An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta )

24 2006

An tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú) 2006

CUID 2

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhlacht comhlachaithe”:

“ciallaíonn ‘comhlacht comhlachaithe’ comhlacht lena mbaineann alt 28 ar comhlacht é ina ndéanann cumann foirgníochta infheistíocht de réir alt 28;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “iasacht tí chomhlachaithe”:

“ciallaíonn ‘iasacht tí chomhlachaithe’, i ndáil le foras creidmheasa ainmnithe comhlachaithe nó i ndáil le comhlacht comhlachaithe, iasacht tithíochta (arna mhíniú in alt 2 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995) arb é an foras nó an comhlacht an creidiúnaí ina leith nó a bhfuil an foras nó an comhlacht i measc na gcreidiúnaithe ina leith;”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Banc Ceannais”:

“tá le ‘Treoir Chódaithe um Baincéireacht’ an bhrí a thugtar dó le halt 3 den Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001;”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Cúirt”:

“tá le ‘foras creidmheasa’ an bhrí a thugtar dó le halt 3 den Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001;

tá le ‘scaireanna iarchurtha’ an bhrí a thugtar dó le halt 17(10);”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Aire”:

“ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;”,

agus

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “achtacháin aisghairthe”:

“folaíonn ‘urrúis’ scaireanna d’aon aicme, bintiúir, nótaí, ionstraimí fiachais, stoc iasachta nó aon ionstraim eile dá samhail, cibé acu urraithe nó neamhurraithe, cibé acu suthain nó infhuascailte agus cibé acu úsmhar nó neamhúsmhar;”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 9(2)—

(a) i mír (a) trí “, ach amháin mar a fhoráiltear in alt 36(2),” a chur isteach i ndiaidh “ag an gcumann”, agus

(b) i mír (b) trí “Achtanna an Bhainc Ceannais 1942 go 1998” a chur in ionad “Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971”.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir fho-alt (3), beidh na focail” a chur in ionad “Beidh na focail”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír (b), ní úsáidfidh cumann aon ainm nó teideal seachas a ainm cláraithe.

(b) Féadfaidh cumann gnó a sheoladh faoi ainm seachas a ainm cláraithe ar choinníoll—

(i) go ndéanfar sonraí an ainm a bheartaíonn sé a úsáid amhlaidh a thabhairt don Bhanc Ceannais agus go gceadóidh an Banc Ceannais é, agus

(ii) go ndéanfar an t-ainm a chlárú go cuí faoin Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963.”.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 16 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001):

“(2B) Faoi réir fho-alt (2C), féadfaidh cumann foirgníochta cead a thabhairt d’aon duine nó do gach duine de na daoine seo a leanas a bheith ina chomhalta nó ina comhalta nó ina gcomhaltaí:

(a) duine atá i bhfiacha i leith iasachta (seachas iasacht, nó i dteannta iasachta, den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2)) ar iasacht í a bheidh tugtha ag an gcumann foirgníochta nó ag comhlacht comhlachaithe de chuid an chumainn sin;

(b) duine a bhfuil coigilteas nó táirgí infheistíochta de chuid an chumainn nó de chuid comhlachta chomhlachaithe de chuid an chumainn sin ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici;

(c) duine a shealbhaíonn urrúis arna n-eisiúint ag an gcumann nó ag comhlacht comhlachaithe de chuid an chumainn sin;

(d) duine a shealbhaíonn taisce leis an gcumann nó le comhlacht comhlachaithe de chuid an chumainn sin; agus

(e) scairshealbhóir comhlachta chomhlachaithe de chuid an chumainn sin,

ach ní cheanglófar ar aon duine dá dtagraítear i míreanna (a) go (e) scair a shealbhú sa chumann agus ní mó an dliteanas a bheidh ar an duine mar chomhalta den sórt sin ná an dliteanas a bheadh ar an duine dá measfaí, faoi na rialacha, gur sealbhóir scaireanna sa chumann an duine de bhrí go mbaineann aon mhír de mhíreanna (a) go (e) leis an duine sin.

(2C) Ní fhéadfaidh cumann comhaltas a cheadú faoi fho-alt (2B) ach amháin—

(a) i gcás ina gceadaítear amhlaidh lena rialacha,

(b) i gcás ina mbeidh rún speisialta rite ag a chomhaltaí lena gceadaítear an comhaltas sin, agus

(c) i gcás ina mbeidh rún rite ag an mbord stiúrthóirí lena gceadaítear an comhaltas sin.

(2D) I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2E), féadfaidh cumann scéim amháin nó níos mó ná scéim amháin a bhunú agus a oibriú, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí lena bhord stiúrthóirí, ar scéim é nó scéimeanna iad faoina bhféadfaidh comhaltaí den chumann teacht chun bheith i dteideal luaíocht nó sochar a fháil mar aitheantas ar an tréimhse atá caite acu ina gcomhaltaí den chumann nó ar a mhéid a bheidh leas bainte acu as seirbhísí an chumainn.

(2E) Ní fhéadfaidh cumann scéim faoi fho-alt (2D) a bhunú ná a oibriú ach amháin—

(a) i gcás ina gceadaítear amhlaidh lena rialacha,

(b) i gcás go mbeidh rún speisialta rite ag a chomhaltaí lena gceadaítear scéim den sórt sin, agus

(c) i gcás go mbeidh rún rite ag an mbord stiúrthóirí lena gceadaítear scéim den sórt sin.”.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 18 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir alt 17, féadfaidh cumann foirgníochta cistí a chruinniú lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, cistí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar cistí iad a úsáidfear ar mhaithe le cuspóirí an chumainn—

(a) trí scaireanna d’ainmníocht amháin nó níos mó a eisiúint, le hús carnach nó dá éagmais, nach cistí dílse iad, agus féadfaidh sé cistí den sórt sin a aisíoc,

(b) trí na nithe seo a leanas a eisiúint—

(i) scaireanna iarchurtha nó ar scaireanna eile, nó

(ii) aon urrúis eile,

ar cistí dílse iad i ngach cás, agus

(c) trí thaiscí a ghlacadh nó trí urrúis a eisiúint nó ar aon mhodh eile (seachas eisiúint scaireanna nó urrús den chineál dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b)).”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Áiritheoidh cumann nach mó a dhliteanais uile faoi mhír (c) d’fho-alt (1) ná cibé cion de chomhiomlán a dhliteanas uile faoi mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt sin a shonróidh an Banc Ceannais i bhfógra arna thabhairt don chumann, agus eiseoidh an Banc Ceannais fógra chun críche an fho-ailt seo de réir riachtanas na hócáide.

(b) Le linn ríomh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil a dhliteanais uile faoi mhír (c) d’fho-alt (1) níos lú ná cibé cion de chomhiomlán a dhliteanas uile faoi mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt sin—

(i) ní chuirfidh cumann san áireamh ina ríomhaireachtaí, le linn na dliteanais a éireoidh as urrúis a eisiúint faoi mhír (b)(ii) den fho-alt sin a ríomh, luach aon fhochaipitil iasachta dá dtagraítear sa Treoir um Baincéireacht Chódaithe agus a bheidh eisithe aige, agus

(ii) cuirfidh cumann san áireamh ina ríomhaireachtaí, le linn na dliteanais a éireoidh as urrúis a eisiúint faoi mhír (c) den fho-alt sin a ríomh, luach aon fhochaipitil iasachta den sórt sin a bheidh eisithe aige.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) I gcás gurb é tuairim stiúrthóirí cumainn foirgníochta go gcuirfí cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí an chumainn chun cinn (seachas urrús a thabhairt nó comhthaobhacht a sholáthar faoin bhfo-alt seo) dá ndéanfaí amhlaidh, féadfaidh an cumann urrús a thabhairt nó comhthaobhacht a sholáthar i leith na nithe seo a leanas—

(a) aon airgead a gheobhaidh sé ar iasacht nó a chruinneoidh sé,

(b) aon oibleagáidí nó dliteanais eile a thabhóidh sé nó a ghlacfaidh sé chuige féin, cibé acu mar phríomhaí nó mar ráthóir i leith comhlachta nó comhlachta tithíochta cheadaithe dá dtagraítear in alt 28(1) agus a mbeidh infheistiú déanta ag an gcumann ann, nó ar thug an cumann tacaíocht dó, de réir mar a bheidh, agus

(c) aon airgead a bheidh faighte ar iasacht nó cruinnithe nó oibleagáidí nó dliteanais a bheith tabhaithe nó glactha chuige féin ag comhlacht nó comhlacht tithíochta ceadaithe dá dtagraítear in alt 28(1) agus a mbeidh infheistiú déanta ag an gcumann ann, nó ar thug an cumann tacaíocht dó, de réir mar a bheidh.”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) San alt seo, tá le ‘cistí dílse’ an bhrí a thugtar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú) 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992).”.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 22 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh cumann foirgníochta iasachtaí (dá ngairtear ‘iasachtaí tithíochta’ san Acht seo) lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar urrús morgáiste eastáit nó leasa, ruílse nó léasaigh, i dteach a thabhairt do chomhaltaí—

(a) chun a chumasú don chomhalta an teach a sholáthar nó a fheabhsú nó an t-eastát nó an leas sin a cheannach,

(b) i gcás ina mbainfear úsáid as na hiasachtaí sin go hiomlán nó go páirteach chun aon fhéichiúnas a íoc is féichiúnas a bheidh tabhaithe roimhe sin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír (a), nó

(c) i gcás ina mbeidh na hiasachtaí sin i dteannta aon iasachtaí, nó ina méadú ar aon iasachtaí, dá dtagraítear i mír (a) nó (b).”,

agus

(b) trí fho-ailt (4) agus (5) a scriosadh.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 23 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh an chumhacht iasachtaí a thabhairt faoi fho-alt (1) faoi réir aon cheanglas nó srianta a chuirfidh an Banc Ceannais ar chumann, lena n-áirítear gníomhaíocht shonraithe a thoirmeasc, ar mhaithe le cumainn fhoirgníochta a rialáil go hordúil cuí.”.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

11 .— Leasaítear alt 25(1) den Phríomh-Acht i mír (c) trí “go bhféadfaidh duine” a chur in ionad “go ndéanfaidh duine”.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

12 .— Leasaítear alt 28 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta—

(a) infheistiú i gcomhlacht lena mbaineann an t-alt seo,

(b) tacú le comhlacht lena mbaineann an t-alt seo nó le comhlacht tithíochta ceadaithe is é sin le rá, aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a sholáthar do chomhlacht (nó i gcás fhomhír (iii) do chomhlacht nó thar a cheann) lena mbaineann an t-alt seo agus ina n-infheistíonn sé, nó do chomhlacht tithíochta ceadaithe—

(i) iasachtaí i dteannta nó d’éagmais urrúis agus cibé acu faoi ús nó gan ús,

(ii) deontais airgid,

(iii) ráthaíochtaí, slánaíochtaí nó urrús de chineál ar bith i leith urscaoileadh a ndliteanas nó chomhlíonadh a n-oibleagáidí, agus

(iv) úsáid seirbhísí nó maoine, ar íocaíocht nó gan íocaíocht.”,

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Faoi réir mhír (b), ní dhéanfaidh cumann infheistiú faoin alt seo i gcomhlacht lena mbaineann an t-alt seo (seachas foras creidmheasa ainmnithe comhlachaithe) a gcumasaíonn a chuspóirí dó—

(i) gníomhaíochtaí a sheoladh atá lasmuigh de chumhachtaí an chumainn, nó

(ii) infheistiú i gcomhlachtaí eile lena mbaineann an t-alt seo,

ach ní choiscfidh sé sin ar chumann infheistiú i gcomhlacht lena mbaineann an t-alt seo, agus tacú leis, ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí go dtí go n-athrófar cuspóirí an chomhlachta sin.”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Féadfar le dispeansáid dá dtagraítear i mír (b) a chumasú do chumann infheistiú i gcomhlacht lena mbaineann an t-alt seo agus a gcumasaíonn a chuspóirí dó iasachtaí den chineál dá dtagraítear in alt 22 a thabhairt do dhaoine nach comhaltaí den chumann, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an Banc Ceannais is cuí.”,

(c) i bhfo-alt (3), trí “de chearta comhaltais comhréire comhlachta lena mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad “de chearta comhaltais comhréire comhlachta chorpraithe”,

(d) i bhfo-alt (4), trí “comhlacht lena mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad “comhlacht corpraithe” agus trí “an chomhlachta lena mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad “an chomhlachta chorpraithe”, agus

