22 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2006


AN tACHT UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Leasú ar alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (léiriú).

2 . Leasú ar alt 4 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (éilimh os comhair an Bhinse).

3 . Leasú ar alt 7 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Acht).

4 . Ailt nua 7A (achomhairc i gcoinne breitheanna iomchuí ó riarthóir scéime), 7B (cuntas speisialta do scéim árachais iomchuí), 7C (cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú) agus 7D (rúndacht nithe a bhaineann le héilitheoirí iomchuí) a chur isteach san Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997.

5 . Leasú ar alt 10 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (cuntas speisialta).

6 . Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (seirbhísí sláinte a sholáthar gan mhuirear do dhaoine áirithe a bhfuil heipitíteas C tolgtha acu).

7 . Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte (Leasú) 1996

1996, Uimh. 15

An tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997

1997, Uimh. 34

Na hAchtanna um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 agus 2002

An tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2002

2002, Uimh. 21

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2006


AN tACHT UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C 1997 AGUS 2002, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCÉIM ÁRACHAIS A BHUNÚ DÁ CHUMASÚ AICMÍ ÁIRITHE ÁRACHAIS A SHOLÁTHAR DO DHAOINE ÁIRITHE A FÁTHMHEASADH GO DEARFACH MAIDIR LE HEIPITÍTEAS C NÓ HIV IS AICMÍ ÁRACHAIS NACH mBEADH AR FÁIL DÓIBH THAIRIS SIN NÓ A BHEADH AR FÁIL DÓIBH ACH PRÉIMH NÍOS AIRDE A ÍOC AGUS DO DHÉANAMH LEASÚ GAOLMHAR AR AN ACHT SLÁINTE (LEASÚ) 1996.

[16 Iúil, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (léiriú).

1 .— Leasaítear alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “gníomhaireacht iomchuí”:

“ciallaíonn ‘éilitheoir iomchuí’ éilitheoir a bhféadfar aicme árachais a sholáthar dó nó di de bhun na scéime árachais iomchuí;

ciallaíonn ‘scéim árachais iomchuí’ an scéim árachais arna bunú de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 7(1)(d);

ciallaíonn ‘riarthóir scéime’ an duine a cheaptar de bhun alt 7(10) chun an scéim árachais iomchuí a riaradh;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fho-alt (1B), níl duine fáthmheasta go dearfach maidir le Heipitíteas C chun críocha an Achta seo mura rud é—

(a) go bhfuil an fáthmheas—

(i) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as measúnacht imdhíonsúiteachta einsímnasctha, nó

(ii) i gcás measúnachta imdhíonbhlaba athchuingrigh lena dtugtar tásc i dtaobh antasubstaintí i ndáil le hantaiginí víorasacha aonair ar 4 bhanda antasubstainte éagsúla a aithnítear mar C-22, C-33, C-100 agus NS-5, bunaithe ar thoradh dearfach tástála—

(I) nach lú ná 2+ ar an mbanda antasubstainte C-22, nó

(II) nach lú ná 3+ ar gach banda d’aon dá bhanda de na bandaí antasubstainte eile,

(iii) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil um imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR),

(b) go léiríonn an duine airíonna géarionfhabhtaithe faoi threoir buíochán, nó leibhéil ardaithe aimíneatrasfaráise alaimíne (ALT), a bheith ann tráth nach déanaí ná 16 sheachtain tar éis frith-D a fhriotháil ar an duine, nó

(c) go bhfuil an fáthmheas bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil arna sonrú chun críocha an fho-ailt seo i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 7(1)(e).

(1B) Níl feidhm ag fo-alt (1A) maidir le héileamh ar chúiteamh chuig an mBinse a rinneadh roimh an 20 Meitheamh 2006 nó i ndáil le héileamh den sórt sin.”.

Leasú ar alt 4 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (éilimh os comhair an Bhinse).

