An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasú ar na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath )

25 2006

An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006

CUID 2

Leasú ar Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha

Leasú ar alt 2 d’Acht RTC.

3 .— Leasaítear alt 2(1) d’Acht RTC—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “comhairle acadúil”:

“ciallaíonn ‘An tÚdarás’ An tÚdarás um Ard-Oideachas;”, agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “coláiste”:

“ciallaíonn ‘coláiste’ foras ardoideachais a dhearbhaítear le mír (a) d’alt 3(1) (arna leasú leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) a bheith ina choláiste lena mbaineann an tAcht seo agus folaíonn sé, i ndáil le hInstitiúid Teicneolaíochta Chorcaí, scoil de chuid an choláiste sin a dhearbhaítear a bheith ina scoil den sórt sin faoi mhír (b) den fho-alt sin;”.

Leasú ar alt 3 d’Acht RTC.

4 .— Leasaítear alt 3 d’Acht RTC—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú le hAcht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú) 1999):

“(1) (a) Dearbhaítear gur coláiste lena mbaineann an tAcht seo gach foras ardoideachais a shonraítear i gcolún (1) den Chéad Sceideal agus, faoi réir fho-alt (4), leanfaidh an t-ainm sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a ghairtear de sa Sceideal sin de bheith air agus leanfar den ainm sin a thabhairt air.

(b) Dearbhaítear gur scoileanna d’Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí iad Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford (Crawford College of Art and Design), Ceol-Scoil Chorcaí (Cork School of Music) agus Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann (National Maritime College of Ireland) agus leanfaidh an t-ainm sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a ghairtear di sa mhír seo de bheith ar gach scoil acu agus leanfar den ainm sin a thabhairt uirthi.

(c) (i) Dearbhaítear gur scoil d’Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn é an Coláiste Turasóireachta, Na Cealla Beaga (Tourism College Killybegs) agus leanfaidh an t-ainm sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a ghairtear de sa mhír seo nó cibé ainm eile a chinnfidh an comhlacht ceannais, faoi réir thoiliú an Aire, de bheith air agus leanfar den ainm sin a thabhairt air.

(ii) Gach duine atá, díreach roimh thosach feidhme na míre seo—

(I) ina fhostaí de chuid Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall, agus

(II) ag obair don choláiste dá dtagraítear i bhfomhír (i),

ar an tosach feidhme sin, tiocfaidh sé agus beidh sé ina chomhalta d’fhoireann Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus, fad a bheidh sé i seirbhís an choláiste sin, ní bhfaighidh sé luach saothair níos lú, ná ní bheidh sé faoi réir coinníollacha seirbhíse is lú tairbhe ná an luach saothair a cheadaigh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus a raibh an duine ina theideal agus na coinníollacha seirbhíse a cheadaigh an tAire agus a raibh an duine sin faoina réir roimh an tosach feidhme sin.” agus

(b) trí fho-ailt (2) (arna leasú le hAcht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999) agus (3) a scriosadh.

Alt 3A d’Acht RTC a aisghairm.

5 .— Aisghairtear alt 3A (a cuireadh isteach le hAcht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999) d’Acht RTC.

Leasú ar alt 5 d’Acht RTC.

6 .— Leasaítear alt 5 d’Acht RTC—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (c), trí “an tÚdarás” a chur in ionad “an tAire”,

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) i ndáil le haon cheann de na cuideachtaí nó de na gnóthais seo a leanas agus de réir an dlí seo a leanas, eadhon—

(i) cuideachta dliteanais theoranta sa Stát — de réir Achtanna na gCuideachtaí, nó

(ii) cuideachta nó gnóthas (a mbeidh dliteanas a comhaltaí nó a chomhaltaí teoranta) i stát seachas an Stát — de réir dhlí an stáit sin,

chun—

(I) a foirmiú nó a fhoirmiú a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh inti nó ann,

(II) scaireanna nó leasanna eile ina caipiteal nó ina chaipiteal a fháil, a shealbhú nó a dhiúscairt, nó

