An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 11 Imeachtaí Sibhialta i ndáil le hIompar Frithshóisialta ) Ar Aghaidh (CUID 13 Iompar Frithshóisialta ag Leanaí )

26 2006

TODO

CUID 12

Leasú ar Acht na Leanaí 2001

Léiriú (Cuid 12)

120. — Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1908” an Children Act 1908;

ciallaíonn “Acht 1970” Acht na bPríosún 1970;

ciallaíonn “Acht 1991” an tAcht um Chúram Leanaí 1991;

ciallaíonn “Acht 2001” Acht na Leanaí 2001.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2001.

121. — Leasaítear alt 2 d’Acht 2001 i bhfo-alt (2)—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Tiocfaidh Cuid 5 i ngníomh 3 mhí tar éis an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 a rith.”,

(b) trí mhír (c) a scriosadh,

(c) i mír (d), trí “Oideachais agus Eolaíochta” a scriosadh, agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(f) Tiocfaidh na leasuithe arna ndéanamh ar Chuid 11 in ailt 156 and 157 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, agus i mír 30 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht sin, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí, le comhaontú an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, le hordú nó le horduithe.”.

“Leasú ar alt 3 d’Acht 2001.

122. — Leasaítear alt 3 d’Acht 2001 i bhfo-alt (1)

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

tá “iompar frithshóisialta” le forléiriú de réir alt 257A(1);”,

(b) trí “Aire” a chur in ionad “Aire Oideachais agus Eolaíochta” sa mhíniú ar “scoil choinneála leanaí”,

(c) trí “nó in ionad coinneála leanaí a bheidh ainmnithe amhlaidh ag an Aire faoi alt 150” a scriosadh sa mhíniú ar “coinneáil”,

(d) tríd an míniú ar “ionad athchuir sóisearach” a scriosadh,

(e) sa mhíniú ar “Aire”, trí “i gCodanna 3 agus 11” a chur in ionad “i gCodanna 3, 10 agus 11”,

(f) sa mhíniú ar “forordaithe”, trí “, ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta” a scriosadh,

(g) sa mhíniú ar “íospartach” trí “agus, i ndáil le hiompar frithshóisialta ag leanbh, ciallaíonn sé duine a fhulaingíonn dochar fisiciúil nó mothúchánach mar gheall ar an iompar sin” a chur isteach i ndiaidh “maoine”.

Alt nua a chur in ionad alt 18 d’Acht 2001.

123. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 18 d’Acht 2001:

“Prionsabal.

18.— Mura n-éilíonn leasanna na sochaí a mhalairt agus faoi réir na Coda seo, aon leanbh—

(a) a rinne cion, nó

(b) a d’iompair é féin nó í féin go frithshóisialta,

agus a ghlacfaidh freagracht as a iompar nó as a hiompar coiriúil nó frithshóisialta, déanfar é nó í a bhreithniú lena ligean isteach i gclár athstiúrtha (dá ngairtear an Clár sa Chuid seo) a bhfuil an cuspóir atá leagtha amach in alt 19 aige.”.

Leasú ar alt 19 d’Acht 2001.

124. — Leasaítear alt 19 d’Acht 2001 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Is é cuspóir an Chláir aon leanbh a ghlacfaidh freagracht as a iompar nó as a hiompar coiriúil nó frithshóisialta a athstiúradh ó chionta eile a dhéanamh nó ó bheith ag gabháil d’iompar frithshóisialta eile.”.

Leasú ar alt 23 d’Acht 2001.

125. — Leasaítear alt 23 d’Acht 2001—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir fho-alt (6), féadfar leanbh” a chur in ionad “Féadfar leanbh”,

(b) i bhfo-ailt (1) (a), (4) agus (5), trí “nó frithshóisialta” a chur isteach i ndiaidh “coiriúil”,

(c) i bhfo-alt (1) (c), trí “go mbeidh sé nó sí 10 mbliana d’aois nó os cionn na haoise sin” a chur in ionad “go mbeidh sé nó sí in aois freagracht a ghlacadh i gcoir nó os a chionn”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(6) D’ainneoin fho-alt (1), déanfar leanbh 10 mbliana nó 11 bhliain d’aois a ligean isteach sa Chlár, más rud é—

(a) go nglacfaidh sé nó sí freagracht as a iompar nó as a hiompar coiriúil, tar éis deis réasúnach a bheith aige nó aici dul i gcomhairle lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí nó lena chaomhnóir nó lena caomhnóir agus go bhfuair sé nó sí aon chomhairle dlí arna lorg aige nó aici nó arna lorg thar a cheann nó thar a ceann, agus

(b) go mbeidh feidhm ag ailt (2) go (5) maidir leis an leanbh.”.

Alt nua a chur in ionad alt 48 d’Acht 2001.

126. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 48 d’Acht 2001:

“Fianaise áirithe a bheith neamh-inghlactha.

48.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh fianaise inghlactha in aon chúirt i leith na nithe seo a leanas—

(a) an leanbh do ghlacadh freagracht as iompar coiriúil nó frithshóisialta ar ligeadh an leanbh isteach sa Chlár ina leith,

(b) an t-iompar sin, nó

(c) páirteachas an linbh sa Chlár.

(2) I gcás ina mbeidh breithniú á dhéanamh ag cúirt ar an bpianbhreith (más ann) a bheidh le forchur i leith ciona a bheidh déanta ag leanbh tar éis an leanbh a ligean isteach sa Chlár, féadfaidh taobh an ionchúisimh an chúirt a chur ar an eolas maidir le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Tá feidhm ag fo-alt (2), fairis na modhnuithe is gá, maidir le leanbh a mbeidh 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici.”.

Alt nua a chur in ionad alt 49 d’Acht 2001.

127. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 49 d’Acht 2001:

“Urchosc ar imeachtaí.

49.— (1) Ní dhéanfar leanbh a ionchúiseamh i leith an iompair choiriúil, nó i leith aon iompair ghaolmhair, ar glacadh é nó í isteach sa Chlár ina leith.