2 .— Leasaítear alt 4(1) den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (arna leasú le halt 4 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2002) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) aon duine—

(i) atá pósta le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) roimh thosach feidhme na míre seo agus a bhí pósta amhlaidh roimh an tosach feidhme sin,

(ii) atá pósta le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) ar thosach feidhme na míre seo nó dá éis agus a bhí pósta amhlaidh sular tháinig an duine faoi réim na míre sin amhlaidh,

(iii) a bhí ina chónaí nó ina cónaí le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) roimh thosach feidhme na míre seo agus a bhí ina chónaí nó ina cónaí amhlaidh leis an duine ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná 3 bliana dar tosach tráth roimh thosach feidhme na míre seo, nó

(iv) a bhí ina chónaí nó ina cónaí le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) ar thosach feidhme na míre seo nó dá éis agus a bhí ina chónaí nó ina cónaí amhlaidh leis an duine ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná 3 bliana dar tosach tráth sular tháinig an duine faoi réim na míre sin amhlaidh,

i leith cuibhreannas an duine sin a chailleadh, lena n-áirítear lagú caidrimh ghnéasaigh leis an duine, a eascraíonn de dhroim an bhaoil go dtarchuirfear Heipitíteas C nó HIV,”.

Leasú ar alt 7 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Acht).

3 .— Leasaítear alt 7 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (c), trí “an Bhinse,” a chur in ionad “an Bhinse.”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) scéim árachais a bhunú, a oibriú, a riaradh agus a mhaoirsiú chun aicme árachais a sholáthar d’éilitheoir—

(i) a thagann faoina réim seo a leanas—

(I) alt 4(1)(a), (b), (c), (f), nó (g),

(II) an míniú ar ‘gaol a fáthmheasadh’ i rialachán 2 de na Rialacháin fán Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (Aicmí Éilitheoirí os comhair an Bhinse a Leathnú) 1998 (Uimh. 432 de 1998), nó

(III) aicme daoine a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 9 ar thosach feidhme na míre seo nó dá éis más rud é, agus más rud é amháin, go sonraítear sna rialacháin go mbeidh feidhm ag an mír seo maidir leis an aicme sin,

agus

(ii) a ndiúltófar árachas den aicme sin dó nó di (nó ar ina leith a chreideann an riarthóir scéime le réasún go ndiúltófaí árachas den aicme sin don éilitheoir dá ndéanfadh an t-éilitheoir iarratas air)—

(I) ag árachóir a bhaineann le haicme árachóirí a shonraítear sna rialacháin, agus

(II) (A) ar an bhforas, nó ar cheann de na forais, gur fáthmheasadh an t-éilitheoir go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, nó

(B) mura rud é go n-íocfaidh an t-éilitheoir préimh is airde ná an phréimh a dhéanfadh duine den aois chéanna agus den inscne chéanna nár fáthmheasadh go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, de réir mar a bheidh, a íoc i gcoitinne ar árachas den aicme sin,

(e) tástáil a shonrú chun críocha fho-alt (1A)(c) d’alt 1.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Maidir leis na rialacháin a fhéadfaidh an tAire a dhéanamh faoin alt seo i leith na scéime árachais iomchuí, folaíonn siad rialacháin—

(a) chun feidhmeanna an riarthóra scéime a shonrú,

(b) faoi réir mhíreanna (c) go (o) agus fho-alt (3), chun na coinníollacha a shonrú ar faoina réir a sholáthrófar, nó nach soláthrófar, sochar faoin scéim, nó a scoirfear dá sholáthar, d’éilitheoir iomchuí—

(i) bunaithe ar an tráth a dhéanfaidh an t-éilitheoir iarratas ar an sochar chuig an riarthóir scéime, agus

(ii) bunaithe ar aois an éilitheora tráth déanta an iarratais,

(c) chun árachas saoil a sholáthar, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, gan dul thar shuim uasta árachaithe—

(i) faoi réir fhomhír (ii), den mhéid is mó díobh seo a leanas—

(I) faoi réir mhír (d), €420,000, nó

(II) 7 n-oiread ioncaim thuillte bhliantúil—

(A) an éilitheora,

(B) duine atá pósta leis an éilitheoir,

(C) duine a bhí ag maireachtáil i bhfochair an éilitheora ar feadh tréimhse leanúnaí 3 bliana ar a laghad díreach sula ndéanann an t-éilitheoir iarratas ar an sochar chuig an riarthóir scéime, nó