(III) páirt a ghlacadh ina bainistiú nó ina bhainistiú nó ina stiúradh,

ach sin sa chás amháin go n-áirítear ar chuspóirí na cuideachta nó an ghnóthais cibé gnó, trádáil nó gníomhaíochtaí eile a sheoladh, de réir mar is cuí leis an gcoláiste, d’fhonn feidhmeanna an choláiste a chur chun cinn nó cúnamh a thabhairt le linn feidhmeanna an choláiste a chomhlíonadh, nó i dtaca le feidhmeanna an choláiste;”;

agus

(iii) i mír (i), trí “faoi réir cheadú an Údaráis” a chur in ionad “faoi réir cheadú an Aire”,

agus

(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.

Saoirse acadúil.

7 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“Saoirse acadúil.

5A.— (1) Beidh ag coláiste, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, an ceart agus an fhreagracht prionsabail thraidisiúnta na saoirse acadúla a chaomhnú agus a chur chun cinn le linn a ghnóthaí inmheánacha agus seachtracha a sheoladh.

(2) Beidh ag comhalta d’fhoireann acadúil coláiste an tsaoirse, de réir an dlí, ina mhúineadh nó ina múineadh, ina thaighde nó ina taighde agus in aon ghníomhaíochtaí eile dá chuid nó dá cuid sa choláiste nó lasmuigh de, an eagnaíocht a nglactar léi a cheistiú agus a thástáil, smaointe nua a chur chun cinn agus tuairimí atá conspóideach nó nach bhfuil glacadh coitianta leo a chur in iúl agus ní chuirfidh an coláiste é nó í faoi mhíbhuntáiste ná faoi réir córa is lú fabhar mar gheall ar an tsaoirse sin a fheidhmiú.”.

Leasú ar alt 7 d’Acht RTC.

8 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Feidhmeanna na gcomhlachtaí ceannais.

7.— (1) Is iad feidhmeanna comhlachta ceannais coláiste, de bhun fheidhmeanna an choláiste faoi alt 5 ach de réir shriantachtaí bhuiséad an choláiste faoi alt 13—

(a) talamh agus maoin eile an choláiste a rialú agus a riaradh,

(b) an Stiúrthóir agus cibé foireann eile is dóigh leis is gá a cheapadh chun críocha an choláiste, agus

(c) cibé feidhmeanna eile a thugtar dó leis an Acht seo nó le haon Acht eile a chomhlíonadh.

(2) Chun an Stiúrthóir a cheapadh faoi fho-alt (1)(b), déanfaidh an comhlacht ceannais cibé nósanna imeachta agallaimh agus nósanna imeachta eile a fhorbairt is fearr a chinnteoidh, ina thuairim, go mbeidh iarrthóirí a bhfuil ardmhianach iontu ó laistigh den choláiste agus lasmuigh de páirteach sa phróiseas roghnóireachta agus déanfaidh sé na nósanna imeachta sin a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis.

(3) Tá ag comhlacht ceannais, faoi réir an Achta seo nó aon Achta eile, cibé cumhachtaí is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh comhlacht ceannais, ó am go ham, cibé coistí agus cibé líon coistí a cheapadh, a bheidh comhdhéanta go hiomlán nó go páirteach de chomhaltaí den chomhlacht ceannais, is dóigh leis is gá chun cabhrú leis le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh sé cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis a shannadh do na coistí sin.

(5) Oibreoidh coiste a cheapfar faoi fho-alt (4) i cibé slí a ordóidh an comhlacht ceannais agus beidh a ghníomhartha faoi réir a ndaingnithe ag an gcomhlacht ceannais, mura n-ordóidh an comhlacht ceannais a mhalairt.

