An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 10 Pianbhreith a ghearradh ) Ar Aghaidh (CUID 12 Leasú ar Acht na Leanaí 2001 )

26 2006

TODO

CUID 11

Imeachtaí Sibhialta i ndáil le hIompar Frithshóisialta

Léiriú agus feidhm na Coda seo.

113 .— (1) Sa Chuid seo—

tá le “ rabhadh iompair ” an bhrí a shanntar dó faoi alt 114 ;

ciallaíonn “ ordú sibhialta ” ordú a thuairiscítear in alt 115 (1);

ciallaíonn “ comhalta sinsearach den Gharda Síochána ” comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort.

(2) Chun críocha na Coda seo, iompraíonn duine é féin nó í féin ar shlí fhrithshóisialta más é nó más í an duine nó, sna himthosca, más dóigh gurbh é nó gurb í, faoi deara an méid seo a leanas do tharlú do dhuine amháin nó níos mó nach as an teaghlach céanna leis an duine—

(a) ciapadh,

(b) scaoll, anó, eagla nó imeagla suntasach nó leanúnach, nó

(c) dochar suntasach nó leanúnach d’úsáid nó do theachtadh a maoine.

(3) Níl feidhm ag an gCuid seo—

(a) i leith iompair duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois an tráth a tharlaíonn an t-iompar,

(b) maidir le haon iompar duine a tharlaíonn sula dtagann an t-alt seo i bhfeidhm, nó

(c) maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh ag duine ar ina leith atá imeachtaí coiriúla tionscanta i gcoinne an duine sin.

Rabhaidh iompair.

114. — (1) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh comhalta den Gharda Síochána rabhadh iompair a eisiúint chuig duine a d’iompair é féin nó í féin ar mhodh frithshóisialta.

(2) Féadfar an rabhadh iompair a eisiúint ó bhéal nó i scríbhinn agus, más ó bhéal a eiseofar é, déanfar é a thaifeadadh i scríbhinn a luaithe is indéanta le réasún agus déanfar taifead i scríbhinn ar an rabhadh iompair a sheirbheáil ar an duine go pearsanta nó leis an bpost.

(3) Maidir leis an rabhadh iompair nó, más ó bhéal a thabharfar é, maidir leis an taifead i scríbhinn air—

(a) beidh ráiteas ann á rá gur iompair an duine é féin nó í féin ar mhodh frithshóisialta agus cuirfear in iúl ann cad é an t-iompar é agus cén tráth agus cén áit a tharla sé,

(b) éileofar ann go scoirfidh an duine den iompar nó go dtabharfaidh sé nó sí aghaidh ar shlí eile ar an iompar sa mhodh a shonrófar san rabhadh, agus

(c) beidh fógra ann á rá go bhféadfar go mbeidh de thoradh—

(i) ar mhainneachtain déanamh de réir éilimh faoi mhír (b), nó

(ii) ar rabhadh iompair a eisiúint ina dhiaidh sin,

go ndéanfar iarratas ar ordú sibhialta.

(4) Féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a cheangal ar an duine a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt don chomhalta chun críocha an rabhaidh iompair nó an taifid i scríbhinn air.

(5) Ní fhéadfar rabhadh iompair a eisiúint tráth is déanaí ná mí—

(a) tar éis an trátha a tharla an t-iompar, nó

(b) i gcás iompair leanúnaigh, tar éis na huaire is déanaí is eol a tharla an t-iompar sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7), fanfaidh rabhadh iompair i bhfeidhm in aghaidh duine a n-eiseofar chuige nó chuici é ar feadh 3 mhí ón dáta a eiseofar é.

(7) Má dhéantar iarratas faoi alt 115 i leith an duine, fanfaidh an rabhadh iompair i bhfeidhm in aghaidh an duine go dtí go n-éistfear an t-iarratas nó go dtí go gcinnfidh an Chúirt Dúiche é ar shlí eile.