(e) i bhfo-alt (5)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “comhlacht tithíochta ceadaithe”:

“ciallaíonn ‘comhlacht lena mbaineann an t-alt seo’ cuideachta nó comhlacht corpraithe eile nó comhlacht neamhchorpraithe daoine ach ní fholaíonn sé pearsa aonair ná comhlacht tithíochta ceadaithe;”;

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cearta comhaltais comhréire”:

“ciallaíonn ‘cearta comhaltais comhréire’, i ndáil le comhlacht lena mbaineann an t-alt seo cibé cearta (seachas cearta a éiríonn as scaireanna a shealbhú) is inchurtha i leith comhaltais den chomhlacht;”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cearta comhaltais comhréire”:

ciallaíonn an briathar “infheistigh”—

(a) scaireanna nó cearta comhaltais comhréire nó urrúis i gcomhlacht lena mbaineann an t-alt seo a fháil, suibscríobh lena n-aghaidh agus iad a shealbhú, nó

(b) comhlacht lena mbaineann an t-alt seo a fhoirmiú nó páirt a ghlacadh ina foirmiú.”.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

13 .— Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (q):

“(r) aon ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir Chódaithe um Baincéireacht agus a bhaineann le dul i mbun gnó foras creidmheasa agus é a leanúint, a mhéid nach ndéantar foráil maidir leis na gníomhaíochtaí sin faoin Acht seo, seachas de bhua na fomhíre seo, agus

(s) seirbhísí airgeadais, riaracháin, oibríochta, rúnaíochta cuideachta nó bainistithe airgid a sholáthar,”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Faoi réir alt 36 agus fho-ailt (3) agus (4), féadfaidh cumann ar a cuntas féin gabháil d’aon cheann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i míreanna (c) agus (g) d’fho-alt (2) agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar an tagairt i mír (c) d’oibleagáidí airgeadais, d’fhiacha agus d’urrúis a dhíol agus a cheannach a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do mhorgáistí nó d’iasachtaí a dhíol.”.

Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht.

14 .— Leasaítear alt 30 den Phríomh-Acht—

(a) trí “de bhun alt 28 nó 29” a chur in ionad “de bhun alt 29”, agus

(b) trí “conradh urraíochta, ráthaíochta nó slánaíochta” a chur in ionad “conradh urraíochta nó ráthaíochta”.

Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 36 den Phríomh-Acht—

(a) trí fho-alt (1)(b) a scriosadh,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní mór gach cumhacht lena mbaineann an t-alt seo, ach amháin cumhachtaí atá coimhdeach nó teagmhasach agus gaolmhar leis na cumhachtaí sin, a bheith glactha ag an gcumann trí rún speisialta agus a bheith taifeadta ina mheabhrán le go mbeidh sí infheidhmithe.”,

agus

(c) i bhfo-alt (4), trí “ceadú roimh ré an Bhainc Ceannais” a chur in ionad “ceadú an Bhainc Ceannais”.

Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht.

16 .— Leasaítear alt 39 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (8) trí “comhlacht eile” a chur in ionad “comhlacht corpraithe eile”.

Leasú ar alt 63 den Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear alt 63 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, díolúine a dheonú ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear le fo-alt (1).”.

Leasú ar alt 69 den Phríomh-Acht.

18 .— Leasaítear alt 69 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir fho-alt (3), is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn sa mhéid go mbeadh d’éifeacht léi na cearta a thugtar le fo-alt (1) a shrianadh, ach ní thugann aon ní san alt seo le tuiscint nach féidir le cumann, ina chuid rialacha, cearta vótála a dheonú do chomhaltaí de thuairisc ar bith ar na haicmí rúin sin nó ar gach rún de chuid an chumainn faoi réir rialacha an chumainn.”.

Leasú ar alt 74 den Phríomh-Acht.

