An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Achomhairc in Imeachtaí Coiriúla Áirithe ) Ar Aghaidh (CUID 6 Leasú ar an Explosives Act 1875 )

26 2006

TODO

CUID 5

Leasú ar Achtanna na nArm Tine

Mínithe (Cuid 5).

25.— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na nArm Teine 1925.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

26.— Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) San Acht seo—

ciallaíonn “amuinisean” (ach amháin i gcás ina n-úsáidtear é i ndáil le harm toirmiscthe) amuinisean le haghaidh airm tine agus folaíonn sé—

(a) gránáidí, buamaí agus diúracáin eile dá samhail, cibé acu ar féidir nó nach féidir iad a úsáid le harm tine,

(b) aon chomhábhar nó comhpháirt d’aon amuinisean nó diúracán den sórt sin, agus

(c) amuinisean srianta, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

ciallaíonn “Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána nó comhalta den Gharda Síochána, nó comhaltaí de chéim áirithe sa Gharda Síochána, nach ísle céim ná ceannfort a cheapfaidh an Coimisinéir i scríbhinn chun aon cheann d’fheidhmeanna an Choimisinéara a chomhlíonadh faoin Acht seo;

ciallaíonn “arm tine”—

(a) arm tine marfach nó arm marfach eile de thuairisc ar bith as ar féidir aon urchar, piléar nó diúracán eile a chaitheamh,

(b) aerghunna (lena n-áirítear aer-raidhfil agus aerphiostal) a bhfuil fuinneamh béil níos mó ná giúl amháin aige nó aon arm eile ina gcorpraítear bairille ónar féidir aon diúracán a chaitheamh le fuinneamh béil den sórt sin,

(c) crosbhogha,

(d) aon sórt néalghunna nó airm eile chun aon turraing a thabhairt do dhuine, nó chun duine a chur ar aon mhíthreoir eile, le leictreachas nó le hastú fuinnimh de chineál ar bith eile,

(e) arm toirmiscthe,

(f) aon airteagal a bheadh ina arm tine faoi aon cheann de na míreanna sin roimhe seo murach go dtarlaíonn, de bhíthin comhpháirt riachtanach nó comhpháirteanna riachtanacha a bheith in easnamh, nó de bhíthin aon locht nó bail eile a bheith air, nach féidir leis urchar, piléar nó diúracán eile a chaitheamh nó turraing a thabhairt do dhuine nó duine a chur ar mhíthreoir eile leis de réir mar a bheidh,

(g) ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon chomhpháirt d’aon airteagal dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, measfar gur comhpháirteanna den sórt sin na hairteagail seo a leanas:

(i) treoracha teileascóip ag a bhfuil léas solais, nó treoracha teileascóip ag a bhfuil feiste aimpliúcháin solais leictreonach nó feiste infridhearg, atá deartha lena bhfeistiú ar arm tine a shonraítear i mír (a), (b), (c) nó (e),

(ii) tostóir atá deartha lena fheistiú ar arm tine a shonraítear i mír (a), (b) nó (e), agus

(iii) aon rud—

(I) atá monaraithe lena úsáid mar chomhpháirt i dtaca le hoibriú airm tine, agus

(II) nach bhféadfadh feidhmiú mar a bhí ceaptha i dtosach dá éagmais,

agus

(h) feiste atá in ann amuinisean neamhphiléartha a chaitheamh agus atá le húsáid mar ghunna tosaithe nó gunna scaoilte amuinisin neamhphiléartha,

agus folaíonn sé arm tine srianta, mura rud é go bhforáiltear a mhalairt nó mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

ciallaíonn “deimhniú airm tine” deimhniú airm tine arna dheonú faoin Acht seo agus, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn sé deimhniú airm tine srianta, deimhniú oiliúna arm tine agus deimhniú airm tine arna dheonú faoi Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000;”;

ciallaíonn “déileálaí airm tine” duine a dhéanann, i modh trádála nó gnó, airm tine nó amuinisean a mhonarú, a dhíol, a ligean ar fruiliú, a dheisiú, a thástáil, a phromhadh nó a cheannach, nó a dhéanann déileáil ar shlí eile in airm tine nó in amuinisean;

tá le “deimhniú oiliúna arm tine” an bhrí a thugtar dó le halt 2A den Acht seo;

ciallaíonn “duine eisiúna”, i ndáil le deimhniú, údarú nó ceadúnas airm tine a dheonú nó a athnuachan, an tAire, an Coimisinéir nó ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina gcónaíonn iarratasóir ar dheimhniú, údarú nó ceadúnas airm tine nó sealbhóir an deimhnithe, an údaraithe nó an cheadúnais airm tine, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “fuinneamh béil”, i ndáil le harm tine, an fuinneamh diúracáin arna urscaoileadh ag an arm tine sin agus arna thomhas ag béal an airm tine i ngiúil;

ciallaíonn agus folaíonn “arm toirmiscthe” aon arm d’aon tuairisc atá deartha chun aon leacht urchóideach, gás urchóideach nó rud urchóideach eile a scardadh, agus freisin aon amuinisean (cibé acu le haghaidh aon airm den sórt sin nó aon airm eile) ina bhfuil aon leacht urchóideach, gás urchóideach nó rud urchóideach eile nó atá deartha nó oiriúnaithe le go mbeidh an céanna ann;

folaíonn “áit” teaghais;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

ciallaíonn “déileálaí cláraithe arm tine” déileálaí arm tine atá cláraithe de thuras na huaire i gclár na ndéileálaithe arm tine arna bhunú de bhun an Achta seo;

ciallaíonn “amuinisean srianta” amuinisean a ndearbhaítear ina leith faoi alt 2B(b) den Acht seo gur arm tine srianta é;

ciallaíonn “arm tine srianta” arm tine a ndearbhaítear ina leith faoi alt 2B(a) den Acht seo gur arm tine srianta é;

folaíonn “meicníocht infheidhme”, i ndáil le harm tine, an mheicníocht chun é a lódáil, a chocáil agus a scaoileadh agus chun amuinisean caite a dhíchur.”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

27.— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2A):

“(2A) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) i gcás inar arm tine srianta an t-arm tine nó inar amuinisean srianta an t-amuinisean—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi,

agus

(b) in aon chás eile—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”,

(b) trí fho-alt (2B) a scriosadh,

(c) i bhfo-alt (4)—

(i) trí “den Acht seo” i mír (c) a scriosadh agus “d’Acht na nArm Tine 1964” a chur isteach,

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) seilbh, úsáid nó iompar airm tine nó lóin lámhaigh le linn comórtais nó cleachtadh targaide i gclub, ar raon lámhaigh nó in aon áit eile atá údaraithe faoin alt seo nó faoi alt 4A den Acht seo”,

agus

(iii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (j):

“(j) seilbh nó iompar airm tine nó lóin lámhaigh ag duine, nó ag fostaí duine, atá údaraithe faoi alt 10(4A) den Acht seo,

(k) seilbh, úsáid nó iompar airm tine nó lóin lámhaigh chun éin a rialú ag aerfort, ag fostaí nó gníomhaire de chuid an údaráis aerfoirt atá údaraithe chuige sin faoin alt seo.”,

(d) i bhfo-alt (5)(a), trí “nó (h)” a scriosadh agus “, (h) nó (j)” a chur isteach,

(e) i bhfo-alt (5)(c), trí “raidhfil-chlub nó gunna-chlub” a scriosadh agus “club” a chur ina ionad, agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) I bhfo-ailt (3)(g) agus (4) (seachas míreanna (d), (i) agus (k)), ní fholaíonn tagairtí d’arm tine nó do lón lámhaigh tagairtí d’arm tine srianta nó do lón lámhaigh srianta.”.

Alt nua 2A sa Phríomh-Acht.

28.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 2 den Phríomh-Acht:

“Deimhniú oiliúna arm tine.

