An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Leasú ar na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath )

25 2006

An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006

CUID 4

Ilghnéitheach

Leasú ar Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971.

52 .— Leasaítear Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971—

(a) in alt 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras ard-oideachais”:

“ciallaíonn ‘foras ard-oideachais’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a) ollscoil,

(b) coláiste ollscoile,

(c) coláiste lena mbaineann na hAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta 1992 go 2006,

(d) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(e) Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn,

(f) an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha,

(g) Acadamh Ríoga na hÉireann,

(h) cibé forais oideachais a ainmneofar le hordú faoi alt 5;”,

(b) in alt 3—

(i) i mír (e), trí “a dhaonfhlathú,” a chur in ionad “a dhaonfhlathú.”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur i ndiaidh mhír (e):

“(f) dlús a chur leis an tsármhaitheas a bhaint amach agus a chothabháil san fhoghlaim, sa mhúineadh agus sa taighde san ardoideachas.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

Ordacháin ón Aire.

3A.— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ordacháin bheartais a eisiúint don Údarás i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo i leith Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath nó coláiste lena mbaineann na hAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta 1992 go 2006.

(2) Féadfaidh an tAire le hordachán i scríbhinn ordachán faoin alt seo (lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“Dualgas ginearálta maidir le haidhmeanna náisiúnta.

4.— Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás, beidh aird aige ar na haidhmeanna náisiúnta atá ann rannchuidiú an ardoideachais le dul chun cinn sóisialach agus eacnamaíoch a uasmhéadú, an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú, agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 5:

“Forais ardoideachais a ainmniú.

5.— (1) Féadfaidh an tAire aon tráth, comhlacht a cheapadh, a molfaidh an tÚdarás a chomhaltas agus a mbeidh saineolaithe idirnáisiúnta agus saineolaithe náisiúnta ann, lena n-áirítear fostaithe de chuid foras ardoideachais lena mbaineann an tAcht seo, chun comhairle a chur ar an Údarás i dtaobh ar chóir, ag féachaint do chuspóirí agus d’fheidhmeanna foras ardoideachais atá ann faoi láthair, foras oideachais a ainmniú mar fhoras ardoideachais.

(2) Ar chomhairle an chomhlachta agus ar mholadh ón Údarás, ach faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an tAire, le hordú, a shocrú go n-ainmneofar foras mar fhoras ardoideachais chun críocha an Achta seo, agus, ar an ordú sin a dhéanamh, beidh sé arna ainmniú dá réir sin.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) mura rud é gur chuir sé faoi deara dréacht den ordú a bheartaítear a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach.”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12:

“Íocaíochtaí do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta.

12A.— (1) Féadfaidh an tÚdarás íocaíochtaí a dhéanamh le duine a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta d’fhonn a chumasú don duine sin na seirbhísí sin a sholáthar nó cabhrú leis nó léi iad a sholáthar.

(2) Déanfar aon íocaíocht den sórt sin ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Údarás.

(3) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “duine a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta” comhlacht ar dá chuspóirí ardoideachas a fhorbairt agus tacú leis agus a dhéanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, a ainmniú mar chomhlacht a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis.”.

agus

(g) sa Sceideal—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2) de mhír 4:

“(2) Ceapfar gnáthchomhalta den Údarás go ceann téarma nach faide ná 5 bliana agus féadfar a cheapachán a athnuachan go ceann téarma breise nach faide ná 5 bliana, ach tar éis 2 théarma as a chéile in oifig, cibé fad a bheidh iontu, ní bheidh sé incheaptha arís go dtí go mbeidh tréimhse 2 bhliain caite.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 23:

“24. Scoirfidh na gnáthchomhaltaí den Údarás a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme na míre seo de bheith i seilbh oifige ar an tosach feidhme sin, ach, d’ainneoin aon ní i mír 4(2) (arna hionadú leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006), beidh aon chomhalta den sórt sin inathcheaptha go ceann téarma nach faide ná 5 bliana mar chomhalta den Údarás.”.

Leasú ar Acht na nOllscoileanna 1997.

53 .— Leasaítear Acht na nOllscoileanna 1997—

(a) in alt 24—

(i) i bhfo-alt (1), trí “, agus is é nó í an duine a cheapfar amhlaidh oifigeach cuntasaíochta na hollscoile” a scriosadh, agus

(ii) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(b) sa Cheathrú Sceideal, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 7:

“8. Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann ar an bpríomhoifigeach déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, leis an Acht seo, ar an ollscoil a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na hollscoile i dtaca le húsáid a hacmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an ollscoil chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don ollscoil dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i bhfomhír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

9. Ní dhéanfaidh príomhoifigeach, má cheanglaítear air nó uirthi faoi mhír 8 fianaise a thabhairt, tuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin a cheistiú nó tuairim a nochtadh i dtaobh na dtuillteanas sin.

10. Déanfaidh príomhoifigeach ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna na hollscoile a thabhairt do Choiste de Theach den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais agus beidh aird ag an bpríomhoifigeach ar aon mholtaí ón gCoiste sin is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin.”.

Leasú ar Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999.

54 .— Leasaítear Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999—

(a) trí fho-alt (5) d’alt 50 a scriosadh, agus

(b) sa Dara Sceideal, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5:

“6. Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann ar phríomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, leis an Acht seo, ar an gcomhlacht iomchuí a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an chomhlachta iomchuí i dtaca le húsáid a acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an comhlacht iomchuí chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don chomhlacht iomchuí dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i bhfomhír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

7. Ní dhéanfaidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí, má cheanglaítear air nó uirthi faoi mhír 6 fianaise a thabhairt, tuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin a cheistiú ná tuairim a nochtadh i dtaobh na dtuillteanas sin.

8. Déanfaidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí, ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna an chomhlachta iomchuí a thabhairt do Choiste de Theach den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais agus beidh aird ag an bpríomhfheidhmeannach ar aon mholtaí ón gCoiste sin is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin.”.

Ailt 19, 37 agus 38 den Acht Gairmoideachais (Leasú) 2001 a aisghairm.

55 .— Aisghairtear ailt 19, 37 agus 38 den Acht Gairmoideachais (Leasú) 2001.