An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 9 Oibleagáidí Ciontóirí Gáinneála ar Dhrugaí Faisnéis Áirithe a Chur in Iúl ) Ar Aghaidh (CUID 11 Imeachtaí Sibhialta i ndáil le hIompar Frithshóisialta )

26 2006

TODO

CUID 10

Pianbhreith a ghearradh

Mínithe (Cuid 10).

98. — Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh nó arna ceapadh i scríbhinn ag an Aire, nó duine is duine d’aicme daoine atá forordaithe, chun bheith ina dhuine údaraithe nó ina duine údaraithe chun críocha na Coda seo;

ciallaíonn “ordachán” ordachán arna thabhairt ag an Aire faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 ar ordachán é lena n-údaraítear duine a scaoileadh as príosún (de réir bhrí an ailt sin) go ceann tréimhse sealadaí;

folaíonn “gobharnóir” , i ndáil le príosúnach, duine a bheidh, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna gobharnóra;

folaíonn “príosúnacht” —

(a) coinneáil i bhForas Naomh Pádraig, agus

(b) coinneáil in áit a sholáthraítear faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970,

agus forléireofar “pianbhreith príosúnachta” dá réir sin;

folaíonn “téarma sainordaitheach príosúnachta” , i ndáil le cion, téarma príosúnachta arna fhorchur ag cúirt faoi achtachán lena bhforáiltear go ndlífear téarma príosúnachta nach giorra ná an téarma sin a shonraítear san achtachán a chur ar dhuine atá ciontach sa chion lena mbaineann;

ciallaíonn “ciontóir” duine ar ina leith a dhéantar ordú srianta gluaiseachta, nó a bhféadfar ordú srianta gluaiseachta a dhéanamh ina leith, faoi alt 101;

ciallaíonn “oifigeach promhaidh agus leasa” duine a bheidh ceaptha ag an Aire chun bheith—

(a) ina oifigeach promhaidh nó ina hoifigeach promhaidh,

(b) ina oifigeach leasa nó ina hoifigeach leasa, nó

(c) ina oifigeach promhaidh agus leasa nó ina hoifigeach promhaidh agus leasa;

ciallaíonn “seirbhís promhaidh agus leasa” na hoifigigh sin don Aire atá sannta chun feidhmeanna a chomhlíonadh sa chuid den Roinn Stáit a bhfuil an tAire freagrach aisti ar cuid í ar a dtugtar an t-ainm sin i gcoitinne;

ciallaíonn “ordú srianta gluaiseachta” ordú arna dhéanamh ag cúirt faoi alt 101 .

Cumhacht chun pianbhreith a chur ar fionraí.

99. — (1) I gcás ina ndéanann cúirt téarma príosúnachta (seachas téarma sainordaitheach príosúnachta) a ghearradh ar dhuine i leith ciona, féadfaidh an chúirt sin ordú a dhéanamh chun forghníomhú na pianbhreithe sin a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, ach sin faoi réir an duine do dhul faoi chúirtbhanna coinníollacha an ordaithe, nó na coinníollacha a fhorchuirtear i ndáil leis an ordú, a chomhlíonadh.

(2) Is coinníoll é de chuid ordaithe faoi fho-alt (1) go ndéanfaidh an duine ar ina leith a dhéantar an t-ordú an tsíocháin a choimeád agus go mbeidh sé nó sí dea-iompartha—

(a) ar feadh na tréimhse a bheidh an phianbhreith ar fionraí, nó

(b) i gcás ordaithe nach bhfionraítear ach cuid den phianbhreith leis, ar feadh thréimhse na príosúnachta agus ar feadh na tréimhse a bheidh an phianbhreith lena mbaineann,

agus sonrófar an choinníoll sin san ordú lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an chúirt, nuair a bheidh ordú á dhéanamh faoi fho-alt (1), cibé coinníollacha a fhorchur i ndáil le hordú is dóigh leis an gcúirt—

(a) is cuí, ag féachaint do chineál an chiona, agus

(b) a laghdóidh an dóchúlacht go ndéanfadh an duine ar ina leith a dhéantar an t-ordú aon chion eile a dhéanamh,

agus déanfar aon choinníoll a fhorchuirtear de réir an fho-ailt seo a shonrú san ordú sin.

(4) I dteannta aon choinníll a fhorchuirtear faoi fho-alt (3), féadfaidh an chúirt, nuair a bheidh ordú á dhéanamh faoi fho-alt (1) arb é atá ann ordú chun pianbhreith príosúnachta a chur ar fionraí go páirteach nó ordú ar iarratas faoi fho-alt (6), aon cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a fhorchur i ndáil leis an ordú sin nó leis an ordú dá dtagraítear san fho-alt (6) sin, de réir mar a bheidh:

(a) go gcomhoibreoidh an duine leis an tseirbhís phromhaidh agus leasa a mhéid a shonróidh an chúirt chun críche a athshlánúcháin nó a hathshlánúcháin agus chun an pobal a chosaint,

(b) go rachaidh an duine—

(i) faoi cibé cóireáil i ndáil le handúil i ndrugaí, in alcól nó i substaintí eile,

(ii) faoi cibé cúrsa oideachais, oiliúna nó teiripe,

(iii) faoi cibé comhairliúchán síceolaíoch nó cóireáil shíceolaíoch eile,

a cheadóidh an chúirt,

(c) go mbeidh an duine faoi réir mhaoirseacht na seirbhíse phromhaidh agus leasa.