(6) Le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, déanfaidh comhlacht ceannais nó, más cuí, déanfaidh coiste—

(a) cibé ordacháin i dtaobh beartais a chomhlíonadh a eiseoidh an tAire ó am go ham, lena n-áirítear ordacháin a bhaineann le leibhéil agus réimse na gclár a thairgeann an coláiste,

(b) aird a thabhairt ar chur chun cinn agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga gnáthchumarsáide agus saothrú na Gaeilge agus a traidisiún gaolmhar litríochta agus cultúir a chur chun cinn,

(c) aird a thabhairt ar chothromaíocht inscne agus comhionannas deiseanna a bhaint amach i measc mhic léinn agus fhoireann an choláiste agus déanfaidh sé, go háirithe, rochtain ar oideachas sa choláiste ag daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach, ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine ó earnálacha den tsochaí a bhfuil ionadaíocht neamhdhóthanach shuntasach acu i measc na mac léinn i gcoitinne a chur chun cinn,

(d) a chinntiú, a mhéid is féidir leis, go gcuirfidh an coláiste le cur chun cinn fhorbairt eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialach an Stáit agus le hurraim don éagsúlacht luachanna, creideamh agus traidisiún i sochaí na hÉireann, agus

(e) aird a thabhairt ar fhreagrachtaí reachtúla soláthraithe oideachais eile.”.

Leasú ar alt 8 d’Acht RTC.

9 .— Leasaítear alt 8(1) d’Acht RTC trí “leis an Údarás” a chur in ionad “leis an gcoiste gairmoideachais”.

Leasú ar alt 9 d’Acht RTC.

10 .— Leasaítear alt 9 d’Acht RTC—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh comhlacht ceannais duine a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimseartha chun bheith ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar an gcoláiste, agus tabharfar an Stiúrthóir, nó cibé teideal eile a chinnfidh an comhlacht ceannais, faoi réir thoiliú an Aire, ar an duine sin.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “an tÚdarás” a chur in ionad “an tAire”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú) 1994):

“(4) I gcás ina dtiocfaidh oifig Stiúrthóra chun bheith folamh, féadfaidh an comhlacht ceannais, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, duine a cheapadh chun feidhmeanna an Stiúrthóra a chomhlíonadh go dtí cibé tráth a cheapfar duine go buan chun na hoifige sin agus féadfaidh an comhlacht ceannais an ceapachán eatramhach sin a fhoirceannadh aon tráth.”.

Leasú ar alt 10 d’Acht RTC.

11 .— Leasaítear alt 10(3)(a) d’Acht RTC trí “de réir na gclár agus an bhuiséid a cheadófar in aghaidh na bliana faoi alt 13 den Acht seo agus” a scriosadh.

Leasú ar alt 11 d’Acht RTC.

12 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“Forálacha ginearálta i ndáil le foireann.

11.— (1) Féadfaidh coláiste cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis an gcomhlacht ceannais a chomhlíonadh trí aon chomhalta dá fhoireann nó ag aon chomhalta dá fhoireann.

(2) Faoi réir alt 12, íocfaidh coláiste lena fhoireann cibé luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais a cheadóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh cuideachta nó gnóthas dá dtagraítear in alt 5(1)(e) (arna leasú leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) aon luach saothair, táillí, liúntais nó caiteachais a íoc le foireann coláiste de réir socruithe chuige sin arna ndéanamh idir na coláistí agus an tÚdarás.

(4) Beidh feidhm ag Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais (dá dtagraítear in Airteagal 2 den Ordú um Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 2001 (I.R. Uimh. 14 de 2001)) maidir le coláiste agus le comhaltaí a fhoirne.”.

Forálacha i ndáil le foireann áirithe.

13 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 11:

“Forálacha i ndáil le foireann áirithe.

11A.— (1) (a) Féadfaidh coláiste cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an choláiste (i dteannta an Stiúrthóra) is cuí leis an gcomhlacht ceannais ó am go ham faoi réir cheadú an Údaráis arna thabhairt le comhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(b) Déanfar na comhaltaí sin den fhoireann a earcú agus a roghnú de réir nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(c) Forálfar leis na nósanna imeachta sin gurb iad a bheidh ar an mbord roghnóireachta daoine atá cáilithe go cuí agus go mbeidh an Stiúrthóir ar an gcoláiste nó ainmnitheach de chuid an Stiúrthóra air.