2A.— (1) Féadfaidh an Coimisinéir, ar iarratas chuige sin agus ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha, deimhniú (dá ngairtear “deimhniú oiliúna arm tine” san Acht seo) a eisiúint chuig duine os cionn 14 bliana d’aois á údarú don duine arm tine agus amuinisean a shealbhú (seachas arm tine srianta agus amuinisean srianta) an fad amháin—

(a) a bheidh an t-arm tine á iompar agus á úsáid aige nó aici chun críocha fiaigh nó lámhaigh targaide—

(i) faoi mhaoirseacht duine shonraithe atá os cionn 18 mbliana d’aois agus a shealbhaíonn deimhniú airm tine ina leith, agus

(ii) i gcás ina n-úsáidtear an t-arm tine le haghaidh lámhaigh targaide, in áitreabh club raidhfil nó piostail údaraithe nó ar raon lámhaigh údaraithe nó in áit eile atá údaraithe faoi alt 2(5) den Acht seo,

agus

(b) a bheidh cibé coinníollacha eile (más ann) a fhorchuirfidh an Coimisinéir ar mhaithe le sábháilteacht agus slándáil an phobail á gcomhlíonadh.

(2) I gcás ina mbeidh an t-iarratasóir faoi bhun 16 bliana d’aois, beidh toiliú scríofa ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir an iarratasóra ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú oiliúna arm tine.

(3) Beidh an deimhniú oiliúna arm tine san fhoirm fhorordaithe.

(4) I gcás ina ndiúltófar d’iarratas den sórt sin, déanfaidh an Coimisinéir an méid sin a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn agus tabharfaidh sé nó sí na cúiseanna leis an diúltú.

(5) Leanfaidh deimhniú oiliúna arm tine i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana ón dáta a deonaíodh é, mura rud é go gcúlghairtear é.

(6) Féadfaidh an Coimisinéir deimhniú oiliúna arm tine a chúlghairm más rud é go bhfuil sé nó sí den tuairim nach bhfuil na coinníollacha ar faoina réir a deonaíodh an deimhniú á gcomhlíonadh nó comhlíonta ag an sealbhóir.

(7) Aon sealbhóir ar dheimhniú oiliúna arm tine nach gcomhlíonfaidh, gan leithscéal réasúnach, na coinníollacha ar faoina réir a deonaíodh an deimhniú, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair—

(a) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi, agus

(b) i gcás aon chiona dá éis sin, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(8) Is cion é faoin Acht seo do shealbhóir ar dheimhniú airm tine, i leith an airm tine lena mbaineann an deimhniú oiliúna arm tine, a cheadú, gan leithscéal réasúnach, do shealbhóir an deimhnithe sin an t-arm tine a iompar nó a úsáid fad nach mbeidh sé nó sí faoi mhaoirseacht aige nó aici.”.

Alt nua 2B sa Phríomh-Acht.

29.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 2A den Phríomh-Acht:

“Airm thine shrianta agus amuinisean srianta.

2B.— Féadfaidh an tAire, ar mhaithe le sábháilteacht agus slándáil an phobail, le hordú—

(a) a dhearbhú gur airm thine shrianta airm thine shonraithe chun críocha an Achta seo faoi threoir ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(i) earnáil;

(ii) cailibre;

(iii) meicníocht infheidhme;

(iv) fuinneamh béil;

(v) tuairisc;

agus

(b) a dhearbhú gur amuinisean srianta amuinisean sonraithe chun críocha an Achta seo faoi threoir ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(i) earnáil;

(ii) cailibre;

(iii) meáchan;

(iv) fuinneamh cinéiteach;

(v) comhéifeacht bhalaistíoch;

(vi) dearadh;

(vii) comhdhéanamh;

(viii) tuairisc.”.

Alt nua a chur in ionad alt 3 den Phríomh-Acht.

30.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 3 den Phríomh-Acht:

“Iarratais ar dheimhnithe airm tine agus foirm agus éifeacht deimhnithe airm tine.

3.— (1) Is chun ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir a dhéanfar iarratas ar dheimhniú airm tine (seachas deimhniú airm tine srianta).

(2) Is chun an Choimisinéara a dhéanfar iarratas ar dheimhniú airm tine srianta.

(3) Beidh an t-iarratas san fhoirm fhorordaithe agus beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis—

(a) an táille fhorordaithe (más ann), agus

(b) má tá sé ar intinn ag an iarratasóir mamaigh fhiáine dhíolmhaithe de réir bhrí an Achta um Fhiadhúlra 1976 (seachas giorriacha) a fhiach agus a mharú, ceadúnas reatha chun déanamh amhlaidh faoi alt 29(1) den Acht sin.

(4) Déanfaidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis bhreise a éileoidh an ceannfort nó an Coimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo a sholáthar i scríbhinn.

(5) Beidh deimhniú airm tine san fhoirm fhorordaithe agus, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, údaróidh sé don duine dá ndeonaítear é—

(a) an t-arm tine a shonraítear sa deimhniú a shealbhú, a úsáid agus a iompar,

(b) amuinisean lena úsáid san arm tine a cheannach, agus

(c) méid nach mó ná an méid amuinisin a shonraítear sa deimhniú a shealbhú nó a iompar aon tráth áirithe.

(6) I gcás inar gránghunna an t-arm tine, féadfar leis an deimhniú airm tine, faoi réir fho-alt (11) den alt seo, a údarú é a úsáid chun ainmhithe nó éin seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir bhrí an Achta um Fhiadhúlra 1976 a mharú ag an sealbhóir, agus chuige sin amháin—

(a) ar thalamh atá á áitiú ag an sealbhóir, nó

(b) ar thalamh atá á áitiú ag duine eile,

(de réir mar a déarfar sa deimhniú).

(7) Leanfaidh deimhniú airm tine a bheidh i bhfeidhm d’fheidhm a bheith aige go ceann tréimhse 3 bliana ón dáta a deonaíodh é, mura rud é go gcúlghairtear é, agus go ceann aon tréimhse breise den sórt sin dá ndéanfar é a athnuachan.

(8) Féadfaidh sealbhóir ar dheimhniú airm tine iarratas a dhéanamh ar an deimhniú a athnuachan laistigh de thrí mhí sula scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige.

(9) Maidir le hiarratas ar dheimhniú airm tine nó ar dheimhniú airm tine a athnuachan, tabharfar cinneadh ina leith laistigh de 3 mhí ón dáta a gcuirfidh an t-iarratasóir foirm iarratais chomhlánaithe isteach.

(10) I gcás ina ndiúltófar don iarratas, cuirfear an diúltú sin agus an chúis atá leis in iúl don iarratasóir.

(11) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le deimhniú san fhoirm dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo (dá ngairtear “deimhniú teoranta” san fho-alt seo):

(a) ní dhéanfar deimhniú teoranta a bhaineann le talamh atá á áitiú ag duine seachas an t-iarratasóir ar an deimhniú a dheonú mura rud é go mbeidh ainmniúchán i scríbhinn chun an deimhniú a shealbhú tugtha don iarratasóir ag áititheoir na talún;

(b) ní dhéanfar deimhniú teoranta a bhaineann le haon talamh a dheonú i leith aon tréimhse má tá deimhniú teoranta a bhaineann leis an talamh sin i bhfeidhm cheana féin i leith na tréimhse sin;

(c) ní dhéanfar deimhniú teoranta a dheonú mura rud é go bhfuil iomlán na talún lena mbainfeadh an deimhniú á áitiú ag aon duine amháin;

(d) i gcás ina gcúlghairtear ainmniúchán dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, ní fhéadfar an deimhniú teoranta lenar bhain sé, má bhí sé i bhfeidhm an tráth sin, a athnuachan.

(12) Déanfar arm tine ar ina leith a dheonófar deimhniú airm tine a mharcáil sa tslí fhorordaithe le huimhir nó le marc aitheantais forordaithe eile agus déanfar an uimhir nó an marc sin a thaifeadadh sa deimhniú.

