An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 14 An Coiste Comhairleach um Chódú an Dlí Choiriúil ) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Méadú ar Phionóis Áirithe faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2000)

26 2006

TODO

CUID 15

Ilghnéitheach

Leanaí a chur i mbaol go meargánta.

176. — (1) San alt seo—

ciallaíonn “droch-úsáideoir” pearsa aonair a gcreideann duine, a bhfuil údarás nó smacht aige nó aici ar an bpearsa aonair sin, i leith na pearsan aonair sin go ndearna sé nó sí díobháil thromchúiseach do leanbh amháin nó níos mó nó gur thug sé nó sí droch-úsáid ghnéasach do leanbh amháin nó níos mó;

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach amháin ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

ciallaíonn “díobháil thromchúiseach” gortú is bun le priacal substaintiúil báis nó is cúis le máchailiú buan nó le cailleadh nó lagú luaineacht an choirp ina iomláine nó fheidhm aon bhaill nó orgáin áirithe den chorp;

ciallaíonn “droch-úsáid ghnéasach” cion faoi mhíreanna 1 go 13 agus 16(a) agus (b) den Acht um Chiontóirí Gnéis 2001.

(2) Aon duine ag a bhfuil údarás nó smacht ar leanbh nó ar dhroch-úsáideoir agus a chuireann leanbh i mbaol go hintinneach nó go meargánta—

(a) trína chur faoi deara, nó trína ceadú, aon duine a chur nó a fhágáil i riocht lena gcruthaítear baol substaintiúil don leanbh go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina íospartach nó ina híospartach díobhála tromchúisí nó droch-úsáide gnéasaí, nó

(b) trí mhainneachtain bearta réasúnacha a dhéanamh chun leanbh a chosaint ar bhaol den sórt sin agus a fhios aige nó aici go bhfuil leanbh i riocht den sórt sin,

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(3) I gcás ina gcúisítear duine i gcion faoi fho-alt (2), ní dhéanfar aon imeachtaí breise a thionscnamh maidir leis an ní (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

(4) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Srian le halt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851.

177.— (1) Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil 1951 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Srian le halt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851.

7.— Ní bheidh feidhm ag mír 4 (lena bhforordaítear teorainneacha ama chun gearáin a dhéanamh i gcásanna dlínse achoimre) d’alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851 maidir le gearán:

(a) i leith ciona sceidealta, nó

(b) cion atá intriailte—

(i) de rogha an ionchúisitheora, go hachomair nó ar díotáil, nó

(ii) go hachomair nó, faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áirítear toiliú an ionchúisitheora, ar díotáil.”.

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cion a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo.

Leasú ar an Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924.

178.— Leasaítear an tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1924 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 79:

“Feidhmiú dlínse ag breithiúna den Chúirt Dúiche i gcásanna coiriúla.

79A.— (1) Más rud é, maidir le coir a rinneadh sa Stát—

(a) nach bhfuil cónaí ar an gcúisí sa Stát,

(b) nach ndearnadh é nó í a ghabháil mar gheall ar an gcoir agus a chúiseamh inti sa Stát, agus

(c) gurb amhlaidh—

(i) go ndearnadh an choir i níos mó ná aon dúiche chúirte dúiche amháin, nó

(ii) gurb eol go ndearnadh í i ndúiche amháin de chúig cinn ar a mhéad de dhúichí cúirte dúiche, ach nach eol an dúiche áirithe lena mbaineann,

ansin, chun críocha alt 79 den Acht seo, measfar go ndearnadh an choir i ngach ceann de na dúichí lena mbaineann agus féadfaidh breitheamh atá sannta d’aon cheann de na dúichí lena mbaineann déileáil leis an gcás.

(2) I gcás ina dtagann na himthosca a bhaineann le coir a rinneadh sa Stát faoi réim mhíreanna (a) agus (b), ach ní faoi réim mhír (c), d’fho-alt (1) den alt seo, agus nach eol an dúiche chúirte dúiche ina ndearnadh an choir, ansin, chun críocha alt 79 den Acht seo, measfar go ndearnadh an choir i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

(3) Ní thiocfaidh cás faoi réim an ailt seo mura dtaispeánfar go ndearnadh iarrachtaí réasúnacha chun a fháil amach cén áit a bhfuil an cúisí chun é nó í a ghabháil mar gheall ar an gcoir lena mbaineann agus é nó í a chúiseamh inti.

(4) I gcás ina ndéanfaidh breitheamh atá sannta de thuras na huaire do dhúiche chúirte dúiche dlínse a fheidhmiú i gcás coiriúil de bhua an ailt seo, beidh dlínse sa chás ag an mbreitheamh, nó ag aon bhreitheamh eile atá sannta don dúiche, go dtí go dtabharfar chun críche é sa Chúirt Dúiche, d’ainneoin go suitear dá éis sin nach mbeadh dlínse aige nó aici sa chás murach an fo-alt seo.