19 .— Leasaítear alt 74 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) trí “seachas rún díolmhaithe” a chur in ionad “seachas rún comhshó”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) San alt seo ciallaíonn ‘rún díolmhaithe’ aon rún de na rúin seo a leanas:

(a) rún comhshó;

(b) rún—

(i) a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach le cumann a theacht chun bheith ina chumann a bhfuil feidhm ag alt 101(8) maidir leis, nó

(ii) a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach, chun críocha alt 101(8), lena cheangal ar dhuine méid sonraithe a thaisceadh sula bhféadfaidh an duine cuntas a oscailt leis an gcumann lena dtugtar teideal don duine scair a shealbhú sa chumann sin; nó

(c) rún a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach leis an gcumann a chomhshó ina chuideachta, nó lena gceanglaítear ar chumann an céanna a bhreithniú nó a chur in iúl don Bhanc Ceannais go bhfuil ar intinn aige an céanna a dhéanamh.

(11) Ní mheasfar go gcuireann aon ní san alt seo cosc le haon ní a thionscnamh go cuí lena phlé (seachas trí rún) ag cruinniú ginearálta de chuid cumainn foirgníochta.”.

Leasú ar alt 100 den Phríomh-Acht.

20 .— Leasaítear alt 100 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “scéim chomhshó”:

“ciallaíonn ‘scéim chomhshó’ scéim arna tarraingt suas ag bord stiúrthóirí cumainn chun an cumann a chomhshó ina chuideachta, agus i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, folaíonn sé scéim chomhshó fála de réir bhrí alt 101C;”.

Leasú ar alt 101 den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 101 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (4), trí “Faoi réir alt 101C(3), aon chumann” a chur in ionad “Aon chumann”,

(b) i bhfo-alt (6), trí “ar comhaltaí den sórt sin iad de bhua scaireanna a shealbhú sa chumann agus ar cearta iad” a chur isteach i ndiaidh “maidir le haon chearta a thugtar do chomhaltaí an chumainn”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Faoi réir fho-alt (8), féadfar a shonrú i dtéarmaí scéime comhshó arna moladh ag bord stiúrthóirí cumainn foirgníochta go bhféadfaidh an chuideachta chomharbais—

(a) aon scaireanna sa chuideachta nó aon bhintiúir de chuid na cuideachta, a thairiscint don phobal nó a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt, d’fhonn iad a thairiscint lena ndíol leis an bpobal, nó

(b) aon scaireanna sa chuideachta nó aon bhintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt, nó

(c) aistriú, de réir bhrí alt 102(5), ar aon scaireanna sa chuideachta, nó ar bhintiúir de chuid na cuideachta, a chlárú,

chun a chumasú d’aon duine amháin, nó d’ainmnithigh d’aon duine amháin, nó do dhaoine nó dá n-ainmnithigh ag gníomhú de chomhbheart, suibscríobh a dhéanamh le haghaidh breis agus 15 faoin gcéad agus suas le 100 faoin gcéad de na scaireanna sa chuideachta nó de bhintiúir na cuideachta nó an céanna a fháil agus a shealbhú agus, má shonraítear amhlaidh sa scéim chomhshó, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 102 maidir leis an gcuideachta chomharbais.

(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) ach amháin maidir le cumann foirgníochta a mbeidh scéim chomhshó á beartú ag a bhord stiúrthóirí agus ar choinníoll, ar feadh tréimhse nach lú ná 5 bliana dar críoch dáta sonraithe, go gceanglóidh an cumann ar dhuine méid nach lú ná €10,000 a thaisceadh leis an gcumann sula bhféadfaidh an duine cuntas a oscailt leis an gcumann sin lena dtabharfar teideal don duine scair a shealbhú sa chumann sin.

(9) San alt seo ciallaíonn ‘dáta sonraithe’ i ndáil le cumann foirgníochta an dáta ar a gcuirfidh an cumann sin in iúl don Bhanc Ceannais, de bhun alt 101(4), go mbeartaítear é a chomhshó ina chuideachta.”.

Leasú ar an bPríomh-Acht trí alt nua a chur isteach (alt 101C).

22 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 101B (arna chur isteach le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002):

“An chuideachta chomharbais a dhiúscairt.