(13) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a thabhairt go feasach do dhuine eisiúna i ndáil le hiarratas ar dheimhniú airm tine nó i ndáil le hathnuachan deimhnithe den sórt sin,

(b) a dhéanfaidh doiciméad a bhrionnú á airbheartú gur deimhniú airm tine é nó a dhéanfaidh doiciméad den sórt sin a úsáid, nó a shealbhú go feasach, nó

(c) a dhéanfaidh deimhniú airm tine a úsáid nó a athrú, nó a úsáidfidh deimhniú airm tine arna athrú amhlaidh, le hintinn mheabhlaireachta,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(14) Tá fo-alt (13) den alt seo gan dochar do Chuid 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001.

(15) Aisghairtear alt 12 (úsáid theoranta gunna gráin) d’Acht na nArm Tine 1964.”.

Alt nua 3A sa Phríomh-Acht.

31.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 3 den Phríomh-Acht:

“An Coimisinéir d’eisiúint treoirlínte etc.

3A.— (1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, treoirlínte a eisiúint ó am go ham i ndáil le feidhmiú agus oibriú praiticiúil aon fhorála d’Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006.

(2) Go háirithe, féadfaidh an Coimisinéir treoirlínte den sórt sin a eisiúint i ndáil le hiarratais ar dheimhnithe agus ar údaruithe airm tine faoin Acht seo agus i ndáil leis na coinníollacha a bheidh ag gabháil leis na deimhnithe agus leis na húdaruithe sin.”.

Alt nua a chur in ionad alt 4 den Phríomh-Acht.

32.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 4 den Phríomh-Acht:

“Na coinníollacha a bhaineann le deimhniú airm tine a dheonú.

4.— (1) Ní dheonóidh duine eisiúna deimhniú airm tine mura rud é gur deimhin leis nó léi go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus go leanfaidh an t-iarratasóir dá gcomhlíonadh le linn ré an deimhnithe.

(2) Is iad na coinníollacha ar faoina réir a fhéadfar deimhniú airm tine a dheonú ná, i dtuairim an duine eisiúna—

(a) go bhfuil cúis mhaith ag an iarratasóir chun gá a bheith aige nó aici leis an arm tine ar ina leith a dhéantar iarratas ar an deimhniú,

(b) go bhféadfar a cheadú don iarratasóir an t-arm tine agus an t-amuinisean a shealbhú, a úsáid, agus a iompar gan aon chontúirt do shábháilteacht ná do shlándáil an phobail nó don tsíocháin,

(c) nach duine an t-iarratasóir a ndearbhaítear ina leith leis an Acht seo gur duine é nó í nach bhfuil i dteideal deimhniú airm tine a shealbhú,

(d) gur sholáthair an t-iarratasóir cóiríocht dhaingean don arm tine agus don amuinisean san áit a mbeidh sé le coimeád,

(e) i gcás inar raidhfil nó piostal, atá le húsáid le haghaidh lámhaigh targaide, an t-arm tine, gur comhalta de chlub raidhfil nó piostal údaraithe an t-iarratasóir,

(f) go bhfuil fo-alt (3) comhlíonta ag an iarratasóir,

(g) go gcomhlíonann an t-iarratasóir cibé coinníollacha eile (más ann) a shonraítear sa deimhniú airm tine, lena n-áirítear aon choinníollacha den sórt sin a bheidh le comhlíonadh roimh dháta sonraithe de réir mar a mheasfaidh an duine eisiúna is gá ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil an phobail, agus

(h) i gcás inar iarratas ar dheimhniú airm tine srianta an t-iarratas—

(i) go bhfuil cúis mhaith dhóthanach ag an iarratasóir chun gá a bheith aige nó aici le harm tine den sórt sin, agus

(ii) gur léirigh an t-iarratasóir gurb é an t-arm tine an t-aon saghas airm is cuí chun na críche dá bhfuil gá leis.

(3) Déanfaidh iarratasóir ar dheimhniú airm tine an fhaisnéis a iarrtar san fhoirm iarratais, agus cibé faisnéis bhreise a éileoidh an duine eisiúna i gcomhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo, a sholáthar don duine eisiúna, lena n-áirítear, go háirithe—

(a) cruthúnas ar chéannacht,

(b) cruthúnas ar inniúlacht i dtaca le húsáid an airm tine lena mbaineann,

(c) toiliú scríofa i gcomhair aon fhiosruithe a dhéanamh i ndáil le stair leighis an iarratasóra ar fiosruithe iad a dhéanfaidh an duine eisiúna, nó a dhéanfar thar a cheann nó a ceann, chuig gairmí sláinte, agus

(d) ainmneacha agus seoltaí beirt réiteoirí a bhféadfar dul i dteagmháil leo chun carachtar an iarratasóra a fhianú.

(4) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána iniúchadh a dhéanamh ar an gcóiríocht a sholáthraíonn iarratasóir ar dheimhniú airm tine i gcomhair airm tine nó a cheangal ar an iarratasóir cruthúnas a sholáthar go bhfuil an chóiríocht sin ann.

(5) Féadfaidh an tAire, i gcomhairle leis an gCoimisinéir, le rialacháin, a fhoráil go gcomhlíonfaidh sealbhóirí ar dheimhnithe airm tine caighdeáin íosta i ndáil le cóiríocht dhaingean a sholáthar dá n-airm thine.

(6) San alt seo ciallaíonn “ gairmí sláinte ” duine is dochtúir nó síciatraí atá cláraithe faoi aon achtacháin lena rialaítear an ghairm lena mbaineann nó síceolaí cliniciúil.”.

Alt nua 4A sa Phríomh-Acht.

33.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 4 den Phríomh-Acht:

“Clubanna raidhfil nó piostail nó raonta lámhaigh a údarú.

4A.— (1) Ní cheadóidh club raidhfil nó piostail nó úinéir nó oibritheoir raoin lámhaigh raidhfil nó piostail aon arm tine nó amuinisean a úsáid nó a stóráil in áitreabh an chlub nó ag an gclub nó ag an raon lámhaigh i dtaca le lámhach targaide mura rud é go bhfuil údarú faoin alt seo chun déanamh amhlaidh i bhfeidhm.

(2) Déanfaidh oifigeach don chlub a bheidh údaraithe chuige sin nó úinéir nó oibritheoir an raoin lámhaigh iarratas ar údarú den sórt sin chuig an gCoimisinéir agus beidh an t-iarratas sin san fhoirm fhorordaithe.

(3) Beidh ag gabháil leis an iarratas—

(a) an táille fhorordaithe, agus

(b) i gcás raoin lámhaigh, deimhniú raoin arm tine atá i bhfeidhm.

(4) Beidh cóip d’aon rialacháin faoi fho-alt (13) nó den chuid ábhartha díobh san fhoirm iarratais.

(5) Déanfaidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis bhreise a bheidh ag teastáil ón gCoimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a sholáthar i scríbhinn.

(6) Ní dheonóidh an Coimisinéir údarú don iarratasóir chun raidhfilí, piostail agus amuinisean a úsáid agus a stóráil in áitreabh an chlub nó an raoin lámhaigh lena mbaineann, nó ar chuid shonraithe den áitreabh sin, chun críche lámhaigh targaide, ach amháin i gcás inar deimhin leis nó léi—

(a) nach contúirt do shábháilteacht nó do shlándáil an phobail nó don tsíocháin iad a bheith á n-úsáid nó á stóráil,

(b) go bhfuil an club nó an raon lámhaigh á bhainistiú go freagrach, agus

(c) i gcás raoin lámhaigh, go bhfuil deimhniú raoin arm tine i bhfeidhm ina leith.

(7) Tabharfar cinneadh ar an iarratas laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh foirm iarratais chomhlánaithe faoi bhráid an Choimisinéara.