(5) Féadfaidh breitheamh atá sannta de thuras na huaire do dhúiche chúirte dúiche agus a fheidhmíonn dlínse i gcás coiriúil de bhua an ailt seo déileáil leis an gcás in aon cheantar cúirte laistigh dá dhúiche nó dá dúiche.”

Leasú ar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

179.— Leasaítear Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961—

(a) in alt 25(4), trí “agus d’alt 25A den Acht seo” a chur isteach i ndiaidh “d’fho-alt (3) den alt seo”, agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25:

“Feidhmiú dlínse ag Breithiúna den Chúirt Chuarda i gcionta indíotáilte.

25A.— (1) Más rud é, maidir le cion a rinneadh sa Stát—

(a) nach bhfuil cónaí ar an duine cúisithe sa Stát,

(b) nach ndearnadh é nó í a ghabháil mar gheall ar an gcion agus a chúiseamh ann sa Stát, agus

(c) gurb amhlaidh

(i) go ndearnadh an cion i níos mó ná aon chuaird amháin, nó

(ii) gurb eol go ndearnadh é i gcuaird amháin de thrí cinn ar a mhéad de chuarda, ach nach eol an chuaird áirithe lena mbaineann,

ansin, chun críocha alt 25(3) den Acht seo, measfar go ndearnadh an cion i ngach ceann de na cuarda lena mbaineann agus féadfaidh breitheamh d’aon cheann de na cuarda lena mbaineann déileáil leis an gcás.

(2) I gcás ina dtagann na himthosca a bhaineann le cion a rinneadh sa Stát faoi réim mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo ach nach dtagann siad faoi réim mhír (c) de, agus nach eol an chuaird ina ndearnadh an cion, ansin, chun críocha alt 25(3) den Acht seo, measfar go ndearnadh an cion i gCuaird Bhaile Átha Cliath.

(3) Ní thagann cás faoi réim an ailt seo mura rud é go dtaispeánfar go ndearnadh iarrachtaí réasúnacha chun a fháil amach cén áit a bhfuil an duine cúisithe chun é nó í a ghabháil mar gheall ar an gcion lena mbaineann agus é nó í a chúiseamh ann.

(4) I gcás ina ndéanann breitheamh de chuaird dlínse a fheidhmiú i ndáil le cion indíotáilte de bhua an ailt seo, beidh ag an mbreitheamh, nó ag aon bhreitheamh eile atá sannta don chuaird, dlínse i ndáil leis an gcion go dtí go dtabharfar imeachtaí maidir leis an gcion chun críche sa Chúirt Chuarda d’ainneoin go suífear, dá éis sin, nach mbeadh dlínse aige nó aici i ndáil leis an gcion murach an fo-alt seo.

(5) San alt seo, ciallaíonn ‘cion’ cion indíotáilte a mbeidh dlínse dílsithe don Chúirt Chuarda ina leith le halt 25 den Acht seo.”.

Breitheamh den Chúirt Dúiche d’fheidhmiú cumhachtaí áirithe lasmuigh de dhúiche chúirte dúiche.

180. — Leasaítear Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 32:

“Breitheamh den Chúirt Dúiche d’fheidhmiú cumhachtaí áirithe laamuigh de dhúiche chúirte dúiche.

32A.— (1) Baineann an t-alt seo leis na cumhachtaí seo a leanas de chuid breithimh den Chúirt Dúiche:

(a) an chumhacht chun barántas a eisiúint chun duine a ghabháil;

(b) an chumhacht chun chun barántas a eisiúint chuig comhalta den Gharda Síochána nó, más cuí, chuig aon duine eile á údarú don chomhalta nó don duine eile dul isteach, agus cuardach a dhéanamh, in aon áit nó áitreabh (lena n-áirítear teaghais) agus, más cuí, cuardach a dhéanamh ar aon duine a fhaightear san áit nó san áitreabh sin chun gach ceann nó aon cheann de na críocha seo a leanas:

(i) fianaise a bhailiú ar dhéanamh aon chiona choiriúil nó ar iarracht aon chion coiriúil a dhéanamh, nó fianaise a bhailiú i ndáil leis sin;

(ii) fianaise a bhailiú ar shárú aon fhorála de chuid achtacháin ar aon slí eile nó fianaise a bhailiú i ndáil leis sin;

(iii) a fháil amach an bhfuil aon fhoráil de chuid achtacháin á comhlíonadh nó ar comhlíonadh aon foráil den sórt sin;

(iv) fianaise a bhailiú ar shócmhainní nó ar fháltais a éiríonn as iompar coiriúil (de réir bhrí alt 1(1) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996) nó ar shonraí ina dtaobh nó ar an áit ina bhfuil siad, nó fianaise a bhaile i ndáil leis sin;

