An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 8 Mí-Úsáid Drugaí ) Ar Aghaidh (CUID 10 Pianbhreith a ghearradh )

26 2006

TODO

CUID 9

Oibleagáidí Ciontóirí Gáinneála ar Dhrugaí Faisnéis Áirithe a Chur in Iúl

Mínithe (Cuid 9).

87. — Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ cúirt ” aon chúirt a fheidhmíonn dlínse choiriúil agus folaíonn sé armchúirt;

folaíonn “ príosúnacht ” coinneáil i bhForas Naomh Pádraig agus áit choinneála faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970, agus forléireofar “príosún” dá réir sin;

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo;

ciallaíonn “ dáta iomchuí ” dáta an chiontaithe sa chion gáinneála ar dhrugaí lena mbaineann;

ciallaíonn “ loghadh ón bpianbhreith ”, i ndáil leis an bpianbhreith a fhorchuirtear ar dhuine, an loghadh a fhéadfaidh an duine a thuilleamh ón bpianbhreith faoi na rialacha nó faoin gcleachtas trína bhféadfaidh príosúnaigh loghadh pianbhreithe a thuilleamh i gcoitinne trí dhúthracht agus dea-iompar;

folaíonn “ pianbhreith ” pianbhreith príosúnachta agus ordú lena gcuirtear pianbhreith ar athló.

Cionta gáinneála ar dhrugaí chun críocha na Coda seo.

88. — Sa Chuid seo tá le “ cion gáinneála ar dhrugaí ” an bhrí atá leis in alt 3(1) (arna leasú le halt 86) den Acht um Cheartas Coiriúil 1994 ach ní fholaíonn sé cion den sórt sin mura rud é, i leith an chiona sin, gur cuireadh pianbhreith príosúnachta ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin ar an duine a chiontaítear ann.

Daoine atá faoi réir cheanglais na Coda seo.

89. — (1) Gan dochar d’fho-ailt (2) agus (3) agus d’alt 95, beidh duine faoi réir cheanglais na Coda seo má chiontaítear é nó í ar díotáil i gcion gáinneála ar dhrugaí tar éis thosach feidhme na Coda seo.

(2) Beidh duine faoi réir cheanglais na Coda seo freisin má ciontaíodh é nó í ar díotáil i gcion gáinneála ar dhrugaí roimh thosach feidhme na Coda seo agus más rud é, ar an tosach feidhme sin, go bhfuil an phianbhreith a bheidh le forchur ar an duine i leith an chiona le cinneadh fós.

(3) Más rud é gur ciontaíodh duine i gcion gáinneála drugaí roimh thosach feidhme na Coda seo agus, ar an tosach feidhme sin, go bhfuil pianbhreith forchurtha ar an duine i leith an chiona agus—

(a) go bhfuil an phianbhreith á cur isteach ag an duine i bpríosún,

(b) go ndéantar an duine a scaoileadh saor go sealadach faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960, nó

(c) thairis sin, go bhfuil an phianbhreith fós i bhfeidhm nó gur pianbhreith reatha í.

féadfaidh an Chúirt Chuarda, sa chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ina bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe is gnáthaí aige nó aici, ar iarratas chuige sin ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, a ordú go mbeidh an duine faoi réir cheanglais na Coda seo más dóigh leis nó léi gur gá sin ar mhaithe le leas an phobail agus gur cuí sin in imthosca go léir an cháis.

(4) Féadfar iarratas faoi fho-alt (3) a dhéanamh laistigh de thréimhse 2 mhí nó, laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda, ó thosach feidhme na Coda seo.

An tréimhse ar lena linn a bheidh duine faoi réir cheanglais na Coda seo agus nithe gaolmhara.

90. — (1) Aon duine a bheidh, mar gheall ar alt 89 , faoi réir cheanglais na Coda seo beidh sé nó sí faoina réir amhlaidh ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó, i gcás duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (3) d’alt 89, ar feadh cibé cuid (más ann) den tréimhse sin a bheidh tar éis thosach feidhme na Coda seo.