(5) Déanfar coinníoll (seachas coinníoll arna fhorchur, ar iarratas faoi fho-alt (6), tar éis an t-ordú lena mbaineann a dhéanamh) arna fhorchur faoi fho-alt (4) a shonrú san ordú lena mbaineann.

(6) Féadfaidh oifigeach promhaidh agus leasa, aon tráth roimh dheireadh pianbhreithe cúirte lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1) ar ordú é lena gcuirtear pianbhreith ar fionraí go páirteach, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a fhorchur i ndáil leis an ordú.

(7) I gcás ina ndéanfaidh cúirt ordú faoin alt seo, cuirfidh sí faoi deara cóip den ordú a thabhairt dóibh seo a leanas—

(a) an Garda Síochána, nó

(b) i gcás ordaithe arb é atá ann pianbhreith a chur ar fionraí go páirteach, gobharnóir an phríosúin a gcuirtear an duine faoina choimeád agus an Garda Síochána.

(8) I gcás ordú a bheith déanta ag cúirt faoi fho-alt (1) agus ina bhforchuireann sí coinníollacha faoi fho-alt (4) ar iarratas faoi fho-alt (6), cuirfidh sí faoi deara cóip den ordú agus de na coinníollacha a thabhairt dóibh seo a leanas—

(a) an tseirbhís phromhaidh agus leasa, agus

(b) (i) an Garda Síochána, nó

(ii) i gcás ordaithe arb é atá ann pianbhreith a chur ar fionraí go páirteach, gobharnóir an phríosúin a gcuirtear an duine faoina choimeád agus an Garda Síochána.

(9) Más rud é, maidir le duine lena mbaineann fo-alt (1), go gciontaítear é nó í i gcion le linn tréimhse fionraithe na pianbhreithe lena mbaineann, déanfaidh an chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an chiona, tar éis pianbhreith a fhorchur i leith an chiona sin, an duine a athchur faoi choimeád nó faoi bhannaí go dtí an chéad suí eile den chúirt a rinne an t-ordú sin.

(10) Déanfaidh cúirt mbeidh duine athchurtha chuici faoi fho-alt (9) an t-ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm mura rud é go measann sí go mbeadh sé míchóir in imthosca uile an cháis an t-ordú sin a chúlghairm, agus i gcás ina gcúlghairfidh an chúirt an t-ordú sin, ceanglófar ar an duine iomlán na pianbhreithe príosúnachta arna forchur ag an gcúirt i dtosach, nó cibé cuid den phianbhreith a mheasann an chúirt is cóir ag féachaint d’imthosca uile an cháis, a chur isteach, lúide aon tréimhse den phianbhreith sin a cuireadh isteach i bpríosún cheana féin agus aon tréimhse a caitheadh faoi choimeád (seachas tréimhse ar lena linn a bhí an duine ag cur téarma príosúnachta isteach i leith ciona dá dtagraítear i bhfo-alt (9)) go dtí go gcúlghairtear an t-ordú sin.

(11) (a) Maidir le pianbhreith (seachas pianbhreith arb é atá ann ná príosúnacht saoil) arna forchur—

(i) i leith chiona arna dhéanamh ag duine lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1), agus

(ii) le linn tréimhse fionraithe na pianbhreithe lena mbaineann an t-ordú sin,

ní thosóidh sí go dtí deireadh aon tréimhse príosúnachta den phianbhreith dá dtagraítear i mír (b) nach mór don duine a chur isteach, cibé acu de bhua an ordaithe faoi fho-alt (1) nó de bhua cúlghairme faoi fho-alt (10).

(b) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear d’oibriú alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951.

(12) I gcás ina ndéantar ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm de réir an ailt seo, féadfaidh an duine a raibh feidhm ag an ordú maidir leis nó léi achomharc i gcoinne na cúlghairme a dhéanamh chun cibé cúirt ag a mbeadh dlínse achomharc a éisteacht i gcoinne aon chiontaithe ar dhuine mar gheall ar chion, nó i gcoinne pianbhreithe arna forchur ar dhuine mar gheall ar chion, ag an gcúirt a rinne an t-ordú sin a chúlghairm.

(13) Má tá forais réasúnacha ag comhalta den Gharda Síochána nó, de réir mar a bheidh, ag gobharnóir an phríosúin ar faoina choimeád a cuireadh an duine, chun a chreidiúint go ndearna duine lena mbaineann ordú faoin alt seo an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a shárú, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun dáta a shocrú chun iarratais ar ordú ag cúlghairm an ordaithe faoi fho-alt (1) a éisteacht.