(c) an chumhacht chun ordú a dhéanamh, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nó, más cuí, ó aon duine eile, á ordú do dhuine eile aon doiciméad, ábhar nó rud áirithe, nó aon doiciméid, ábhar nó rudaí de thuairisc áirithe, a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil lena iniúchadh nó lena n-iniúchadh, nó rochtain a thabhairt air nó orthu, chun imscrúdú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) aon chion coiriúil,

(ii) an bhfuil aon fhoráil eile de chuid achtacháin á sárú ar shlí eile nó ar sáraíodh aon fhoráil den sórt sin, nó

(iii) an bhfuil duine tar éis tairbhiú ó shócmhainní nó ó fháltais a d’éirigh as iompar coiriúil (de réir bhrí alt 1(1) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996) nó an bhfuil sócmhainní nó fáltais den sórt sin á bhfáil ag duine nó faoi rialú duine.

(2) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, i ndáil le dúiche iomchuí, aon cheann de na cumhachtaí lena mbaineann an t-alt seo a fheidhmiú fad atá sé nó sí in aon áit sa Stát lasmuigh den dúiche iomchuí, ar cumhachtaí iad a thugtar dó nó di de thuras na huaire le dlí ach ní dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh ach amháin dá mba rud é, agus dá mba rud é amháin, go mbeadh sé nó sí i dteideal an chumhacht lena mbaineann a fheidhmiú ag suí den Chúirt Dúiche sa dúiche iomchuí sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (b) d’fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh barántas a bheith faoi réim na míre sin d’ainneoin go ndéantar gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a údarú leis an mbarántas nó leis an gcumhacht ar fúithi a eisítear é:

(a) dul isteach, le forneart más gá, in aon áit nó áitreabh (lena n-áirítear teaghais);

(b) gníomhartha a dhéanamh de bhreis ar na gníomhartha a shonraítear i bhfo-alt (1)(b) den alt seo;

(c) duine seachas an comhalta den Gharda Síochána nó, más cuí, aon duine eile, a n-eisítear a barántas chuige nó chuici, d’fhorghníomhú an bharántais;

(d) aon daoine eile a bheith in éineacht leis an duine a fhorghníomhaíonn an barántas le linn é a fhorghníomhú.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (c) d’fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ordú a bheith faoi réim na míre sin d’ainneoin go ndéantar gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a údarú leis an ordú nó leis an gcumhacht ar fúithi a dhéantar é:

(a) comhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile do dhul isteach in áit chun iniúchadh a dhéanamh, nó rochtain a fháil, ar aon doiciméad, ábhar nó rud nó ar aon doiciméid, ábhar nó rudaí de thuairisc áirithe;

(b) duine seachas an comhalta den Gharda Síochána nó, más cuí, aon duine eile, a dhéanann iarratas ar an ordú, d’fhorghníomhú an ordaithe;

(c) comhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile do dhéanamh aon doiciméad, ábhar nó rud, nó aon doiciméid ábhar nó rudaí de thuairisc áirithe, a choimeád, nó a chóipeáil, chun críocha imeachtaí (imeachtaí coiriúla nó imeachtaí sibhialta), ar nithe iad sin a thugtar ar aird, a chuirtear ar fáil lena n-iniúchadh nó a dtugtar rochtain orthu.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘achtachán’ reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;

ciallaíonn ‘dúiche’ dúiche chúirte dúiche;

ciallaíonn ‘dúiche iomchuí’, i ndáil le breitheamh den Chúirt Dúiche, dúiche—

(a) ar chuici atá sé nó sí sannta go buan faoi mhír 2 den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) ar chuici atá sé nó sí sannta go sealadach faoi fhomhír (1) nó (2) de mhír 3 den Sceideal sin, nó

(c) ar maidir léi atá sé nó sí ag gníomhú, sna himthosca a thuairiscítear a shonraítear i bhfomhír (1), (2) nó (3) de mhír 4 den Sceideal sin, thar ceann breithimh eile den Chúirt Dúiche atá sannta go buan chuig an dúiche.”.

Ainmneacha finnéithe áirithe a choimeád ceilte.

181.— (1) Más rud é in aon imeachtaí coiriúla—

(a) go mbeartaítear glaoch ar dhuine chun fianaise a thabhairt, agus

(b) go bhfuil riocht sláinte ar an duine,

féadfar iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo lena dtoirmiscfear foilsiú aon ní maidir na himeachtaí ar ní é trína ndéanfaí an duine mar dhuine ar a bhfuil an riocht sin.

(2) Maidir le hiarratas ar ordú den sórt sin, féadfar é a dhéanamh aon tráth le linn na n-imeachtaí agus déanfar é—

(a) i gcás ina mbeidh an duine cúisithe curtha ar aghaidh chun trialach, chuig breitheamh na trialach,

(b) i gcás inar imeachtaí ar achomharc na himeachtaí, chuig an mbreitheamh, nó chuig breitheamh, den chúirt achomhairc,

(c) in aon chás eile, chuig breitheamh den Chúirt Dúiche.