Orduithe sibhialta.

115 .— (1) Ar iarratas arna dhéanamh de réir an ailt seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche ordú (“ordú sibhialta”) a dhéanamh lena dtoirmiscfear ar an bhfreagróir aon rud a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh, más deimhin leis an gcúirt—

(a) gur iompair an freagróir é féin nó í féin ar mhodh frithshóisialta,

(b) go bhfuil gá leis an ordú chun an freagróir a chosc ar leanúint á iompar nó á hiompar féin ar an modh sin, agus

(c) ag féachaint don éifeacht a bheadh ag an iompar sin, nó is dócha a bheadh ag an iompar sin, ar dhaoine eile, go bhfuil an t-ordú réasúnach agus comhréireach sna himthosca.

(2) Féadfaidh an chúirt cibé téarmaí nó coinníollacha is cuí leis an gcúirt a fhorchur san ordú sibhialta.

(3) Is comhalta sinsearach den Gharda Síochána amháin a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar ordú sibhialta agus déanfar é—

(a) iar bhfógra don fhreagróir, agus

(b) sa dúiche chúirte dúiche ina bhfuil cónaí ar an bhfreagróir tráth an iarratais.

(4) Sula ndéanfaidh sé nó sí an t-iarratas, ní mór don chomhalta sinsearach den Gharda Síochána a bheith deimhin de go bhfuil coinníoll amháin nó an dá choinníoll araon díobh seo a leanas comhlíonta:

(a) go bhfuil rabhadh iompair eisithe chuig an bhfreagróir agus maidir le héileamh amháin nó níos mó de na héilimh sa rabhadh sin nach ndearna an freagróir dá réir;

(b) go bhfuil 3 rabhadh nó níos mó eisithe chuig an bhfreagróir i dtréimhse is giorra ná 6 mhí leanúnacha.

(5) Ní fhéadfar an freagróir in iarratas faoi fho-alt (1) a chúiseamh, a ionchúiseamh ná a phionósú mar gheall ar chion más rud é gurb ionann an gníomh nó an neamhghníomh arb éard é an cion agus an t-iompar is ábhar don iarratas, ar iompar é atá le cinneadh ag an gcúirt faoi fho-alt (1)(a).

(6) Leanann ordú sibhialta de bheith i bhfeidhm, mura n-urscaoiltear é faoi fho-alt (7), go ceann tréimhse nach faide ná an tréimhse is giorra díobh seo a leanas:

(a) dhá bhliain ón dáta a dhéantar an t-ordú;

(b) an tréimhse atá sonraithe san ordú.

(7) Féadfaidh an chúirt ordú sibhialta a athrú nó a urscaoileadh, ar iarratas a fháil ón duine is ábhar don ordú sin nó ó chomhalta sinsearach den Gharda Síochána.

(8) Tabharfaidh iarratasóir faoi fho-alt (7) fógra maidir leis an iarratas—

(a) más é nó más í an duine is ábhar don ordú sibhialta an t-iarratasóir, do chomhalta sinsearach den Gharda Síochána sa cheantar Garda Síochána ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir, nó

(b) más comhalta sinsearach den Gharda Síochána an t-iarratasóir, don duine is ábhar don ordú sibhialta.

(9) Is é an caighdeán cruthúnais in imeachtaí faoin alt seo an caighdeán is infheidhme in imeachtaí sibhialta.

(10) Féadfar an dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche leis an alt seo a fheidhmiú mar a leanas:

(a) maidir le fo-ailt (1) agus (2), ag breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil cónaí ar an bhfreagróir an tráth a dhéantar an t-iarratas;

(b) maidir le fo-alt (7), ag breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil cónaí ar an duine is ábhar don ordú sibhialta an tráth a dhéantar an t-iarratas.

Achomhairc i gcoinne ordaithe shibhialta.