(2) Tá fo-alt (1) faoi réir alt 93 .

(3) Is é a bheidh sa tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1)

(a) tréimhse 12 bhliain, dar tosach an dáta iomchuí, más pianbhreith príosúnachta saoil an phianbhreith a fhorchuirtear ar an duine i leith an chiona lena mbaineann,

(b) tréimhse 7 mbliana, dar tosach an dáta iomchuí, más pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma is faide ná 10 mbliana ach nach pianbhreith príosúnachta saoil an phianbhreith a fhorchuirtear ar an duine i leith an chiona lena mbaineann,

(c) tréimhse 5 bliana, dar tosach an dáta iomchuí, más pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma is faide ná 5 bliana ach nach faide ná 10 mbliana an phianbhreith a fhorchuirtear ar an duine i leith an chiona lena mbaineann,

(d) tréimhse 3 bliana, dar tosach an dáta iomchuí, más pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma is faide ná bliain ach nach faide ná 5 bliana an phianbhreith a fhorchuirtear ar an duine i leith an chiona lena mbaineann,

(e) tréimhse aon bhliain amháin, dar tosach an dáta iomchuí, más rud é gurb é atá sa phianbhreith a fhorchuirtear ar an duine i leith an chiona lena mbaineann ná pianbhreith ar feadh aon téarma ar téarma é a ndéantar a oibriú a chur ar fionraí ina iomláine (ach, má dhéanann an chúirt oibriú an téarma sin a athbheochan, beidh feidhm, in ionad na míre seo, ag cibé ceann de na míreanna sin roimhe seo is cuí).

(4) Más rud é—

(a) go ndéantar pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona gáinneála ar dhrugaí, agus

(b) go bhfuil an duine, an tráth a fhorchuirtear pianbhreith air nó uirthi faoi bhun 18 mbliana d’aois,

beidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil leis an duine sin amhail is dá ndéanfaí tagairtí do 6 bliana, 3[html] bliain, 2[html] bliain, 1[html] bliain agus 6 mhí a chur in ionad na dtagairtí do 12 bhliain, 7 mbliana, 5 bliana, 3 bliana agus bliain amháin, faoi seach.

(5) Má dhéantar pianbhreith príosúnachta ar feadh aon téarma a fhorchur ar an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith an chiona lena mbaineann agus má chuirtear oibriú cuid den téarma sin ar fionraí—

(a) measfar gurb í an chuid den téarma sin nach gcuirtear a oibriú ar fionraí an téarma príosúnachta a fhorchuirtear ar an duine sin chun críocha fho-alt (3) (ach, má dhéanann an chúirt oibriú an chuid chéadluaite den téarma sin a athbheochan, beidh feidhm ag cibé ceann de mhíreanna (a), (b), (c) agus (d) d’fho-alt (3) is cuí, gan féachaint don mhír seo),

(b) baineann mír (a) freisin le cás ina ndéantar foráil maidir leis an bhfionraí sin tar éis an phianbhreith a fhorchur.

(6) Má dhéantar nó má rinneadh pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith 2 chion gáinneála ar dhrugaí nó níos mó agus más pianbhreitheanna comhleanúnacha nó pianbhreitheanna a bheidh comhthráthach go páirteach na pianbhreitheanna a fhorchuirfear, ansin beidh éifeacht le fo-alt (3) amhail is dá mba rud é—

(a) i gcás pianbhreitheanna comhleanúnacha, gurb é atá nó a bhí sa phianbhreith a forchuireadh i leith gach ceann de na cionta sin ná phianbhreith atá comhionann le comhiomlán na bpianbhreitheanna sin,

(b) i gcás pianbhreitheanna atá comhthráthach go páirteach, gurb é atá nó a bhí sa phianbhreith a forchuireadh i leith gach ceann de na cionta sin ná phianbhreith atá comhionann le comhiomlán na bpianbhreitheanna sin tar éis cibé asbhaint a dhéanamh is gá chun a chinntiú nach ndéantar aon tréimhse ama a chomhaireamh níos mó ná uair amháin.