(3) Ní fhéadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh ach amháin i gcás inar deimhin leis an mbreitheamh lena mbaineann—

(a) go bhfuil riocht sláinte ar an duine lena mbaineann,

(b) gur dhóigh go gcuirfí anó míchuí air nó uirthi dá ndéanfaí é nó í a shainaithint mar dhuine ar a bhfuil an riocht sin, agus

(c) nach ndéanfadh an t-ordú dochar do leasanna an cheartais.

(4) Maidir le hachomharc i gcoinne iarratas ar ordú faoin alt seo a dhiúltú nó a dheonú, déanfar é—

(a) i ndáil le himeachtaí os comhair na Cúirte Dúiche, chuig breitheamh den Chúirt Chuarda,

(b) i ndáil le himeachtaí os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúla nó na Cúirte Coiriúla Speisialta, chuig breitheamh den Ard-Chúirt, agus

(c) i ndáil le himeachtaí os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Achomhairc Choiriúil, chuig breitheamh den Chúirt Uachtarach,

ar thionscnamh an ionchúisimh nó na cosanta.

(5) Más rud é—

(a) go gcuirtear duine cúisithe ar aghaidh chun trialach, agus

(b) go mbeidh ordú déanta ag breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo,

féadfaidh breitheamh na trialach, ar iarratas arna dhéanamh chuige sin, an t-ordú a athrú nó a chúlghairm.

(6) Más rud é—

(a) go bhfuil achomharc á thionscnamh i gcoinne breithe cúirte in imeachtaí coiriúla, agus

(b) go bhfuil ordú faoin alt seo déanta ag breitheamh na trialach,

féadfaidh an breitheamh, nó breitheamh, den chúirt achomhairc, ar iarratas a bheith déanta chuige sin, an t-ordú a athrú nó a chúlghairm.

(7) Maidir le hiarratas faoin alt seo, nó le hachomharc faoi fho-alt (4), féadfaidh an t-ionchúiseamh nó an chosaint é a dhéanamh iar bhfógra don pháirtí eile sna himeachtaí agus déanfar é chuig an mbreitheamh lena mbaineann i ndlísheomra.

(8) Gach duine díobh seo a leanas a dhéanfaidh aon ní a fhoilsiú nó a chraoladh de shárú ar ordú faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi:

(a) má dhéantar an ní a fhoilsiú i nuachtán nó i dtréimhseachán, aon dílseánach, eagarthóir nó foilsitheoir de chuid an nuachtáin nó an tréimhseacháin;

(b) má dhéantar an ní a fhoilsiú ar shlí eile, an duine a fhoilsíonn é; nó

(c) má dhéantar an ní a chraoladh, aon duine a tharchuireann nó a sholáthraíonn an clár ina ndéantar an craoladh agus aon duine a bhfuil feidhmeanna aige nó aici i ndáil leis an gclár ar feidhmeanna iad a fhreagraíonn d’fheidhmeanna eagarthóra nuachtáin.

(9) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (8), is cosaint é a chruthú nárbh eol don duine, agus nach raibh drochamhras air nó uirthi, nó aon chúis aige nó aici le drochamhras a bheith air nó uirthi, tráth an chiona líomhnaithe, gur foilsiú nó craoladh aon ní den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) a bhí san fhoilsiú nó sa chraoladh lena mbaineann.

(10) (a) I gcás cion faoi fho-alt (8) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe, agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe a bhí ann nó inti nuair a rinneadh an cion, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(b) I gcás inarb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta sin, beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca leis na feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “craoladh” tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí raidió-theileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, amharcíomhánna nó comharthaí, atá beartaithe lena nglacadh ag an bpobal i gcoitinne nó ag cuid de, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar an craoladh amhlaidh, agus déanfar focail ghaolmhara a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “foilsiú” foilsiú, seachas trí chraoladh, don phobal i gcoitinne nó do chuid de;

ciallaíonn “breitheamh na trialach” agus “breitheamh”, i ndáil le himeachtaí os comhair Cúirte Coiriúla Speisialta, comhalta den Chúirt sin, agus, más cuí, folaíonn na tagairtí i bhfo-ailt (2)(a) agus (5)(a) do dhuine cúisithe a chur ar aghaidh chun trialach tagairtí do dhuine den sórt sin a chúiseamh os comhair na Cúirte sin.

Faisnéis a bhaineann le maoin arna sealbhú ar iontaobhas.

182.— (1) Chun críocha imscrúdaithe i dtaobh an ndearna duine cion inghabhála féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Ard-Chúirt ar ordú go nochtfar faisnéis maidir le haon iontaobhas a bhféadfadh leas a bheith ag an duine ann nó a bhféadfadh baint a bheith aige nó aici leis ar shlí eile.

(2) Ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi—

(a) go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann maidir le duine—

(i) go ndearna sé nó sí cion inghabhála, agus

(ii) go bhfuil leas éigin aige nó aici san iontaobhas nó baint éigin eile aige nó aici leis,

(b) gur gá faisnéis maidir leis an iontaobhas chun críocha imscrúdaithe den sórt sin, agus

(c) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gurb é leas an phobail é an fhaisnéis a nochtadh chun críocha an imscrúdaithe, ag féachaint don tairbhe is dóigh a d’fhabhródh chuig an imscrúdú agus d’aon imthosca iomchuí eile,

a ordú d’iontaobhaithe an iontaobhais agus d’aon daoine eile (lena n-áirítear an duine atá faoi dhrochamhras) cibé faisnéis a nochtadh don iarratasóir nó do chomhalta eile den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe ag an iarratasóir de réir mar a éileoidh sé nó sí chun na gcríoch sin i ndáil leis an iontaobhas, lena n-áirítear céannacht an tsocraitheora agus aon duine nó gach duine de na hiontaobhaithe agus de na tairbhithe.

(3) Maidir le hordú faoin alt seo—

(a) ní thabharfar aon cheart leis chun aon fhaisnéis a bheidh faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird, nó chun rochtain a fháil uirthi, agus

(b) beidh éifeacht leis d’ainneoin aon oibleagáide eile maidir le rúndacht nó sriain eile ar nochtadh faisnéise

a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile.

(4) Féadfaidh breitheamh den Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a athrú nó a urscaoileadh ar iarratas ó aon duine lena mbaineann sé nó ó chomhalta den Gharda Síochána.

(5) Aon iontaobhaí nó duine eile—

(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ordú faoin alt seo a chomhlíonadh, nó

(b) a nochtfaidh faisnéis atá bréagach nó míthreorach,

gan leithscéal réasúnach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) Ní bheidh aon fhaisnéis a nochtfaidh duine de réir an ailt seo inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí coiriúla i gcoinne an duine nó i gcoinne a chéile nó a céile, ach amháin in aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (5)(b).

(7) San alt seo folaíonn “faisnéis”—

(a) doiciméad nó taifead, agus

(b) faisnéis i bhfoirm neamh-inléite.

Airteagal atá beartaithe lena úsáid i dtaca le cionta áirithe a shealbhú.

183 — (1) Is cion é do dhuine, gan údarás dleathach ná leithscéal réasúnach, aon airteagal a bheith á shealbhú aige nó aici nó a bheith faoina urláimh nó faoina hurláimh le hintinn é a úsáid le linn na nithe seo a leanas a dhéanamh nó i dtaca lena ndéanamh—

(a) cion faoi alt 15 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997, nó

(b) cion fuadaithe faoin dlí coiteann lena mbaineann an tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse) 1996 agus lena mbaineann mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt (nó an giúiré de réir mar a bheidh)—

(a) ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear an cineál airteagail a líomhnaítear a bheith beartaithe lena úsáid le linn cion faoin alt seo a dhéanamh nó i dtaca le cion faoin alt seo a dhéanamh), agus

(b) i gcás inar dóigh léi gur réasúnach déanamh amhlaidh,

a mheas gur leor sealbhú an airteagail mar fhianaise ar intinn chun críocha fho-alt (1).

(3) I gcás ina gcúisítear duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní fhéadfar aon imeachtaí breise a thionscnamh maidir leis an ní (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

(4) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) San alt seo—

folaíonn “ airteagal ” substaint, doiciméad nó aon rud;

folaíonn “ doiciméad ”—

(a) léarscáil, plean, graf, líníocht, grianghraf nó taifead; nó

(b) atáirgeadh i bhfoirm bhuan inléite ó ríomhaire nó trí mhodh eile (lena n-áirítear méadú), ar atáirgeadh é ar fhaisnéis i bhfoirm neamh-inléite.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994.

184.— Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23:

“Cionta muirir sheasta.

23A.— (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil cion faoi alt 5 (dá ngairtear ‘cion muirir sheasta’ san alt seo) á dhéanamh, nó déanta, ag duine an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a sheirbheáil ar an duine go pearsanta nó leis an bpost nó a chur faoi deara é a sheirbheáil amhlaidh.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, chun críocha fho-alt (1)—

(a) a iarraidh ar an duine lena mbaineann a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt agus an fhaisnéis a thabharfar a fhíorú, agus

(b) mura mbeidh sé nó sí sásta leis an ainm agus an seoladh nó le haon fhíorú a thabharfar, a iarraidh ar an duine an comhalta a thionlacan go dtí stáisiún Garda Síochána chun ainm agus seoladh an duine a dhaingniú.

(3) Aon duine—

(a) nach dtabharfaidh a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh nuair a iarrfar air nó uirthi déanamh amhlaidh faoi fho-alt (2)(a) nó a thabharfaidh ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, nó

(b) nach ndéanfaidh de réir iarrata ó chomhalta den Gharda Síochána faoi fho-alt (2)(b),

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500 a chur air nó uirthi.

(4) Aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh den tuairim go bhfuil cion faoi fho-alt (3) á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé nó sí an duine a ghabháil gan bharántas.

(5) Beidh an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) san fhoirm fhorordaithe agus luafar ann—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine ar a seirbheálfar é an cion muirir sheasta lena mbaineann,

(b) cathain agus cén áit a líomhnaítear go ndearnadh é,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh mar gheall air más rud é—

(i) le linn na tréimhse 28 lá dar tosach dáta an fhógra, go n-íocfaidh an duine an méid forordaithe le comhalta den Gharda Síochána ag stáisiún sonraithe de chuid an Gharda Síochána nó le duine sonraithe eile ag áit shonraithe, nó

(ii) laistigh de 28 lá dar tosach dáta éagtha na tréimhse sin, go nndéanfaidh an duine méid atá 50 faoin gcéad níos mó ná an méid forordaithe a íoc amhlaidh, agus

(d) mura n-íoctar an méid sin, go ndéanfar an duine a ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(6) Maidir le híocaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (5), beidh an fógra dá dtagraítear san fho-alt sin ag gabháil léi.

(7) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1)—

(a) féadfaidh duine lena mbaineann an fógra íocaíocht a dhéanamh de réir fho-ailt (5)(c) agus (6),

(b) déanfaidh comhalta den Gharda Síochána nó duine sonraithe eile an íocaíocht a ghlacadh, admháil uirthi a eisiúint agus í a choinneáil chun í a íoc nó a dhiúscairt de réir fho-alt (8)(b),

(c) ní bheidh íocaíocht a gheofar amhlaidh inghnóthaithe ag an duine a rinne í, agus

(d) ní dhéanfar ionchúiseamh i leith an chiona mhuirir sheasta líomhnaithe lena mbaineann an fógra a thionscnamh le linn na dtréimhsí a shonraítear i bhfo-alt (5)(c) nó, i gcás ina ndéanfar íocaíocht de réir an fho-ailt sin agus fho-alt (6), in aon chor.

(8) (a) In imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona muirir sheasta, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, nach ndearna an duine íocaíocht de réir fho-ailt (5) (c) agus (6).

(b) Maidir le híocaíochtaí a dhéanfar amhlaidh, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(9) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní dá dtagraítear san alt seo mar ní forordaithe.

(b) Féadfar méideanna éagsúla a fhorordú i leith ciona muirir sheasta faoin alt seo agus i leith ciona faoi alt 4 a meastar le halt 23B(4) a bheith ina chion muirir sheasta.

(c) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dealraithech don Aire a bheith riachtanach chun críocha na rialachán a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo.

(10) San alt seo—

ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn ‘duine’ duine nach bhfuil faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Feidhm alt 23A i ndáil le cion faoi alt 4.

23B.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine nach bhfuil faoi bhun 18 mbliana d’aois ar duine é ní í a mbeidh drochamhras, le cúis réasúnach, ag comhalta den Gharda Síochána go bhfuil cion faoi alt 4 á dhéanamh, nó déanta, aige nó aici.

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfar duine lena mbaineann an t-alt seo a ghabháil agus a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána, agus

(b) gur duine é nó í a n-údaraítear don chomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin le halt 31 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 é nó í a scaoileadh faoi bhannaí,

féadfaidh an comhalta, in ionad an duine a scaoileadh faoi bhannaí, é nó í a scaoileadh gan choinníoll tar éis fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil go pearsanta ar an duine ina luafar na nithe a shonraítear in alt 23A(5) nó a chur faoi deara é a sheirbheáil amhlaidh.

(3) I gcás nach ndéanfar duine lena mbaineann an t-alt seo a ghabháil, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána dá dtagraítear i bhfo-alt (1) fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil go pearsanta nó leis an bpost ar an duine ina luafar na nithe a shonraítear in alt 23A(5) nó a chur faoi deara é a sheirbheáil amhlaidh.

(4) Ar fhógra faoi fho-alt (2) nó (3) a sheirbheáil, measfar air sin an cion faoi alt 4 a bheith ina chion muirir sheasta, agus beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (10) d’alt 23A, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin i ndáil leis.”.

Leasú ar alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994.