(D) an éilitheora agus duine dá dtagraítear i bhfochlásal (B) nó (C),

(ii) faoi réir mhír (d), €525,000 in aon chás inar mó ná €525,000 an méid is mó dá dtagraítear i bhfomhír (i),

(d) chun na méideanna dá dtagraítear i mír (c)(i)(I) agus (ii) a threoir-nascadh leis an Treoir-Phraghas do Thomhaltóirí arna thiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (nó le comharba na treorach sin),

(e) faoi réir mhír (f), chun árachas cosanta morgáiste a sholáthar i leith príomh-áit chónaithe a cheannach ag an éilitheoir, nó árachas cosanta morgáiste a sholáthar i leith príomh-áit chónaithe an éilitheora a athchóiriú, a athfheistiú, a mhéadú nó a fheabhsú, nó i leith aon teaglama den chéanna, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, gan dul thar shuim uasta árachaithe den mhéid is mó díobh seo a leanas—

(i) €394,000, nó

(ii) suim atá comhionann le meánphraghas tí i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath—

(I) ar an dáta iomchuí i gcás na bliana 2006,

(II) ar chothrom bliana is déanaí an dáta iomchuí i gcás aon bhliana ina dhiaidh sin,

de réir mar a chinnfear le Treoir-Phraghas Tithe an Permanent TSB/na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Baile Átha Cliath) (nó le comharba na treorach sin) arna mhéadú 25 faoin gcéad,

(f) chun an méid dá dtagraítear i mír (e)(i) a threoir-nascadh le Treoir-Phraghas Tithe an Permanent TSB/na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Baile Átha Cliath) (nó le comharba na treorach sin),

(g) faoi réir mhír (h), chun foráil a dhéanamh, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, trí aon mhaoin de chuid an éilitheora a athmhorgáistiú, maidir le cothromas an éilitheora sa mhaoin a scaoileadh, gan dul thar shuim uasta árachaithe €100,000,

(h) chun a shonrú go ndiúltóidh an riarthóir scéime d’iarratas ar shochar dá dtagraítear i mír (g) a dhéanfar ar chothrom bliana an dáta iomchuí nó dá éis,

(i) chun árachas taistil bliantúil a sholáthar, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an lae a cheapfar faoi fho-alt (11) mar an lá bunaithe le haghaidh na scéime,

(j) faoi réir mhír (m), chun a shonrú nach mór d’éilitheoir iomchuí, in aon chás ina mbaineann fo-alt (1)(d)(ii)(II)(A) leis an éilitheoir, iarratas a dhéanamh chuig an riarthóir scéime ar aon sochar faoin scéim (ach amháin sochar dá dtagraítear i mír (i))—

(i) i gcás éilitheora iomchuí is éilitheoir den sórt sin ar an dáta iomchuí, roimh chothrom bliana an dáta iomchuí,

(ii) i gcás aon éilitheora iomchuí eile, roimh chothrom trí bliana an chéad dáta a fáthmheasadh an t-éilitheoir go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV,

(k) faoi réir mhír (m), chun a shonrú maidir le héilitheoir iomchuí a mhainneoidh rialacháin a thagann faoi réim mhír (j) a chomhlíonadh ach a dhéanfaidh iarratas fós chuig an riarthóir scéime ar shochar faoin scéim, go bhféadfadh sé—

(i) go mbeidh air nó uirthi fanacht tréimhse (‘tréimhse feithimh’) sula soláthrófar an sochar,

(ii) nach soláthrófar an sochar ach go páirteach dó nó di,

(iii) nach soláthrófar an sochar ach go breisitheach dó nó di,

nó trí aon teaglaim den chéanna, de réir mar a shonraítear sna rialacháin,

(l) chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse feithimh d’éilitheoirí iomchuí os cionn 50 bliain d’aois ar tréimhse í atá níos faide ná an tréimhse feithimh d’éilitheoirí iomchuí faoi bhun 50 bliain d’aois, i gcásanna ina mbaineann fo-alt (1)(d)(ii)(II)(A) leis na héilitheoirí,

