|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (TODO) | Ar Aghaidh (CUID 2 Cionta a Imscrúdú ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1.— (1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas Codanna 11 agus 13, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
[EN] | (3) Tagann Codanna 11 agus 13 i ngníomh cibé lá nó laethanta a dhéanfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh le Coimisinéir an Gharda Síochána, a cheapadh le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
[EN] | (4) Féadfar Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006 a ghairm d’Achtanna na nArm Tine 1925 go 2000, de Chuid 5 agus de Sceideal 1 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |
[EN] | (5) Féadfar na hAchtanna Pléascán 1875 agus 2006 a ghairm den Explosives Act 1875, de Chuid 6 agus de Sceideal 2 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |
[EN] | (6) Folóidh an comhlua “na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí 1977 go 2006” Cuid II (seachas alt 7) den Acht um Cheartas Coiriúil 1999 agus Cuid 8 (seachas alt 86 ) agus déanfar na hAchtanna sin agus na Codanna sin (seachas na hailt atá sonraithe) a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Léiriú. |
2.— (1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Cheartas Coiriúil 1984; | |
[EN] | tá le “cion inghabhála” an bhrí atá leis in alt 2 (arna leasú le halt 8) den Acht um an Dlí Coiriúil 1997; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; | |
[EN] | folaíonn “áit” teaghais. | |
[EN] | (2) San Acht seo, i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh— | |
[EN] | (a) déanfar tagairt do chion a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chion amhrasta, agus | |
[EN] | (b) déanfar tagairt do chion a dhéanamh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d’iarracht ar chion a dhéanamh. | |
[EN] |
Rialacháin. |
3.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní nó aon rud a fhorordú ar ní nó rud é dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú. |
[EN] | (2) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Caiteachais. |
4.— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |