|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh (CUID 3 Inghlacthacht Ráiteas Finnéithe Áirithe ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Cionta a Imscrúdú | |
[EN] |
Áit a ainmniú mar láthair choire. |
5.— (1) I gcás ina mbeidh comhalta den Gharda Síochána— |
[EN] | (a) in áit phoiblí, nó | |
[EN] | (b) in aon áit eile faoi chumhacht chun dul isteach ar cumhacht í a údaraíodh le dlí nó in aon áit eile a ndearnadh, go sainráite nó go hintuigthe, cuireadh a thabhairt dó nó di dul isteach ann nó cead a thabhairt dó nó di a bheith ann, | |
[EN] | agus go mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint— | |
[EN] | (i) go ndearnadh cion inghabhála, go bhfuil cion inghabhála á dhéanamh, nó go mb’fhéidir go ndearnadh cion inghabhála, san áit, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil, nó go mb’fhéidir go bhfuil, san áit, fianaise go ndearnadh cion inghabhála nó fianaise a bhaineann le cion inghabhála a dhéanamh, ar cion inghabhála é a rinneadh, nó go mb’fhéidir go ndearnadh é, in áit eile, | |
[EN] | féadfaidh sé nó sí, go dtí go dtabharfar ordachán faoi fho-alt (3) i ndáil leis an áit, cibé bearta de na bearta a shonraítear i bhfo-alt (4) a dhéanamh a mheasfaidh sé nó sí le réasún is gá chun go gcaomhnófar aon fhianaise go ndearnadh an cion nó aon fhianaise a bhaineann leis an gcion a dhéanamh. | |
[EN] | (2) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh a fheidhmíonn cumhachtaí faoi fho-alt (1), a luaithe is indéanta le réasún, a iarraidh, nó a chur faoi deara go ndéanfar iarraidh, ar chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort ordachán a thabhairt faoi fho-alt (3) i ndáil leis an áit lena mbaineann. | |
[EN] | (3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort ordachán a thabhairt lena n-ainmneofar áit mar láthair choire más rud é go bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint— | |
[EN] | (a) gurb amhlaidh— | |
[EN] | (i) go ndearnadh cion inghabhála, go bhfuil cion inghabhála á dhéanamh, nó go mb’fhéidir go ndearnadh cion inghabhála, san áit, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil, nó go mb’fhéidir go bhfuil, san áit, fianaise go ndearnadh cion inghabhála nó fianaise a bhaineann le cion inghabhála a dhéanamh, ar cion inghabhála é a rinneadh, nó go mb’fhéidir go ndearnadh é, in áit eile, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) gur gá an áit a ainmniú mar láthair choire chun fianaise a chaomhnú, a chuardach agus a bhailiú ar fianaise í ar an gcion a dhéanamh nó ar fianaise í a bhaineann leis an gcion a dhéanamh. | |
[EN] | (4) Údarófar le hordachán faoi fho-alt (3) do cibé comhaltaí den Gharda Síochána a mheasfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort is cuí, cibé bearta a dhéanamh, lena n-áirítear gach beart nó aon bheart díobh seo a leanas, a mheasfaidh siad is gá le réasún chun fianaise a chaomhnú, a chuardach agus a bhailiú sa láthair choire lena baineann an t-ordachán: | |
[EN] | (a) limistéar na láithreach coire a líniú agus a leithlisiú trí fhógraí, marcálacha nó bacainní; | |
[EN] | (b) a ordú do dhuine imeacht ón láthair choire; | |
[EN] | (c) duine nach gcomhlíonann ordachán imeacht ón láthair choire a dhíchur; | |
[EN] | (d) a ordú do dhuine gan dul isteach sa láthair choire; | |
[EN] | (e) duine a chosc ar dhul isteach sa láthair choire; | |
[EN] | (f) a cheadú do dhuine a bheidh údaraithe faoi fho-alt (5) dul isteach sa láthair choire; | |
[EN] | (g) duine a chosc ar aon rud ar fianaise é, nó a d’fhéadfadh a bheith ina fhianaise, a dhíchur nó ar chur isteach ar shlí eile ar an láthair choire nó ar aon rud ag an láthair; | |
[EN] | (h) a áirithiú nach dtarlaíonn aon fhoghail nó corraíl neamhúdaraithe sa láthair choire; | |
[EN] | (i) an láthair choire a chuardach agus an láthair agus aon rud ag an láthair a scrúdú; agus | |