(2) Aon leanbh a bheidh glactha isteach sa Chlár i leith iompair fhrithshóisialta, ní bheidh sé nó sí ina ábhar nó ina hábhar d’iarratas ar ordú faoi alt 257D i ndáil le haon iompar den sórt sin a tharla sular glacadh isteach é nó í amhlaidh.”.

Leasú ar an Teideal a ghabhann le Cuid 5 d’Acht 2001.

128. — Leasaítear an teideal a ghabhann le Cuid 5 d’Acht 2001 trí “SRIAN LE hIMEACHTAÍ COIRIÚLA IN AGHAIDH LEANAÍ ÁIRITHE” a chur ionad “FREAGRACHT CHOIRIÚIL”.”.

Alt nua a chur in ionad alt 52 d’Acht 2001.

129. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 52 d’Acht 2001:

“Srian le himeachtaí coiriúla i gcoinne leanaí.

52.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní chúiseofar leanbh faoi bhun 12 bhliain d’aois i gcion.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le leanbh atá 10 mbliana d’aois nó 11 bhliain d’aois agus a chúisítear i ndúnmharú, i ndúnorgain, in éigniú, i mbanéigean faoi alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990 nó i dtromionsaí gnéasach.

(3) Cealaítear an toimhde infhrisnéisithe faoi aon riail dlí, eadhon, go bhfuil leanbh nach bhfuil níos óige ná 7 mbliana d’aois ach atá faoi bhun 14 bliana d’aois éagumasach ar chion a dhéanamh toisc nach raibh an cumas sa leanbh a fhios a bheith aige nó aici go raibh an gníomh nó an neamhghníomh lena mbaineann éagórach.

(4) I gcás ina gcúisítear leanbh atá faoi bhun 14 bliana d’aois i gcion, ní dhéanfar aon imeachtaí breise a thionscnamh maidir leis an ní (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.”.

Leasú ar alt 53 d’Acht 2001.

130. — Leasaítear alt 53 d’Acht 2001 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil cion (seachas dúnmharú, dúnorgain, éigniú, banéigean faoi alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean)(Leasú), 1990 nó tromionsaí gnéasach) déanta ag leanbh atá faoi bhun 12 bhliain d’aois, féachfaidh an comhalta leis an leanbh a thabhairt chuig tuismitheoir nó caomhnóir an linbh nó déanfaidh sé socrú chun go ndéanfaidh comhalta eile den sórt sin amhlaidh.”.

Leasú ar alt 59 d’Acht 2001.

131. — Leasaítear alt 59 d’Acht 2001 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh an tAire, le comhaontú an Aire Sláinte agus Leanaí, treoirlínte a eisiúint i ndáil le hoibriú praiticiúil an ailt seo.”.

Alt nua 76A in Acht 2001.

132. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 76, ach i gCuid 8:

“Cumhachtaí na Cúirte in imeachtaí coiriúla i gcoinne linbh.

76A.— (1) Féadfaidh an Chúirt, in aon imeachtaí coiriúla i gcoinne linbh, aon cheann de na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú ar cumhachtaí a thugtar di leis an gCuid seo, eadhon, cumhacht—

(a) faoi alt 76B, chun a iarraidh go mbeidh ionadaí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i láthair,

(b) faoi alt 76C, chun an cás a dhíbhe de réir a thuillteanais,

(c) faoi alt 77, chun a ordú d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte comhdháil leasa teaghlaigh i leith an linbh a chomóradh agus, fad a bheifear ag fanacht le toradh na comhdhála sin, chun ordú cúraim éigeandála nó ordú maoirseachta a dhéanamh faoi Acht 1991 i leith an linbh; nó

(d) faoi alt 78, chun a ordú don tseirbhís phromhaidh agus leasa socrú a dhéanamh chun go gcomórfar comhdháil teaghlaigh i leith an linbh.

(2) Ní dochar fo-alt (1) do chumhacht na Cúirte chun déileáil leis an gcás ar aon slí eile más deimhin léi go mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh.”.

Alt nua 76B in Acht 2001.

133. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 76A:

“Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do thabhairt cúnaimh don Chúirt.

76B.— (1) Más rud é—

(a) go ndéantar leanbh a chúisítear i gcion a athchur faoi bhannaí nó, faoi réir alt 88(10)(b), faoi choimeád, agus

(b) gur dealraitheach don Chúirt go bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cúnamh a thabhairt di le linn di déileáil leis an gcás,

féadfaidh an Chúirt a iarraidh go ndéanfar ionadaíocht thar ceann na Feidhmeannachta sna himeachtaí.

(2) I gcás ina ndéantar an leanbh a athchur faoi bhannaí, déanfar an iarraidh seachtain amháin ar a laghad roimh an dáta a dtosófar athuair ar na himeachtaí lena mbaineann.

(3) Más rud é, tar éis ionadaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a éisteacht, go ndéanann an Chúirt an cás i gcoinne an linbh a dhíbhe de réir a thuillteanais, déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, más cuí, a cumhachtaí faoi Acht 1991 a fheidhmiú i ndáil leis an leanbh.”.

Alt nua 76C in Acht 2001

134. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 76B:

“Cás i gcoinne linbh faoi bhun 14 bliana d’aois a dhíbhe in imthosca áirithe.

76C.— I gcás ina ndéantar leanbh atá faoi bhun 14 bliana d’aois a chúiseamh i gcion, féadfaidh an Chúirt, ar fhoriarratas uaithi féin nó ar iarratas ó aon duine, an cás a dhíbhe de réir a thuillteanais más rud é, tar éis féachaint go cuí d’aois an linbh agus dá leibhéal aibíochta, go gcinneann sé nár thuig an leanbh go hiomlán cad a bhí gceist i ndéanamh an chiona.”.

Alt nua a chur in ionad alt 88 d’Acht 2001.

135. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 88 d’Acht 2001:

“Athchur faoi choimeád.

88.— (1) I gcás ina gcinneann an Chúirt leanbh a athchur faoi choimeád ar leanbh é nó í—

(a) atá cúisithe, nó a fhaightear ciontach, i gcion amháin nó níos mó,

(b) atá á chur ar aghaidh nó á cur ar aghaidh chun trialach, nó

(c) ar ina leith a chuir an chúirt breith ar athló,

beidh feidhm ag na forálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo i ndáil leis an leanbh.

(2) Déanfar an leanbh a athchur go dtí áit atá ainmnithe faoin alt seo mar ionad athchuir.

(3) Míneoidh an Chúirt na cúiseanna lena breith i gcúirt oscailte i gcaint a oireann d’aois agus do leibhéal tuisceana an linbh.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon áit a ainmniú mar ionad athchuir, lena n-áirítear cuid de scoil choinneála leanaí, ar áit í atá oiriúnach, i dtuairim an Aire, chun leanaí a athchuirtear faoi choimeád faoin alt seo a choimeád.

(5) Sonrófar leis an ainmniú gnéas agus aois leanaí a fhéadfar a athchur go dtí an t-ionad athchuir lena mbaineann aon tráth áirithe.

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip d’aon ordú faoin alt seo a chur chuig Uachtarán na hArd-Chúirte, chuig Uachtarán na Cúirte Cuarda agus chuig Uachtarán na Cúirte Dúiche.

(7) Ní fhéadfar áit a ainmniú mar ionad athchuir ach amháin le toiliú a húinéirí nó, de réir mar a bheidh, a bainisteoirí.

(8) I gcás inar cuid de scoil choinneála leanaí ionad athchuir, déanfar, a mhéid is indéanta agus i gcás é a bheith ar mhaithe le leas an linbh, leanaí a athchuirtear faoi choimeád go dtí an t-ionad a choinneál ar leithligh ó leanaí ar ina leith a forchuireadh tréimhse coinneála agus ní cheadófar dóibh a bheith i gcomhluadar na leanaí sin.

(9) I gcás nach cuid de scoil choinneála leanaí ionad athchuir, ceapfaidh an tAire bord bainistíochta arna cheapadh chun scoile coinneála leanaí faoi alt 164 chun an t-ionad athchuir a bhainistiú freisin de réir na gcritéar a leagfaidh an tAire síos ó am go ham.

(10) Ní dhéanfaidh an Chúirt leanbh a athchur faoi choimeád faoin alt seo más é an t-aon chúis amháin atá ann chun déanamh amhlaidh ná—

(a) gur gá cúram a thabhairt don leanbh nó an leanbh a chosaint, nó

(b) gur mian leis an gCúirt go ndéanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cúnamh a thabhairt di faoi alt 76B le linn déileáil leis an gcás.

(11) Féadfaidh an tAire cibé nithe a fhorordú a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a chumasú ionaid athchuir a oibriú agus a riaradh de réir an Achta seo.

(12) D’ainneoin fhorálacha an ailt seo, féadfar fireannaigh atá 16 bliana d’aois nó 17 mbliana d’aois agus a luaitear i bhfo-alt (1) a athchur go dtí Foras Naomh Pádraig go dtí go mbeidh áiteanna in ionad athchuir ar fáil d’fhireannaigh san aoisghrúpa sin.

(13) Féadfaidh an tAire leanbh a athchuirtear faoi choimeád go dtí Foras Naomh Pádraig a aistriú go dtí ionad athchuir.”.

Leasú ar alt 96 d’Acht 2001.

136. — Leasaítear alt 96 d’Acht 2001 tr an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Le linn déileáil le leanbh a chúisítear i gcion, tabharfaidh cúirt aird chuí ar leas an linbh, ar leas íospartach an chiona agus ar chosaint na sochaí.”.

Athrú ar theideal an phríomhoifigigh promhaidh agus leasa.

137. — Leasaítear Acht 2001 trí “Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa” a chur in ionad “an príomhoifigeach promhaidh agus leasa”, “le Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa” a chur in ionad “leis an bpríomhoifigeach promhaidh agus leasa”, “ag Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa” a chur in ionad “ag an bpríomhoifigeach promhaidh agus leasa” agus “Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa” a chur in ionad “an phríomhoifigigh promhaidh agus leasa” sna háiteanna lena mbaineann in ailt 79, 87, 106(5), 118(3), 118(4), 124(4), 125(4), 126(4), 126(5), 141(2)(b), 207(1), 207(7), 208(1), 208(4), 209, 230(3)(e), 262(1), 262(2) agus 262(3).

Leasú ar alt 91 d’Acht 2001.

138. — Leasaítear alt 91 d’Acht 2001—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “nó” a scriosadh i mír (b),

(ii) trí “faoina réir a chomhlíonadh, nó” a chur in ionad “faoina réir a chomhlíonadh” i mír (c), agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) faoi alt 257D.”,

agus

(b) i bhfo-alt (4), trí “nó faoi alt 257D” a chur isteach i ndiaidh “cúisithe”.

Alt nua a chur in ionad alt 93 d’Acht 2001.

139. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 93 d’Acht 2001:

“Srian ar thuairiscí ar imeachtaí i gcás ina mbaineann siad le leanaí.

93.— (1) Maidir le himeachtaí os comhair aon chúirte ar imeachtaí iad a bhaineann le leanbh—

(a) ní dhéanfar aon tuairisc a léiríonn ainm, seoladh nó scoil aon linbh lena mbaineann na himeachtaí nó ina bhfuil aon sonraí ar dóigh go dtiocfadh díobh aon leanbh den sórt sin a chéannú a fhoilsiú nó a chur san áireamh i gcraolachán nó in aon chineál eile chumarsáide, agus

(b) ní fhoilseofar ná ní chuirfear san áireamh amhlaidh aon phictiúr neamhbheo nó aon phictiúr gluaiste ar dóigh go dtiocfadh de aon leanbh den sórt sin a chéannú.

(2) Féadfaidh cúirt, go hiomlán nó go páirteach, ceanglais an ailt seo a bhaineann le leanbh a ligean thar ceal más deimhin léi gur gá déanamh amhlaidh—

(a) (i) chun nach ndéanfar éagóir ar an leanbh,

(ii) i gcás an leanbh a bheith saor go neamhdhleathach, chun an leanbh a ghabháil,

(iii) ar mhaithe le leas an phobail,

(b) i gcás an leanbh a bheith faoi réir ordaithe faoi alt 257D—

(i) chun nach ndéanfar éagóir ar an leanbh, nó

(ii) chun a chinntiú go gcomhlíontar an t-ordú.

(3) I gcás ina ligeann cúirt aon cheanglais den alt seo thar ceal, tabharfaidh sí míniú i gcúirt oscailte i dtaobh na gcúiseanna atá lena cinneadh.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) d’alt 51 den Acht seo, farais na modhnuithe is gá, maidir le nithe a fhoilsítear nó a chuirtear san áireamh i gcraolachán nó in aon chineál chumarsáide eile de shárú ar fho-alt (1).

(5) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le himeachtaí ar achomharc i gcoinne cúirte, lena n-áirítear imeachtaí ar mhodh cáis shonraithe.

(6) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear d’fhorálacha aon achtacháin i dtaca le hainm cúisí a choimeád ceilte nó leis an dlí a bhaineann le díspeagadh cúirte.”.

Leasú ar alt 136 d’Acht 2001.

140. — Leasaítear alt 136 d’Acht 2001—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a chinneann gur sháraigh leanbh ordú faoi alt 133 nó aon choinníoll a bhfuil sé faoina réir an leanbh a ghabháil gan bharántas.

(1A) Más dealraitheach do chúirt gur mhainnigh leanbh, gan chúis réasúnach, ordú den sórt sin nó aon choinníoll a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, féadfaidh sí—

(a) más cúirt sa dúiche chónaithe a rinne ant-ordú—

(i) a ordú don leanbh an t-ordú nó aon choinníoll den sórt sin a chomhlíonadh a mhéid nár comhlíonadh é,

(ii) an t-ordú a chúlghairm agus ordú eile faoi alt 133 nó smachtbhanna pobail eile a chur ina ionad, nó

(iii) an t-ordú a chúlghairm agus déileáil leis an gcás ar aon slí eile ina bhféadfaí déileáil leis sula ndearnadh an t-ordú,

(b) más cúirt eile a rinne an t-ordú, an leanbh a athchur faoi bhannaí chuig suí den chúirt sin chun go ndéileálfar leis nó léi, agus chun na críche sin beidh feidhm ag mír (a) i ndáil leis an gcúirt sin, farais na modhnuithe is gá.”,

agus

(b) trí fho-alt (3) a scriosadh.

Alt nua a chur in ionad alt 149 d’Acht 2001.

141. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 149 d’Acht 2001:

“Tréimhse coinneála i scoil choinneála leanaí.

149.— I gcás ina bhfaightear leanbh ciontach i gcion i gCúirt na Leanaí, maidir le haon téarma coinneála i scoil choinneála leanaí a fhorchuirtear mar gheall ar an gcion, ní bheidh sé níos faide ná an téarma coinneála nó príosúnachta a d’fhéadfadh an chúirt a fhorchur ar aosach a dhéanfaidh cion den sórt sin.”.

Leasú ar alt 155 d’Acht 2001.

142. — Leasaítear alt 155 d’Acht 2001—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) Más rud é—

(a) go gciontaítear leanbh i gcion ar díotáil agus go ngearrtar pianbhreith choinneála i scoil choinneála leanaí air nó uirthi,

(b) go gcuirtear isteach an tréimhse coinneála i scoil den sórt sin i dtosach,

(c) go bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh sula dtagann deireadh leis an tréimhse coinneála,

déanfar an duine a aistriú chuig áit coinneála arna soláthar faoi alt 2 d’Acht 1970 nó chuig príosún chun an chuid a bheidh fágtha den tréimhse coinneála a chur isteach.

(2) Más rud é, ar 18 mbliana d’aois a shlánú, go mbeidh an duine—

(a) ag gabháil do chúrsa oideachais áirithe nó d’oiliúint nach bhfuil ar fáil in áit coinneála den sórt sin ná i bpríosún, nó

(b) gar do dheireadh a thréimhse coinneála nó a tréimhse coinneála sa scoil,

féadfar leanúint den duine a choinneáil sa scoil os cionn na haoise sin go ceann tréimhse nach faide ná 6 mhí.

(3) D’ainneoin aon fhorála in aon achtachán, ní dhéanfar aon leanbh a aistriú ó scoil choinneála leanaí chuig áit coinneála arna soláthar faoi alt 2 d’Acht 1970 ná chuig príosún.”,

(b) trí fho-ailt (4) agus (5) a scriosadh, agus

(c) i bhfo-alt (6), trí “in ionad coinneála leanaí,” a scriosadh.

Alt 156A nua in Acht 2001

143. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 156, ach i gCuid 9:

“Foráil idirthréimh-seach.

156A.— (1) D’ainneoin aon ní i gCuid 9, féadfar fireannaigh atá 16 bliana d’aois nó 17 mbliana d’aois ar ar gearradh pianbhreith choinneála a choinneáil i bhForas Naomh Pádraig nó in áit coinneála go dtí—

(a) go mbeidh áiteanna, atá oiriúnach chun leanaí a bhfuil na haoiseanna sin acu a ghlacadh isteach, ar fáil lena n-ainmniú mar scoileanna coinneála leanaí faoi alt 160, nó

(b) go mbeidh a dtréimhse coinneála críochnaithe acu.

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar, ar aon ainmniú den sórt sin a dhéanamh, nó dá éis, aon leanbh a mbeidh tréimhse coinneála i bhForas Naomh Pádraig nó in áit coinneála á cur isteach aige nó aici a aistriú chuig scoil choinneála leanaí ainmnithe den sórt sin.

(3) Féadfar fireannach atá 16 bliana d’aois nó 17 mbliana d’aois a aistriú ó Fhoras Naomh Pádraig nó ó áit coinneála chuig scoil choinneála leanaí sula ndéantar ainmniú den sórt sin agus féadfar é a aistriú ar ais ina dhiaidh sin chuig an bhForas nó chuig an áit.