(7) Gan dochar d’alt 93, scoirfidh duine de bheith faoi réir cheanglais na Coda seo má dhéantar an ciontú i leith an chiona a neamhniú de thoradh achomhairc nó ar shlí eile.

(8) Déanfar aon tagairt san alt seo do phianbhreith a fhorchuirtear ar dhuine a fhorléiriú, má dhéantar an phianbhreith a athrú de thoradh achomhairc, mar thagairt don phianbhreith arna hathrú amhlaidh agus, dá réir sin, beidh an tréimhse ar lena linn a bheidh duine faoi réir cheanglais na Coda seo, mar gheall ar an alt seo, arna laghdú nó arna méadú, de réir mar a bheidh, i gcás ina ndéantar athrú de shórt a mbeidh de thoradh air go dtiocfaidh an phianbhreith faoi réim míre eile d’fho-alt (3) seachas an mhír ar faoina réim a bhí an phianbhreith sula ndearnadh an t-athrú.

Faisnéis a sholáthar chun comhlíonadh na Coda seo a éascú.

91. — Maidir leis an duine atá i bhfeighil na háite ina n-ordaítear duine a phríosúnú mar gheall ar chion (cibé acu an cion ba bhun leis an duine a bheith faoi réir na gceanglas sin nó nach ea), déanfaidh sé nó sí—

(a) roimh an dáta a rachaidh an phianbhreith príosúnachta a fhorchuirtear ar an duine mar gheall ar an gcion céadluaite in éag nó, de réir mar a bheidh, sula dtosóidh loghadh an duine ón bpianbhreith (“an dáta scaoilte saor”), fógra a thabhairt i scríbhinn don duine go bhfuil sé nó sí faoi réir cheanglais na Coda seo.

(b) 10 lá ar a laghad roimh an dáta scaoilte saor, fógra a thabhairt i scríbhinn do Choimisinéir an Gharda Síochána á rá go dtarlóidh an dul in éag nó an loghadh sin maidir leis an duine.

Ceanglais maidir fógra a thabhairt.

92. — (1) Déanfaidh duine atá faoi réir cheanglais na Coda seo, roimh dheireadh na tréimhse 7 lá dar tosach—

(a) an dáta iomchuí,

(b) má dhéantar ordú faoi alt 89(3) nó 95(3), dáta an ordaithe, nó

(c) más dáta roimh thosach feidhme na Coda seo an dáta iomchuí agus nach ndéantar aon ordú den sórt sin, an tosach feidhme sin,

fógra a thabhairt don Gharda Síochána maidir leis an méid seo a leanas—

(i) a ainm nó a hainm agus, i gcás ina n-úsáideann sé nó sí ainm amháin eile nó níos mó, gach ainm de na hainmneacha sin, agus

(ii) a sheoladh baile nó a seoladh baile.

(2) Déanfaidh duine atá faoi réir na gceanglas sin, roimh dheireadh na tréimhse 7 lá dar tosach—

(a) an tráth a úsáideann an duine ainm nach ionann agus an t-ainm, nó ceann de na hainmneacha, is déanaí ar thug sé fógra don Gharda Síochána ina leith faoin alt seo,

(b) tráth aon athraithe ar a sheoladh baile nó ar a seoladh baile,

(c) tráth gnáthchónaí a bheith ar an duine nó an duine a bheith ag fanacht, ar feadh tréimhse cáilithí, in aon áit sa Stát, nach bhfuil fógra maidir lena seoladh tugtha aige nó aici don Gharda Síochána faoin alt seo á rá gurb é a sheoladh baile nó a seoladh baile é, nó

(d) tráth an duine d’fhilleadh ar an Stát, tar éis dó nó di, díreach roimh an bhfilleadh sin, a bheith lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí 7 lá nó níos mó,

fógra a thabhairt don Gharda Síochána freisin maidir leis an ainm sin, maidir le héifeacht an athraithe sin, maidir le seoladh na háite sin nó, de réir mar a bheidh, maidir leis an bhfilleadh sin.