[EN] | (j) grianghraif a thógáil den láthair choire nó d’aon rud ag an láthair nó an láthair choire nó aon rud ag an láthair a thaifeadadh ar shlí eile. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort a údarú do cibé daoine is cuí leis nó léi dul isteach i láthair choire chun críche sonraithe agus go ceann cibé tréimhse a chinnfidh sé nó sí. | |
[EN] | (6) Ní bheidh an tréimhse a mbeidh ordachán faoi fho-alt (3) i bhfeidhm lena linn níos faide ná mar is gá le réasún chun an fhianaise lena mbaineann a chaomhnú, a chuardach agus a bhailiú. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-ailt (9) go (11), scoirfidh ordachán faoi fho-alt (3) i ndáil le háit seachas áit phoiblí de bheith i bhfeidhm 24 huaire an chloig tar éis é a thabhairt. | |
[EN] | (8) (a) Féadfar ordachán faoi fho-alt (3) a thabhairt ó bhéal nó i scríbhinn agus, más ó bhéal a thabharfar é, taifeadfar i scríbhinn é a luaithe is indéanta le réasún ach ní fhágfaidh mainneachtain an t-ordachán a thaifeadadh, aisti féin, go mbeidh aon fhianaise áirithe neamh-inghlactha. | |
[EN] | (b) Maidir le hordachán faoi fho-alt (3) nó, más ó bhéal a thugtar é, maidir leis an taifead scríofa air, beidh sé sínithe ag an gcomhalta den Gharda Síochána a thugann é, tabharfar tuairisc ann ar an áit atá ainmnithe leis an ordachán mar láthair choire, luafar ann an dáta agus an t-am ar tugadh é, ainm agus céim an chomhalta a thugann é agus go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil gá leis an ordachán chun an fhianaise lena mbaineann a chaomhnú, a chuardach agus a bhailiú. | |
[EN] | (9) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort— | |
[EN] | (a) go bhfuil ordachán faoi fho-alt (3) i bhfeidhm ar ordachán é lena n-ainmnítear áit mar láthair choire, | |
[EN] | (b) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil, nó go mb’fhéidir go bhfuil, fianaise ag an láthair choire, | |
[EN] | (c) gur gá an t-ordachán a choimeád i bhfeidhm chun aon fhianaise den sórt sin a chaomhnú, a chuardach agus a bhailiú, agus | |
[EN] | (d) go bhfuil imscrúdú an chiona lena mbaineann aon fhianaise den sórt sin á sheoladh go dícheallach dlúsúil, | |
[EN] | féadfaidh an breitheamh ordú a dhéanamh lena gcoimeádfar an t-ordachán i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse breise, nach faide ná 48 n-uaire an chloig, a shonrófar san ordú agus dar tosach deireadh na tréimhse a bhfuil an t-ordachán i bhfeidhm lena linn. | |
[EN] | (10) Ní fhéadfar ordachán faoi fho-alt (3) a choimeád i bhfeidhm faoi fho-alt (9) níos mó ná trí huaire. | |
[EN] | (11) Más deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort— | |
[EN] | (a) go bhfuil ordachán faoi fho-alt (3) i bhfeidhm ar ordachán é lena n-ainmnítear áit mar láthair choire, | |
[EN] | (b) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil, nó go mb’fhéidir go bhfuil, fianaise ag an láthair choire, | |
[EN] | (c) go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann gur ceart an t-ordachán a choimeád i bhfeidhm chun aon fhianaise den sórt sin a chaomhnú, a chuardach agus a bhailiú, agus | |
[EN] | (d) go bhfuil imscrúdú an chiona lena mbaineann aon fhianaise den sórt sin á sheoladh go dícheallach dlúsúil, | |
[EN] | féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh lena gcoimeádfar an t-ordachán i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse is cuí léi agus a bheidh sonraithe san ordú (cibé acu a coimeádadh nó nár coimeádadh an t-ordachán i bhfeidhm faoi fho-alt (9)) agus dar tosach deireadh na tréimhse a bhfuil an t-ordachán i bhfeidhm lena linn. | |
[EN] | (12) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheartaíonn iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (9) nó (11), más indéanta le réasún déanamh amhlaidh sula ndéanfar an t-iarratas, fógra ina thaobh a thabhairt dóibh seo a leanas— | |
[EN] | (a) áititheoir na háite is ábhar don iarratas, nó | |