(14) Féadfaidh oifigeach promhaidh agus leasa, má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go ndearna duine lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1) coinníoll arna fhorchur faoi fho-alt (3)(4), iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun dáta a shocrú chun iarratais ar ordú ag cúlghairm an ordaithe faoi fho-alt (1) a éisteacht.

(15) I gcás ina socraíonn an chúirt dáta chun iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (13) nó (14) a éisteacht, déanfaidh sí, trí fhógra i scríbhinn, an méid sin a chur in iúl don duine ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas nó, i gcás an duine sin a bheith i bpríosún, do ghobharnóir an phríosúin, agus ceanglófar leis an bhfógra sin ar an duine freastal os a comhair nó ceanglófar leis ar an ngobharnóir sin an duine a thabhairt ar aird os a comhair, ar an dáta a shocrófar amhlaidh agus cibé tráth a shonrófar san fhógra.

(16) Má mhainníonn duine nach bhfuil i bpríosún freastal os comhair na cúirte de réir ceanglais atá i bhfógra faoi fho-alt (15), féadfaidh an chúirt barántas a eisiúint chun an duine a ghabháil.

(17) Déanfaidh cúirt, i gcás inar deimhin léi go ndearna duine lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1) coinníoll de chuid an ordaithe a shárú, an t-ordú a chúlghairm, mura rud é go measann sí, in imthosca uile an cháis, go mbeadh sé míchóir déanamh amhlaidh, agus i gcás ina gcúlghairfidh an chúirt an t-ordú sin, ceanglófar ar an duine iomlán na pianbhreithe arna forchur ag an gcúirt i dtosach, nó cibé cuid den phianbhreith a mheasann an chúirt is cóir, ag féachaint d’imthosca uile an cháis, a chur isteach, lúide aon tréimhse den phianbhreith sin a cuireadh isteach i bpríosún cheana féin agus aon tréimhse a caitheadh faoi choimeád go dtí gur cúlghaireadh an t-ordú sin.

(18) Déanfar fógra faoi fho-alt (15) a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a thabhairt don duine ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(19) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear d’oibriú na nithe seo a leanas—

(a) alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 nó Riail 38 de na Rialacha um Rialú Príosún, 1947 (R. & O.R. Uimh. 320 de 1947), nó

(b) fo-ailt (3G) agus (3H) d’alt 27 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

Fíneáil a fhorchur agus pianbhreith a chur siar.

100 .— (1) I gcás ina ndéanann cúirt ordú lena gciontaítear duine i gcion a ndlitear téarma príosúnachta agus fíneáil araon ina leith a chur ar an duine, féadfaidh an chúirt, faoi réir fho-alt (2)

(a) fíneáil a fhorchur ar an duine sin i leith an chiona, agus

(b) ordú a dhéanamh—

(i) lena gcuirtear siar gearradh pianbhreithe príosúnachta mar gheall ar an gcion, agus

(ii) lena sonraítear an téarma príosúnachta a bheartódh sí a fhorchur ar an duine i leith an chiona sin dá mainneodh sé nó sí, nó dá ndiúltódh sé nó sí, na coinníollacha a shonraítear san ordú a chomhlíonadh.

(2) Ní chomhlíonfaidh cúirt feidhmeanna faoi fho-alt (1) mura rud é gur deimhin léi—

(a) go dtoilíonn an duine lena mbaineann leis an bpianbhreith príosúnachta a chur siar,

(b) go dtabharfaidh an duine gealltanas chun aon choinníollacha a shonraítear in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1)(b) a chomhlíonadh, agus

(c) go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, ag féachaint do chineál an chiona lena mbaineann agus d’imthosca uile an cháis.

(3) Sonrófar in ordú faoi fho-alt (1)(b)

(a) an dáta (dá ngairtear an “dáta sonraithe” san alt seo) ar a mbeartaíonn sí pianbhreith a ghearradh dá ndéanfadh an duine coinníoll san ordú a shárú, ar dáta é nach déanaí ná 6 mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus

(b) na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag an duine lena mbaineann le linn na tréimhse idir an t-ordú a dhéanamh agus an dáta sonraithe, lena n-áirítear coinníoll go mbeidh an duine dea-iompartha agus go gcoimeádfaidh sé nó sí an tsíocháin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh cúirt ordú faoi fho-alt (1)(b), cuirfidh sí faoi deara cóip den ordú a thabhairt don duine ar ina leith a rinneadh é agus don Gharda Síochána.

(5) Déanfaidh cúirt a rinne ordú faoi fho-alt (1)(b), le fógra, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an dáta sonraithe, a cheangal ar an duine ar ina leith a rinneadh an t-ordú freastal ar shuí den chúirt ar an dáta sin agus ag cibé am a bheidh sonraithe san fhógra.