(3) Má tá sé ar intinn ag duine atá faoi réir cheanglais na Coda seo an Stát a fhágáil ar feadh tréimhse leanúnaí 7 nó níos mó, déanfaidh sé nó sí fógra maidir lena bhfuil ar intinn aige nó aici agus, más eol sin, maidir le seoladh na háite lasmuigh den Stát a bhfuil sé ar intinn aige nó aici gnáthchónaí a bheith air nó uirthi ann nó fanacht ann a thabhairt don Gharda Síochána.

(4) Má tá duine atá faoi cheanglais na Coda seo lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí 7 lá nó níos mó agus nach raibh ar intinn aige nó aici, ar fhágáil an Stáit dó nó di, a bheith lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí den sórt sin, déanfaidh an duine, faoi réir fho-alt (5), fógra a thabhairt don Gharda Síochána, roimh dheireadh tréimhse breise 7 lá, a áireofar ón 7ú lá, arna ríomh ón 7ú lá atá sé nó sí lasmuigh den Stát amhlaidh, maidir leis an méid sin agus maidir le seoladh na háite lasmuigh den Stát a bhfuil cónaí air nó uirthi ann nó a bhfuil sé nó sí ag fanacht ann.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) má tá an duine lena mbaineann tar éis filleadh ar an Stát roimh dheireadh na tréimhse breise 7 lá a luaitear san fho-alt sin.

(6) Ní mheasfar go gcomhlíonann fógra a thugann aon duine don Gharda Síochána fo-alt (1), (2), (3) nó (4) mura luaitear na nithe seo a leanas freisin ann maidir leis an duine—

(a) a dháta breithe nó a dáta breithe,

(b) a ainm nó a hainm ar an dáta iomchuí agus, i gcás inar úsáid sé nó sí ainm amháin eile nó níos mó ar an dáta sin, gach ainm de na hainmneacha sin, agus

(c) a sheoladh baile nó a seoladh baile ar an dáta iomchuí.

(7) Chun aon tréimhse a chinneadh chun críocha fho-alt (1), (2), (3) nó (4), tabharfar neamhaird ar aon tráth ar lena linn atá an duine lena mbaineann—

(a) athchurtha faoi choimeád,

(b) ag cur isteach pianbhreithe i bpríosún, nó

(c) arna scaoileadh saor go sealadach faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Coiriúil 1960.

(8) Féadfaidh duine fógra a thabhairt faoin alt seo—

(a) trí láithriú go pearsanta ag aon stáisiún Garda Síochána is ceanncheathrú rannáin nó ceantair agus trí fhógra a thabhairt ó bhéal do chomhalta den Gharda Síochána ag an stáisiún maidir leis na nithe lena mbaineann,

(b) trí fhógra i scríbhinn maidir leis na nithe lena mbaineann a chur, leis an bpost, chuig aon stáisiún Garda Síochána is ceanncheathrú den sórt sin, nó

(c) trí cibé modh eile a fhorordófar.

(9) In aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 94 (1)(a), is ar an gcosantóir a bheidh an dualgas a chruthú gur cuireadh fógra den sórt sin leis an bpost.