[EN] | (b) murab indéanta le réasún céannacht an áititheora, nó an áit a bhfuil an t-áititheoir, a fháil amach nó, i gcás an áit a bheith neamháitithe, an t-úinéir, mura rud é nach bhfuil sé indéanta le réasún céannacht an úineára, nó an áit a bhfuil an t-úinéir, a fháil amach. | |
[EN] | (13) Más rud é, ar iarratas faoi fho-alt (9) nó (11), go ndéanann úinéir nó áititheoir na háite lena mbaineann iarratas go dtabharfaidh an Chúirt éisteacht dó nó di, ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (9) nó (11), de réir mar is cuí, mura rud é go mbeidh deis tugtha don duine éisteacht a fháil. | |
[EN] | (14) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó breitheamh den Chúirt Dúiche, de réir mar is cuí, cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt nó leis an mbreitheamh a chur ag gabháil le hordú faoi fho-alt (9) nó (11) chun leasanna áititheoir nó úinéir na háite is ábhar don ordú a chosaint. | |
[EN] | (15) Measfar go leanann ordachán faoi fho-alt (3) de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéantar iarratas faoi fho-alt (9) nó (11) a chinneadh más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil an t-ordachán i bhfeidhm an tráth a dhéantar an t-iarratas, agus | |
[EN] | (b) go rachadh an t-ordachán in éag, murach an fo-alt seo, roimh chinneadh an iarratais de dheasca deis a thabhairt, de bhun fho-alt (13), do dhuine éisteacht a fháil. | |
[EN] | (16) Aon duine a chuirfidh bac le comhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo, nó a mhainneoidh ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (17) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan bharántas i gcás drochamhras a bheith ag an gcomhalta, le réasún, ina leith go bhfuil cion faoi fho-alt (16) á dhéanamh nó déanta aige nó aici. | |
[EN] | (18) Ní choiscfidh aon ní san alt seo— | |
[EN] | (a) áit a ainmniú mar láthair choire, nó | |
[EN] | (b) ar chomhalta den Gharda Síochána aon cheann de na bearta dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a dhéanamh ag áit a bheidh ainmnithe amhlaidh. | |
[EN] | más rud é go dtoileoidh úinéir nó áititheoir na háite le hainmniú den sórt sin nó le haon cheann de bearta sin a dhéanamh. | |
[EN] | (19) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “fianaise” fianaise ar chion inghabhála a dhéanamh nó fianaise maidir le cion inghabhála a dhéanamh; | |
[EN] | folaíonn “caomhnú” i ndáil le fianaise, aon ghníomh chun cosc a chur le ceilt, cailleadh, díchur, díothú, truailliú, scriosadh, foghlú nó athrú na fianaise a chosc. | |
[EN] |
Barántais chuardaigh i ndáil le cionta inghabhála. |
6.— (1) Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 — |
[EN] | (a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 10: | |
[EN] | “Barántais chuardaigh i ndáil le cionta inghabhála. | |
[EN] | 10.— (1) Más rud é gur deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta nach ísle céim ná sáirsint, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil fianaise ar chion inghabhála a dhéanamh nó fianaise a bhaineann le cion inghabhála a dhéanamh le fáil in aon áit, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon daoine a gheofar san áit sin a chuardach. | |
[EN] | (2) Maidir le barántas cuardaigh faoin alt seo, déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go n-údaraítear do chomhalta ainmnithe, agus cibé comhaltaí nó daoine eile, nó cibé comhaltaí agus daoine eile, a mheasfaidh an comhalta is gá, in éineacht leis nó léi— | |
[EN] | (a) dul isteach san áit atá ainmnithe sa bharántas, aon tráth nó tráthanna laistigh d’aon seachtain amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird i gcás ina n-iarrfar amhlaidh, agus forneart réasúnach a úsáid chuige sin más gá, | |
[EN] | (b) an áit sin agus aon daoine a gheofar san áit sin a chuardach, agus | |
[EN] | (c) aon rud a gheofar san áit sin, nó aon rud a gheofar i seilbh duine a bheidh i láthair san áit sin tráth an chuardaigh, a urghabháil, ar rud é a gcreideann an comhalta sin le réasún ina leith gur fianaise é ar chion inghabhála a dhéanamh nó gur fianaise é a bhaineann le cion inghabhála a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh comhalta a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais cuardaigh faoin alt seo— | |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine a bheidh i láthair san áit ina bhfuil an cuardach á dhéanamh a ainm agus a sheoladh, nó a hainm agus a seoladh, a thabhairt don chomhalta, agus | |
[EN] | (b) aon duine a ghabháil gan bharántas is duine— | |
[EN] | (i) a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar an gcomhalta le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhall, | |
[EN] | (ii) a mhainneoidh ceanglas faoi mhír (a) a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (iii) a thabharfaidh ainm nó seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach. | |
[EN] | (4) Aon duine a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar chomhalta a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais cuardaigh faoin alt seo, a mhainneoidh ceanglas faoi fho-alt (3)(a) a chomhlíonadh nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach do chomhalta, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000, nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (5) Maidir leis an gcumhacht chun barántas a eisiúint faoin alt seo, is cumhacht í gan dochar d’aon chumhacht eile a thugtar le reacht chun barántas a eisiúint chun aon áit nó aon duine a chuardach. | |
[EN] | (6) San alt seo— | |
[EN] | tá le ‘cion inghabhála’ an bhrí atá leis in alt 2 (arna leasú le halt 8 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) den Acht um an Dlí Coiriúil 1997; | |
[EN] | ciallaíonn ‘áit’ suíomh fisiciúil agus folaíonn sé— | |
[EN] | (a) teaghais, áit chónaithe nó foirgneamh, | |
[EN] | (b) feithicil, cibé acu inneallghluaiste nó nach ea, | |
[EN] | (c) soitheach, cibé acu soitheach farraige nó nach ea, | |
[EN] | (d) aerárthach, cibé acu atá, nó nach bhfuil, sé inoibrithe, agus | |
[EN] | (e) sciorrárthach.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an gCéad Sceideal a scriosadh. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do bhailíocht barántais arna eisiúint faoi alt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 roimh thosach feidhme an ailt seo agus leanfaidh barántas den sórt sin i bhfeidhm de réir a théarmaí tar éis an tosach feidhme sin. | |
[EN] |
Cumhacht chun fianaise a urghabháil agus a choimeád. |
7.— (1) Más rud é, maidir le comhalta den Gharda Síochána a bheidh— |
[EN] | (a) atá in áit phoiblí, nó | |
[EN] | (b) atá in aon áit eile faoi chumhacht chun dul isteach ar cumhacht í atá údaraithe le dlí nó ina aon áit eile a ndearnadh, go sainráite nó go hintuigthe, cuireadh a thabhairt dó nó di chun dul isteach ann nó cead a thabhairt dó nó di a bheith ann, | |
[EN] | go bhfaighidh sé nó sí, nó go dtiocfaidh ina sheilbh nó ina seilbh, aon rud a mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint ina leith gur fianaise é ar chion inghabhála a dhéanamh nó gur fianaise é a bhaineann le cion inghabhála a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí an rud a urghabháil agus a choimeád, lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí coiriúla, ar feadh cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála nó, má thionscnaítear imeachtaí ina bhfuil an rud a urghabhadh amhlaidh ag teastáil lena úsáid i bhfianaise, go dtí deireadh na n-imeachtaí agus, dá éis sin, beidh feidhm ag an Police (Property) Act 1897 maidir leis an rud a urghabhadh amhlaidh amhail mar atá feidhm ag an Acht sin maidir le maoin a tháinig i seilbh an Gharda Síochána sna himthosca a luaitear san Acht sin. | |
