | |
[EN] | (a) mar chomhalta de chomhlacht, | |
[EN] | (b) mar dhuine d’fhoireann na hOifige (lena n-áirítear an Príomh-Oifigeach agus an Stiúrthóir), | |
[EN] | (c) mar chomhalta de choiste, | |
[EN] | (d) mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir do chomhlacht. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1), folaíonn “faisnéis faoi rún”— | |
[EN] | (a) faisnéis a mbeidh sé ráite ag an Oifig nó ag an Taoiseach ina leith go bhfuil sí faoi rún, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, | |
[EN] | (b) faisnéis tráchtála i ndáil le comhairleoirí nó sainchomhairleoirí nó aon duine eile. | |
[EN] | (3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh faisnéise i dtuarascáil a thabharfar do chomhlacht nó a thabharfar thar ceann comhlachta don Taoiseach. | |
[EN] | (5) Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i gCuid 1 i ndeireadh na Coda sin: | |
[EN] | (a) i gcolún (2), “An tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach 2006”, agus | |
[EN] | (b) i gcolún (3), “Alt 23”. | |
Príomh-Oifigeach na hOifige. |
24 .— (1) Beidh Príomh-Oifigeach (“Príomh-Oifigeach”) ar an Oifig. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an Príomh-Oifigeach riarachán agus gnó na hOifige a sheoladh agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Oifig. | |
[EN] | (3) Ní rachaidh téarma oifige an Phríomh-Oifigigh thar 5 bliana. | |
[EN] | (4) Beidh an Príomh-Oifigeach i seilbh oifige de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a cheadóidh an Taoiseach le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Íocfar leis an bPríomh-Oifigeach, as airgead a bheidh faoina réir ag an Oifig, cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chinnfidh an Taoiseach le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (6) An Taoiseach a cheapfaidh an Príomh-Oifigeach agus féadfaidh an Taoiseach é nó í a chur as oifig aon tráth. | |
[EN] | (7) Ní shealbhóidh an Príomh-Oifigeach aon oifig nó post eile gan toiliú na hOifige. | |
[EN] | (8) Féadfaidh cibé duine d’fhoireann na hOifige a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an Oifig feidhmeanna an Phríomh-Oifigigh a chomhlíonadh le linn dó nó di a bheith as láthair nó nuair a bheidh post an Phríomh-Oifigigh folamh. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an Príomh-Oifigeach tograí a dhéanamh chun na hOifige a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Oifigeach nó ina Príomh-Oifigeach uirthi maidir le haon ní a bhaineann lena gníomhaíochtaí. | |
[EN] | (10) Ní bheidh an Príomh-Oifigeach ina chomhalta nó ina comhalta d’aon chomhlacht. | |
[EN] | (11) Beidh an Príomh-Oifigeach in-athcheaptha mar Phríomh-Oifigeach. | |
Stiúrthóirí. |
25 .— (1) Beidh Príomh-Oifigeach (“Stiúrthóir”) ar gach comhlacht (seachas an Oifig). | |
[EN] | (2) Déanfaidh Stiúrthóir riarachán agus gnó an chomhlachta a bhfuil sé nó sí ceaptha chuige a sheoladh agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, ach sin faoi réir ordacháin ó chathaoirleach an chomhlachta agus ordacháin ón Oifig, de réir mar is cuí, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an comhlacht. | |
[EN] | (3) Ní rachaidh téarma oifige Stiúrthóra thar 5 bliana. | |
[EN] | (4) Beidh Stiúrthóir i seilbh oifige de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a cheadóidh an Taoiseach le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Íocfar le Stiúrthóir, as airgead a bheidh faoina réir ag an Oifig, cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chinnfidh an Taoiseach le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (6) An Taoiseach a cheapfaidh na chéad Stiúrthóirí agus féadfaidh an Taoiseach iad a chur as oifig aon tráth. Maidir le gach Stiúrthóir ina dhiaidh sin, is é an comhlacht a mbeidh sé nó sí ina Stiúrthóir air a cheapfaidh é nó í, le toiliú an Taoisigh, agus féadfaidh an comhlacht, le toiliú an Taoisigh, é nó í a chur as oifig aon tráth. | |