(10) Déanfar fógra faoin alt seo a admháil i scríbhinn agus is i cibé foirm a fhorordófar a bheidh an admháil sin.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “seoladh baile”, i ndáil le haon duine, seoladh a aon-áite nó a haon-áite nó a phríomh-áite nó a príomh-áite cónaithe, nó mura bhfuil áit chónaithe den sórt sin aige nó aici, seoladh a áite cónaithe nó a háite cónaithe is gnáiche atá aige nó aici nó, mura bhfuil áit chónaithe den sórt sin aige nó aici, seoladh na háite a dtugann sé nó sí cuairt uirthi go rialta;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach'—

(a) tréimhse 7 lá, nó

(b) 2 thréimhse nó níos mó, in aon tréimhse 12 mhí, arb é a méid (á nglacadh le chéile) ná 7 lá.

Urscaoileadh ón oibleagáid ceanglais na Coda seo a chomhlíonadh.

93. — (1) Féadfaidh duine atá, mar gheall ar ailt 89 agus 90, faoi réir cheanglais na Coda seo ar feadh tréimhse 12 bhliain nó 6 bliana (i gcás duine lena mbaineann alt 90 (4)) iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú lena n-urscaoilfear an duine ón oibleagáid na ceanglais sin a chomhlíonadh ar an bhforas nach nach bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail a thuilleadh é nó í do leanúint de bheith faoina réir.

(2) Ní dhéanfar iarratas faoin alt seo roimh dheireadh na tréimhse 8 mbliana, nó 4 bliana i gcás duine lena mbaineann alt 90 (4), ón dáta a scaoiltear an t-iarratasóir saor as príosún.

(3) Déanfaidh an t-iarratasóir, tráth nach déanaí ná tosach cibé tréimhse roimh an iarratas a dhéanamh a fhorordófar, fógra a thabhairt do cheannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi nó ina bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe is gnáthaí á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Beidh an ceannfort sin nó aon chomhalta eile den Gharda Síochána i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ag éisteacht an iarratais sin.

(5) Ar iarratas faoin alt seo a éisteacht, déanfaidh an chúirt, má mheasann sí gur cuí sin a dhéanamh in imthosca uile an cháis, ordú a dhéanamh lena n-urscaoilfear an t-iarratasóir ón oibleagáid ceanglais na Coda seo a chomhlíonadh.

(6) Le linn iarratas faoin alt seo a bhreithniú, féadfaidh an chúirt aird a thabhairt ar aon ní is dóigh léi a bheith iomchuí agus féadfaidh sí, go háirithe, aird a thabhairt ar charachtar an iarratasóra, ar a iompar nó a hiompar tar éis an chiontaithe sa chion lena mbaineann agus ar an gcion lena mbaineann.

(7) Má dhéanann an chúirt ordú lena n-urscaoilfear an t-iarratasóir ón oibleagáid ceanglais na Coda seo a chomhlíonadh, cuirfidh an chúirt faoi deara go dtabharfar fógra, i scríbhinn, don Gharda Síochána faoin urscaoileadh sin.

(8) Féadfaidh breitheamh den chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir nó ina bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe is gnáthaí dlínse na cúirte i leith iarratais faoin alt seo a fheidhmiú.

(9) Déanfar imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(10) San alt seo—

ciallaíonn “iarratasóir” an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

ciallaíonn “cúirt” an Chúirt Chuarda;

ciallaíonn “an dáta a scaoiltear an t-iarratasóir saor as príosún” an dáta a dtéann pianbhreith príosúnachta an iarratasóra chun críocha alt 90 (3) in éag nó, de réir mar a bheidh, an dáta a dtosaíonn a loghadh ón bpianbhreith.

Cionta i dtaca le ceanglais a bhaineann le fógra a thabhairt.

94. — (1) Aon duine

(a) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, fo-alt (1), (2), (3)(4) d’alt 92 alt 95 (1) a chomhlíonadh, nó

(b) a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe an fho-ailt (1), (2), (3)(4) sin nó an ailt 95(1) sin, de réir mar is cuí, aon fhaisnéis a chur in iúl don Gharda Síochána ar faisnéis í is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach ar aon slí,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Tá duine ciontach i gcion faoi fho-alt (1)(a), ar an lá a mainníonn sé nó sí, den chéad uair, gan leithscéal réasúnach, fo-alt (1), (2), (3)(4), de réir mar a bheidh, d’alt 92 alt 95 (1) a chomhlíonadh agus leanann sé nó sí de bheith ciontach ann ar fud aon tréimhse ar lena linn a leanann an mhainneachtain ar aghaidh; ach ní dhéanfar duine a ionchúiseamh faoin bhforáil sin níos mó ná uair amháin i leith na mainneachtana céanna.