(8) Féadfaidh an Coimisinéir aon tráth trí fhógra i scríbhinn—

(a) cibé coinníollacha a chur ag gabháil leis an údarú a mheasfaidh sé nó sí is gá chun a áirithiú nach contúirt do shábháilteacht nó do shlándáil an phobail nó don tsíocháin oibriú an chlub nó an raoin lámhaigh agus úsáid agus stóráil raidhfilí, piostal agus amuinisin in áitreabh an chlub nó an raoin lena mbaineann, nó sa chlub nó ar an raon lena mbaineann,

(b) aon cheann de na coinníollacha sin a athrú aon tráth chun na críche sin, agus

(c) a cheangal go gcomhlíonfar cuid acu nó iad go léir roimh dháta sonraithe.

(9) Leanfaidh údarú atá i bhfeidhm de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse 5 bliana ón dáta a deonaíodh é, mura rud é go gcúlghairtear é, agus go ceann aon tréimhse nó tréimhsí breise den sórt sin dá ndéanfar é a athnuachan.

(10) Féadfar iarratas a dhéanamh ar athnuachan údaraithe laistigh de 3 mhí sula scoirfidh an t-údarú de bheith i bhfeidhm.

(11) Féadfaidh an Coimisinéir, más rud é nach bhfuil sé nó sí sásta a thuilleadh i ndáil le haon cheann de na nithe a luaitear i míreanna (a) go (c) d’fho-alt (6), údarú an chlub nó an raoin lámhaigh lena mbaineann a chúlghairm trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an iarratasóir nó chuig an duine nó chuig na daoine atá freagrach, de thuras na huaire, as bainistiú an chlub nó an raoin sin.

(12) Ar fhógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an duine nó na daoine dá dtabharfar an fógra amhlaidh an t-údarú agus aon raidhfilí, piostail nó amuinisean a bheidh á stóráil in áitreabh an chlub nó an raoin a ghéilleadh láithreach don cheannfort don cheantar ina bhfuil an club nó an raon.

(13) Féadfaidh an tAire, i gcomhairle leis an gCoimisinéir, le rialacháin, caighdeáin íosta a shonrú ar caighdeáin iad a bheidh le comhlíonadh ag club raidhfil nó piostail nó ag raon lámhaigh sula ndeonófar údarú faoin alt seo i ndáil leis.

(14) Déanfar na caighdeáin íosta a chinneadh—

(a) i gcás club, faoi threoir aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(i) slándáil a áitribh;

(ii) comhaltas;

(iii) bainistíocht;

(b) i gcás raoin lámhaigh, faoi threoir aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(i) slándáil an raoin;

(ii) comhaltas;

(iii) bainistíocht;

(iv) dearadh, déanamh agus cothabháil;

(v) na cineálacha arm tine agus amuinisin atá le húsáid;

(vi) leibhéal inniúlachta na ndaoine a bheidh ag úsáid an raoin.

(15) Chun a fháil amach an bhfuil coinníollacha atá ag gabháil le húdarú faoin alt seo á gcomhlíonadh, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh údaraithe chuige sin, ar an údarú nó cóip de a thabhairt ar aird má iarrtar é, dul isteach in aon áitreabh atá ar áitiú nó á úsáid ag an gclub nó ag an raon lámhaigh lena mbaineann agus an t-áitreabh agus aon ní ann a iniúchadh.

(16) Aon duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, bac nó cosc a chur ar chomhalta den Gharda Síochána le linn don chomhalta a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi fho-alt (15) den alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil €1,000 agus príosúnacht ar feadh téarma 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(17) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar clár de chlubanna agus raoin lámhaigh atá údaraithe de thuras na huaire faoin alt seo.

(18) Is cion é—

(a) ag club nó ag úinéir nó oibritheoir raoin lámhaigh—

(i) fo-alt (1) den alt seo a shárú, nó

(ii) gan leithscéal réasúnach, gan aon choinníollacha a bheidh ag gabháil le húdarú faoin alt seo a chomhlíonadh,

(b) ag duine gan fo-alt (12) den alt seo a chomhlíonadh, nó

(c) ag duine, gan leithscéal réasúnach, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí club nó raoin lámhaigh den sórt sin nach bhfuil údarú faoin alt seo i bhfeidhm ina leith.

(19) In imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoi fho-alt (18)(a)(i) den alt seo, is cosaint é a chruthú gur ghlac an cosantóir réamhchúram réasúnach agus go ndearna sé nó sí dícheall cuí chun nach ndéanfadh sé nó sí an cion.

(20) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(21) San alt seo—

ciallaíonn “deimhniú raoin arm tine” deimhniú arna eisiúint faoi alt 4B(3)(a) den Acht seo;

ciallaíonn “club raidhfil nó piostail” club arna bhunú chun oilteacht a chur chun cinn in úsáid raidhfilí agus piostal le haghaidh lámhaigh targaide;

ní fholaíonn “raon lámhaigh” raon nó léibheann scaoilte dá dtagraítear in alt 2(4)(a) den Acht seo.”.

Alt nua 4B sa Phríomh-Acht.

34.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 4:

“Cigirí raonta arm tine.

4B.— (1) Féadfaidh an tAire, le barántas, cibé daoine agus cibé líon daoine a mheasfaidh sé nó sí is gá a cheapadh chun bheith ina gcigirí raonta arm tine agus féadfaidh sé nó sí aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm.

(2) Is é dualgas cigire raonta arm tine—

(a) iarratais ar údarú raonta lámhaigh raidhfil agus piostail a scrúdú, agus

(b) raonta lámhaigh raidhfil agus piostail a iniúchadh d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonann siad na caighdeáin íosta dá bhforáiltear i rialacháin faoi alt 4A(13) den Acht seo.

(3) Féadfaidh cigire, tar éis raon lámhaigh raidhfil nó piostail a iniúchadh—

(a) más deimhin leis nó léi go gcomhlíonann an raon na caighdeáin íosta sin, deimhniú raoin arm tine a eisiúint ina leith, agus

(b) más rud é nach deimhin leis nó léi amhlaidh, diúltú deimhniú den sórt sin a eisiúint nó aon deimhniú den sórt sin atá i bhfeidhm a chúlghairm.

(4) Maidir le cigire a bhfuil drochamhras air nó uirthi, agus cúis réasúnach aige nó aici ina leith, go bhfuil aon áit á húsáid le haghaidh lámhaigh targaide raidhfil nó piostail, féadfaidh sé nó sí dul isteach san áit agus í a iniúchadh.

(5) Déanfaidh an tAire an barántas ceapacháin, nó cóip de, a eisiúint chuig gach cigire, lena thabhairt ar aird, ar é a iarraidh, nuair a bheidh cigire ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an alt seo.

(6) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh téarmaí agus coinníollacha ceaptha cigirí raonta arm tine.”

Alt nua a chur in ionad alt 5 den Phríomh-Acht.

35.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 5 den Phríomh-Acht:

“Deimhnithe airm tine a chúlghairm.

5.— (1) Féadfaidh duine eisiúna aon tráth deimhniú airm tine arna dheonú ag an duine a chúlghairm más deimhin leis nó léi maidir le sealbhóir an deimhnithe—

(a) nach bhfuil cúis mhaith aige nó aici chun an t-arm tine lena mbaineann an deimhniú a bheith aige nó aici,

(b) gur duine é nó í nach féidir a cheadú dó nó di, gan chontúirt do shábháilteacht nó slándáil an phobail nó don tsíocháin, arm tine a shealbhú,

(c) gur duine é nó í a ndearbhaítear ina leith leis an Acht gur duine é nó í nach bhfuil i dteideal deimhniú airm tine a shealbhú,

(d) i gcás ina gcuireann an deimhniú airm tine teorainn leis na críocha chun ar féidir an t-arm tine lena mbaineann sé a úsáid, go bhfuil an t-arm tine á úsáid aige nó aici chun críoch nach n-údaraítear leis an deimhniú,

(e) nár chomhlíon sé nó sí coinníoll atá ag gabháil le deonú an deimhnithe, nó

(f) i gcás ina n-údaraítear do shealbhóir ar dheimhniú oiliúna arm tine an t-arm tine a iompar nó a úsáid, gur cheadaigh sé nó sí, gan leithscéal réasúnach, do shealbhóir an deimhnithe sin an t-arm tine a iompar nó a úsáid fad nach raibh sé nó sí faoi mhaoirseacht aige nó aici.