[EN] | (2) Má léirítear, nó má dhealraíonn sé, do chomhalta den Gharda Síochána a bheartaíonn doiciméad a urghabháil nó a choimeád faoin alt seo go ndearnadh, nó go mb’fhéidir sé go ndearnadh, an doiciméad chun comhairle dhlíthiúil ó abhcóide nó aturnae a fháil nó a thabhairt nó a chur in iúl, ní urghabhfaidh ná ní choimeádfaidh an comhalta an doiciméad mura rud é go bhfuil drochamhras aige nó aici, agus cúis réasúnach ann chuige sin, nach ndearnadh an doiciméad, nó nach bhfuil sé beartaithe, d’aon toisc chun aon cheann de na críocha réamhráite. | |
[EN] | (3) Maidir leis an gcumhacht faoin bhfo-alt seo chun fianaise a urghabháil agus a choimeád, is cumhacht í gan dochar d’aon chumhacht eile a thugtar le reacht nó atá infheidhmithe thairis sin ag comhalta den Gharda Síochána chun fianaise a urghabháil agus a choimeád ar fianaise í ar chion a dhéanamh nó ar iarracht cion a dhéanamh nó ar fianaise í a bhaineann le cion a dhéanamh nó le hiarracht cion a dhéanamh. | |
[EN] |
Cionta inghabhála |
8.— Leasaítear alt 2(1) den Acht um an Dlí Coiriúil 1997 sa mhíniú ar “cion inghabhála” trí “faoi réim agus de bhua aon achtacháin nó an dlí choitinn” a chur in ionad “faoi aon achtachán nó dá bhua”. |
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1984. |
9.— Leasaítear alt 4 d’Acht 1984— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “faoi réim nó de bhua aon achtacháin nó an dlí choitinn” a chur in ionad “faoi réim nó de bhua aon achtacháin”, | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) (a) I gcás ina ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas, cibé acu i stáisiún Garda Síochána nó in áit eile, ar duine é nó í a bhfuil drochamhras ag an gcomhalta air nó uirthi, agus cúis réasúnach ann chuige sin, go ndearna sé nó sí cion lena mbaineann an t-alt seo— | |
[EN] | (i) mura bhfuil an duine i stáisiún Garda Síochána cheana féin, féadfar é nó í a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána agus a choinneáil ann, nó | |
[EN] | (ii) má ghabhtar é nó í i stáisiún Garda Síochána, féadfar é nó í a choinneáil sa stáisiún, | |
[EN] | ar feadh cibé tréimhse a údaraítear leis an alt seo más rud é, maidir leis an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin a dtugtar an duine chuige tar éis é nó í a ghabháil nó ina ngabhtar é nó í, go bhfuil aige nó aici, an tráth a thagann an duine chuig an stáisiún nó an tráth a ghabhtar é nó í sa stáisiún, de réir mar is cuí, forais réasúnacha chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion a imscrúdú go cuí. | |
[EN] | (b) I gcás ina ngabhann comhalta den Gharda Síochána duine de bhun údaraithe ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche faoi alt 10(1), féadfar an duine a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána agus a choinneáil ann ago ceann cibé tréimhse a údaraítear leis an alt seo más rud é, maidir leis an gcomhalta den Gharda Síochána i gceannas an stáisiúin a dtugtar an duine chuige ar é nó í a ghabháil, go bhfuil forais réasúnacha aige nó aici, an tráth a thagann an duine go dtí an stáisiún, chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion a imscrúdú go cuí.”, | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (3)— | |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |
[EN] | “(bb) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ardcheannfort a ordú go ndéanfar duine atá á choinneáil nó á coinneáil de bhun ordaithe faoi mhír (b) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná dhá uair déag an chloig má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion lena mbaineann a imscrúdú go cuí.”, | |
[EN] | (ii) i mír (c), trí “mhír (b) nó (bb)” a chur in ionad “mhír (b)”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) i bhfo-alt (9), trí “tráth is faide ná ceithre huaire is fiche an chloig” a chur in ionad “tráth is faide ná dhá uair déag a chloig”. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996. |
10.— Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996— |
[EN] | (a) in alt 2— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |
[EN] | “(a) I gcás ina ngabhann comhalta den Gharda Síochána duine gan bharántas, cibé acu i stáisiún Garda Síochána nó in áit eile, ar duine é nó í (‘duine gafa’) a bhfuil drochamhras ag an gcomhalta air nó uirthi, agus cúis réasúnach ann chuige sin, go ndearna sé nó sí cion gáinneála ar dhrugaí, féadfar an duine gafa— | |
[EN] | (i) mura bhfuil sé nó sí i stáisiún Garda Síochána cheana féin, a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána agus a choinneáil ann, nó | |
[EN] | (ii) má ghabhtar é nó í i stáisiún Garda Síochána, a choinneáil sa stáisiún, | |
[EN] | go ceann tréimhse nó tréimhsí a údaraítear le fo-alt (2) más rud é, maidir leis an gcomhalta den Gharda Síochána i gceannas an stáisiúin a dtugtar an duine gafa chuige ar é nó í a ghabháil nó ina ngabhtar é nó í, go bhfuil forais réasúnacha aige nó aici, an tráth a thagann an duine gafa go dtí an stáisiún nó tráth a ghabhála nó a gabhála sa stáisiún, de réir mar is cuí, chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion a imscrúdú go cuí.”, | |
[EN] | (ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |
[EN] | “(7A) D’ainneoin fho-ailt (2) agus (7), más rud é— | |
[EN] | (a) go ndéantar iarratas faoi fho-alt (2) ar bharántas á údarú duine atá a choinneáil nó á coinneáil faoin bhfo-alt sin a choinneáil go ceann tréimhse breise, agus | |
[EN] | (b) nach bhfuil an tréimhse coinneála faoin bhfo-alt sin imithe in éag nuair a chuirtear tús le héisteacht an iarratais ach go rachadh sé in éag, murach an fo-alt seo, le linn na héisteachta, | |
[EN] | measfar nach dtéann sí in éag go dtí go gcinntear an éisteacht.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) in alt 4(3), tríd an mír seo a leanas a chur isteach mar mhír (a) agus trí litreacha mhíreanna (a) agus (b) a athrú ionas gurb iad míreanna (b) agus (c) iad; | |
[EN] | “(a) an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (1): | |
[EN] | ‘(a) I gcás ina ngabhann comhalta den Gharda Síochána duine (“duine gafa”) faoi bharántas arna eisiúint de bhun alt 4(1), féadfar an duine gafa a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána agus a choinneáil ann go ceann tréimhse nó tréimhsí a údaraítear le fo-alt (2) más rud é, maidir leis an gcomhalta den Gharda Síochána i gceannas an stáisiúin a dtugtar an duine gafa chuige ar é nó í a ghabháil, go bhfuil forais réasúnacha aige nó aici, an tráth a thagann an duine gafa go dtí an stáisiún, chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion a imscrúdú go cuí.’.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999. |
11.— Leasaítear alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (2), trí fho-alt (2) a scriosadh agus tríd an méid seo a leanas a chur ina ionad: | |
[EN] | “(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána príosúnach a ghabháil ar údarú ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis nó léi, trí fhaisnéis arna soláthar faoi mhionn ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, go bhfuil na coinníollacha seo a leanas arna gcomhlíonadh: | |
[EN] | (a) tá forais réasúnacha ann chun drochamhras a bheith ann go ndearna an príosúnach cion nó cionta seachas an cion nó na cionta a bhfuil sé nó sí príosúnaithe i dtaca leis nó leo, | |
[EN] | (b) is gá an príosúnach a ghabháil chun imscrúdú cuí a dhéanamh maidir leis an gcion nó leis na cionta a bhfuil drochamhras ann ina leith gurb é nó í a rinne é nó iad, | |
[EN] | (c) i gcás inar gabhadh an príosúnach roimhe sin mar gheall ar an gcion céanna nó na cionta céanna, cibé acu roimh é nó í a phríosúnú nó faoin alt seo, tá tuilleadh faisnéise tagtha ar iúl an Gharda Síochána ón tráth a gabhadh é nó í i dtaobh drochamhras a bheith ann go raibh an príosúnach páirteach sa chion nó sna cionta a bhfuiltear á iarraidh go ngabhfar é nó í ina leith.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (5)— | |