(m) chun a shonrú nach mbeidh feidhm ag rialacháin a thagann faoi réim mhír (j) nó (k) maidir le hiarratas nó i ndáil le hiarratas chuig an riarthóir scéime ar shochar faoin scéim a dhéanfaidh éilitheoir iomchuí atá faoi bhun 30 bliain d’aois tráth an iarratais,

(n) chun a shonrú go ndiúltóidh an riarthóir scéime d’iarratas ar shochar faoin scéim ar iarratas é—

(i) a dhéanann éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 65 bliana d’aois, agus

(ii) a dhéantar ar chothrom bliana an dáta iomchuí nó dá éis,

(o) chun a shonrú—

(i) nach ndéanfar aon sochar a sholáthar faoin scéim, nó

(ii) nach leanfar d’aon sochar a sholáthar faoin scéim,

d’éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 75 bliana d’aois.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní shonrófar le rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1A) aon choinníollacha a fhágann gur gá déileáil ar shlí eagsúil le héilitheoirí iomchuí éagsúla ar bhonn a riochtaí liachta faoi seach seachas an riocht liachta ar dá bhua is éilitheoir iomchuí duine.

(4) Ní dhéanfar aon ní san alt seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, a fhorléiriú mar ní lena dtabharfar teideal d’aon éilitheoir iomchuí chun aon sochair faoin scéim árachais iomchuí gan préimheanna árachais a íoc a bheadh le híoc i gcoitinne as an sochar ag duine den aois chéanna agus den inscne chéanna nach duine atá fáthmheasta go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, de réir mar a bheidh, ach amháin, chun an t-alt seo nó na rialacháin sin a fhorléiriú amhlaidh, nach dtabharfar aon aird ar aon riocht liachta eile de chuid an éilitheora.

(5) Más rud é—

(a) go ndéanann éilitheoir iomchuí iarratas chuig an riarthóir scéime ar shochar faoin scéim árachais iomchuí i gcomhpháirt le duine amháin nó le níos mó ná duine amháin (‘duine eile’) nach éilitheoir iomchuí é nó í, agus

(b) go ndéantar an sochar a sholáthar don éilitheoir iomchuí agus don duine eile i gcomhpháirt,

ansin—

(i) faoi réir fhomhír (ii), ceanglófar ar an duine eile an phréimh sin a íoc, i leith an tsochair agus a mhéid amháin a sholáthraítear an sochar don duine eile, ar préimh í a bheadh le híoc i gcoitinne as an sochar sin ag duine den aois chéanna agus den inscne chéanna agus den stádas sláinte céanna leis an duine eile, agus

(ii) ní cheanglófar ar an éilitheoir iomchuí agus ar an duine eile préimh a íoc i leith an tsochair a sholáthraítear don duine iomchuí agus don duine eile i gcomhpháirt, ar préimh í atá níos airde ná an phréimh a bheadh le híoc i gcoitinne as an sochar a sholáthar i gcomhpháirt do 2 dhuine den aois chéanna agus den inscne chéanna leis an duine iomchuí agus leis an duine eile, ar 2 dhuine iad nár fáthmheasadh ceachtar acu go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV.

(6) Féadfaidh an riarthóir scéime na nósanna imeachta a chinneadh atá le glacadh le linn an scéim árachais iomchuí a oibriú, a riaradh agus a mhaoirsiú a mhéid nach mbeidh na nósanna imeachta ar neamhréir le haon fhoráil den Acht seo (lena n-áirítear aon fhoráil d’aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo).

(7) Féadfaidh an riarthóir scéime diúltú iarratas ar shochar faoin scéim árachais iomchuí a bhreithniú, nó a bhreithniú tuilleadh, más rud é—

(a) nach mbeidh an t-iarratas san fhoirm, más ann, a shonraítear faoi alt 7C, nó

(b) faoi réir alt 7C(4), go mainneoidh an t-iarratasóir cibé faisnéis, de bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas nó leis an iarratas, a éileoidh an riarthóir scéime le réasún chun a chumasú don riarthóir scéime cáilitheacht an iarratasóra le haghaidh an tsochair a chinneadh, a sholáthar don riarthóir scéime.