116. — (1) Féadfaidh duine a ndearnadh ordú sibhialta ina aghaidh nó ina haghaidh, laistigh de 21 lá ón dáta a dhéanfar an t-ordú, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne dhéanamh an ordaithe.

(2) Déanfaidh achomharcóir faoi fho-alt (1) fógra i dtaobh an achomhairc a thabhairt do chomhalta sinsearach den Gharda Síochána sa cheantar Garda Síochána ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir.

(3) D’ainneoin an achomhairc, fanfaidh an t-ordú sibhialta i bhfeidhm mura gcuirfidh an chúirt a rinne an t-ordú nó an chúirt achomhairc bac air.

(4) Is de chineál athéisteachta ar an iarratas faoi alt 115 a bheidh achomharc faoin alt seo agus, chun na críche seo, tá feidhm ag fo-ailt (1), (2) agus (5) den alt sin i leith an ní.

(5) Más rud é, ar achomharc faoin alt seo, go ndéanann an chúirt achomhairc ordú sibhialta, tá feidhm ag alt 115 (6) go (8) i leith an ní.

(6) D’ainneoin na tréimhse achomhairc a thuairiscítear i bhfo-alt (1), féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas ón duine atá faoi réir an ordaithe shibhialta, an tréimhse achomhairc a fhadú más deimhin léi go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a dhlíonn an fadú.

(7) Is é an caighdeán cruthúnais is infheidhme maidir le himeachtaí sibhialta an caighdeán cruthúnais in imeachtaí faoin alt seo.

(8) Féadfar an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo a fheidhmiú mar a leanas:

(a) i leith alt 115 (1) agus (2) a mhéid atá feidhm ag na forálacha sin maidir leis an gCúirt Chuarda faoi fho-alt (4) den alt seo, ag breitheamh den Chúirt Chuarda atá sannta de thuras na huaire don chuaird ina gcónaíonn an achomharcóir an tráth a chuirtear tús leis an achomharc;

(b) i leith alt 115 (7) a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gCúirt Chuarda faoi fho-alt (5) den alt seo, ag breitheamh den Chúirt Chuarda atá sannta de thuras na huaire don chuaird ina gcónaíonn an duine atá faoi réir an ordaithe shibhialta an tráth a dhéantar an t-achomharc;

(c) i leith fho-alt (6) den alt seo, ag breitheamh den Chúirt Chuarda atá sannta de thuras na huaire don chuaird ina gcónaíonn an duine atá faoi réir an ordaithe sibhialta an tráth a dhéantar an t-achomharc.

Cionta.

117. — (1) Beidh cion déanta ag duine—

(a) a mhainníonn a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt nuair a cheanglaítear air nó uirthi déanamh amhlaidh faoi alt 114 (4) nó a dhéanann ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach a thabhairt mar fhreagra ar an gceanglas sin, nó

(b) nach ndéanann, gan leithscéal réasúnach, ordú sibhialta a bhfuil an duine faoina réir a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas i gcás forais réasúnacha a bheith ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil cion faoi fho-alt (1)(b) déanta ag an duine.

(3) Aon duine a dhéanfaidh cion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair—

(a) i gcion faoi fho-alt (1)(a), fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi,

(b) i gcion faoi fho-alt (1)(b), fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Cúnamh dlíthiúil.

118. — (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú sibhialta)” sa Chuid seo) a dheonú do dhuine is ábhar d’iarratas ar ordú sibhialta le linn ullmhúchán a dhéanamh i leith éisteacht na nithe seo a leanas agus le haghaidh ionadaíochta ag an éisteacht sin—

(a) an t-iarratais,

(b) iarratas ón duine chun ordú sibhialta a athrú nó a urscaoileadh,

(c) aon achomharc ón duine i gcoinne an t-ordú sibhialta a dhéanamh, agus

(d) aon imeachtaí san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach ag éirí as déanamh an iarratais, as an achomharc nó as aon imeachtaí ina dhiaidh sin.