(2) Faoi réir alt 12, fostófar na comhaltaí d’fhoireann coláiste ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an coláiste (faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais) ó am go ham.

(3) Féadfaidh coláiste comhalta dá fhoireann a chur ar fionraí nó a dhífhostú, ach ní dhéanfar sin ach amháin de réir nósanna imeachta agus faoi réir aon choinníollacha a chinnfidh an coláiste, tar éis dó dul i gcomhairle le comhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta; féadfar foráil a dhéanamh leis na nósanna imeachta agus leis na coinníollacha sin maidir le cumhachtaí a bhaineann le fionraí nó le dífhostú a tharmligean chuig an Stiúrthóir.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) maidir leis na comhaltaí go léir d’fhoireann coláiste, ach amháin na hoifigigh sin a bhfuil feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) (arna gcur isteach leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) d’alt 12 maidir leo.”.

Leasú ar alt 12 d’Acht RTC.

14 .— Leasaítear alt 12 d’Acht RTC trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Beidh feidhm ag ailt 105, 106 agus 107 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 agus ag ailt 7 agus 8 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú) 1944 maidir le hoifigigh do choláiste a ceapadh roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, ach tagairtí don choláiste a chur in ionad tagairtí don choiste gairmoideachais.

(4) (a) Ní dhéanfaidh coláiste aon duine dá oifigigh a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis nó léi a chur as oifig gan toiliú an Aire.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hoifigigh do choláiste a ceapadh roimh thosach feidhme an fho-ailt seo.”.

Leasú ar alt 13 d’Acht RTC.

15 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 13:

“Buiséid.

13.— (1) Déanfaidh comhlacht ceannais, an chéad lá de Mhárta nó roimhe i ngach bliain airgeadais nó cibé dáta eile a cheadóidh an tÚdarás (ar féidir gur dáta é roimh thosach na bliana airgeadais lena mbaineann an ráiteas), ráiteas maidir le caiteachas beartaithe agus ioncam ionchais an choláiste don bhliain airgeadais a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis i cibé foirm agus ar cibé modh a cheadóidh an tÚdarás ó am go ham.

(2) Cinnfidh an tÚdarás, ag féachaint don ráiteas a bheidh curtha faoina bhráid faoi fho-alt (1), an méid airgid a bheidh le leithroinnt ar an gcoláiste don bhliain airgeadais as airgead arna sholáthar don Údarás de bhun alt 12 d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971, agus is é a bheidh i mbuiséad an choláiste don bhliain airgeadais an méid a leithroinnfear amhlaidh mar aon le hioncam ionchais eile an choláiste de réir mar a chomhaontófar leis an Údarás é.

(3) I gcás inar cinneadh buiséad coláiste, is feidhm de chuid an Stiúrthóra, ag gníomhú dó nó di ar údarás an chomhlachta ceannais, é a chur in éifeacht.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, aon tráth, ar iarratas a bheith déanta chuige ag comhlacht ceannais coláiste, an méid airgid a mhéadú a bheidh le leithroinnt ar an gcoláiste as airgead a sholáthraítear don Údarás.

(5) Más é tuairim Stiúrthóra coláiste—

(a) maidir leis an gcaiteachas iarbhír i mbliain airgeadais, nó

(b) maidir le gníomh atá beartaithe,

go mbeidh nó gur dócha go mbeidh de thoradh air, agus aon leithroinnt mhéadaithe faoi fho-alt (4) á cur i gcuntas, caiteachas de bhreis ar an mbuiséad don bhliain airgeadais sin, (dá ngairtear ‘imeacht ábhartha ón mbuiséad’ san alt seo), cuirfidh an Stiúrthóir an méid sin in iúl don chomhlacht ceannais.

