|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú) 2006) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasuithe ar an bPríomh-Acht ) |
An tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú) 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
1 .— (1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta 1989 go 2006 a ghairm de na hAchtanna Cumann Foirgníochta 1989 agus 1992, agus den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |
Tosach feidhme. |
2 .— Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Míniú. |
3 .— San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cumann Foirgníochta 1989. |