185. — Leasaítear alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Aon duine a ionsaíonn nó a bhagraíonn go n-ionsóidh sé nó sí—

(a) duine a sholáthraíonn seirbhísí liachta ag ospidéal nó in ospidéal, nó

(b) duine atá ag cabhrú le duine den sórt sin, nó

(c) oifigeach síochána ag gníomhú dó i gcomhlíonadh dualgais oifigigh síochána, agus a fhios ag an duine gur oifigeach síochána é nó í, nó le meargántacht i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí ina oifigeach síochána nó ina hoifigeach síochána, ag gníomhú dó nó di amhlaidh, nó

(d) aon duine eile atá ag gníomhú i gcabhair ar oifigeach síochána, nó

(e) aon duine eile le hintinn a ghabháil dhleathach nó a gabháil dhleathach nó a choinneáil dhleathach nó a coinneáil dhleathach, nó gabháil dhleathach nó coinneáil dhleathach aon duine eile, mar gheall ar aon chion, a chomhrac nó a chosc,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

(b) i bhfo-alt (2), trí €5,00” a chur in ionad “£1,000” agus trí “7 mbliana” a chur in ionad “5 bliana”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon duine a chomhracfaidh nó a bhacfaidh go toiliúil—

(a) duine a sholáthraíonn seirbhísí liachta ag ospidéal nó in ospidéal, agus a fhios ag an duine gur duine é nó í a sholáthraíonn seirbhísí liachta nó le meargántacht i dtaobh cibé acu an duine é nó í a sholáthraíonn seirbhísí liachta nó nach ea, nó

(b) duine atá ag cabhrú le duine den sórt sin, nó

(c) oifigeach síochána ag gníomhú dó i gcomhlíonadh dualgais oifigigh síochána, agus a fhios ag an duine gur oifigeach síochána é nó í, nó le meargántacht i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí ina oifigeach síochána nó ina hoifigeach síochána, ag gníomhú dó nó di amhlaidh, nó

(d) duine atá ag cabhrú le hoifigeach síochána i gcomhlíonadh a dhualgais nó a dualgais.

beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

(d) i bhfo-alt (4), trí “€2,500” a chur in ionad “£500”, agus

(e) i bhfo-alt (6)—

(i) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“folaíonn “ospidéal” na tailte, na foirgnimh agus na háitribh a ghabhann le hospidéal agus a úsáidtear go hiomlán nó go formhór chun críocha an ospidéil;

ciallaíonn “seirbhísí liachta seirbhísí arna soláthar—

agus

(ii) sa mhíniú ar “oifigeach síochána”, trí “, comhalta den bhriogáid dóiteáin, pearsanra otharchairr” a chur isteach i ndiaidh “oifigeach príosúin”.

Leasú ar alt 1 den Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000.

186. — Leasaítear an míniú ar “céastóireacht” in alt 1(1) den Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta 2000 trí “arna dhéanamh, nó ar chomhairle, nó le toiliú nó le haontú, oifigigh phoiblí, ar gníomh nó neamhghníomh é” a chur isteach i ndiaidh “neamhghníomh”.

Leasú ar an Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939.

187. — Leasaítear an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939—

(a) in alt 30, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4C):

“(4D) Más rud é—

(a) go ndéantar iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo ar bharántas á údarú duine atá á choinneáil de bhun ordacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a choinneáil go ceann tréimhse breise, agus

(b) nach mbeidh deireadh leis an tréimhse coinneála faoi fho-alt (3) den alt seo an tráth a chuirtear tús le héisteacht an iarratais, ach go dtiocfadh deireadh léi, murach an fo-alt seo, le linn na héisteachta sin,

measfar nach bhfuil deireadh léi go dtí go gcinntear an t-iarratas.”,

agus

(b) in alt 30A—

(i) i bhfo-alt (2) (b), trí “fo-ailt (4), (4A), (4B) agus 4(D)” a chur in ionad “fo-ailt (4), (4A) agus (4B)”, agus

(ii) i bhfo-alt (3), trí “chun é nó í a chúiseamh sa chion sin láithreach nó chun é nó í a thabhairt os comhair Cúirte Coiriúla Speisialta a luaithe is indéanta chun go bhféadfar é nó í a chúiseamh sa chion sin os comhair na Cúirte sin” a chur in ionad “chun é a chúiseamh sa chion sin láithreach”.

Leasú ar alt 5 den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992.

188.— (1) Leasaítear alt 5 den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 i bhfo-alt (4)(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) taifead ar Shaotharlann Dlí-Eolaíochta na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí d’fháil, do láimhseáil, do tharchur nó do stóráil aon ní i dtaca le comhlíonadh a feidhmeanna maidir le rudaí nó samplaí de rudaí a scrúdú agus a anailísiú chun críocha imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí coiriúla nó iad araon,”.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2003.

Leasú ar alt 16B(7) den Acht um Fháltais ó Choireacht 1996.

189. — Leasaítear alt 16B(7) den Acht um Fháltais ó Choireacht 1996 trí “den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996” a chur isteach i ndiaidh “ailt 14 go 14C”.

Leasú ar alt 14 den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996.

190.— (1) Leasaítear alt 14 den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche trí fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach biúró is comhalta den Gharda Síochána go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil fianaise ar shócmhainní nó ar fháltais a thig ó iompar coiriúil, nó faisnéis ar shonraí faoi na nithe sin nó i dtaobh cá bhfuil siad, nó fianaise a bhaineann leis an gcéanna, le fáil in aon áit, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon duine a gheofar san áit sin a chuardach.”.