(4) Aon leanbh a mbeidh tréimhse coinneála á cur isteach aige nó aici i bhForas Naomh Pádraig nó in áit coinneála, ní athrófar a thréimhse coinneála nó a tréimhse coinneála de bhíthin aistrithe faoi fho-alt (2) nó (3) agus dá bhíthin sin amháin.

(5) San alt seo, ciallaíonn “áit coinneála” áit coinneála arna soláthar faoi alt 2 d’Acht 1970.”.

Alt 156B nua in Acht 2001.

144. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 156A:

“Feidhm rialacha faoi Achtanna na bPríosún, etc. maidir le scoileanna coinneála leanaí.

156B.— Go dtí go ndéantar rialacha faoi alt 179 maidir le scoileanna coinneála leanaí a bhainistiú, maidir le hAchtanna na bPríosún 1826 go 1980 agus maidir le haon achtacháin eile a bhaineann le Foras Naomh Pádraig nó le daoine a bhfuil pianbhreitheanna á gcur isteach acu ann, nó a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcéanna, beidh feidhm acu agus beidh éifeacht leo, fara aon mhodhnuithe is gá, ach amháin i gcás ina bhféadfadh siad a bheith ar neamhréir leis an Acht seo, i ndáil le scoil choinneála leanaí agus i ndáil le daoine a bheidh á gcoinneáil inti amhail is dá mba é an Foras sin an scoil.”.

Leasú ar alt 157 d’Acht 2001.

145. — Leasaítear alt 157 d’Acht 2001—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna údarú nó arna húdarú ag an Aire faoi alt 185;

ní fholaíonn “foireann” foireann mhúinteoireachta;”,

agus

(b) trí na mínithe ar “Cigire” agus “Aire” a scriosadh.

Alt nua a chur in ionad alt 159 d’Acht 2001.

146. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 159 d’Acht 2001:

“Scoileanna deimhnithe faoi Acht 1908.

159.— (1) Faoi réir fho-alt (2), tiocfaidh scoil cheartúcháin dheimhnithe nó scoil saothair faoi Chuid IV d’Acht 1908 chun bheith, le comhaontú an Aire agus an Aire Oideachais agus Eolaíochta, ina scoil choinneála leanaí ar thosach feidhme an ailt seo i ndáil léi.

(2) Tiocfaidh scoil cheartúcháin dheimhnithe faoin gCuid sin chun bheith, le comhaontú an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus an Aire Sláinte agus Leanaí agus ar thosach feidhme an ailt seo i ndáil léi, ina háitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi alt 38(2) d’Acht 1991 chun cúram cónaithe a sholáthar do leanaí atá i gcúram.

(3) Ar thosach feidhme an ailt seo i ndáil le scoil cheartúcháin dheimhnithe nó scoil saothair a raibh na feidhmeanna i ndáil léi dílsithe don Aire Oideachais agus Eolaíochta (seachas an fheidhm maidir le hoideachas agus oiliúint agus cláir ghaolmhara a sholáthar do leanaí a choinnítear inti) díreach roimh an tosach feidhme sin, beidh na feidhmeanna sin—

(a) má thagann an scoil chun bheith ina scoil choinneála leanaí, dílsithe don Aire, nó

(b) sa chás dá dtagraítear i bhfo-alt (2), dílsithe d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

(4) Maidir le dlíthiúlacht coinneála, agus tréimhse coinneála, linbh a choinnítear i scoil cheartúcháin dheimhnithe nó i scoil saothair, ní dhéanann tosach feidhme an ailt seo i ndáil léi difear do na nithe sin.

(5) Aon tagairt in aon achtachán do scoil cheartúcháin nó scoil saothair forléireofar í, ar thosach feidhme an ailt seo i ndáil léi, mar thagairt do scoil choinneála leanaí nó, de réir mar a bheidh, d’áitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi alt 38(2) d’Acht 1991.”.

Alt nua 159A in Acht 2001.

147. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 159:

“Oideachas leanaí i scoil choinneála leanaí, in ionaid chónaithe, etc.

159A.— (1) San alt seo—

tá le “Cigire” agus “scoil aitheanta” na bríonna a thugtar dóibh in alt 2 den Acht Oideachais 1998;

ciallaíonn “áitreabh aistrithe” scoil cheartúcháin dheimhnithe nó scoil saothair faoi Chuid IV d’Acht 1908 ar scoil í a thagann chun bheith ina scoil choinneála leanaí, nó ina háitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi alt 38(2) d’Acht 1991, ar thosach feidhme alt 159 i ndáil léi;

ciallaíonn “coiste gairmoideachais” coiste arna bhunú le halt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930.

(2) Díscaoiltear aon scoil aitheanta ar cuid d’áitreabh aistrithe í.

(3) Déanfaidh coiste gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá áitreabh aistrithe suite socrú chun oideachas a sholáthar do leanaí san áitreabh sin.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), déanfaidh gach coiste gairmoideachais, i leith aon áitribh den sórt sin—

(a) pleanáil, comhordú agus athbhreithniú a dhéanamh maidir le soláthar oideachais agus seirbhísí atá coimhdeach i ndáil leis,

(b) a chinntiú, maidir leis an oideachas a chuirtear ar fáil ann, go ndéanann sé freastal ar cheanglais an bheartais oideachais mar a chinnfidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta é ó am go ham,

(c) a chinntiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ar threoir chuí chun cabhrú leo i dtaca lena roghanna oideachais agus gairme,

(d) forbairt mhorálta, spioradálta, shóisialta agus phearsanta na leanaí lena mbaineann a chur chun cinn, agus

(e) a chinntiú go ndéantar riachtanais an phearsanra atá ag gabháil d’fheidhmeanna bainistíochta agus na riachtanais i ndáil le forbairt na foirne i gcoitinne a shainaithint agus go ndéantar soláthar ina leith.

(5) Tá feidhm ag feidhmeanna Cigire de réir bhrí an Acht Oideachais 1998, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le saoráidí oideachais arna soláthar i leith aon áitribh aistrithe.