(2) Ní fhéadfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú sibhialta) a dheonú faoi fho-alt (1) mura rud é gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an iarratais ar an deimhniú—

(a) nach leor acmhainn an duine lena mbaineann chun go mbeidh ar chumas an duine sin cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(b) mar gheall ar thromaíocht an iompair a líomhnaítear gur iompar frithshóisialta é nó ar imthosca eisceachtúla, go bhfuil sé riachtanach, ar mhaithe leis an gceartas, gur ceart go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an duine le linn ullmhúchán a dhéanamh i leith na héisteachta lena mbaineann agus le haghaidh ionadaíochta ag an éisteacht sin.

(3) Aon duine dá ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú sibhialta) beidh sé nó sí—

(a) i dteideal cúnaimh dhlíthiúil in aisce le linn ullmhúchán a dhéanamh i leith éisteacht an iarratais ar ordú sibhialta agus le haghaidh aon imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), (c) agus (d) agus in ionadaíocht acu, agus

(b) i dteideal an méid seo a leanas a bheith aige nó aici, i cibé slí a fhorordófar,

(i) aturnae a shannfar don duine i ndáil leis an iarratas ar ordú sibhialta nó i ndáil le haon iarratas chun é a athrú nó a urscaoileadh,

(ii) aturnae a shannfar don duine i ndáil le haon imeachtaí eile den sórt sin, agus

(iii) más cuí leis an gcúirt a bheidh ag deonú an deimhnithe, abhcóide a shannfar don duine i ndáil leis na himeachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (ii),

(4) Má dheonaítear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú sibhialta), déanfar, faoi réir rialachán faoi alt 119 , aon táillí, costais nó caiteachais eile a thabhaítear go cuí le linn ullmhúchán a dhéanamh i leith na n-imeachtaí lena mbaineann agus le haghaidh ionadaíochta le linn na n-imeachtaí sin a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Féadfaidh an chúirt a bheidh ag deonú an deimhnithe a cheangal ar dhuine a bheidh ag déanamh iarratais ar dheimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú sibhialta) ráiteas i scríbhinn ar acmhainn an duine a sholáthar.

(6) Aon duine a dhéanfaidh, chun cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil faoin alt seo, cibé acu dó féin nó di féin nó do dhuine éigin eile é, ráiteas nó uiríoll atá bréagach nó míthreorach a thabhairt go feasach, ó bhéal nó i scríbhinn, nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, beidh cion déanta aige nó aici agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine, más cuí léi in imthosca an cháis, a ordú don duine iomlán aon suime arna híoc faoi fho-alt (4) i leith an chúnaimh dhlíthiúil in aisce ar i ndáil leis a rinneadh an cion, nó cuid d’aon suim den sórt sin, a íoc leis an Aire agus déanfar aon suim arna híoc leis an Aire amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste agus a chur chun tairbhe don Státchiste de réir ordacháin an Aire Airgeadais.

Rialacháin (cúnamh dlíthiúil).

119. — (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’alt 118.

(2) Féadfar, go sonrach, aon ní díobh seo a leanas a fhorordú sna rialacháin:

(a) an fhoirm ina mbeidh deimhnithe arna ndeonú faoin alt sin;

(b) rátaí nó scálaí íoca i gcás aon táillí, costas nó caiteachas eile is iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas faoi na deimhnithe sin;

(c) an tslí ina sannfar aturnaetha agus abhcóidí faoi na deimhnithe sin.

(3) Ní dhéanfar rialacháin faoi fho-alt (2)(b) gan toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Go dtí go ndéanfar rialacháin faoin alt seo, beidh feidhm ag na rialacháin faoi alt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962 agus beidh éifeacht leo, farais na modhnuithe is gá, i ndáil le deimhnithe um chúnamh dlíthiúil in aisce arna ndeonú faoi alt 118 den Acht seo amhail is dá mba deimhnithe um chúnamh dlíthiúil in aisce arna ndeonú faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962 iad.