(2) Déanfaidh an duine eisiúna an chúis le deimhniú airm tine a chúlghairm a chur in iúl i scríbhinn do shealbhóir an deimhnithe.

(3) I gcás ina gcúlghairfear deimhniú airm tine nó ina scoirfidh sé ar dhóigh eile de bheith i bhfeidhm, féadfaidh an duine eisiúna a ordú i scríbhinn go ndéanfaidh an sealbhóir an t-arm tine nó an t-amuinisean lena mbaineann nó iad araon a thabhairt suas chuig coimeád an cheannfoirt don cheantar ina gcónaíonn an sealbhóir nó chuig comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú thar ceann an cheannfoirt.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

36.— Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) trí “Nuair a dhéanfaidh Ceannfort deimhniú airm tine a chúlghairm” a scriosadh agus “Nuair a chúlghairtear deimhniú airm tine” a chur isteach, agus

(b) i mír (a), trí “do Cheannfort an cheantair ina gcónaíonn an duine” a chur in ionad “don Cheannfort”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

37.— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí mhíreanna (d), (e), (f) agus (g) a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur isteach:

“(d) aon duine ar ar cuireadh pianbhreith phríosúnachta—

(i) mar gheall ar chion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, nó

(ii) mar gheall ar chion faoi dhlí stáit eile ar cion é a bhaineann le harm tine a thabhairt ar aird nó a úsáid,

agus nach mbeidh deireadh leis an bpianbhreith nó gur tháinig deireadh léi laistigh de na 5 bliana roimhe sin,

(e) aon duine atá faoi cheangal ag cúirtbhanna chun an tsíocháin a choimeád agus a bheith dea-iompartha, ar coinníoll de nach ndéanfaidh an duine arm tine nó amuinisean a shealbhú, a úsáid nó a iompar, agus

(f) aon duine nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát (seachas duine a bhfuil cónaí sealadach air nó uirthi amhlaidh) ar feadh tréimhse 6 mhí roimh iarratas a dhéanamh dheimhniú airm tine.”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

38.— Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Leanfaidh clárú duine sa chlár de dhéileálaithe arm tine de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana ó dháta an chláraithe, mura rud é go ndéantar é a chúlghairm roimhe sin agus, má dhéantar é a athnuachan, go ceann tréimhse eile 3 bliana ó dheireadh na tréimhse sin nó, de réir mar a bheidh, ó dheireadh aon tréimhse den sórt sin ina dhiaidh sin a ndéantar an clárú a athnuachan ina leith.”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir, caighdeáin íosta a shonrú a bheidh le comhlíonadh i ndáil le háitreabh ina seolann déileálaí arm tine gnó nó ina mbeartaíonn déileálaí arm tine déanamh amhlaidh.

(11) Cinnfear na caighdeáin íosta faoi threoir na nithe seo a leanas—

(a) slándáil an áitribh,

(b) sábháilteacht an áitribh, agus

(c) caighdeán foirgníochta an áitribh,

agus ag féachaint d’úsáid an áitribh chun airm tine nó amuinisean a mhonarú, a dheisiú, a thástáil, a phromhadh nó a dhíol, de réir mar a bheidh.

(12) Déanfaidh iarratasóirí ar chlárú a athnuachan an tAire a shásamh go gcomhlíonann a n-áitreabh na caighdeáin íosta a shonraítear in aon rialacháin faoi fho-alt (10) den alt seo.

(13) Gan dochar d’fho-alt (3) den alt seo, dearbhaítear i leith na ndaoine seo a leanas gur daoine iad nach bhfuil i dteideal a bheith cláraithe sa chlár de dhéileálaithe arm tine:

(a) duine atá faoi bhun 21 bhliain d’aois;

(b) duine mímheabhrach;

(c) duine ar ar cuireadh pianbhreith phríosúnachta mar gheall ar chion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005;

(d) duine atá faoi cheangal ag cúirtbhanna an tsíocháin a choimeád nó a bheith dea-iompartha, ar coinníoll de nach ndéanfaidh an duine arm tine nó amuinisean a shealbhú, a úsáid nó a iompar.”.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

39.— Leasaítear alt 10 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Is cion é—

(a) do dhéileálaí cláraithe arm tine (d’ainneoin fho-alt (1) den alt seo),

(b) do dhuine a ghabhann don ghnó arb é atá ann earraí a iompar nó a stórasú ar luaíocht, nó

(c) do cheantálaí atá údaraithe faoi alt 13 d’Acht na nArm Tine 1964,

arm tine srianta a shealbhú, a úsáid, a iompar, a dhíol nó a thaispeáint lena dhíol i ngnáthchúrsa an ghnó, mura rud é go bhfuil sé nó sí údaraithe le húdarú faoin alt seo chun déanamh amhlaidh, ar údarú é atá i bhfeidhm.

(4B) Déanfaidh duine atá luaite i bhfo-alt (4A) iarratas ar údarú den sórt sin chuig an Aire san fhoirm fhorordaithe agus beidh an táille fhorordaithe (más ann) in éineacht leis an iarratas.

(4C) Déanfaidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis bhreise a éileoidh an tAire i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo a sholáthar i scríbhinn.

(4D) Féadfar iarratas ar athnuachan údaraithe a dhéanamh laistigh de 3 mhí roimh an dáta a scoireann sé d’fheidhm a bheith aige.

(4E) Diúltófar d’iarratas ar údarú nó ar athnuachan údaraithe dá mba rud é, i dtuairim an Aire, go ndéanfaí dochar do shábháilteacht nó do shlándáil an phobail dá ndeonófaí é.

(4F) Déanfar cinneadh maidir le hiarratas ar údarú nó ar athnuachan údaraithe a thabhairt laistigh de 3 mhí ón dáta a chuireann an t-iarratasóir foirm iarratais chomhlánaithe faoi bhráid an Aire.

(4G) Maidir le húdarú faoin alt seo ar údarú é atá i bhfeidhm, mura rud é gur túisce a chúlghairtear é, leanfaidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana ón dáta a dheonaítear é agus, má athnuaitear é, go ceann tréimhse eile 3 bliana ó dheireadh na tréimhse sin nó, de réir mar a bheidh, ó dheireadh aon tréimhse den sórt sin ina dhiaidh sin a ndéantar an t-údarú a athnuachan ar a feadh.”.

Alt nua 10A sa Phríomh-Acht.

40.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 10 den Phríomh-Acht:

“Amuinisean a athlódáil.

10A.— (1) Beidh aon duine (seachas déileálaí cláraithe arm tine nó sealbhóir ar cheadúnas faoin alt seo) a dhéanfaidh amuinisean a athlódáil ciontach i gcion.

(2) Beidh iarratas ar cheadúnas faoin alt seo san fhoirm fhorordaithe, beidh an táille forordaithe (más ann) ag gabháil leis agus is ar cheannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir a dhéanfar é.

(3) Ní dheonóidh ceannfort ceadúnas faoin alt seo mura deimhin leis nó léi go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go sealbhaíonn an t-iarratasóir deimhniú airm tine;

(b) nach gcuirfidh athlódáil amuinisin, sna himthosca áirithe, sábháilteacht nó slándáil an phobail nó an tsíocháin i mbaol;

(c) go bhfuil riachtanas speisialta ag an duine ar leor é, i dtuairim an cheannfoirt, le gur ceart an ceadúnas a dheonú;

(d) go bhfuil an t-iarratasóir inniúil ar amuinisean a athlódáil;

(e) go bhfuil an t-áitreabh ina bhfuil an athlódáil le déanamh sách slán agus sách daingean chun na críche sin.