(6) Maidir le duine a bhí, díreach roimh dhíscaoileadh scoile aitheanta faoin alt seo, ina dhuine nó ina duine dá foireann mhúinteoireachta, tiocfaidh sé nó sí chun bheith, ar an díscaoileadh sin, chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an choiste gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá an scoil aitheanta suite; agus maidir leis na cearta agus na teidil a theachtaíonn an duine ina cháil nó ina cáil mar fhostaí den sórt sin i ndáil le seilbh, luach saothair, táillí, liúntais, caiteachais agus aoisliúntas, ní lú tairbhe iad, de bhua oibriú an Achta seo, ná na cearta agus na teidil a bhí á dteachtadh ag an duine sin díreach roimh an díscaoileadh.”.

Alt 159B nua in Acht 2001.

148 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 159A:

“Maoin, cearta agus dliteanais de chuid scoile saothair deimhnithe a aistriú ar thosach feidhme alt 159(2).

159B.— (1) San alt seo—

folaíonn “bord bainistíochta”, i ndáil le scoil saothair dheimhnithe, bainisteoirí na scoile de réir bhrí Acht 1908;

tá le “scoil saothair dheimhnithe” an bhrí chéanna atá le “certified industrial school” faoi Chuid IV d’Acht 1908, ar scoil í a thiocfaidh chun bheith ina háitreabh aistrithe lá an aistrithe;

folaíonn “talamh” aon chearta, dliteanais, cumhachtaí nó pribhléidí a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh;

folaíonn “maoin” aon chearta nó dliteanais a bhaineann nó a ghabhann leis an maoin;

ciallaíonn “lá an aistrithe” an lá a thiocfaidh scoil saothair dheimhnithe chun bheith, de bhua alt 159(2), ina háitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi alt 38(2) d’Acht 1991 chun cúram cónaitheach a sholáthar do leanaí i gcúram;

ciallaíonn “áitreabh aistrithe” áitreabh a thiocfaidh chun bheith, lá an aistrithe, ina áitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil amhlaidh.

(2) Lá an aistrithe—

(a) déantar aon talamh nó maoin eile, agus aon chearta nó dliteanais eile a bhí dílsithe don Aire Oideachais agus Eolaíochta i ndáil leis an scoil saothair dheimhnithe lena mbaineann nó dá bord bainistíochta díreach roimh an lá sin, seachas aon chearta nó dliteanais dá dtagraítear i mír (b), a aistriú chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a dhílsiú di gan aon tíolacadh nó sannadh,

(b) déantar aon chearta nó dliteanais—

(i) de chuid an Aire Oideachais agus Eolaíochta i ndáil leis an scoil nó de chuid a boird bainistíochta, agus

(ii) a bhaineann nó a ghabhann le comhaltaí dá foireann mhúinteoitreachta nó lena bhfeidhmeanna múinteoireachta,

cibé slí a éiríonn siad, díreach roimh an lá sin, a aistriú chuig an gcoiste gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá an t-áitreabh aistrithe suite agus a dhílsiú dó gan aon sannadh.

(3) Maidir le haon cheart nó dliteanas a aistrítear faoin alt seo lá an aistrithe agus dá éis, féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó an coiste gairmoideachais lena mbaineann agra a dhéanamh ina leith nó iad a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó ina ainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith nó iad a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó an choiste gairmoideachais lena mbaineann ina hainm féin nó ina ainm féin agus ní gá don Fheidhmeannacht ná don choiste fógra a thabhairt i dtaobh an aistrithe don duine a n-aistrítear a chearta nó a cearta nó a dhliteanais nó a dliteanais amhlaidh.

(4) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina mbeidh aon imeachtaí ar páirtí iontu an scoil saothair dheimhnithe lena mbaineann nó a bord bainistíochta ar feitheamh díreach roimh lá an aistrithe, déanfar an tAire Oideachais agus Eolaíochta a chur in ionad na scoile nó an bhoird mar pháirtí sna himeachtaí an lá sin agus dá éis, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad.

(5) Más rud é—

(a) gur páirtí an tAire Oideachais agus Eolaíochta in imeachtaí a bheidh ar feitheamh díreach roimh lá an aistrithe i ndáil le scoil saothair dheimhnithe nó a bord bainistíochta, cibé acu de bhua fho-alt (4) nó ar shlí eile, agus

(b) go gcomhaontóidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta nó an coiste gairmoideachais lena mbaineann gur ceart an Fheidhmeannacht nó an coiste a chur in ionad an Aire mar pháirtí sna himeachtaí,

cuirfidh an Fheidhmeannacht nó an coiste é sin in iúl do na páirtithe eile sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad.

(6) Aon duine a bhí ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na scoile saothair deimhnithe lena mbaineann (seachas comhalta dá foireann mhúinteoireachta) díreach roimh lá an aistrithe, tiocfaidh sé nó sí an lá sin chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus maidir leis na cearta agus na teidil a bheidh á dteachtadh ag an duine mar fhostaí den sórt sin i leith a théarmaí nó a téarmaí agus a choinníollacha nó a coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear luach saothair, liúntais agus aoisliúntas, ní lú tairbhe iad, de bhua oibriú an Achta seo, ná na cearta agus na teidil a bhí á dteachtadh ag an duine sin díreach roimh an lá sin.

(7) Maidir le feidhmeanna, lena n-áirítear cumhachtaí agus dualgais, an Aire Sláinte agus Leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, arna leasú, agus faoi na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006 i ndáil le háitreabh arna sholáthar agus arna chothabháil faoi alt 38(2) d’Acht 1991 ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun cúram cónaitheach a sholáthar do leanaí i gcúram, beidh feidhm acu, agus beidh éifeacht leo, i ndáil le háitreabh aistrithe.

(8) Ní fhéadfar a ordú leanbh a bheidh ciontaithe i gcion a chur nó a choinneáil in áitreabh aistrithe.