(8) Dearbhaítear leis seo—

(a) má sholáthraítear sochar faoin scéim árachais iomchuí d’éilitheoir iomchuí, nó d’éilitheoir iomchuí agus don duine eile, trí 2 pholasaí nó níos mó, beidh feidhm ag suim uasta arna forordú i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo i leith na scéime maidir leis na polasaithe i dteannta a chéile, agus

(b) maidir le haon árachas a soláthraíodh d’éilitheoir iomchuí, nó d’éilitheoir iomchuí agus don duine eile, roimh an dáta iomchuí, ar an dáta iomchuí nó dá éis, déanfar neamhshuim de chun suim uasta arna forordú i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo a chinneadh i leith sochair faoin scéim árachais iomchuí a soláthraíodh don éilitheoir, nó d’éilitheoir iomchuí agus don duine eile, de réir mar a bheidh.

(9) I gcás go ndéantar iarratas ar shochar faoin scéim árachais iomchuí chuig an riarthóir scéime ar chothrom bliana an lae a cheapfar faoi fho-alt (11) mar an lá bunaithe le haghaidh na scéime, nó dá éis, ansin déanfaidh an riarthóir scéime—

(a) faoi réir mhíreanna (b) agus (c), an t-iarratas a chinneadh tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an lae a fuair an riarthóir scéime an t-iarratas,

(b) faoi réir mhír (c), má tá feidhm ag fo-alt (7) maidir leis an iarratas, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an lae a scoireann an fo-alt sin d’fheidhm a bheith aige maidir leis an iarratas,

(c) in aon chás go mainníonn an riarthóir scéime déanamh de réir mhír (a) nó (b), fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis na mainneachtana sin, ar fógra é ina leagfar amach na cúiseanna atá ag an riarthóir scéime leis an mainneachtain sin.

(10) Ceapfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte duine (a fhéadfaidh a bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Feidhmeannachta) chun an scéim árachais iomchuí a riaradh.

(11) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na scéime árachais iomchuí.

(12) Déanfaidh riarthóir scéime na scéime árachais iomchuí tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an riarthóra scéime agus sonraí i dtaobh chuntais an riarthóra scéime a chur faoi bhráid an Aire cibé tráth a ordóidh an tAire.

(13) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na tuarascálacha sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(14) Ní shainaithneofar aon éilitheoir iomchuí i dtuarascáil de chuid an riarthóra scéime.

(15) San alt seo, ciallaíonn ‘dáta iomchuí’ dáta thosach feidhme fho-alt (1A).”.

Ailt nua 7A (achomhairc i gcoinne breitheanna iomchuí ó riarthóir scéime), 7B (cuntas speisialta do scéim árachais iomchuí), 7C (cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú) agus 7D (rúndacht nithe a bhaineann le héilitheoirí iomchuí) a chur isteach san Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997.

4 .— Leasaítear an tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

Achomhairc i gcoinne breitheanna iomchuí ó riarthóir scéime.

7A.— (1) Féadfaidh duine achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe iomchuí tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis don riarthóir scéime fógra i scríbhinn faoin mbreith a thabhairt don duine.

(2) Maidir le hachomharc faoi fho-alt (1)—

(a) is i bhfoirm a shonrófar faoi alt 7C chun críocha an ailt seo a bheidh sé, agus

(b) luafar ann na cúiseanna atá leis an achomharc.

(3) Déanfaidh an tAire duine amháin nó níos mó ná duine amháin a cheapadh i scríbhinn—

(a) is abhcóide nó is aturnae ag a bhfuil seasamh 5 bliana ar a laghad,

(b) chun achomhairc faoi fho-alt (1) a bhreithniú, agus

(c) faoi réir fho-ailt (9) (a) agus (10), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe sa cheapachán.