[EN] | (7) Féadfaidh cibé duine d’fhoireann an chomhlachta a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an gcomhlacht sin feidhmeanna Stiúrthóra a chomhlíonadh le linn don Stiúrthóir a bheith as láthair nó nuair a bheidh post an Stiúrthóra folamh. | |
[EN] | (8) Ní shealbhóidh Stiúrthóir aon oifig nó post eile gan toiliú an chomhlachta a bhfuil sé nó sí ina Stiúrthóir air. | |
[EN] | (9) Féadfaidh Stiúrthóir tograí a dhéanamh chun an chomhlachta a bhfuil sé nó sí ina Stiúrthóir air maidir le haon ní a bhaineann lena ghníomhaíochtaí. | |
[EN] | (10) Ní bheidh Stiúrthóir ina chomhalta nó ina comhalta d’aon chomhlacht. | |
[EN] | (11) Beidh Stiúrthóir in-athcheaptha mar Stiúrthóir ar an gcomhlacht a raibh sé nó sí ina Stiúrthóir air. | |
Foireann na hOifige. |
26 .— (1) Féadfaidh an Oifig cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí, le toiliú an Taoisigh agus an Aire Airgeadais, a cheapadh chun bheith ina ndaoine d’fhoireann na hOifige. | |
[EN] | (2) Íocfar le duine d’fhoireann na hOifige, as an airgead a bheidh faoina réir ag an Oifig, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí a chinnfidh an Oifig, le ceadú an Taoisigh, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Beidh duine d’fhoireann na hOifige i seilbh oifige nó fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Oifig, le toiliú an Taoisigh agus an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an Oifig na gráid d’fhoireann na hOifige agus an líon foirne i ngach grád a chinneadh, le toiliú an Taoisigh agus an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), maidir le duine a cheapfar chuig an Oifig faoi fho-alt (1), féadfar é nó í a cheapadh chun fónamh i cibé comhlacht is cuí leis an Oifig, agus beidh sé nó sí faoi réir ordachán ó Stiúrthóir an chomhlachta lena mbaineann. | |
[EN] | (6) Sula ndéanfaidh an Oifig duine a cheapadh faoi fho-alt (5) chun fónamh i gcomhlacht (seachas an Oifig) agus grád agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta an duine a chinneadh, rachaidh an Oifig i gcomhairle le Stiúrthóir an chomhlachta. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an Oifig, aon tráth, tar éis dul i gcomhairle leis an stiúrthóir lena mbaineann, aon oifigeach nó fostaí de chuid na hOifige a chur as oifig mar oifigeach nó mar fhostaí dá cuid, i gcás ina mainneoidh an t-oifigeach nó an fostaí sin a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go sásúil. | |
[EN] | (8) Maidir le duine d’fhoireann na hOifige a aistreofar faoi alt 42(1) agus a cheapfar faoi alt 42(2) chun fónamh i gcomhlacht áirithe, féadfar é nó í a cheapadh, le comhaontú an duine, chun fónamh i gcomhlacht eile. | |
[EN] | (9) Níl feidhm ag an alt seo maidir le Stiúrthóirí. | |
Aoisliúntas. |
27 .— (1) Déanfaidh an Oifig scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé daoine d’fhoireann na hOifige (lena n-áirítear na Stiúrthóirí) is cuí léi, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Taoisigh. | |
[EN] | (2) Socrófar le gach scéim faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
[EN] | (3) Féadfar gach scéim faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Taoisigh agus a cheadófar faoin alt seo. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an Oifig aon scéim a chuirfidh sí faoi bhráid an Taoisigh faoin alt seo, má cheadaíonn an Taoiseach í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí. | |
[EN] | (5) Ní dheonóidh an Oifig aon sochar aoisliúntais, ná ní dhéanfaidh an Oifig aon socruithe eile chun sochar den sórt sin a sholáthar, do dhuine d’fhoireann na hOifige nó ina leith seachas de réir scéime faoin alt seo nó le toiliú an Taoisigh agus an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (6) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh ó aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Taoisigh agus tarchuirfidh an Taoiseach í chuig an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Taoisigh agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin scéim. | |
Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí. |
28 .— Féadfaidh an Oifig, ó am go ham, ar iarraidh ó chomhlacht, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sí is gá chun feidhmeanna an chomhlachta sin a chomhlíonadh, agus déanfaidh an Oifig aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as airgead a bheidh faoina réir aici. | |
Airleacain ón Taoiseach chuig an Oifig. |
29 .— (1) Féadfaidh an Taoiseach, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críocha caiteachais ag an Oifig i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna a airleacan chuig an Oifig as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (2) Le linn airleacain a dhéanamh faoi fho-alt (1) luafaidh an Taoiseach an t-airgead a bheidh le soláthar chun gníomhaíochtaí gach comhlachta chomh maith leis na seirbhísí coitianta a sholáthraíonn an Oifig a mhaoiniú. | |
Séala na hOifige. |
30 .— (1) Soláthróidh an Oifig séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe. | |
[EN] | (2) Déanfar séala na hOifige a fhíordheimhniú le síniú na ndaoine seo a leanas— | |
[EN] | (a) beirt chomhalta den Oifig, | |
[EN] | (b) comhalta den Oifig agus oifigeach don Oifig, nó | |
[EN] | (c) beirt oifigeach don Oifig, | |
[EN] | a bheidh údaraithe ag an Oifig chun gníomhú chuige sin. | |
[EN] | (3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na hOifige agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Oifig agus a bheith séalaithe le séala na hOifige (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. | |
[EN] | (4) Féadfaidh duine d’fhoireann na hOifige nó duine a bheidh údaraithe ag an Oifig chuige sin i gcoitinne nó go speisialta aon chonradh nó ionstraim, nár ghá a bheith faoi shéala dá ndéanfadh nó dá bhforghníomhódh pearsa aonair é nó í, a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann na hOifige. | |
Cuntais agus iniúchtaí na hOifige. |
31 .— (1) Coimeádfaidh an Oifig, i cibé foirm a cheadóidh an Taoiseach le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Oifig nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an Taoiseach ó am go ham. | |
[EN] | (2) Maidir le cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfar, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid na hOifige lena mbaineann siad, iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile dá cuid cuntas (más ann) a ordóidh an Taoiseach agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Taoiseach a luaithe is féidir agus cuirfidh an Taoiseach faoi deara cóipeanna de gach ceann de na doiciméid réamhráite a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
An príomhoifigeach agus na stiúrthóirí do láithriú os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí agus Coistí Oireachtais eile. |
32 .— (1) Aon uair a dhéanfaidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, a cheangal air nó uirthi déanamh amhlaidh— | |
[EN] | (a) tabharfaidh an Príomh-Oifigeach fianaise don Choiste sin ar chaiteachas na hOifige, agus | |
[EN] | (b) tabharfaidh Stiúrthóir comhlachta fianaise don Choiste sin ar chaiteachas an chomhlachta a bhfuil sé nó sí ina Stiúrthóir air. | |
[EN] | (2) Ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi— | |
[EN] | (a) tabharfaidh an Príomh-Oifigeach cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna na hOifige, agus | |
[EN] | (b) tabharfaidh Stiúrthóir comhlachta cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna an chomhlachta a bhfuil sé nó sí ina Stiúrthóir air, | |
[EN] | do Choiste de Theach amháin den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais agus tabharfaidh sé nó sí aird ar aon mholtaí ón gCoiste sin is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin. | |
Plean straitéiseach. |
33 .— (1) Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an lae bunaithe, agus gach 3 bliana ar a laghad ón dáta a chuirfear an chéad ráiteas faoi bhráid an Taoisigh, déanfaidh an Oifig plean straitéiseach don Oifig a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Taoisigh lena cheadú, fara leasú nó gan leasú ag an Taoiseach. | |