(6) Má chinneann an comhlacht ceannais, d’ainneoin an méid sin a bheith curtha in iúl dó amhlaidh—

(a) i gcás fho-alt (5)(a), gan a chaiteachas iarbhír a laghdú, nó

(b) i gcás fho-alt (5)(b), leanúint leis an ngníomh atá beartaithe aige,

déanfaidh an Stiúrthóir, a luaithe is indéanta, mura rud é go measann sé nó sí, d’ainneoin na tuairime a bhí aige nó aici roimhe sin, nach dtarlóidh imeacht ábhartha ón mbuiséad, cinneadh an chomhlachta ceannais a chur in iúl don Údarás.

(7) Más rud é, d’ainneoin an ailt seo, go dtabhóidh coláiste caiteachas de bhreis ar a bhuiséad is caiteachas nach n-íocfar as ioncam an choláiste seachas an t-airgead a leithroinnfidh an tÚdarás air, beidh an bhreis sin ina céadmhuirear ar an mbuiséad don chéad bhliain airgeadais eile dá éis sin.

(8) Féadfaidh coláiste airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bhainc nó ar shlí eile agus féadfaidh sé iasacht arna glacadh ag duine nó comhlacht daoine, nó iasacht airgid arna glacadh air nó uirthi féin ag duine nó air féin ag comhlacht daoine, a ráthú nó a fhrithghealladh.

(9) Is de réir socruithe a dhéanfar ó am go ham idir na coláistí agus an tÚdarás a gheofar airgead ar iasacht, a thabharfar ráthú agus a dhéanfar frithghealladh faoi fho-alt (8); rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais sula ndéanfaidh sé socruithe den sórt sin.”.

Leasú ar alt 14 d’Acht RTC.

16 .— Leasaítear alt 14 d’Acht RTC—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh gach bliana acadúla, ullmhóidh agus foilseoidh comhlacht ceannais coláiste tuarascáil ar imeachtaí an chomhlachta ceannais i gcaitheamh na bliana sin i cibé foirm a chinnfidh an tÚdarás agus cuirfidh sé cóip den tuarascáil sin ar fáil don Údarás agus don Aire.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “don Údarás” a chur in ionad “don choiste gairmoideachais”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Cuirfidh coláiste ar fáil don Údarás cibé faisnéis a iarrfaidh an tÚdarás ó am go ham maidir le líon na ndaoine atá fostaithe ag an gcoláiste, maidir lena gcomhdhéanamh de réir gráid, maidir lena dtéarmaí agus a gcoinníollacha fostaíochta (lena n-áirítear a luach saothair, a dtáillí, a liúntais, a gcaiteachais agus a n-aoisliúntais) agus maidir le haon nithe gaolmhara eile.”.

Aisghairm ar alt 15 d’Acht RTC.

17 .— Aisghairtear alt 15 d’Acht RTC.

Leasú ar alt 16 d’Acht RTC.

18 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 16:

“Cuntais agus taifid a choimeád.

16.— (1) Coimeádfaidh coláiste, i cibé foirm a cheadóidh an tÚdarás, na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an ioncam go léir a gheobhaidh sé agus ar an gcaiteachas go léir a thabhóidh sé.

(2) Déanfaidh coláiste cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1), a mhéid a ordóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é, a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain, lena n-iniúchadh, faoi cibé dáta a chinnfidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó am go ham agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an coláiste cóip de na cuntais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Údarás agus don Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolacfaidh an coláiste don Aire faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”.

Leasú ar alt 18 d’Acht RTC.

19 .— Leasaítear alt 18(1) d’Acht RTC trí “, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste gairmoideachais” a scriosadh.

Leasú ar alt 20 d’Acht RTC.

20 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 20:

“Cigireacht.

20.— Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, aon duine nó daoine is cuí leis an Aire a údarú chun tuairisciú don Aire ar aon nithe a bhaineann le hoibriú coláiste agus beidh an duine nó na daoine sin i dteideal gach tráth réasúnach dul isteach sa choláiste lena mbaineann agus tabharfaidh an coláiste sin gach saoráid, lena n-áirítear rochtain ar gach taifead, dóibh chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.”.

Leasú ar alt 21 d’Acht RTC.