(6) Má mhainníonn duine ceanglas i bhfógra faoi fho-alt (5) a chomhlíonadh, féadfaidh an chúirt barántas a eisiúint chun an duine sin a ghabháil.

(7) I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint, maidir le duine lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1)(b), go bhfuil coinníoll de chuid an ordaithe sáraithe ag an duine, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun dáta a shocrú chun iarratas a éisteacht ar ordú lena ngearrfar an téarma príosúnachta a shonraítear san ordú de réir fho-alt (1)(b)(ii).

(8) I gcás ina socróidh an chúirt dáta chun iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a éisteacht, cuirfidh sí an méid sin in iúl le fógra i scríbhinn don duine ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas agus ceanglófar leis an bhfógra sin ar an duine freastal os a comhair ar an dáta a shocrófar amhlaidh agus ag cibé am a bheidh sonraithe san fhógra.

(9) Má mhainníonn duine freastal os comhair na cúirte de réir ceanglais i bhfógra faoi fho-alt (8), féadfaidh an chúirt barántas a eisiúint chun an duine a ghabháil.

(10) Ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána ar ordú lena ngearrfar an téarma príosúnachta a shonraítear de réir mhír (b)(ii) d’fho-alt (1), féadfaidh cúirt, más deimhin léi gur sháraigh an duine a ndearnadh an t-iarratas ina leith coinníoll a shonraítear san ordú faoin bhfo-alt sin, an téarma príosúnachta a bheartaigh sí a ghearradh tráth déanta an ordaithe faoin bhfo-alt sin (nó cibé téarma is giorra ná sin is dóigh léi is cóir in imthosca uile an cháis) a ghearradh, mura rud é go measann sí go mbeadh sé míchóir déanamh amhlaidh sna himthosca go léir.

(11) Ní dhéanfaidh an chúirt, ar an dáta sonraithe, más deimhin léi gur chomhlíon an duine a ndearnadh an t-ordú faoi fho-alt (1) ina leith na coinníollacha a shonraítear san ordú, an phianbhreith a bheartaigh sí a ghearradh nuair a bhí an t-ordú sin á dhéanamh aici a ghearradh agus urscaoilfidh sí an duine láithreach.

(12) Féadfaidh an chúirt, ar an dáta sonraithe, más deimhin léi gur sháraigh an duine a ndearnadh an t-ordú faoi fho-alt (1) ina leith coinníoll a shonraítear san ordú, an téarma príosúnachta a bheartaigh sí a ghearradh tráth déanta an ordaithe (nó cibé téarma is giorra ná sin is dóigh léi is cóir in imthosca uile an cháis) a ghearradh, mura rud é go measann sí go mbeadh sé míchóir déanamh amhlaidh in imthosca uile an cháis, agus i gcás ina measann sí go mbeadh sé míchóir téarma príosúnachta a ghearradh urscaoilfidh sí an duine láithreach.

(13) Déanfar fógra faoi fho-alt (5) (8) a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a thabhairt don duine ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(14) Leasaítear alt 18(1) den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1928 trí “, lena n-áirítear ordú faoi alt 100 (1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006” a chur isteach i ndiaidh “an té go mbeidh an t-ordú déanta ina choinnibh”.

Ordú srianta gluaiseachta.

101. — (1) I gcás ina ndéantar duine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn a chiontú i gcion a shonraítear i Sceideal 3 agus go measann an chúirt a chiontaíonn é nó í sa chion gur cuí pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma 3 trí mhí nó níos mó a fhorchur ar an duine i leith an chiona, féadfaidh sí, mar mhalairt ar phianbhreith den sórt sin, ordú a dhéanamh faoin alt seo (“ordú srianta gluaiseachta”) i leith an duine.

(2) Féadfar, le hordú srianta gluaiseachta, gluaiseachtaí an chiontóra a shrianadh go feadh cibé méid is cuí leis an gcúirt agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo féadfaidh foráil a bheith ann—

(a) á cheangal ar an gciontóir a bheith i cibé áit nó áiteanna a bheidh sonraithe ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí gach lá nó seachtain de réir mar a bheidh sonraithe, nó

(b) á cheangal ar an gciontóir gan a bheith i cibé áit nó áiteanna, nó i cibé aicme nó aicmí áite nó áiteanna, cibé tráth nó le linn cibé tréimhsí, de réir mar a bheidh sonraithe,

nó féadfaidh an dá fhoráil sin a bheith ann, ach ní fhéadfaidh an chúirt, faoi mhír (a), a cheangal ar an gciontóir a bheith in aon áit nó áiteanna ar feadh tréimhse nó tréimhsí is faide ná 12 uair an chloig in aon lá amháin.

(3) Féadfar ordú srianta gluaiseachta a dhéanamh le haghaidh aon tréimhse nach faide ná 6 mhí agus déanfaidh an ciontóir, le linn na tréimhse sin, an tsíocháin a choimeád agus beidh sé nó sí dea-iompartha.

(4) Féadfar cibé coinníollacha a shonrú in ordú srianta gluaiseachta a mheasann an chúirt is gá chun a chinntiú go gcoimeádfaidh an ciontóir an tsíocháin agus go mbeidh sé nó sí dea-iompartha agus nach ndéanfaidh sé nó sí aon chionta eile fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.

(5) Sonrófar in ordú srianta gluaiseachta na srianta a mbeidh feidhm acu maidir le gluaiseachtaí an chiontóra agus sonrófar ann go háirithe—

(a) an tréimhse ar lena linn a bheidh sé i bhfeidhm,

(b) an tréimhse nó na tréimhsí gach lá nó seachtain ar lena linn a bheidh an ciontóir in aon áit shonraithe nó in aon áiteanna sonraithe,

(c) an tráth, nó na tréimhsí ar lena linn, nach mbeidh an ciontóir in aon áit shonraithe nó in aon áiteanna sonraithe nó in aon aicme nó aicmí áite nó áiteanna.

(6) Le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha fho-alt (2)(a), maidir leis an tréimhse nó na tréimhsí ar lena linn a bheidh an ciontóir in áit shonraithe nó in áiteanna sonraithe, tabharfaidh an chúirt aird ar chineál agus imthosca an chiona a bhfuarthas an ciontóir ciontach ina leith agus ar aon chúrsa oideachais, oiliúint, fostaíocht nó gníomhaíocht eile a bhfuil an ciontóir páirteach ann agus cinnteoidh sí, a mhéid is indéanta, nach mbeidh an tréimhse nó na tréimhsí sin ar neamhréir le cleachtadh a chreideamh nó a creideamh ag an gciontóir.

(7) Le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha fho-alt (2)(b), maidir leis an áit nó na háiteanna, nó an aicme nó na haicmí áite nó áiteanna, an tráth nó na tréimhsí a bheidh le sonrú in ordú srianta gluaiseachta, tabharfaidh an chúirt aird ar chineál agus imthosca an chiona a bhfuarthas an ciontóir ciontach ina leith, ar an tráth a rinne an duine an cion, ar an áit ina ndearnadh an cion agus ar an dóchúlacht go ndéanfaidh an ciontóir cion eile san áit chéanna nó sna háiteanna céanna nó in áit nó áiteanna den tsamhail céanna nó san aicme chéanna nó sna haicmí céanna áite nó áiteanna nó in aicme nó aicmí áite nó áiteanna den tsamhail céanna.

(8) Ní dhéanfaidh cúirt ordú srianta gluaiseachta i leith ciontóra mura rud é go measann sí, ag féachaint don chiontóir agus dá imthosca nó dá himthosca, gur duine oiriúnach é nó í a bhféadfar ordú den sórt sin a dhéanamh ina leith agus, chun na críche sin, féadfaidh an chúirt a iarraidh ar oifigeach promhaidh agus leasa tuarascáil a ullmhú i scríbhinn i ndáil leis an gciontóir.

(9) Ní dhéanfar ordú srianta gluaiseachta lena sriantar gluaiseachtaí ciontóra de réir fho-alt (2)(a) gan toiliú ó úinéir na háite nó na n-áiteanna lena mbaineann nó ó aon duine aosaithe a chónaíonn go rialta ann nó iontu nó, de réir mar a bheidh, ón duine atá i bhfeighil na háite nó na n-áiteanna lena mbaineann.

(10) Féadfaidh cúirt a mbeidh ordú srianta gluaiseachta á dhéanamh aici ceanglas a chur san ordú go ndéanfar faireachán leictreonach ar ghluaiseachtaí an chiontóra de réir alt 102 , ach ní chuirfidh sí ceanglas den sórt sin ann mura rud é go measann sí, ag féachaint don chiontóir agus dá imthosca nó dá himthosca, gur duine oiriúnach é nó í a bhféadfar ceanglas den sórt sin a dhéanamh ina leith, agus chun na críche sin féadfaidh an chúirt a iarraidh ar dhuine údaraithe tuarascáil a ullmhú i scríbhinn i ndáil leis an gciontóir.

(11) Sula ndéanfaidh an chúirt ordú srianta gluaiseachta, míneoidh an chúirt an méid seo a leanas don chiontóir i ngnáthchaint—

(a) éifeacht an ordaithe, lena n-áirítear aon cheanglas atá le bheith san ordú faoi alt 102 ,

(b) na hiarmhairtí d’fhéadfadh a bheith ann de bharr aon mhainneachtana ag an gciontóir ceanglais an ordaithe a chomhlíonadh, agus

(c) go bhfuil cumhacht ag an gcúirt faoi alt 103 an t-ordú a athrú ar iarratas a fháil ó aon duine dá dtagraítear san alt sin,

agus ní dhéanfaidh an chúirt an t-ordú mura rud é go gcomhaontaíonn an ciontóir ceanglais an ordaithe a chomhlíonadh.