(4) Féadfaidh an ceannfort aon tráth—

(a) cibé coinníollacha breise a chur ag gabháil leis an gceadúnas ar dóigh leis nó léi is gá chun baol do dhaoine den phobal nó don tsíocháin a chosc nó chun a chinntiú nach ndéanfar amuinisean a athlódáil ach amháin chun freastal ar riachtanas speisialta an iarratasóra, agus

(b) aon cheann de na coinníollacha sin a athrú chun na críche sin.

(5) Maidir leis an gceadúnas—

(a) beidh sé san fhoirm fhorordaithe,

(b) deonófar é le haghaidh tréimhse sonraithe nach faide ná 3 bliana, agus

(c) féadfaidh an ceannfort é a chúlghairm más rud é nach deimhin leis nó léi a thuilleadh go bhfuil aon choinníoll a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo á chomhlíonadh nó go gcomhlíonfar é.

(6) Aon duine nach gcomhlíonfaidh coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) den alt seo, gan leithscéal réasúnach a bheith ann chuige sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, an chainníocht uasta amuinisin, agus an cineál comhpháirteanna amuinisin, a shonrú a fhéadfaidh duine a shealbhaíonn ceadúnas faoin alt seo, nó a fhéadfaidh déileálaí cláraithe airm tine, a cheannach, a dhíol, a stóráil nó a úsáid chun amuinisean a athlódáil.

(8) San alt seo, ciallaíonn “amuinisean a athlódáil” amuinisean a dhéanamh as amuinisean caite, agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

41.— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) go bhfuil sé tar éis teacht chun bheith ina dhuine nó ina duine a ndearbhaítear faoi alt 9(13) den Acht seo ina leith gur duine é nó í nach bhfuil i dteideal a a bheith cláraithe sa chlár de dhéileálaithe arm tine,”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon duine a mbaintear a ainm den chlár de dhéileálaithe arm tine faoin alt seo, déanfaidh sé, ar a ainm nó a hainm a bhaint amhlaidh, na nithe seo a leanas a thabhairt suas láithreach don Aire—

(a) deimhniú clárúcháin nó athnuachana an duine, agus

(b) an clár a choimeádann an duine faoi fho-alt (1) d’alt 12 den Acht seo.

(4) Tá aon duine a sháraíonn fo-alt (3) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó nó €3,000 a chur air nó uirthi.”.

Alt nua a chur in ionad alt 15 den Phríomh-Acht.

42.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 15 den Phríomh-Acht:

“Seilbh ar airm thine le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis.

15.— (1) Aon duine ag a bhfuil seilbh nó rialú ar aon arm tine nó amuinisean—

(a) le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis nó díobháil mhór a dhéanamh do mhaoin, nó

(b) le hintinn a chur ar chumas aon duine eile duine a chur i gcontúirt bháis nó díobháil mhór a dhéanamh do mhaoin leis an arm tine nó leis an amuinisean,

beidh sé nó sí, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon díobháil do dhuine nó do mhaoin dá dheasca sin, ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi, faoi réir fho-ailt (4) go (6) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air nó uirthi,

agus forghéillfear an t-arm tine nó an t-amuinisean lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona faoin alt seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(4) I gcás ina gciontófar duine (seachas duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, le linn pionós a fhorchur, a shonrú gur téarma príosúnachta nach giorra ná 10 mbliana an téarma príosúnachta íosta a bheidh le cur isteach ag an duine.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d’fhágfadh gur phianbhreith mhíchóir sna himthosca go léir pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana agus, chun na críche seo, féadfaidh an chúirt aird a bheith aici ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má phléadáil—

(i) an tráth a cuireadh in iúl gur beartaíodh pléadáil ciontach,

(ii) na himthosca inar cuireadh an méid sin in iúl,

agus

(b) ar thug an duine cúnamh ábhartha maidir leis an gcion a imscrúdú.

(6) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (5) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici go háirithe ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a chiontaítear sa chion, a chiontú roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar airm thine a shealbhú nó a úsáid go neamhdhleathach, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(7) Maidir le fo-ailt (4) go (6) den alt seo, níl feidhm acu, ná níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoin alt seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (8)(b) den alt seo), agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoin alt seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(8) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoin alt seo,

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoin alt seo agus gur ciontaíodh é nó í roimhe i gcion faoi alt 26, 27, 27A nó 27B d’Acht na nArm Tine 1964 nó faoi alt 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine.

(9) Tá feidhm ag alt 27C d’Acht na nArm Tine 1964 maidir le himeachtaí i leith ciona faoin alt seo agus maidir le haon téarma príosúnachta íosta a fhorchuirtear sna himeachtaí sin faoi fho-alt (4) nó (8) den alt seo.”.

Alt nua 15A sa Phríomh-Acht.

43.— Cuirtear an t-ált seo a leanas isteach i ndiaidh alt 15 den Phríomh-Acht:

“Achomharc chun na Cúirte Dúiche.

15A.— (1) Féadfaidh duine arb éagóir leis nó léi aon cheann de na cinntí seo a leanas arna ndéanamh ag duine eisiúna achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche:

(a) diúltú deimhniú oiliúna arm tine a dheonú faoi alt 2A den Acht seo;

(b) diúltú deimhniú airm tine a dheonú nó a athnuachan faoi alt 3 den Acht seo;

(c) diúltú údarú do chlub raidhfil nó piostail nó do raon lámhaigh a dheonú nó a athnuachan faoi alt 4A den Acht seo;

(d) deimhniú airm tine a chúlghairm faoi alt 5 den Acht seo;

(e) diúltú duine a chlárú, nó clárú a athnuachan, sa chlár de dhéileálaithe arm tine faoi alt 9 den Acht seo;

(f) údarú a dheonú nó a athnuachan faoi alt 10 den Acht seo;

(g) ainm duine a bhaint den chlár de dhéileálaithe arm tine faoi alt 11 den Acht seo;

(h) diúltú ceadúnas a dheonú faoi alt 10A den Acht seo;

(i) diúltú údarú a dheonú faoi alt 16(1) den Acht seo;

(j) diúltú ceadúnas a dheonú i gcomhair allmhairiú arm tine nó amuinisin nó airm thoirmiscthe faoi alt 17 den Acht seo nó diúltú ceadúnas den sórt sin nó coinníollacha arna n-ainmniú ann a athrú;

(k) diúltú deimhniú airm tine a athnuachan faoi alt 9 d’Acht na nArm Tine 1964; nó

(l) diúltú deimhniú airm tine a dheonú, nó deimhniú den sórt sin a chúlghairm, faoi alt 2 d’Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000.

(2) Déanfar achomharc laistigh de 30 lá ón tráth a fhaightear fógra i dtaobh an chinnidh lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an Chúirt ar an achomharc—

(a) an cinneadh a dhaingniú,

(b) na himeachtaí a chur ar atráth agus a ordú don duine eisiúna an cinneadh a athbhreithniú i bhfianaise na n-imeachaí achomhairc, nó

(c) an t-achomharc a cheadú.

(4) I gcás ina gceadaítear an t-achomharc, tabharfaidh an duine eisiúna éifeacht do chinneadh na Cúirte.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) maidir le duine eisiúna—

(i) ar a gceanglaítear faoi alt 3(9), 4A(7) nó 10(4F) cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe, agus

(ii) nach ndéanann cinneadh amhlaidh,

measfar ina leith go bhfuil cinneadh déanta aige nó aici diúltiú an t-iarratas a dheonú,

(b) meastar fógra faoin gcinneadh a bheith faighte ag an iarratasóir ag deireadh na tréimhse sin, agus

(c) de réir mar a bheidh, níl feidhm ag alt 3(10) i ndáil leis an iarratas.