(3) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1)(a), go dtí go suitear a mhalairt, beidh ráiteas faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána dá dtagraítear i bhfo-alt (5) á rá nach ndearna an cosantóir aon fhógra faoi na nithe lena mbaineann a thabhairt don Gharda Síochána ar aon cheann de na modhanna dá dtagraítear in alt 92(8) ina fhianaise nár thug an cosantóir aon fhógra den sórt sin.

(5) Is é a bheidh sa chomhalta den Gharda Síochána ná comhalta nach ísle céim ná sáirsint ar ina leith is deimhin leis an gcúirt, óna fhianaise nó óna fianaise féin—

(a) go bhfuil sé nó sí eolach ar na córais a oibríonn an Garda Síochána chun a thaifeadadh go bhfuair siad faisnéis áirithe, agus

(b) go ndearna sé nó sí gach fiosrú cuí chun a fháil amach an bhfuair an Garda Síochána fógra ón gcosantóir faoi na nithe lena mbaineann.

Feidhm na Coda seo maidir le daoine a chiontaítear lasmuigh den Stát.

95. — (1) Más rud é—

(a) go mbeidh duine ciontaithe, in áit seachas an Stát, i gcion,

(b) gur chion gáinneála ar dhrugaí (de réir bhrí na Coda seo) faoi dhlí an Stáit an gníomh arb é an cion lena mbaineann é, dá mba sa Stát a dhéanfaí é, agus

(i) go mbeadh an duine, dá réir sin, faoi réir cheanglais na Coda seo mar gheall ar fho-alt (1) (2) d’alt 89, nó

(ii) tráth thosach feidhme na Coda seo, go gceanglaítear ar an duine, mar dhuine a ciontaíodh i gcion a luaitear i mír (a), faoi dhlí na háite céadluaite sa mhír sin (is cuma conas a thuairiscítear an ceanglas sa dlí sin), fógra a thabhairt do na póilíní san áit sin maidir le faisnéis atá comhchineálach le faisnéis a cheanglaítear ar dhuine atá faoi réir cheanglais na Coda seo ar shlí eile a thabhairt,

agus

(c) go bhfuil an duine, tráth an chiontaithe, nó go dtiocfaidh sé nó sí dá éis sin chun bheith, ina chónaí nó ina cónaí sa Stát,

déanfaidh sé nó sí, roimh dheireadh na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2), fógra a thabhairt don Gharda Síochána faoin méid seo a leanas—

(I) a ainm nó a hainm, nó i gcás ina n-úsáideann sé nó sí ainm amháin nó níos mó freisin, gach ceann de na hainmneacha sin,

(II) a sheoladh nó a seoladh baile, agus

(III) go bhfuil sé nó sí ciontaithe sa chion dá dtagraítear i mír (a).

(2) Is é atá sa tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ná an tréimhse 7 lá dar tosach—

(a) i gcás cónaí a bheith ar an duine cheana féin sa Stát ar fhilleadh dó nó di den chéad uair amhlaidh agus nach bhfuil feidhm ag mír (c), an dáta a fhilleann an duine ar an Stát den chéad uair tar éis é nó í a chiontú sa chion lena mbaineann,

(b) i gcás nach bhfuil cónaí ar an duine amhlaidh agus nach bhfuil feidhm ag mír (c), an dáta a thagann an duine, den chéad uair, chun bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát tar éis é nó í a chiontú sa chion lena mbaineann, nó

(c) i gcás an dáta a fhilleann an duine amhlaidh den chéad uair ar an Stát, nó a thagann sé nó sí chun bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, tosach feidhme na Coda seo.