(12) Cuirfidh an chúirt faoi deara go seolfar cóipeanna deimhnithe d’ordú srianta gluaiseachta chucu seo a leanas—

(a) an ciontóir,

(b) an comhalta atá i bhfeighil an stáisiúin Garda Síochána don cheantar ina gcónaíonn an ciontóir nó, más cuí, don cheantar ina bhfuil cónaí le bheith air nó uirthi fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm,

(c) más cuí, chuig an duine údaraithe atá freagrach faoi alt 102 as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir.

Faireachán leictreonach ar ordú srianta gluaiseachta.

102. — I gcás ina bhfuil faireachán leictreonach le déanamh ar na srianta ar ghluaiseachtaí ciontóra atá in ordú srianta gluaiseachta, áireofar an méid seo a leanas san ordú—

(a) foráil trína mbeidh duine údaraithe freagrach as faireachán a dhéanamh chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir, agus

(b) ceanglas go mbeidh feiste faireacháin leictreonaigh i gceangal le pearsa an chiontóra go leanúnach nó ar feadh cibé tréimhsí a shonrófar, ar feiste í lena gcumasófar faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir.

Ordú srianta gluaiseachta a athrú.

103. — (1) I gcás ina mbeidh ordú srianta gluaiseachta i bhfeidhm, féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, ar iarratas i scríbhinn—

(a) ón gciontóir,

(b) más cuí, ó úinéir na háite nó na n-áiteanna, nó ó dhuine aosaithe a chónaíonn go rialta san áit nó sna háiteanna, nó, de réir mar a bheidh, ón duine atá i bhfeighil na háite nó na n-áiteanna, a bheidh sonraithe san ordú,

(c) ó chomhalta den Gharda Síochána, nó

(d) más cuí, ó dhuine údaraithe atá freagrach, faoi alt 102 , as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir,

an t-ordú a athrú trí thréimhse nó tráth eile nó áit eile a chur in ionad aon tréimhse, trátha nó áite a bheidh sonraithe san ordú.

(2) Déanfar iarratas faoi fho-alt (1) ar fhógra chuig cibé páirtithe de na páirtithe eile a shonraítear i bhfo-alt (1) de réir mar is cuí.

(3) I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí a shonraítear i bhfo-alt (1) agóid in aghaidh ordú srianta gluaiseachta a athrú, ní athróidh an chúirt an t-ordú gan scéala a fháil ón bpáirtí sin.

(4) Cuirfidh an chúirt faoi deara cóipeanna deimhnithe d’ordú srianta gluaiseachta arna athrú faoin alt seo a chur chucu seo a leanas—

(a) an ciontóir,

(b) más cuí, úinéir na háite nó na n-áiteanna, nó duine aosaithe a chónaíonn go rialta san áit nó sna háiteanna, nó, de réir mar a bheidh, an duine atá i bhfeighil na háite nó na n-áiteanna, a bheidh sonraithe san ordú,

(c) an comhalta atá i gceannas an stáisiúin Garda Síochána don cheantar ina gcónaíonn an ciontóir nó, más cuí, don cheantar ina mbeidh cónaí le bheith air nó uirthi fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, agus

(d) más cuí, duine údaraithe atá freagrach, faoi alt 102 , as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir.

(5) Maidir leis an dlínse a dhílsítear don chúirt faoin alt seo, is breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche, nó, de réir mar a bheidh, is breitheamh den Chúirt Chuarda atá sannta de thuras na huaire don chuaird, ina bhfuil gnáthchónaí ar an gciontóir nó ina bhfuil cónaí le bheith air nó uirthi fad a bheidh an t-ordú srianta gluaiseachta i bhfeidhm, a fheidhmeoidh an dlínse sin.

Forálacha maidir le níos mó ná ordú srianta gluaiseachta amháin.

104. — (1) I gcás ina mbeidh is mó ná ordú srianta gluaiseachta amháin i bhfeidhm i leith ciontóra aon tráth, ní bheidh an tréimhse ar lena linn a cheanglófar ar an gcosantóir a bheidh in áit shonraithe nó in áiteanna sonraithe, d’ainneoin fho-ailt (2) agus (3), níos faide ná tréimhse 6 mhí.

(2) I gcás ina ndéanfaidh cúirt orduithe srianta gluaiseachta i leith 2 chion nó níos mó ina bhfuarthas an ciontóir ciontach, féadfaidh sí a ordú go mbeidh an tréimhse ar lena linn a cheanglófar ar an gciontóir le haon cheann de na horduithe sin a bheith in áit shonraithe nó in áiteanna sonraithe i gcomhthráth leis an tréimhse, nó de bhreis ar an tréimhse, a shonraítear in aon cheann eile de na horduithe sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an chúirt ordú srianta gluaiseachta agus, tráth déanta an ordaithe, go mbeidh ordú eile den sórt sin i bhfeidhm i leith an chiontóra (cé acu arna dhéanamh ag an gcúirt chéanna nó ag cúirt eile), féadfaidh an chúirt a dhéanfaidh an t-ordú is déanaí a ordú go mbeidh an tréimhse ar lena linn a cheanglófar ar an gciontóir leis an ordú sin a bheith in áit shonraithe nó in áiteanna sonraithe i gcomhthráth leis an tréimhse a shonraítear san ordú is luaithe, nó de bhreis ar an tréimhse sin.