101C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘faighteoir’ duine nó daoine a dhéanann fáil nó a bheartóidh fáil a dhéanamh de bhun comhaontaithe fála agus scéime comhshó fála;

folaíonn ‘fáil’ ceannach, leithroinnt, aistriú nó aon mhodh eile trína bhféadfaidh faighteoir úinéireacht a ghlacadh ar scaireanna i gcuideachta chomharbais;

ciallaíonn ‘comhaontú fála’, i ndáil le cumann foirgníochta a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis, agus scéim chomhshó, aon chomhaontú arna dhéanamh ag an gcumann sin a mbeidh sé sainráite go bhfuil sé ag brath ar chomhshó, agus lena ndéanfar socrú maidir le faighteoir d’fháil scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach sa chuideachta chomharbais, ar choinníoll go mbeadh cion comhiomlán na scaireanna nó na gceart vótála a bheidh ag gabháil le scaireanna sa chuideachta chomharbais a bheidh ar seilbh nó infheidhmithe ag an bhfaighteoir sin, nó ag ainmnithigh don fhaighteoir sin, níos mó ná 50 faoin gcéad i ndiaidh na fála;

ciallaíonn ‘scéim chomhshó fála’ scéim chomhshó a bhfuil sé sainráite gurb ann di chun fáil a chur i ngníomh.

(2) Maidir le cumann foirgníochta a bhfuil feidhm ag alt 101(8) maidir leis agus a mbeidh scéim chomhshó á beartú ag a bhord stiúrthóirí faoi alt 101 is scéim a sonrófar ina cuid téarmaí nithe dá dtagraítear in alt 101(7), féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, comhaontú fála a dhéanamh agus é féin a chomhshó ina chuideachta chun fáil a chur i ngníomh agus beidh feidhm ag an gCuid seo agus ag an alt seo maidir le cumann foirgníochta den sórt sin chun na gcríoch sin.

(3) (a) D’ainneoin alt 101(4), i gcás ina bhfaighidh an Banc Ceannais fógra is lú ná 6 mhí ón dáta a mbeidh sé beartaithe an rún comhshó a thairiscint ag cruinniú ginearálta de chumann nó vótáil ar an rún sin i bpostbhallóid, féadfaidh sé, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a shonraítear i mír (b), toiliú le rún comhshó a thairiscint ag cruinniú ginearálta den chumann nó le vótáil ar an rún sin i bpostbhallóid.

(b) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (a)—

(i) go ndearna an cumann iarratas i scríbhinn chuig an mBanc Ceannais lena thoiliú a fháil,

(ii) gur chomhlíon an cumann alt 101(4) thairis sin, agus

(iii) go measann an Banc Ceannais gur cuí a thoiliú a thabhairt.

(4) Maidir le scéim chomhshó fála, i dteannta na nithe a shonraítear in alt 101(3)—

(a) luafar inti céannacht an fhaighteora,

(b) sonrófar inti an chomaoin (nó, más infheidhme, foras ríofa na comaoine) a bheidh le híoc nó le soláthar ag an bhfaighteoir i leith scaireanna sa chuideachta chomharbais a fháil, lena n-áirítear cibé íocaíochtaí nó comaoin eile a bheidh le fáil ag comhaltaí den chumann agus na socruithe socraíochta atá beartaithe,

(c) sonrófar inti na coinníollacha uile a mbeidh an fháil faoina réir, lena n-áirítear na coinníollacha sin a fhéadfaidh an cumann nó an faighteoir, de réir mar a bheidh, a tharscaoileadh,

(d) sonrófar inti cearta comhaltaí an chumainn maidir leis an gcuideachta chomharbais i gcás go dtarlóidh an fháil,

(e) sonrófar inti staid an chumainn agus cearta agus staid comhaltaí an chumainn i gcás nach dtarlóidh an fháil,

(f) beidh cóip den chomhaontú fála ar áireamh inti, agus

(g) luafar inti nach mbeidh feidhm ag alt 102 maidir leis an gcuideachta chomharbais.

(5) Maidir leis an ráiteas a cheanglaítear le halt 103(1), i dteannta na nithe a shonraítear in alt 103(2)—

(a) luafar ann na cúiseanna atá leis an bhfáil atá beartaithe,

(b) luafar ann leasanna (más ann) oifigigh an chumainn san fháil,

(c) luafar ann na socruithe socraíochta i leith na n-íocaíochtaí nó na comaoine eile a bheidh le híoc nó le soláthar faoin gcomhaontú fála,

(d) luafar ann go bhféadfaidh aon chomhalta cóip den chomhaontú fála a fháil saor in aisce i ngach áit ghnó de chuid an chumainn tráth ar bith le linn gnáthuaireanta gnó, agus

(e) tabharfar achoimre sách mion ann ar an méid seo a leanas chun a chumasú do dhaoine atá i dteideal vótáil a chinneadh conas vótáil ar an rún comhshó:

(i) na nithe a gceanglaítear faoi fho-alt (4) tagairt a dhéanamh dóibh sa scéim chomhshó fála; agus

(ii) an comhaontú fála a cheanglaítear faoi fho-alt (4)(f) a bheith i gceangal leis an scéim chomhshó fála.

(6) Féadfaidh an Banc Ceannais cibé fiosrúcháin a sheoladh agus cibé faisnéis a fháil a mheasfaidh sé is gá chun a chumasú dó scéim chomhshó fála a bhreithniú.

(7) Aon duine a dhéanfaidh go toiliúil nó go feasach bac nó cosc a chur ar fhiosrúcháin a rinne an Banc Ceannais le linn dó aon cheann dá fheidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh, nó a dhéanfaidh go feasach nó go meargánta faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar i ndáil leis na fiosrúcháin sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(8) (a) Gan dochar d’alt 101(6), déarfar i dtéarmaí scéime comhshó fála, maidir le haon chearta a thugtar do chomhaltaí an chumainn ar comhaltaí den sórt sin iad de bhua scaireanna a shealbhú sa chumann a thugann teideal dóibh íocaíochtaí nó comaoin eile a fháil ón bhfaighteoir nó ón gcumann de dhroim na fála, nach mbaineann na cearta sin, i gcás na ndaoine sin a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí den chumann tar éis 21 Nollaig, 1988, ach amháin leis na comhaltaí sin a raibh scaireanna sa chumann á sealbhú acu i gcaitheamh na tréimhse 2 bhliain ar fad dar críoch an lá a thugtar fógra do chomhaltaí i dtaobh an rúin comhshó.

(b) Tá feidhm ag ailt 101A agus 101B i gcás go dtugann scéim chomhshó fála cearta do chomhaltaí cumainn foirgníochta chun íocaíochtaí nó comaoin eile a fháil ón bhfaighteoir nó ón gcumann de dhroim na fála.

(9) (a) D’ainneoin alt 106(1), ní dhéanfaidh cumann na doiciméid dá dtagraítear ann a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais a shonraítear i mír (b).

(b) Is iad na ceanglais dá dtagraítear i mír (a)—

(i) go gcomhlíonfar nó go dtarscaoilfear, de réir mar a bheidh, na coinníollacha uile (seachas an coinníoll lena gceanglaítear an cumann a chlárú mar chuideachta faoi alt 106) a bhfuil an fháil faoina réir,

(ii) go mbeidh daingnithe ag an gcumann agus ag an bhfaighteoir i scríbhinn chun an Bhainc Ceannais gur tharla an comhlíonadh nó an tarscaoileadh sin, de réir mar is cuí, agus

(iii) go mbeidh cóip de na daingnithe curtha ar aghaidh chun cláraitheoir na gcuideachtaí ag an mBanc Ceannais, ar gach ceann de na daingnithe dá dtagraítear i bhfomhír (ii) a fháil.

(c) Comhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír (b)(ii) agus (iii) tráth nach déanaí ná an dáta ar a seachadfar na doiciméid dá dtagraítear in alt 106(1) chun cláraitheoir na gcuideachtaí.

(10) I gcás go sonrófar i scéim chomhshó fála coinníollacha nach mór a chomhlíonadh nó a tharscaoileadh, de réir mar a bheidh, sula rachaidh an fháil ar aghaidh, ansin déanfar an scéim chomhshó fála a fhoirceannadh mura seachadfar na doiciméid dá dtagraítear in alt 106(1) chun cláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis—

(a) an dáta is mí amháin tar éis chlárú na scéime faoi alt 104(5), nó

(b) i gcás go ndéanfar achainí chun na Cúirte faoi alt 105 chun scéim chomhshó a chealú, an dáta a ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (5) den alt sin nó a gcinnfear achomharc ó aon ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt sin,

cibé acu is déanaí.