(3) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, sa chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine lena mbaineann fo-alt (1) nó ina bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe is gnáthaí aige nó aici, ar iarratas a bheith déanta chuici chuige sin ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim na ceannfort, a ordú go mbeidh an duine faoi réir cheanglais na Coda seo má mheasann sí gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus gur cuí sin in imthosca uile an cháis.

(4) Féadfar iarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh—

(a) laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoi fho-alt (1), nó

(b) mura dtugtar fógra den sórt sin, laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a shonraítear i mír (a), (b)(c), de réir mar a bheidh, d’fho-alt (2),

nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar cónaí a bheith ar dhuine sa Stát más rud é go gnáthchónaí air nó uirthi, nó go bhfuil a phríomháit nó a príomháit chónaithe aige nó aici, sa Stát, nó go bhfuil sé nó sí sa Stát ar feadh tréimhse cáilithí.

(6) Más rud é, maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo, go gcúisítear é nó í i gcion faoi alt 94 , déanfar, cibé acu a mheasfaí nó nach measfaí é nó í, chun críocha alt 94 , mar dhuine ag a bhfuil leithscéal réasúnach ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas ina leith, chun na gcríoch sin, go bhfuil leithscéal réasúnach aige nó aici más rud é gur chreid sé nó sí nach mbeadh an gníomh arb é an cion é dá dtagraítear i bhfo-alt (1), dá ndéanfaí sa Stát é, ina chion gáinneála ar dhrugaí d’aon chineál (de réir bhí na Coda seo) faoi dhlí an Stáit.

(7) Chun críocha fho-alt (6), ní bhaineann sé le hábhar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le rud a chreidtear má chreidtear go hionraic é.

(8) Beidh feidhm ag fo-ailt (8) go (10) d’alt 92 maidir le fógra faoi fho-alt (1) mar atá feidhm acu le fógra faoin bhfo-alt sin.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “póilíní”, i ndáil leis an áit chéadluaite i bhfo-alt (1), aon fhórsa póilíneachta san áit sin, nó aon chomhalta den fhórsa sin, is cumas an bhfuil an fórsa sin eagraithe ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal áitiúil;

tá le “seoladh baile” agus le “tréimhse cháilitheach” na bríonna céanna atá leo in alt 92 .

Deimhniú mar fhianaise go bhfuil duine faoi réir cheanglais na Coda seo.

96. — (1) Más rud é, tar éis thosach feidhme na Coda seo, go dtiocfaidh duine chun bheith, nó go bhféadfaidh duine teacht chun bheith, faoi réir cheanglais na Coda seo mar gheall ar chiontú an duine sin i gcion, déanfaidh an chúirt a gciontófar é nó í sa chion os a comhair, tar éis an chiontaithe, deimhniú a eisiúint láithreach chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (6) ar deimhniú é ina luafar—

(a) gur ciontaíodh an duine sa chion,

(b) an phianbhreith, más ann, a forchuireadh ar an duine i leith an chiona, agus

(c) go bhfuil an duine tar éis teacht chun bheith nó, de réir mar is cuí, go bhféadfaidh an duine teacht chun bheith, faoi réir cheanglais na Coda seo.

(2) Má fhorchuirtear pianbhreith ar dhuine i leith an chiona dá dtagraítear i bhfo-alt (1) tar éis deimhniú a bhaineann leis an gcion sin a eisiúint faoin bhfo-alt sin, déanfaidh an chúirt d’fhorchuir an phianbhreith, tar éis an phianbhreith a fhorchur, deimhniú a eisiúint láithreach chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (6) ar deimhniú é ina luafar an phianbhreith a forchuireadh ar an duine.