21 .— Leasaítear alt 21(4) d’Acht RTC trí “lena mbaineann fo-ailt (3) agus (4) (a cuireadh isteach leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) d’alt 12 agus” a chur isteach i ndiaidh “maidir le hoifigigh do choláiste”.

Rialú institiúidí teicneolaíochta.

22 .— Leasaítear Acht RTC trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“Feidhmeanna forchoimeádta.

21A.— (1) Déanfaidh gach coláiste, trí rún óna chomhlacht ceannais, cibé cinn de na feidhmeanna a dhearbhaítear leis an Acht seo a bheith ina bhfeidhmeanna forchoimeádta a chomhlíonadh agus forléireofar ‘feidhm fhorchoimeádta’ agus beidh éifeacht leis san Acht seo dá réir sin.

(2) Dearbhaítear gur feidhmeanna forchoimeádta na feidhmeanna faoi ailt 5(1)(a) go (j), 7, 9, 10, 21C, 21D agus 21E.

(3) Is é nó is í an tAire a chinnfidh aon díospóid i dtaobh cibé acu is feidhm fhorchoimeádta aon fheidhm áirithe nó nach ea.

(4) Cabhróidh Stiúrthóir leis an gcomhlacht ceannais le linn dó a fheidhmeanna forchoimeádta a chomhlíonadh, i cibé slí a theastóidh ón gcomhlacht ceannais.

(5) Ní dhéanfaidh comhlacht ceannais feidhm nach feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh le rún óna chomhaltaí nó ordachán a thabhairt i ndáil le feidhm nach feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh.

Feidhmeanna feidhmiúcháin.

21B.— (1) Is feidhm feidhmiúcháin gach aon fheidhm nach feidhm fhorchoimeádta, agus forléireofar ‘feidhm feidhmiúcháin’, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin san Acht seo.

(2) Is é nó is í an Stiúrthóir a chomhlíonfaidh feidhmeanna feidhmiúcháin.

(3) Soláthróidh Stiúrthóir cibé faisnéis don chomhlacht ceannais i dtaobh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh a theastóidh ón gcomhlacht ceannais ó am go ham.

(4) Soláthróidh Stiúrthóir cibé faisnéis don Aire nó don Údarás i dtaobh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh, is faisnéis a theastóidh ón Aire nó ón Údarás, de réir mar a bheidh, ó am go ham.

Plean forbartha straitéisí.

21C.— (1) Déanfaidh comhlacht ceannais, a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo agus ag cibé tráthanna eile is cuí leis, a cheangal ar an Stiúrthóir plean (dá ngairtear ‘plean forbartha straitéisí’ san Acht seo) a ullmhú ina leagfar amach aidhmeanna an chomhlachta ceannais i gcomhair oibriú agus fhorbairt an choláiste agus a straitéis chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, agus chun na feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, le linn na tréimhse, is tréimhse nach lú ná trí bliana, lena mbaineann an plean.

(2) Féadfaidh comhlacht ceannais an plean forbartha straitéisí a ullmhófar a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, an plean a cheadú fara cibé modhnuithe is cuí leis; le linn a chumhachtaí a fheidhmiú faoin bhfo-alt seo beidh aird ag an gcomhlacht ceannais ar na hacmhainní atá ar fáil don choláiste.

(3) A luaithe is indéanta tar éis dó an plean forbartha straitéisí a cheadú faoi fho-alt (2), soláthróidh an comhlacht ceannais cóip den phlean don Údarás agus don Aire.

Beartas comhionannais.

21D.— (1) Déanfaidh comhlacht ceannais, a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo agus ag cibé tráthanna eile is cuí leis, a cheangal ar an Stiúrthóir ráiteas a ullmhú i dtaobh bheartais an choláiste i leith na nithe seo a leanas—

(a) rochtain ar oideachas sa choláiste ag daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach, ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine ó earnálacha den tsochaí a bhfuil ionadaíocht neamhdhóthanach shuntasach acu i measc na mac léinn i gcoitinne, agus

(b) comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, i ngníomhaíochtaí uile an choláiste,

agus beidh aird ag an Stiúrthóir, le linn an ráiteas a ullmhú, ar cibé beartais a chinnfidh an tAire ó am go ham maidir leis na nithe sin.