(6) Déanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don dúiche ina gcónaíonn an t-achomharcóir nó ina seolann sé nó sí gnó an dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche leis an alt seo a fheidhmiú.”.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

44.— Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) D’ainneoin fho-ailt (1) go (4) den alt seo, ní dheonófar ceadúnas chun arm tine, amuinisean nó arm toirmiscthe a allmhairiú mura rud é—

(a) go bhfuil cúis mhaith ag an iarratasóir chun é a allmhairiú,

(b) nach ndéanfadh deonú an iarratais dochar do shábháilteacht ná do shlándáil an phobail, agus

(c) má bhaineann an t-iarratas le harm tine srianta nó le hamuinisean srianta, gurb amhlaidh maidir leis an iarratasóir—

(i) más déileálaí cláraithe é nó í, go sealbhaíonn sé nó sí údarú faoi alt 10 den Acht seo, nó

(ii) in aon chás eile, gur sealbhóir é nó í ar dheimhniú airm tine srianta i leith an airm time nó an amuinisin lena mbaineann,

ar údarú nó deimhniú é atá i bhfeidhm.

(4B) Déanfaidh iarratasóir ar cheadúnas faoin alt seo aon fhaisnéis bhreise a éileoidh an tAire i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo a sholáthar i scríbhinn.

(4C) Déanfar an chúis le hiarratas ar ceadúnas a dhiúltú faoin alt seo, nó le diúltú d’iarratas ar cheadúnas a athnuachan, a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn.”.

Alt nua a chur in ionad alt 25 den Phríomh-Acht.

45.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 25 den Phríomh-Acht:

“Pionóis.

25.— Aon duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo ar cion é nach bhforáiltear aon phionós eile ina leith dlífear, i leith gach ciona den sórt sin—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fineáil nach mó ná €20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Alt nua 25A den Phríomh-Acht.

46.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 25 den Phríomh-Acht:

“Airm thine agus airm ionsaitheacha a thabhairt suas.

25A.— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, tréimhse shonraithe a cheapadh ar lena linn a fhéadfaidh duine aon cheann de na hairm seo a leanas a thabhairt suas ag aon stáisiún Garda nó in aon áit eile atá ceadaithe chun na críche sin ag ceannfort den Gharda Síochána:

(a) arm tine;

(b) smeach-scian;

(c) arm ionsaithe.

(2) Nuair atá arm á thabhairt suas ag duine i rith na tréimhse sonraithe—

(a) tabharfaidh an duine a ainm nó a hainm, a sheoladh nó a seoladh agus cruthúnas ar a chéannacht nó ar a céannacht do chomhalta den Gharda Síochána ag an stáisiún Garda Síochána lena mbaineann, agus

(b) cuirfidh an comhalta in iúl don duine go bhféadfar scrúdú nó tástáil dlí-eolaíochta a dhéanamh ar an arm agus ar aon ní inar tugadh suas é.

(3) Ní thionscnófar imeachtaí mar gheall ar chion i gcoinne aon duine a thugann arm suas faoin alt seo más rud é—

(a) i gcás airm tine, gurb é amháin atá sa chion ná an t-arm tine a shealbhú, a iompar agus a úsáid (seachas i dtaca le cion eile a dhéanamh) gan bheith ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar dheimhniú airm tine, de shárú ar alt 2 den Acht seo, nó

(b) i gcás smeach-sceana nó airm ionsaithe eile, gurb é atá sa chion ná cion faoi alt 9(4) nó 10 (1)(b) d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990.

(4) Féadfar scrúdú nó tástáil dlí-eolaíochta a dhéanamh ar aon arm a thugtar suas nó ar aon substaint nó ní a fhaightear air nó ann nó ar aon ní nó in aon ní inar tugadh suas é—

(a) chun a chinneadh an bhfuil aon arm, substaint nó ní den sórt sin i riocht slán cobhsaí, nó

(b) chun faisnéis a aimsiú maidir le cion seachas cion dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

(5) In aon imeachtaí, beidh arm a thugtar suas agus aon substaint nó ní dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo inghlactha i bhfianaise.

(6) Féadfar arm a tugadh suas a dhiúscairt ar shlí is cuí leis an gCoimisinéir.

(7) San alt seo—

folaíonn “arm tine” amuinisean;

tá le “smeach-scian” an bhrí a thugtar dó in alt 9(9) d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990;

tá le “arm ionsaithe” an bhrí a thugtar dó in alt 10(2) d’Acht sin 1990.”.

Alt nua 25B sa Phríomh-Acht.

47.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 25A:

“Arm tine a thabhairt suas le haghaidh tástála balaistíche.

25B.— (1) Féadfaidh an Coimisinéir le fógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine a shealbhaíonn arm tine go dleathach é a thabhairt ar aird cibé tráth agus cibé áit a shonrófar san fhógra chun tástálacha balaistíocha nó tástálacha eile a dhéanamh air agus chun a shaintréithe a shuíomh agus a thaifeadadh.

(2) Aon duine nach gcomhlíonann fógra den sórt sin, gan leithscéal réasúnach a bheith aige nó aici chuige sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin Acht seo.”.

Alt nua 25C sa Phríomh-Acht.

48.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 25B den Phríomh-Acht:

“Feidhmeanna an Choimisinéara a tharmligean.

25C.— Féadfaidh an Coimisinéir comhalta den Gharda Síochána, nó comhaltaí de chéim áirithe den Gharda Síochána, nach ísle céim ná ceannfort, a cheapadh i scríbhinn chun aon cheann d’fheidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo a chomhlíonadh.”.

Alt nua 25D sa Phríomh-Acht.

49.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 25C:

“Dliteanas oifigeach de chuid comhlachtaí corpraithe.

25D.— (1) Más rud é—

(a) go ndéanann comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo, agus

(b) go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú, cúlcheadú nó ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, duine—

(i) ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó

(ii) ba dhuine a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin,

tá an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne, agus é nó í a phionósú, amhail is dá mbeadh an duine ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistiú ag a chomhaltaí, tá feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca le feidhmeanna bainistíochta an chomhalta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe an comhalta.

(3) Tá feidhm ag na forálacha sin roimhe seo, farais na modhnuithe is gá, i gcás an cion a bheith déanta ag comhlacht neamhchorpraithe.”.

Alt nua a chur in ionad alt 27 den Phríomh-Acht.

50.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 27 den Phríomh-Acht:

“Rialacháin.

27.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú nó is ábhar do rialacháin nó d’fhonn a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil dá chuid forálacha.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith sna rialacháin is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán.

(3) Is le toiliú an Aire Airgeadais a dhéanfar rialacháin lena bhforordófar táillí.”.

Alt nua 27A sa Phríomh-Acht.

51.— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 27 den Phríomh-Acht:

“Orduithe nó rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

27A.— Déanfar ordú nó rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis é a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.”.

Leasú ar Acht na nArm Tine 1964

Leasú ar alt 1 d’Acht na nArm Tine 1964.

52.— Leasaítear alt 1 d’Acht na nArm Tine 1964—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “an Coimisinéir” agus “an tAire”:

“ciallaíonn “ an Coimisinéir ” Coimisinéir an Gharda Síochána nó comhalta den Gharda Síochána, nó comhaltaí de chéim áirithe sa Gharda Síochána, nach ísle céim ná ceannfort arna cheapadh, arna ceapadh nó arna gceapadh i scríbhinn ag an gCoimisinéir chun aon cheann d’fheidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo a chomhlíonadh;

ciallaíonn “ an tAire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Coimisinéir”:

“folaíonn “ arm tine ” arm tine srianta, mura bhforáiltear a mhalairt nó mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;”.

Alt nua a chur in ionad alt 9 d’Acht na nArm Tine 1964.

53.— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 9 d’Acht na nArm Tine 1964:

“Deimhniú airm tine a athnuachan.