(9) Déanfaidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, roimh thosach feidhme alt 159(2), a ordú gach leanbh a bheidh ciontaithe i gcion nó ar athchur i leith ciona a aistriú as aon áit a thiocfaidh, ar an tosach feidhme sin, chun bheith ina háitreabh aistrithe chuig scoil cheartúcháin dheimhnithe nó scoil saothair dheimhnithe faoi Chuid IV d’Acht 1908 nó chuig scoil choinneála leanaí chun a thréimhse nó a tréimhse choinneála go léir nó aon chuid den mhéid di a bheidh gan chaitheamh a fhulaingt.

(10) Ní dochar an t-alt seo d’alt 159A.”.

Leasú ar alt 161 d’Acht 2001.

149. — Leasaítear alt 161 d’Acht 2001—

(a) tríd na bhfo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire socruithe a dhéanamh le haon duine nó comhlacht chun go ndéanfaidh an duine nó an comhlacht sin áit a sholáthar thar cheann an Aire ar áit í ina bhféadfar leanaí a gheofar ciontach i gcionta a choinneáil.

(1A) Roimh aon socruithe den sórt sin a dhéanamh, beidh an tAire sásta go soláthraítear saoráidí cóireála agus saoráidí eile san áit ar saoráidí iad nach bhfuil ar fáil i scoileanna coinneála leanaí.

(1B) Féadfaidh an tAire socruithe a dhéanamh faoi fho-alt (1) le duine nó comhlacht amháin nó níos mó.

(1C) Féadfar leanbh atá á choinneáil nó á coinneáil i scoil choinneála leanaí a aistriú go dtí áit a sholáthraítear faoi fho-alt (1) le chomhaontú an Aire agus an duine nó an chomhlachta a sholáthraíonn an áit agus, le comhaontú den sórt sin, féadfar é nó í a aistriú ar ais go dtí an scoil sin”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(7) San alt seo folaíonn “áit” cuid d’fhoirgneamh.”.

Leasú ar alt 165 d’Acht 2001.

150. — Leasaítear alt 165 d’Acht 2001—

(a) i bhfo-alt (1)(b), trí “don chéanna, agus” a chur in ionad “don chéanna,”, agus

(b) trí mhír (c) d’fho-alt (1) a scriosadh.

Alt nua a chur in ionad alt 185 d’Acht 2001.

151. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 185 d’Acht 2001:

“Cigireacht ar scoileanna coinneála leanaí.

185.— (1) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cigireacht ar gach scoil choinneála leanaí.

(2) Maidir le cigireacht a dhéanamh, is duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire a sheolfaidh í.

(3) Maidir leis an duine a bheidh údaraithe amhlaidh, beidh saineolas agus taithí aige nó aici ar chigireacht a dhéanamh ar chóiríocht chónaitheach do leanaí.”.

Alt nua a chur in ionad alt 186 d’Acht 2001.

152. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 186 d’Acht 2001:

“Feidhmeanna duine údaraithe.

186.— (1) Déanfaidh duine a bheidh údaraithe faoi alt 185 cigireachtaí a sheoladh ar gach scoil choinneála leanaí uair amháin ar a laghad gach 12 mhí.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh duine údaraithe, le linn cigireacht a sheoladh ar aon scoil den sórt sin, aird áirithe a thabhairt ar na nithe seo a leanas—

(a) na dálaí ina gcoinnítear na leanaí agus na saoráidí atá ar fáil dóibh,

(b) sláinte, sábháilteacht agus dea-bhail na leanaí,

(c) beartais agus cleachtas a bhaineann le caidreamh a chaomhnú agus a fhorbairt idir na leanaí agus a dteaghlaigh,

(d) beartais agus cleachtas a bhaineann le haraíonacht, cúram agus cosaint na leanaí, agus

(e) beartais agus cleachtas i ndáil le gnáthamh na scoile.

(3) Féadfaidh an duine údaraithe gearáin a a éisteacht ar gearáin iad ó leanaí a bhí, aon tráth, nó atá á gcoinneáil i scoil choinneála leanaí, agus chun na críche sin—

(a) féadfaidh sé nó sí aon duine d’fhoireann na scoile lena mbaineann a chur faoi agallamh, agus

(b) beidh rochtain aige nó aici ar thaifid, cibé acu i bhfoirm inléite nó nó i bhfoirm neamh-inléite, ar taifid iad a bhaineann le riaradh na scoile agus leis na leanaí atá á gcoinneáil inti.

(4) Maidir le haon agallaimh le leanaí, seolfar iad le toiliú na leanaí agus féadfar, má aontaíonn siad amhlaidh, iad a sheoladh go príobháideach.

(5) Maidir leis an duine údaraithe—

(a) ní bheidh sé nó sí ina fhostaí nó ina fostaí de chuid aon scoile coinneála leanaí a ndéanann an duine cigireacht uirthi, agus

(b) beidh sé nó sí neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna le linn cigireachtaí a sheoladh.

(6) Déanfaidh an duine údaraithe tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire i ndáil le haon chigireacht a sheoltar faoin alt seo agus déanfaidh sé nó sí an tuarascáil a fhoilsiú an tráth céanna a chuirtear faoi bhráid an Aire amhlaidh í.”.

Alt nua 186A in Acht 2001.

153. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht 2001 i ndiaidh alt 186:

“Imscrúdú ar nithe a éiríonn i ndáil le scoileanna coinneála leanaí, etc.

186A.— (1) Más rud é—

(a) go ndéantar nithe is ábhar imní i ndáil le scoil choinneála leanaí nó i ndáil le háit a sholáthraítear faoi alt 161 a ardú i dtuarascáil ó dhuine údaraithe faoi alt 186 nó ar shlí eile, agus

(b) gur deimhin leis an Aire go mbeadh sé inmhianaithe na nithe sin a imscrúdú,

ceapfaidh an tAire duine (dá ngairtear “Cigire” san alt seo) chun na nithe sin a imscrúdú agus chun tuarascáil orthu a thabhairt dó nó di.

(2) Seolfaidh an cigire imscrúdú i dtaobh na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus i dtaobh cibé nithe eile is iomchuí maidir leo de réir mar a mheasann sé nó sí a bheith riachtanach chun críocha an imscrúdaithe.