[EN] | (i) i mír (a), trí “an cion nó na cionta ar gabhadh é nó í ina leith” a chur in ionad “an cion ar gabhadh é nó í ina leith”, agus | |
[EN] | (ii) i mír (b) trí “an cion sin nó na cionta sin a imscrúdú go cuí” a chur in ionad “an cion sin a imscrúdú go cuí”. | |
[EN] |
Cumhacht an Gharda Síochána chun grianghraif a dhéanamh de dhaoine gafa. |
12.— (1) I gcás ina ngabhann comhalta den Gharda Síochána duine faoi aon chumhacht a thugtar dó nó di le dlí, féadfaidh an comhalta grianghraf a dhéanamh, nó a chur faoi deara go ndéanfar grianghraf, den duine i stáisiún Garda Síochána a luaithe is féidir tar éis é nó í a ghabháil chun cuidiú a thabhairt maidir le céannú an duine i dtaca le haon imeachtaí a thionscnófar ina choinne nó ina coinne mar gheall ar an gcion ar gabhadh é nó í ina leith. |
[EN] | (2) Ní dhéanfar an chumhacht a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú ach amháin ar údarú ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint. | |
[EN] | (3) Féadfar údarú faoi fho-alt (2) a thabhairt ó bhéal ach, má thugtar ó bhéal é, déanfar é a dhaingniú i scríbhinn a luaithe is indéanta. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag forálacha alt 8 d’Acht 1984 maidir le grianghraif (lena n-áirítear claonchlónna) a thógtar de bhun an ailt seo mar atá feidhm acu maidir le grianghraif a thógtar de bhun alt 6 den Acht sin, ach sin faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar an tagairt in alt 8(2) den Acht sin d’imeachtaí i leith ciona lena mbaineann alt 4 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairt d’imeachtaí i leith ciona a ngabhtar an duine lena mbaineann ina leith, agus aon mhodhnuithe eile is gá. | |
[EN] | (5) Aon duine a dhiúltóidh cead a thabhairt grianghraf a dhéanamh de féin nó di féin de bhun an ailt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (6) Maidir leis an gcumhacht a thugtar leis an alt seo, is cumhacht í gan dochar d’aon chumhacht eile atá infheidhmithe ag comhalta den Gharda Síochána chun grianghraf a ghlacadh de dhuine. | |
[EN] |
Leasú ar Acht 1984. |
13.— Leasaítear Acht 1984— |
[EN] | (a) in alt 6(4), trí “€3,000” a chur in ionad “£1,000”, | |
[EN] | (b) in alt 8— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), trí “laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag” a chur in ionad “laistigh den tréimhse sé mhí”, | |
[EN] | (ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
[EN] | “(3) I gcás ina mbeidh imeachtaí tionscanta amhlaidh agus— | |
[EN] | (a) go n-éigiontaítear an duine, | |
[EN] | (b) go ndéantar an cúiseamh i gcoinne an duine i leith an chiona lena mbaineann a dhíbhe faoi alt 4E den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, nó | |
[EN] | (c) go scoirtear de na himeachtaí, | |
[EN] | déanfar an díothú ar thréimhse 21 lá a bheith caite tar éis an éigiontaithe, na díbhe nó an scoir, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (3A) Chun críocha fho-alt (3)(b), measfar cúiseamh i gcoinne duine i leith an chiona lena mbaineann a bheith arna dhíbhe— | |
[EN] | (a) nuair atá an t-am chun achomharc a thionscnamh i gcoinne na díbhe imithe in éag, | |
[EN] | (b) nuair a dhéantar aon achomharc den sórt sin a tharraingt siar nó a thréigean, nó | |
[EN] | (c) ar aon achomharc den sórt sin a dhéanamh, nuair a sheastar leis an díbhe.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (7)— | |
[EN] | (I) trí “go ceann tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag” a chur in ionad “go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí”, agus | |
[EN] | (II) trí “chun críche imeachtaí nó imeachtaí eile” a chur in ionad “chun críche imeachtaí eile”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) in alt 28(4), trí “€3,000” a chur in ionad “£1,500”. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta) 1990. |