(4) Aon duine a cheapfar de bhun fho-alt (3) chun achomharc faoi fho-alt (1) a bhreithniú—

(a) beidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo, i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh,

(b) faoi réir mhír (a), déanfaidh sé nó sí de réir treoirlínte (más ann) arna n-ullmhú agus arna n-eisiúint ag an Aire i leith an nós imeachta a bheidh le leanúint maidir le haon bhreithniú a dhéanfar ar achomharc faoi fho-alt (1),

(c) breithneoidh sé nó sí aon aighneachtaí scríofa nó ó bhéal a dhéanfaidh an t-achomharcóir agus an riarthóir scéime, nó a dhéanfar thar a gceann, i leith an achomhairc,

(d) tabharfaidh sé nó sí breith i scríbhinn lena gcinnfear an t-achomharc a luaithe is indéanta in imthosca uile an cháis agus, má cheadaítear an t-achomharc, déanfaidh sé nó sí, sa bhreith sin, aon chostais agus caiteachais réasúnacha a bheidh tabhaithe ag an achomharcóir, le linn an t-achomharc a dhéanamh, a dhámhachtain don achomharcóir,

(e) déanfaidh sé nó sí cóip den bhreith a chur chuig an achomharcóir agus chuig an riarthóir scéime mar aon leis na cúiseanna atá ag an duine leis an mbreith, agus

(f) déanfaidh sé nó sí an t-achomharc a sheoladh ar shlí seachas go poiblí.

(5) Féadfaidh duine a ndéanann breith faoi fho-alt (4)(d) difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte—

(a) ar phonc dlí i gcoinne na breithe, agus

(b) tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis don achomharcóir cóip den bhreith agus na cúiseanna atá leis an mbreith a fháil de bhun fho-alt (4)(e).

(6) Maidir le breith ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (5), sonrófar inti, más cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith.

(7) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na hArd-Chúirte ar achomharc faoi fho-alt (5).

(8) Maidir leis an riarthóir scéime—

(a) más infheidhme, tabharfaidh sé nó sí éifeacht do bhreith faoi fho-alt (4)(d) a luaithe is indéanta tar éis an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a bheith caite gan aon achomharc faoi fho-alt (5) a bheith déanta i leith na breithe,

(b) más infheidhme, tabharfaidh sé nó sí éifeacht do bhreith ón Ard-Chúirt ar achomharc faoi fho-alt (5)—

(i) laistigh den tréimhse, más ann, a bheidh sonraithe sa bhreith, nó

(ii) murab infheidhmithe fomhír (i), a luaithe is indéanta.

(9) Aon duine a cheapfar de bhun fho-alt (3)—

(a) íocfar leis nó léi cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais,

(b) féadfar cibé foireann bhuan nó foireann shealadach a sholáthar dó nó di (lena n-áirítear saineolaithe míochaine nó saineolaithe eile), is foireann a íocfar de réir cibé luach saothair a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, is gá, le réasún, chun a chumasú don duine na feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh, agus

(c) féadfaidh sé nó sí éirí as an gceapachán trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire.

(10) Féadfaidh an tAire ceapachán duine arna cheapadh nó arna ceapadh de bhun fho-alt (3) a chúlghairm ar chúiseanna sonraithe.

(11) Déanfaidh gach aon duine a cheapfar faoi fho-alt (3), i gceann cibé eatraimh a shonróidh an tAire i scríbhinn, tuarascáil i scríbhinn a chur faoi bhráid an Aire i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil.

(12) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de thuarascáil a chuirfear faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (11) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(13) Ní shainaithneofar aon éilitheoir iomchuí i dtuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (12), is tuarascáil a leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(14) San alt seo—

ciallaíonn ‘ breith iomchuí ’, i ndáil leis an scéim árachais iomchuí, breith ón riarthóir scéime—

(a) chun diúltú, de bhun alt 7(7), iarratas ar shochar faoin scéim a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh,

(b) á rá nach éilitheoir iomchuí duine,

(c) chun diúltú sochar faoin scéim a sholáthar, nó scor de shochar faoin scéim a sholáthar,

(d) gan sochar faoin scéim a sholáthar ach go páirteach nó go breisitheach, nó trí theaglaim den chéanna, nó

(e) maidir le méid shuim árachaithe an tsochair arna sholáthar faoin scéim.

Cuntas speisialta do scéim árachais iomchuí.