[EN] | (2) Beidh plean straitéiseach do gach comhlacht i ngach plean straitéiseach a dhéanfaidh an Oifig a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Taoisigh faoi fho-alt (1). | |
[EN] | (3) Déanfaidh an Taoiseach plean straitéiseach a bheidh ceadaithe aige nó aici faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas chun díospóireacht a dhéanamh faoi ábhar an phlean. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an Oifig, a luaithe is féidir tar éis gach bliana airgeadais de chuid na hOifige, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí dá éis sin, tuarascáil ar dhul chun cinn, le linn na bliana sin, i ndáil leis an bplean straitéiseach, lena n-áirítear plean straitéiseach gach comhlachta, a chur faoi bhráid an Taoisigh chun a thuairim nó a tuairim a fháil ina leith agus, tar éis aon tuairim den sórt sin a fháil, cuirfidh sí an tuarascáil, lena n-áirítear aon tuairim den sórt sin, faoi bhráid an Choiste iomchuí den Oireachtas, agus aon uair a iarrfaidh an Coiste air nó uirthi déanamh amhlaidh— | |
[EN] | (a) déanfaidh an Príomh-Oifigeach, i ndáil le plean straitéiseach na hOifige, agus | |
[EN] | (b) déanfaidh Stiúrthóir comhlachta, i ndáil le plean straitéiseach an chomhlachta a bhfuil sé nó sí ina Stiúrthóir air, | |
[EN] | cuntas a thabhairt don Choiste ar an dul chun cinn, le linn na bliana, i ndáil leis an bplean agus tabharfaidh sé nó sí aird ar aon mholtaí ón gCoiste i leith an phlean straitéisigh. | |
[EN] | (5) San alt seo, ciallaíonn “Coiste iomchuí den Oireachtas” Coiste de Theach amháin den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe aon Tí den Oireachtas chun scrúdú a dhéanamh ar nithe a bhaineann leis an tSeirbhís Phoiblí agus tuarascáil a thabhairt do gach Teach acu sin ar an gcéanna. | |
Tuarascálacha agus faisnéis don Taoiseach. |
34 .— (1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na hOifige, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí dá éis sin, tabharfaidh an Oifig tuarascáil don Taoiseach faoina gníomhaíochtaí le linn na bliana agus cuirfidh an Taoiseach faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (2) Beidh i ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis maidir le gníomhaíochtaí na Comhairle, an Fhóraim, an Ionaid agus aon chomhlachta a bhunófar faoi alt 7 agus beidh sí i cibé foirm, agus bainfidh sí le cibé nithe, a ordóidh an Taoiseach. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an Oifig nó comhlacht, aon uair a iarrfaidh an Taoiseach amhlaidh, faisnéis a thabhairt dó nó di i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé nó sí maidir le scóip ghníomhaíochtaí na hOifige nó an chomhlachta, nó i ndáil leis an gcéanna. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an Oifig nó comhlacht cibé faisnéis i ndáil lena hioncam nó lena ioncam, agus i ndáil lena caiteachas nó lena chaiteachas, a thabhairt don Taoiseach de réir mar a éileoidh sé nó sí ó am go ham agus beidh an fhaisnéis sin i cibé foirm a éileoidh an Taoiseach amhlaidh. | |
Féadfaidh an Taoiseach an Chomhairle, an Fóram, an tIonad nó comhlacht a dhíscaoileadh. |
35 .— (1) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Oifig agus le haon Aire iomchuí den Rialtas a mbeidh ionadaíocht aige nó aici ar an gcomhlacht lena mbaineann, an Chomhairle, an Fóram, an tIonad nó aon chomhlacht arna bhunú faoi alt 7 a dhíscaoileadh. | |
[EN] | (2) Beidh in ordú faoin alt seo cibé forálacha a mheasfaidh an Taoiseach is gá nó is fóirsteanach de dhroim an díscaoilte. | |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997. |
36 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 tríd an méid seo a leanas a churisteach i ndiaidh “An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta,”: | |
[EN] | “An Oifig Náisiúnta d'Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach,”. |