(2) Féadfaidh comhlacht ceannais an ráiteas a ullmhófar faoi fho-alt (1) a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, an ráiteas a cheadú fara cibé modhnuithe is cuí leis; le linn a chumhachtaí a fheidhmiú faoin bhfo-alt seo beidh aird ag an gcomhlacht ceannais ar na hacmhainní atá ar fáil don choláiste.

(3) Déanfaidh coláiste na beartais a bheidh leagtha amach sa ráiteas a chur i ngníomh mar a ceadaíodh iad faoi fho-alt (2).

Díospóidí a réiteach.

21E.— (1) Bunóidh comhlacht ceannais nósanna imeachta d’fhonn díospóidí a éireoidh sa choláiste a réiteach.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le díospóidí caidrimh tionscail, a ndéileálfar leo trí na gnáthstruchtúir caidrimh tionscail a oibríonn sa choláiste.

(3) Maidir le nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1)—

(a) cuirfear i scríbhinn iad,

(b) bunófar iad tar éis dul i gcomhairle le comhlachais foirne agus le ceardchumainn aitheanta atá ionadaitheach d’fhoireann an choláiste agus le haontas na mac léinn nó le comhlacht ionadaitheach mac léinn eile, agus

(c) déanfar foráil leo maidir le duine neamhspleách nó daoine neamhspleácha, de réir mar is cuí, do bhreithniú saincheisteanna a bheidh faoi dhíospóid.

Athbhreithnithe.

21F.— Féadfaidh an tÚdarás athbhreithniú a dhéanamh—

(a) ar an bplean forbartha straitéisí a ullmhófar de réir alt 21C, agus

(b) ar na beartais a bheidh leagtha amach sa ráiteas a ullmhófar de réir alt 21D agus ar chur i ngníomh na mbeartas sin ag an gcoláiste,

agus féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoláiste, tuarascáil a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis, maidir le toradh aon athbhreithnithe den sórt sin.”.

Éifeacht orduithe áirithe.

23 .— Leasaítear Acht RTC tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23:

“Éifeacht orduithe áirithe.

23A.— (1) Maidir le gach ordú a dhéanfar faoi alt 3, measfar, le linn na tréimhse iomchuí, go raibh sé bailí riamh.

(2) San alt seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach an tráth a dhéanfar an t-ordú lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus dar críoch tráth thosach feidhme alt 4 den Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht RTC.

24 .— Leasaítear Acht RTC tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Chéad Sceidil:

“Alt 3.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Coláistí

Ainm an Choláiste.

An Coiste Gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá an coláiste suite.

(1)

(2)

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain.

Athlone Institute of Technology.

Contae na hIarmhí.

Institiúid Teicneolaíochta, Baile Bhlainséir.

Institute of Technology, Blanchardstown.

Contae Bhaile Átha Cliath.

Institiúid Teicneolaíochta, Ceatharlach.

Institute of Technology, Carlow.

Contae Cheatharlach.

Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí.

Cork Institute of Technology.

Cathair Chorcaí.

Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.

Dundalk Institute of Technology.

Contae Lú.

Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire.

Dún Laoghaire Institute of Art, Design and Technology.

Dún Laoghaire.

Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Galway-Mayo Institute of Technology.

Cathair na Gaillimhe.

Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Letterkenny Institute of Technology.

Contae Dhún na nGall.

Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh.

Limerick Institute of Technology.

Cathair Luimnigh.

Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach.

Institute of Technology, Sligo.

Contae Shligigh.

Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht.

Institute of Technology, Tallaght.

Contae Bhaile Átha Cliath.

Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí.

Institute of Technology, Tralee.

Contae Chiarraí.

Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Waterford Institute of Technology.

Contae Phort Láirge.

”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht RTC.