(3) Chun na gcríoch sin, féadfaidh an cigire—

(a) dul isteach in aon scoil choinneála leanaí nó áit a sholáthraítear faoi alt 161,

(b) scrúdú a dhéanamh ar thaifid na scoile nó na háite, cibé acu i bhfoirm inléite nó nó i bhfoirm neamh-inléite, agus

(c) daoine d’fhoireann na scoile, lena n-áirítear an Stiúrthóir, agus comhaltaí dá bord bainistíochta nó, de réir mar a bheidh, daoine d’fhoireann na háite agus bainisteoirí na háite a chur faoi agallamh.

(4) Maidir leis an gCigire—

(a) ní bheidh sé nó sí ina fhostaí nó ina fostaí de chuid aon scoile coinneála leanaí a ndéanann sé nó sí cigireacht uirthi,

(b) beidh sé nó sí neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna le linn cigireachtaí a sheoladh, agus féadfaidh sé nó sí aon leanbh a bhí, aon tráth nó atá á choinneáil nó a coinneáil i scoil coinneála leanaí a chur faoi agallamh.

(5) Maidir le haon agallaimh den sórt sin, seolfar é le toiliú an linbh agus féadfar, má aontaíonn an leanbh amhlaidh, é a sheoladh go príobháideach.

(6) Cuirfidh an Cigire tuarascáil faoi bhráid an Aire i ndáil leis an imscrúdú.

(7) Más cuí, beidh moltaí i ngach tuarascáil den sórt sin ar moltaí iad is gá, i tuairim an Chigire, a chur i bhfeidhm.

(8) Déanfaidh an tAire cóip de gach tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(9) Roimh thuarascáil a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de bhun fho-alt (3), féadfaidh an tAire ábhar a fhágáil ar lár aisti i gcás inar gá an t-ábhar a fhágáil ar lár le nach sainaithneofar aon duine áirithe.

(10) Déanfar Cigire a cheapadh i gcomhair imscrúdaithe shonraithe, ach féadfaidh an tAire an duine céanna a cheapadh chun imscrúdú nó imscrúduithe eile a sheoladh de réir mar is cuí leis an Aire.

(11) Déanfar Cigire a cheapadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire agus, i gcás aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, le toiliú an Aire Airgeadais.”.

Alt nua a chur in ionad alt 198 d’Acht 2001.

154. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 198 d’Acht 2001:

“Aistriú idir scoileanna.

198.— (1) Féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar leanbh atá á choinneáil nó á coinneáil i scoil choinneála leanaí a aistriú go dtí scoil eile den sórt sin chun tréimhse coinneála iomlán an linbh nó aon chuid dá mbeidh fágtha den tréimhse sin a chur isteach más rud é—

(a) maidir leis an scoil a n-aistrítear an leanbh chuici, go bhfreastalaíonn sí, de réir fhorálacha na Coda seo, ar an aicme sin linbh, nó

(b) go measann an tAire gur gá an t-aistriú ar mhaithe le dea-rialú scoileanna coinneála leanaí,

agus, i gceachtar cás, go soláthraíonn an scoil a n-aistrítear an leanbh chuici na dálaí agus na saoráidí is gá ionas go mbainfidh an scoil a príomhchuspóir amach i gcás an linbh.

(2) Roimh ordachán a thabhairt faoin alt seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le Stiúrthóirí na scoileanna coinneála leanaí ar mian an leanbh a aistriú uathu agus chucu d’fhonn a fháil amach an mbeadh an t-aistriú ar mhaithe le leas an linbh nó an ceart dul i muinín birt eile i leith an linbh.

(3) Féadfar ordachán faoi fho-alt (1) a thabhairt ar iarraidh ó Stiúrthóir scoile coinneála leanaí agus, má thugtar amhlaidh é, beidh feidhm ag an alt seo i ndáil leis an ordachán fairis na modhnuithe is gá.”.

Leasú ar alt 215 d’Acht 2001.

155. — Leasaítear alt 215 d’Acht 2001—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon leanbh a fhaightear ciontach i gCúirt na Leanaí i gcion faoi fho-alt (1), féadfar pianbhreith coinneála ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí a chur air nó uirthi.”,

agus

(b) trí fho-alt (3) a scriosadh.”.

Leasú ar alt 227 d’Acht 2001.

156. — Leasaítear alt 227(1) d’Acht 2001—

(a) trí “agus a bhaineann le” a chur in ionad “cinnteoidh sé go ndéanfar”,

(b) i mír (a), trí “comhairle a thabhairt maidir le” a chur isteach roimh “seachadadh”,

(c) i mír (b), trí “comhairle a thabhairt maidir le húsáid” a chur in ionad “úsáid” agus trí “a áirithiú” a scriosadh”,

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, critéir a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le leanaí a ghlacadh isteach in aonaid chúraim speisialta agus a ligean amach astu, ar leanaí iad atá faoi réir orduithe cúraim speisialta agus orduithe cúraim speisialta eatramhacha,”,

agus

(e) trí mhír (d) a scriosadh.

Leasú ar alt 230 d’Acht 2001.

157. — Leasaítear alt 230 d’Acht 2001—

(a) i bhfo-alt (1), trí “11” a chur in ionad “12”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Áireofar ar chomhaltaí an Bhoird—

(a) triúr arna n-ainmniú ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,

(b) triúr, a mbeidh beirt acu ina n-ionadaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,

(c) triúr saineolaí ar chúram leanaí, agus

(d) triúr a mbeidh taithí iomchuí acu ar dhéileáil le saincheisteanna maidir le míbhuntáiste oideachasúil nó eisiamh oideachasúil, agus iad arna n-ainmniú ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta.”.

Mionleasaithe agus leasuithe iarmhartacha ar Acht 2001.

158. — Leasaítear gach foráil d’Acht 2001 a shonraítear i Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cheartas Choiriúil 2006 ar an modh a shonraítear sa tríú colún os coinne lua na forála sin sa dara colún den Sceideal sin.