(3) Aon chúirt a dhéanann ordú faoi alt 89 (3) alt 95 (3) i leith duine, déanfaidh sí, tar éis an t-ordú a dhéanamh, deimhniú a eisiúint láithreach chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (6) ar deimhniú é ina luafar—

(a) an cion ar ciontaíodh an duine ann arb é an cion é is cúis leis an duine a bheith, nó teacht chun bheith, faoi réir cheanglais na Coda seo

(b) an phianbhreith a forchuireadh ar an duine i leith an chiona sin, agus

(c) go bhfuil an duine tar éis teacht chun bheith faoi réir cheanglais na Coda seo.

(4) Más rud é—

(a) go ndéantar an ciontú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(3)(a), a mhéid a bhaineann sé le hordú arna dhéanamh faoi alt 89 (3), a neamhniú ar achomharc nó ar shlí eile, nó

(b) go ndéantar an phianbhreith a fhorchuirtear ar scór an chiontaithe sin a athrú ar achomharc nó ar shlí eile,

déanfaidh an chúirt a neamhnaíonn an ciontú nó a athraíonn an phianbhreith, tar éis an ciontú a neamhniú nó an phianbhreith a athrú, deimhniú a eisiúint láithreach chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (6) ar deimhniú é ina luafar gur neamhnaíodh an ciontú nó ina luafar a t-athrú a rinneadh ar an bpianbhreith.

(5) In aon imeachtaí, beidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith eisithe faoi fho-alt (1), (20, (3)(4) ina fhianaise ar na nithe a luaitear ann gan chruthúnas ar shíniú an oifigigh don chúirt a airbheartaíonn é a shíniú nó gur údaraíodh don duine sin é a shíniú.

(6) Is iad seo a leanas na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2), (3) agus (4)

(a) an Garda Síochána,

(b) an duine a ciontaíodh sa chion lena mbaineann, agus

(c) más cuí, an duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil na háite ar ordaíodh an duine ciontaithe a phríosúnú ann.

(7) Beidh an modh chun ciontú nó pianbhreith a chruthú, arna údarú le fo-alt (4), de bhreis ar aon mhodh údaraithe eile, agus ní in ionad aon mhodha údaraithe eile, chun an ciontú sin nó an phianbhreith sin a chruthú.

(8) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacha cúirte i ndáil le foirm deimhnithe faoin alt seo agus i ndáil leis an tslí ina bhféadfar iad a eisiúint.

Cruthúnas ar chiontú coigríche i gcásanna áirithe.

97. — (1) In imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona faoi alt 94 (i gcás inar duine dá dtagraítear in alt 95(1) an duine), más rud é go ndéantar doiciméad a thabhairt ar aird don chúirt ar doiciméad é a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a airbheartaíonn go bhfuil ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon ann—

(a) sonraí i dtaobh chiontú an duine sin i gcion, agus i dtaobh an ghnímh arb é an cion é, i stát, seachas an Stát,

(b) ráiteas á rá go raibh an duine sin, ar dháta sonraithe, faoi réir an cheanglais chéadluaite in alt 95 (1) (b)(ii),

beidh sé sin ina fhianaise, gan tuilleadh cruthúnais, go dtí go suitear a mhalairt, ar na nithe atá luaite ann.

(2) Is é atá sa choinníoll a luaitear i bhfo-alt (1) ná go n-airbheartaíonn an doiciméad lena mbaineann a bheith sínithe nó deimhnithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach don stát dá dtagraítear san fho-alt sin agus a bheith fíordheimhnithe faoi mhionn finné éigin nó a bheith séalaithe le séala oifigiúil aire stáit de chuid an stáit sin(ar séala é a dtabharfaidh an chúirt aird bhreithiúnach air).

(3) Maidir leis an gcoinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (1), measfar é a bheith comhlíonta gan chruthúnas ar an síniú nó ar an deimhniú, agus ar fhíordheimhniú an chéanna, de réir mar atá na nithe sin le feiceáil ar an doiciméad.