7B.— (1) Déanfar, ar thosach feidhme an ailt seo, cuntas speisialta a chur ar bun a mhaoineofar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus a úsáidfear chun íoc as sochair faoin scéim árachais iomchuí agus as costais an riarthóra scéime le linn an scéim a riaradh (lena n-áirítear, faoi réir alt 7(4), préimheanna árachais).

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar an t-airgead sa chuntas speisialta a úsáid aon tráth ach ní úsáidfear é ach amháin chun na gcríoch dár vótáladh é agus ní eiseofar as an gcuntas sin é ach amháin ar ordachán ón Aire Airgeadais.

(3) Aon airgead, lena n-áirítear ús (más ann), sa chuntas speisialta, féadfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste, de réir ordachán ón Aire Airgeadais.

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘ cuntas speisialta ’, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, cuntas chun críocha an Achta seo in ainmneacha an Aire agus an Aire Airgeadais i gcomhar, agus maidir leis an gcuntas sin—

(a) is cuntas leis an bPámháistir Ginearálta a bheidh ann,

(b) beidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire, agus

(c) beidh sé faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú.

7C.— (1) Féadfaidh an riarthóir scéime foirm aon doiciméid a éileofar chun críocha na scéime árachais iomchuí a shonrú de réir mar is cuí leis an riarthóir scéime (lena n-áirítear doiciméad chun fianaise a sholáthar i leith breithe a thagann faoi réim fho-alt (4)(a), (b) nó (c) nó i leith tuairime a thagann faoi réim fho-alt (4)(d)).

(2) Maidir le foirm a shonraítear faoin alt seo—

(a) déanfar í a chomhlánú de réir cibé ordachán agus treoracha atá sonraithe san fhoirm,

(b) beidh ag gabháil léi cibé doiciméid atá sonraithe san fhoirm, agus

(c) má cheanglaítear an fhoirm chomhlánaithe a sholáthar don riarthóir scéime nó d’aon duine eile, déanfar í a sholáthar amhlaidh ar an modh, más ann, atá sonraithe san fhoirm.

(3) Maidir le cumhacht an riarthóra scéime faoi fho-alt (1)—

(a) féadfar í a fheidhmiú ionas go gceanglófar ar an duine a bheidh ag comhlánú na foirme dearbhú reachtúil a dhéanamh i dtaobh na sonraí san fhoirm a bheith fíor cruinn, de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé nó sí,

(b) féadfar í a fheidhmiú ionas go sonrófar 2 fhoirm nó níos mó d’aon doiciméad dá dtagraítear san fho-alt sin, cibé acu mar mhalairt nó chun socrú a dhéanamh maidir le himthosca áirithe nó cásanna áirithe, de réir mar is cuí leis an riarthóir scéime.

(4) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh an riarthóir scéime, d’fhonn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé acu is éilitheoir iomchuí duine nó nach ea—

(a) glacadh le haon bhreith arna tabhairt ag an mBinse faoi alt 5 ar breith í a bhaineann leis an duine agus nach raibh ina hábhar achomhairc faoin alt sin chun na hArd-Chúirte,

(b) glacadh le haon bhreith arna tabhairt ag an Ard-Chúirt ar achomharc faoi alt 5 ar breith í a bhaineann leis an duine agus nach raibh ina hábhar achomhairc faoin alt sin chun na Cúirte Uachtaraí,

(c) glacadh le haon bhreith arna tabhairt ag an gCúirt Uachtarach ar achomharc faoi alt 5 ar breith í a bhaineann leis an duine, agus

(d) glacadh le tuairim dá dtagraítear in alt 2(1) den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (arna leasú le halt 6 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006) ar tuairim í a bhaineann leis an duine.

(5) Ní oibreoidh fo-alt (4) chun dochar a dhéanamh—

(a) do ghinearáltacht fho-ailt (1A) agus (1B) d’alt 1 (arna leasú le halt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006), ná

(b) do ghinearáltacht fho-ailt (1A) agus (1B) d’alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (arna leasú le halt 6 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006).

Rúndacht nithe a bhaineann le héilitheoirí iomchuí.