14.— Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta) 1990— |
[EN] | (a) in alt 2— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (I) trí “fhorálacha fho-ailt (4) go (8A)” a chur in ionad “fhorálacha fho-ailt (4) go (8)”, | |
[EN] | (II) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |
[EN] | “(b) sváb ó aon pháirt den cholainn lena n-áirítear an béal ach ní ó aon oscailt colainne eile nó ó réigiún na mball giniúna,”, | |
[EN] | (III) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | |
[EN] | “(c) sváb ó oscailt colainne, seachas an béal, nó ó réigiún na mball giniúna,”, | |
[EN] | (IV) i mír (e), trí “nó dá bhéal” a scriosadh, | |
[EN] | (ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Déanfar tagairt don bhéal i bhfo-alt (1) den alt seo a léamh mar thagairt a fholaíonn an taobh istigh den bhéal.”, | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (2), trí “fhorálacha fho-ailt (3) go (8A)” a chur in ionad “fhorálacha fho-ailt (3) go (8)”, | |
[EN] | (iv) i bhfo-alt (4)(b), trí “i bhfomhír (i), (ii) nó (iii) de mhír (a) d’fho-alt (1) den alt seo” a chur in ionad “i bhfomhír (i), (ii), (iii) nó (iv) de mhír (a) d’fho-alt (1) den alt seo”, | |
[EN] | (v) i bhfo-alt (5), trí “nó ciona i leith gáinneáil ar dhrugaí de réir bhrí alt 3(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 1994” a chur isteach i ndiaidh “1984” i mír (a)(ii), | |
[EN] | (vi) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8): | |
[EN] | “(8A) I gcás ina dtógfar sampla de ghruaig seachas gruaig phúbasach de réir an ailt seo— | |
[EN] | (a) féadfar an sampla a thógáil trí ribí a stoitheadh mar aon lena bhfréamhacha agus, a mhéid is indéanta le réasún, déanfar na ribí a stoitheadh ceann ar cheann, agus | |
[EN] | (b) ní dhéanfar níos mó ribí a stoitheadh ná mar a mheasfaidh an duine a bheidh ag tógáil an tsampla le réasún is gá chun go mbeidh sampla leordhóthanach ann chun críche tástála dlí-eolaíochta.”, | |
[EN] | (vii) i bhfo-alt (9), trí “€3,000” a chur in ionad “£1,000”, | |
[EN] | (b) in alt 4— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), trí “laistigh de dhá mhí dhéag ó thógáil an tsampla” a chur in ionad “laistigh de shé mhí ó thógáil an tsampla”, agus | |
[EN] | (ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
[EN] | “(3) I gcás ina mbeidh imeachtaí tionscanta amhlaidh agus— | |
[EN] | (a) go n-éigiontaítear an duine, | |
[EN] | (b) go ndéantar an cúiseamh i gcoinne an duine i leith an chiona lena mbaineann a dhíbhe faoi alt 4E den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, nó | |
[EN] | (c) go scoirtear de na himeachtaí, | |
[EN] | déanfar an díothú ar thréimhse 21 lá a bheith caite tar éis an éigiontaithe, na díbhe nó an scoir, de réir mar a bheidh, mura rud é go mbeifear tar éis ordú a dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo. | |
[EN] | (3A) Chun críocha fho-alt (3)(b) den alt seo, measfar cúiseamh i gcoinne duine i leith an chiona lena mbaineann a bheith arna dhíbhe— | |
[EN] | (a) nuair atá an t-am chun achomharc a thionscnamh i gcoinne na díbhe imithe in éag, | |
[EN] | (b) nuair a dhéantar aon achomharc den sórt sin a tharraingt siar nó a thréigean, nó | |
[EN] | (c) ar aon achomharc den sórt sin a dhéanamh, nuair a sheastar leis an díbhe.”, | |
[EN] | (c) in alt 5(2), trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (a) agus tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a): | |
[EN] | “(aa) maidir leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) an modh ina bhféadfar samplaí a thógáil, | |
[EN] | (ii) an suíomh agus na dálaí fisiceacha ina bhféadfar samplaí a thógáil, agus | |
[EN] | (iii) na daoine (lena n-áirítear comhaltaí den Gharda Síochána), agus an líon daoine den sórt sin, a fhéadfaidh a bheith i láthair nuair a bheidh samplaí á dtógáil, agus”. |