An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasú ar Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha )

25 2006

An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Más rud é, díreach roimh dheireadh na tréimhse bliana ó dháta rite an tAcht seo, nach mbeidh feidhm an Achta seo tosaithe le hordú faoin alt seo nó go bhfuil aon fhoráil nó aon fhorálacha a bhfuil a feidhm nó a bhfeidhm fós le tosú le hordú den sórt sin (lena n-áirítear maidir le críoch ar leith), tiocfaidh an tAcht seo nó an fhoráil nó na forálacha sin i ngníomh (nó i gcás forála nó forálacha den sórt sin a bhfuil a feidhm nó a bhfeidhm fós le tosú maidir le críoch ar leith, tiocfaidh sí nó siad i ngníomh chun na críche sin) ag deireadh na tréimhse sin.

(4) Féadfar na hAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta 1992 go 2006 a ghairm d’Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992 go 2001 agus de Chuid 2 le chéile.

(5) Féadfar na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 1992 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 1992 go 2001 agus de Chuid 3 le chéile.

(6) Féadfar Achtanna an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 agus 2006 a ghairm d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 agus d’alt 52 le chéile.

(7) Féadfar Achtanna na nOllscoileanna 1997 agus 2006 a ghairm d’Acht na nOllscoileanna 1997 agus d’alt 53 le chéile.

(8) Féadfar Achtanna na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999 agus 2006 a ghairm d’Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999 agus d’alt 54 le chéile.

(9) Féadfar na hAchtanna Gairmoideachais 1930 go 2006 a ghairm de na hAchtanna Gairmoideachais 1930 go 2001 agus d’alt 55 le chéile.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht DIT” an tAcht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 1992;

ciallaíonn “Acht RTC” Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992.