Gan ordú srianta gluaiseachta a chomhlíonadh.

105. — (1) I gcás ina mbeidh ordú srianta gluaiseachta i bhfeidhm agus inar dealraitheach do chúirt, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nó, más cuí, ó dhuine údaraithe atá freagrach faoi alt 102 as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir, gur mhainnigh an ciontóir, gan cúis réasúnach, an t-ordú nó aon choinníoll a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, féadfaidh an chúirt—

(a) más rud é gur cúirt sa dúiche chúirte dúiche nó, de réir mar a bheidh, sa chuaird ina bhfuil nó ina mbeidh cónaí ar an gciontóir le linn don ordú a bheith i bhfeidhm a rinne an t-ordú—

(i) a ordú don chiontóir an t-ordú nó aon choinníoll den sórt sin a chomhlíonadh a mhéid nach bhfuil sé comhlíonta,

(ii) an t-ordú a chúlghairm agus ordú srianta gluaiseachta eile a dhéanamh i leith an chiontóra, nó

(iii) an t-ordú a chúlghairm agus déileáil leis an gcás ar aon slí eile ar a bhféadfaí déileáil leis sula ndearnadh an t-ordú,

(b) más cúirt i ndúiche chúirte dúiche eile nó, de réir mar a bheidh, i gcuaird eile a rinne an t-ordú, an ciontóir a athchur faoi bhannaí chuig suí den chúirt sin chun go ndéileálfar leis nó léi, agus chun na críche sin, beidh feidhm ag mír (a) i ndáil leis an gcúirt sin, farais na modhnuithe is gá.

(2) Ar na nithe a bheidh le cur i gcuntas ag an gcúirt agus í ag teacht ar bhreith de bhun fho-alt (1), áireofar a mhéid, agus an tréimhse ar lena linn, a chomhlíon an ciontóir an t-ordú lena mbaineann nó aon choinníoll eile a bhfuil sé faoina réir.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an chúirt a cuid cumhachtaí a fheidhmiú faoi fho-alt (1), déanfaidh sí an ciontóir a thoghairm chun láithriú os a comhair agus, mura láithreoidh an ciontóir de réir na toghairme, féadfaidh sí barántas a eisiúint chun é nó í a ghabháil.

(4) Déanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche nó, de réir mar a bheidh, breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil nó ina mbeidh cónaí ar an gciontóir le linn don ordú srianta gluaiseachta a bheith i bhfeidhm an dlínse a dhílsítear don chúirt faoin alt seo a fheidhmiú.

Leasú ar alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951.

106. — I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Dúiche 2 phianbhreith nó níos mó, ar ordú srianta gluaiseachta ceann amháin acu, a ghearradh ar chiontóir agus ina ordófar an 2 phianbhreith do leanúint as a chéile, ní mó ná tréimhse uasta an téarma iomláin príosúnachta a shonraítear in alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951 iomlán na tréimhse ar lena linn a bheidh an t-ordú i leith an chiontóra i bhfeidhm agus tréimhse aon téarma nó aon téarmaí príosúnachta a fhorchuirfear air nó uirthi.

Fianaise dhoiciméadach i ndáil le ciontóirí.

107. — (1) Féadfar fianaise ar an gciontóir a bheith in áit áirithe nó ó áit áirithe tráth áirithe a thabhairt, faoi réir fhorálacha an ailt seo, trí dhoiciméad nó trí dhoiciméid a thabhairt is doiciméad nó doiciméid—

(a) ar ráiteas é nó iad a táirgeadh go huathoibríoch nó ar shlí eile le feiste, a fhorordaítear le rialacháin faoi alt 111 , lena ndearnadh faireachán leictreonach ar an áit a raibh an ciontóir, agus

(b) ar deimhniú é nó iad a shínigh duine údaraithe atá freagrach faoi alt 102 as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ordaithe ag an gciontóir go mbaineann an ráiteas leis an áit a raibh an ciontóir ar na dátaí agus na tráthanna a thaispeántar sa ráiteas.

(2) Is fianaise iad an ráiteas agus an deimhniú a luaitear i bhfo-alt (1), nuair a thugtar ar aird iad ag éisteacht, go dtí go suífear a mhalairt, ar na fíorais a leagtar amach iontu.

(3) Ní bheidh an ráiteas ná an deimhniú a luaitear i bhfo-alt (1) inghlactha i bhfianaise mura mbeidh cóip díobh araon seirbheáilte ar an gciontóir roimh an éisteacht.

Scaoileadh saor sealadach príosúnach.