7D.— (1) Ach amháin mar a bheidh riachtanach chun aon fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh (lena n-áirítear rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo), is feidhmeanna a bhaineann leis an scéim árachais iomchuí nó chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Achta seo, gach duine lena mbaineann an fo-alt seo—

(a) déanfaidh sé nó sí rúndacht a chaomhnú agus cuidiú le rúndacht a chaomhnú maidir leis na nithe go léir a bhaineann le gnóthaí aon éilitheora iomchuí a bhfaighidh an duine eolas orthu le linn aon fheidhmeanna den sórt sin a chomhlíonadh,

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí aon ní den sórt sin a chur in iúl d’aon duine seachas an t-éilitheoir iomchuí lena mbaineann an ní sin, agus

(c) ní ligfidh sé nó sí ná ní cheadóidh sé nó sí d’aon duine rochtain a bheith aige nó aici ar aon taifid atá i seilbh, i gcoimeád nó faoi urláimh duine lena mbaineann an fo-alt seo agus a bhaineann le haon ní den sórt sin.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon duine—

(a) arb é nó í, nó arbh é nó í, an riarthóir scéime,

(b) ar árachóir, nó arbh árachóir, é nó í,

(c) ar duine, nó ar dhuine, arna cheapadh nó arna ceapadh de bhun alt 7A(3), é nó í, nó

(d) ar duine, nó ar dhuine, é nó í—

(i) arna fhostú nó arna fostú ag duine lena mbaineann an fo-alt sin de bhua mhír (a), (b) nó (c) nó atá nó a bhí ag cuidiú (in aon cháil ar bith) le duine lena mbaineann an fo-alt sin amhlaidh, agus

(ii) a chomhlíonann feidhm, nó a bhfuil feidhm comhlíonta aige nó aici, is feidhm dá dtagraítear san fho-alt sin.

(3) Aon duine a sháraíonn fo-alt (1), gan leithscéal dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion, agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go achomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Leasú ar alt 10 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (cuntas speisialta).

5 .— Leasaítear alt 10 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Dearbhaítear leis seo nach n-úsáidfear an cuntas speisialta chun íoc as na sochair agus na costais dá dtagraítear in alt 7B(1).”.

Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (seirbhísí sláinte a sholáthar gan mhuirear do dhaoine áirithe a bhfuil heipitíteas C tolgtha acu).

6 .— Leasaítear alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir fho-alt (1A), déanfaidh” a chur in ionad “Déanfaidh”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fho-alt (1B), níl heipitíteas C tolgtha ag duine chun críocha fho-alt (1) mura rud é gur fáthmheasadh an duine go dearfach maidir le Heipitíteas C agus—

(a) go bhfuil an fáthmheas—

(i) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as measúnacht imdhíonsúiteachta einsímnasctha, nó

(ii) i gcás measúnachta imdhíonbhlaba athchuingrigh lena dtugtar tásc i dtaobh antasubstaintí i ndáil le hantaiginí víorasacha aonair ar 4 bhanda antasubstainte éagsúla a aithnítear mar C-22, C-33, C-100 agus NS-5, bunaithe ar thoradh dearfach tástála—

(I) nach lú ná 2+ ar an mbanda antasubstainte C-22, nó

(II) nach lú ná 3+ ar gach banda d’aon dá bhanda de na bandaí antasubstainte eile,

(iii) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil um imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR),

(b) go léiríonn an duine airíonna géarionfhabhtaithe faoi threoir buíochán, nó leibhéil ardaithe aimíneatrasfaráise alaimíne (ALT), a bheith ann tráth nach déanaí ná 16 sheachtain tar éis frith-D a fhriotháil ar an duine, nó

(c) go bhfuil an fáthmheas bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil arna sonrú chun críocha fho-alt (1A)(c) d’alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 arna leasú le halt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006.

(1B) Níl feidhm ag fo-alt (1A) maidir le duine a thagann faoi réim fho-alt (1) de bhua tuairime dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ar tuairim í a tugadh roimh an 20 Meitheamh 2006.”.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

7 .— (1) Féadfar an tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 agus 2002 agus den Acht seo (seachas alt 6) le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006 agus alt 6 le chéile mar aon Acht amháin agus folóidh an comhlua “na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006” alt 6.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 1(b), 2 agus 6) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.