(11) I gcás ina ndéanfar an scéim chomhshó fála a fhoirceannadh faoi fho-alt (10), tabharfaidh an cumann fógra ina thaobh sin don Bhanc Ceannais agus déanfaidh an Banc Ceannais, ar an bhfógra a fháil, clárú na scéime faoi alt 104(5) a chealú agus an deimhniú cláraithe arna eisiúint faoin bhfo-alt sin a chur ar neamhní.

(12) I gcás ina rachaidh scéim chomhshó fála ar aghaidh, beidh feidhm ag alt 106(6) maidir le cumann a chlárú mar chuideachta fairis na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá:

(a) beidh an faighteoir nó cibé ainmnithigh de chuid an fhaighteora a shonrófar sa chomhaontú fála iomchuí, de réir théarmaí na scéime comhshó fála sin, ina gcomhaltaí den chuideachta chomharbais; agus

(b) measfar na scaireanna i gcaipiteal na cuideachta comharbais, a mbeidh teideal ag an bhfaighteoir chucu de réir na scéime comhshó fála sin, a bheith faighte ag an bhfaighteoir.”.

Leasú ar alt 103 den Phríomh-Acht.

23 .— Leasaítear alt 103(2) den Phríomh-Acht—

(a) i mír (h), trí “gnáthuaireanta gnó;” a chur in ionad “gnáthuaireanta gnó; agus”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(ha) déarfar go bhfuil feidhm ag Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2005 agus go háirithe ailt 201, 204 agus 205 d’Acht na gCuideachtaí 1963 maidir leis an gcuideachta chomharbais agus sonrófar ann na nithe lena mbaineann na hailt sin; agus”.

Leasú ar alt 104 den Phríomh-Acht.

24 .— Leasaítear alt 104(5) den Phríomh-Acht trí “Faoi réir alt 101C(10), i gcás ina ndaingneoidh an Banc Ceannais” a chur in ionad “I gcás ina ndaingneoidh an Banc Ceannais”.

Leasú ar alt 105 den Phríomh-Acht.

25 .— Leasaítear alt 105(5) den Phríomh-Acht trí “ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi agus beidh feidhm ag alt 101C(10) de réir mar is cuí” a chur in ionad “ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi”.

Leasú ar alt 106 den Phríomh-Acht.

26 .— Leasaítear alt 106(1) den Phríomh-Acht trí “Faoi réir alt 101C(10), a luaithe is féidir, ach tráth nach luaithe ná mí amháin tar éis an chláraithe de bhun alt 104(5)” a chur in ionad “A luaithe is féidir, ach tráth nach luaithe ná mí amháin tar éis an chláraithe de bhun alt 104(5)”.

Leasú ar an bPríomh-Acht trí alt nua (alt 108A) a chur isteach.

27 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 108:

“Feidhm achtachán áirithe maidir le cumainn foirgníochta.

108A.— Beidh feidhm ag ailt 59 agus 60 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 maidir le cumann foirgníochta a bheartóidh é féin a chomhshó ina chuideachta de bhun Chuid XI fairis na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá—

(a) gan dochar do ghinearáltacht alt 18(c) den Acht Léiriúcháin 2005, déanfar tagairtí sna hailt sin do dhuine a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chumann foirgníochta a bheartóidh é féin a chomhshó ina chuideachta de bhun Chuid XI,

(b) beidh éifeacht le fo-alt (5) den alt sin 59 amhail is dá ndéanfaí ‘(is tréimhse nach faide ná 365 lá agus a mbeidh sé sainráite go dtosóidh sí ar an bhfógra a thabhairt)’ a chur in ionad ‘(is tréimhse nach faide ná 28 lá agus a mbeidh sé sainráite go dtosóidh sí ar an bhfógra a thabhairt)’, agus

(c) beidh éifeacht le fo-alt (2) den alt sin 60 amhail is dá ndéanfaí ‘an tréimhse shonraithe a shíneadh ar feadh cibé líon laethanta (nach mó ná 183 lá)’ a chur in ionad ‘an tréimhse shonraithe a shíneadh ar feadh cibé líon laethanta (nach mó ná 28 lá)’.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

28 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i mír 3 de Chuid 1 trí “i gcás comhlachtaí dá dtagraíonn alt 28(1)(a)” a chur in ionad “i gcás comhlachtaí corpraithe”.