(2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do bhailíocht barántais arna eisiúint faoi alt 14 den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996 roimh thosach feidhme an ailt seo agus leanfaidh barántas den sórt sin i bhfeidhm de réir a théarmaí tar éis an tosach feidhme sin.

Leasú ar alt 5 den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001.

191.— (1) Leasaítear alt 5 den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána, nó más deimhin le comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil fianaise ar dhéanamh ciona nó ciona amhrasta faoi na hAchtanna um Éilliú a Chosc 1889 go 2001, nó fianaise a bhaineann leis an gcéanna, ar cion é is inphionóis le príosúnacht ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós atá níos déine ná sin (‘cion’), le fáil in aon áit, féadfaidh sé nó sí barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon daoine a gheofar san áit sin a chuardach.”.

(2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do bhailíocht barántais arna eisiúint faoi alt 5 den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001 roimh thosach feidhme an ailt seo agus leanfaidh barántas den sórt sin i bhfeidhm de réir a théarmaí tar éis an tosach feidhme sin.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001.

192.— (1) Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001—

(a) in alt 48, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil fianaise ar chion, nó i ndáil le déanamh ciona, a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis le fáil in aon áit, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon daoine a gheofar san áit sin a chuardach.”,

agus

(b) in alt 52, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána—

(a) go bhfuil an Garda Síochána ag imscrúdú ciona a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis,

(b) go bhfuil duine i seilbh ábhair áirithe nó ábhair de thuairisc áirithe, nó go bhfuil rialú ag duine ar an gcéanna, agus

(c) go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil an t-ábhar ina fhianaise ar dhéanamh ciona nó i ndáil leis an gcéanna, féadfaidh an breitheamh a ordú don duine—

(i) an t-ábhar a thabhairt ar aird do chomhalta den Gharda Síochána chun go dtabharfaidh an comhalta chun siúil é, nó

(ii) rochtain air a thabhairt don chomhalta sin,

láithreach nó laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú.”.

(2) Ní dhéanann an t-alt seo difear do bhailíocht barántais arna eisiúint faoi alt 48, nó ordaithe arna dhéanamh faoi alt 52, den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001 roimh thosach feidhme an ailt seo agus leanfaidh barántas nó ordú den sórt sin i bhfeidhm de réir a théarmaí tar éis an tosach feidhme sin.

Leasú ar alt 25 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851.

193 .— Leasaítear alt 25 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

“1. All warrants (except as otherwise provided by law) in proceedings in respect of offences punishable either on indictment or summarily issued by the District Court shall be addressed to the superintendent or an inspector of the Garda Síochána of the Garda Síochána district within which the courthouse in which the warrant is issued is situated or the person named in the warrant resides:”.

Barántais áirithe a fhorghníomhú.

194.— D’ainneoin alt 26 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána barántas chun duine a ghabháil, nó ordú cimithe duine, a fhorghníomhú in aon chuid den Stát.

Príosúnacht nó tochsal agus díol earraí i gcás ina mainneofar fíneáil a íoc tar éis ciontú ar díotáil.

195. — (1) Más rud é, tar éis duine a chiontú ar díotáil go bhforchuirtear fíneáil, féadfaidh cúirt a ordú go ndéanfar, i gcás ina mainneofar an fhíneáil a íoc go cuí, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí a chur ar an duine a ndlitear air nó uirthi an fhíneáil a íoc.

(2) Más rud é, tar éis comhlacht corpraithe a chiontú ar díotáil, go ngearrfar fíneáil air, féadfar an fhíneáil a thobhach, i gcás ina mainneofar í a íoc go cuí, trí earraí an chomhlachta chorpraithe a thochsal agus a dhíol.

(3) San alt seo folaíonn “fíneáil” aon chúiteamh, costais nó caiteachais de bhreis ar fhíneáil a ordaítear a íoc.

Leasú ar alt 6(2)(a) den Acht um an Dlí Coiriúil 1976.

196. — Leasaítear alt 6(2)(a) den Acht um an Dlí Coiriúil 1976 trí “€3,000” a chur in ionad “£500”.

Leasú ar alt 13 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006.

197. — (1) Leasaítear alt 13 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006 trí fho-alt (1) a scriosadh.

(2) Dá réir sin tá éifeacht leis na leasuithe iarmhartacha seo a leanas ar an alt sin:

(a) déantar fo-ailt (2) go (10) a athuimhriú mar fho-ailt (1) go (9);

(b) san fho-alt athuimhrithe (4), cuirtear “fho-alt (3)” in ionad “fho-alt (4)” san áit a bhfuil na focail sin;

(c) san fho-alt athuimhrithe (6), cuirtear “faoi fho-alt (5)” in ionad “faoi fho-alt (6)” agus trí “i bhfo-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-alt (6), san áit a bhfuil na focail sin;

(d) san fho-alt athuimhrithe (9), cuirtear “fo-alt (7) nó (8)” in ionad “fo-alt (8) nó (9)”.