|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach ) |
An tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Forálacha Idirthréimhseacha. | |
An NESC, an NESF agus an NCPP neamhreachtúil a dhíscaoileadh. |
37 .— (1) Ar an lá bunaithe beidh— | |
[EN] | (a) an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach a bunaíodh an 2 Samhain 1973, | |
[EN] | (b) an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach a bunaíodh an 23 Meitheamh 1993, agus | |
[EN] | (c) an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta a bunaíodh an 26 Iúil 2000, | |
[EN] | arna ndíscaoileadh. | |
[EN] | (2) Sa Chuid seo ciallaíonn “comhlacht díscaoilte” comhlacht arna dhíscaoileadh faoin alt seo. | |
Maoin eile a aistriú. |
38 .— An mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin de chuid comhlachta dhíscaoilte í díreach roimh an lá bunaithe, beidh sí, ar an lá sin, arna dílsiú don Oifig gan aon sannadh. | |
Cearta agus dliteanais a aistriú. |
39 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid comhlachta dhíscaoilte a éireoidh de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne an comhlacht sin roimh an lá bunaithe, beidh sé ar an lá sin arna aistriú chuig an Oifig. | |
[EN] | (2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an Oifig, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú faoina hainm féin, nó féadfar agra a dhéanamh, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú i gcoinne na hOifige, faoina hainm féin, agus ní gá don Oifig fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an alt seo. | |
Cuntais chríochnaitheacha comhlachtaí díscaoilte. |
40 .— (1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, déanfaidh an Oifig cuntais chríochnaitheacha gach comhlachta dhíscaoilte a tharraingt suas, i cibé foirm a cheadóidh an Taoiseach, i leith bhliain chuntasaíochta, nó cuid de bhliain chuntasaíochta, an chomhlachta dhíscaoilte dar críoch díreach roimh an lá bunaithe. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an Oifig, a luaithe is féidir, cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Taoiseach agus cuirfidh an Taoiseach faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
Imeachtaí dlí atá ar feitheamh. |
41 .— Aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh ar an lá bunaithe in aon chúirt nó binse ar páirtí iontu comhlacht díscaoilte, leanfar díobh, ach an Oifig a chur in ionad an pháirtí sin agus ní rachaidh siad ar ceal mar gheall ar an ionadú sin. | |
Foireann a aistriú. |
42 .— (1) Gach duine is duine d’fhoireann comhlachta dhíscaoilte ar an lá díreach roimh an lá bunaithe, beidh sé nó sí, ar an lá sin, arna aistriú nó arna haistriú chuig an Oifig, agus tiocfaidh sé nó sí, ar an lá sin, chun bheith ina dhuine nó ina duine d’fhoireann na hOifige. | |
[EN] | (2) Maidir le duine d’fhoireann comhlachta dhíscaoilte a aistreofar faoi fho-alt (1), ar comhlacht díscaoilte é dá dtagraítear— | |
[EN] | (a) in alt 37(1)(a), ceapfar é nó í chun fónamh sa Chomhairle, | |
[EN] | (b) in alt 37(1)(b), ceapfar é nó í chun fónamh san Fhóram, agus | |
[EN] | (c) in alt 37(1)(c), ceapfar é nó í chun fónamh san Ionad, | |
[EN] | mura rud é go gcomhaontóidh an duine a mhalairt faoi alt 26(8). | |
[EN] | (3) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís na hOifige, na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luach saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luach saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe. | |
[EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an Oifig chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta, nó dálaí oibre, fostaithe. |