25 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht RTC—

(a) trí mhíreanna 2(5) agus 3(3) a scriosadh, agus

(b) i mír 14(e), trí “faoi réir cheadú an Aire agus cibé téarmaí agus coinníollacha a leagfaidh an tAire síos,” a scriosadh.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht RTC.

26 .— Leasaítear Acht RTC tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal:

“Alt 9.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Stiúrthóir

1. Déanfaidh Stiúrthóir coláiste, faoi réir an Achta seo, seoladh a ghníomhaíochtaí acadúla, riaracháin, airgeadais, pearsanra agus a ghníomhaíochtaí eile ag an gcoláiste a bhainistiú agus a stiúradh agus chun na gcríoch sin tá cibé cumhachtaí aige nó aici is gá nó is fóirsteanach.

2. Le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh beidh an Stiúrthóir faoi réir cibé beartais a chinnfidh an comhlacht ceannais ó am go ham agus beidh sé nó sí freagrach don chomhlacht ceannais as an gcoláiste a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

3. (1) Féadfaidh Stiúrthóir aon fheidhmeanna dá chuid nó dá cuid a tharmligean chuig comhalta eile d’fhoireann an choláiste mura rud é go mbeidh siad tarmligthe chuig an Stiúrthóir faoi réir an choinníll nach ndéanfar iad a tharmligean a thuilleadh; beidh an comhalta eile sin freagrach don Stiúrthóir as na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(2) D’ainneoin aon tarmligin den sórt sin, leanfaidh an Stiúrthóir de bheith freagrach gach uile thráth don chomhlacht ceannais i leith na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh.

4. Ní shealbhóidh Stiúrthóir aon oifig ná post eile gan toiliú an chomhlachta ceannais.

5. Beidh Stiúrthóir i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’aon choiste agus de gach coiste a cheapfaidh an comhlacht ceannais, agus a bheith i gceannas orthu, ach amháin i gcás ina gcinnfidh an comhlacht ceannais a mhalairt, le comhthoiliú an Údaráis.

6. Beidh Stiúrthóir i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhairle acadúil agus, má bhíonn sé nó sí i láthair, beidh sé nó sí i gceannas ar gach cruinniú den chomhairle sin; beidh sé nó sí i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de gach coiste a bhunóidh an chomhairle sin.

7. Beidh Stiúrthóir i seilbh oifige go ceann tréimhse 10 mbliana mura n-éireoidh sé nó sí as, mura scoirfidh sé nó sí nó mura gcuirfear é nó í as oifig.

8. Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann ar Stiúrthóir déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, faoin Acht seo, ar an gcoláiste a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an choláiste i dtaca le húsáid a acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an coláiste chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don choláiste dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i bhfomhír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

9. Ní dhéanfaidh Stiúrthóir, má cheanglaítear air nó uirthi faoi mhír 8 fianaise a thabhairt, tuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó tuillteanais cuspóirí aon bheartais den sórt sin a cheistiú nó tuairim a nochtadh i dtaobh na dtuillteanas sin.

10. Déanfaidh Stiúrthóir, ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi déanamh amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh feidhmeanna coláiste a thabhairt do Choiste de Theach den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais agus beidh aird ag an Stiúrthóir ar aon mholtaí ón gCoiste sin is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin.”.

Leasú ar Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú) 1994.

27 .— Leasaítear Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú) 1994—

(a) in alt 2(1), trí “, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás,” a chur isteach i ndiaidh “leis an Aire”, agus

(b) in alt 4(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ainmneoidh an coiste gairmoideachais seisear, nach comhalta d’fhoireann coláiste nó d’Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath aon duine acu, agus ar comhaltaí d'údarás áitiúil triúr acu ar a laghad;”.

Leasú ar alt 9 d’Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú) 1999.

28 .— Leasaítear alt 9 d’Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú) 1999—

(a) i bhfo-alt (4), trí “Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais (dá dtagraítear san Ordú um Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 2001 (I.R. 14 de 2001))” a chur in ionad “an Achta Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1980”, agus

(b) trí ailt (5), (6) agus (7) a scriosadh.