108 .— (1) Féadfaidh ordachán i leith duine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn a bheith faoi réir coinníll a shrianann gluaiseachtaí an duine a mhéid is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé nó sí san ordachán agus féadfar faireachán a dhéanamh go leictreonach ar na srianta sin de réir fho-alt (4).

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil maidir le gach ní acu seo a leanas, nó maidir leo araon, a bheith ar áireamh in ordachán—

(a) ceangal a chur ar an duine a bheith i cibé áit nó áiteanna a shonrófar ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí gach lá nó seachtain a shonrófar, nó

(b) ceangal ar chur ar an duine gan a bheith i cibé áit nó áiteanna, nó i cibé aicme nó aicmí áite nó áiteanna, a shonrófar cibé tráth nó le linn cibé tréimhsí a shonrófar,

ach ní fhéadfaidh an tAire a cheangal ar an duine, faoi mhír (a), a bheith in aon áit nó áiteanna ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí is faide ná 12 uair an chloig in aon lá amháin.

(3) Ní bheidh ordachán faoi réir coinníll a shrianann gluaiseachtaí duine de réir fho-alt (2)(a) gan toiliú úinéir na háite nó na n-áiteanna lena mbaineann, nó aon duine aosaithe a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi san áit nó sna háiteanna lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, an duine atá i bhfeighil na háite nó na n-áiteanna lena mbaineann.

(4) I gcás ina bhfuil faireachán le déanamh go leictreonach ar na srianta ar ghluaiseachtaí duine arna bhforchur le coinníoll in ordachán, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh san ordachán—

(a) foráil a chuireann an fhreagracht ar dhuine údaraithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll agus an choinníll dá dtagraítear i mír (b) ag an duine, agus

(b) coinníoll go mbeidh feiste faireacháin leictreonaigh ceangailte le pearsa an duine go leanúnach nó ar feadh cibé tréimhsí nach faide ná 6 mhí a shonrófar chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll a shrianann a ghluaiseachtaí nó a gluaiseachtaí ag an duine.

(5) Ní fhorchuirfear coinníoll faoi fho-alt (1)(4)(b) mura gcomhaontóidh an duine lena mbaineann é a chomhlíonadh, ach i gcás nach mbeidh an comhaontú sin ann ní thabharfaidh sé sin teideal don duine sin go ndéanfar é nó í a scaoileadh saor de bhun ordacháin.

Fianaise dhoiciméadach i ndáil le príosúnaigh a scaoileadh saor go sealadach.

109 .— (1) In aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 6(2) den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 féadfar fianaise go raibh an duine i láthair in áit áirithe, nó as láthair ó áit áirithe, tráth áirithe a thabhairt trí dhoiciméad nó trí dhoiciméid a thabhairt ar aird, faoi réir fhorálacha an ailt seo—

(a) ar ráiteas é nó iad a tháirgtear go huathoibríoch nó ar shlí eile le feiste a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 111 , ar feiste í lena ndearnadh faireachán ar an áit ina raibh an duine, agus

(b) ar deimhniú é nó iad arna shíniú ag duine údaraithe atá freagrach faoi alt 108 (4) as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll san ordachán ag an gciontóir, á rá go mbaineann an ráiteas leis an áit ina raibh an duine ar na dátaí agus ag na tráthanna a thaispeántar sa ráiteas.

(2) Beidh an ráiteas agus an deimhniú a luaitear i bhfo-alt (1), nuair a thabharfar ar aird iad ag éisteacht, ina bhfianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais atá leagtha amach iontu.

(3) Ní bheidh an ráiteas ná an deimhniú a luaitear i bhfo-alt (1) inghlactha i bhfianaise mura mbeidh cóip den dá cheann seirbheáilte ar an duine roimh an éisteacht.

Leasú ar alt 2(1) den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960.

110 .— Leasaítear alt 2(1) den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 trí “(lena n-áirítear, más cuí, aon choinníoll faoi alt 108 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006)” a chur isteach i ndiaidh “faoi réir cibé coinníollacha, a bheidh sonraithe san ordachán”.

Rialacháin maidir le feistí faireacháin leictreonaigh

111 .— Féadfaidh an tAire na cineálacha feiste faireacháin leictreonaigh a fhéadfar a úsáid chun críocha faireacháin a fhorordú le rialacháin, ar faireachán é ar na nithe seo a leanas—

(a) comhlíonadh ceanglais faoi alt 102 ag ciontóirí, agus

(b) comhlíonadh alt 108 (4) ag daoine.

Faireachán leictreonach.

112 .— Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé socruithe is cuí leis nó léi a dhéanamh, lena n-áirítear socruithe conarthacha, le cibé daoine is cuí leis nó léi d’fhonn faireachán a dhéanamh ar na nithe seo a leanas—

(a) comhlíonadh orduithe srianta gluaiseachta ag ciontóirí, nó

(b) ar chomhlíonadh coinníll ag daoine ar coinníoll é a fhorchuirtear faoi alt 108 (4) in ordacháin i leith na ndaoine sin,

nó orthu araon.