9.— (1) Féadfaidh an Coimisinéir ó am go ham deimhniú airm tine arna dheonú aige nó aici a athnuachan.

(2) Féadfaidh ceannfort an cheantair ina gcónaíonn sealbhóir deimhnithe den sórt sin athnuachan a dhéanamh ó am go ham ar dheimhniú den sórt sin.

(3) Féadfaidh ceannfort ceantair ina gcónaíonn sealbhóir deimhnithe airm tine athnuachan a dhéanamh ó am go ham ar dheimhniú airm tine a dheonaigh ceannfort.

(4) Féadfaidh cigire nó sáirsint den Gharda Síochána sa cheantar ina gcónaíonn sealbhóir deimhnithe airm tine arna eisiúint ag ceannfort athnuachan a dhéanamh ó am go ham ar an deimhniú.

(5) Féadfaidh ceannfort, nó comhalta eile den Gharda Síochána, atá údaraithe faoin alt seo chun deimhniú airm tine a athnuachan (“comhalta údaraithe”) diúltú é a athnuachan, nó féadfaidh sé nó sí aon choinníollacha a bhfuil sé faoina réir faoi alt 4(2)(g) den Phríomh-Acht a athrú, más rud é amháin go bhfuil ceadú tugtha roimh ré ag an gCoimisinéir nó ag an gceannfort, de réir mar a bheidh, chun déanamh amhlaidh sa chás áirithe.

(6) Maidir le hiarratas ar athnuachan deimhnithe airm tine—

(a) beidh sé san fhoirm fhorordaithe,

(b) beidh an táille fhorordaithe (más ann) ag gabháil leis, agus

(c) féadfar é a dhéanamh laistigh de mhí amháin roimh dhul in éag don deimhniú.

(7) Beidh athnuachan deimhnithe airm tine san fhoirm fhorordaithe.

(8) Roimh dheimhniú airm tine a athnuachan, beidh comhalta údaraithe den tuairim go ndearnadh na coinníollacha a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh agus go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha sin le linn na tréimhse a bhfuil an deimhniú á athnuachan ar a feadh.

(9) Tar éis deimhniú airm tine a athnuachan, féadfaidh comhalta údaraithe, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, aon choinníollacha a bhfuil an deimhniú faoina réir faoi alt 4(2)(g) den Phríomh-Acht a athrú má tá sé nó sí den tuairim gur gá athrú den sórt sin ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil an phobail.”.

Leasú ar alt 11 d’Acht na nArm Tine 1964

54.— Leasaítear alt 11 d’Acht na nArm Tine 1964

(a) i bhfo-alt (1), trí “an tAire nó an Coimisinéir an tuairisc ar an arm tine eile a chur in ionad na tuairisce ar arm tine i ndeimhniú airm tine a thug sé nó sí” a chur in ionad “an tAire an tuairisc ar an arm tine eile a chur in ionad na tuairisce ar arm tine i ndeimhniú airm tine a thug sé”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí na nithe seo a leanas a chur isteach

(i) “(seachas arm tine srianta)” i ndiaidh “arm tine” sa dara háit ina bhfuil sé, agus

(ii) “an tuairisc ar arm tine eile den sórt sin” a chur in ionad “an tuairisc ar arm tine eile”

Leasú ar alt 13 d’Acht na nArm Tine 1964.

55. Leasaítear alt 13 d’Acht na nArm Tine trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) San alt seo, ní fholaíonn tagairtí d’arm tine agus d’amuinisean tagairtí d’arm tine srianta nó d’amuinisean srianta.

(8) Tá an t-alt seo gan dochar d’fho-ailt (4A) go (4G) d’alt 10 den Phríomh-Acht.”.

Leasú ar alt 21 d’Acht na nArm Tine 1964.

56. Leasaítear alt 21 d’Acht na nArm Tine 1964

(a) i bhfo-alt (1), trí “nó amuinisin” a chur isteach i ndiaidh “allmhairiú arm tine” agus i ndiaidh “allmhairiú airm tine”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) San alt seo, ní fholaíonn “amuinisean”

(a) comhpháirteanna d’amuinisean, nó

(b) gránáidí, buamaí agus diúracáin eile den tsamhail chéanna nó comhpháirteanna díobh.”.

Alt nua a chur in ionad alt 26 d’Acht na nArm Tine 1964.

57. Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 26 d’Acht na nArm Tine 1964:

“Arm tine a bheith ag duine agus é nó í ag tógáil feithicle gan údarás.

26.— (1) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) d’alt 112 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, agus a mbeidh tráth an tsáraithe sin arm tine nó arm tine bréige aige nó aici, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi, faoi réir fho-ailt (4) go (6) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air nó uirthi.

(3) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine mar gheall ar chion faoin alt seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(4) I gcás ina gciontófar duine (seachas duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, le linn pionós a fhorchur, a shonrú gur téarma príosúnachta nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta a bheidh le cur isteach ag an duine.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d’fhágfadh go mbeadh an téarma íosta míchóir sna himthosca go léir agus, chun na críche seo, féadfaidh an chúirt aird a bheith aici ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má phléadáil—

(i) an tráth a cuireadh in iúl gur beartaíodh pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar cuireadh an méid sin in iúl,

agus

(b) ar thug an duine cúnamh ábhartha maidir leis an gcion a imscrúdú.

(6) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (5) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici go háirithe ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a chiontaítear sa chion, a chiontú roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar airm thine a shealbhú nó a úsáid go neamhdhleathach, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(7) Maidir le fo-ailt (4) go (6) den alt seo, níl feidhm acu, ná níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoin alt seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (8)(b) den alt seo), agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoin alt seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(8) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoin alt seo,

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoin alt seo agus gur ciontaíodh é nó í roimhe i gcion faoi alt 15 den Phríomh-Acht, faoi alt 27, 27A nó 27B den Acht seo nó faoi alt 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine.

(9) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh gur chun críche dleathaí a bhí an t-arm tine nó an t-arm tine bréige aige nó aici nuair a bhí an gníomh a líomhnaítear gurb é an cion é faoi fho-alt (1) den alt sin 112 á dhéanamh aige nó aici.

(10) Tá feidhm ag alt 27C den Acht seo maidir le himeachtaí i leith ciona faoin alt seo agus maidir le haon téarma príosúnachta íosta a fhorchuirtear sna himeachtaí sin faoi fho-alt (4) nó (8) den alt seo.”.

Alt nua a chur in ionad alt 27 d’Acht na nArm Tine 1964.

58. Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 27 d’Acht na nArm Tine 1964:

“Toirmisctear airm thine a úsáid chun cabhrú nó cuidiú le héalú.

27.— (1) Ní dhéanfaidh aon duine arm tine nó arm tine bréige a úsáid nó a thaispeáint—

(a) chun comhrac, nó le linn a bheith ag comhrac, in aghaidh ghabháil an duine nó duine eile ag comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) chun cabhrú, nó i gcúrsa cabhrú, le héalú nó tarrtháil an duine nó duine eile ó choimeád dleathach.

(2) Tá aon duine a sháraíonn fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi, faoi réir fho-ailt (4) go (6) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air nó uirthi.

(3) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona faoin alt seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(4) I gcás ina gciontófar duine (seachas duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, le linn pionós a fhorchur, a shonrú gur téarma príosúnachta nach giorra ná 10 mbliana an téarma príosúnachta íosta a bheidh le cur isteach ag an duine.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d’fhágfadh go mbeadh an phianbhreith íosta míchóir sna himthosca go léir agus, chun na críche seo, féadfaidh an chúirt aird a bheith aici ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má phléadáil—

(i) an tráth a cuireadh in iúl gur beartaíodh pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar cuireadh an méid sin in iúl,

agus

(b) ar thug an duine cúnamh ábhartha maidir leis an gcion a imscrúdú.

(6) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (5) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici, go háirithe, ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a chiontaítear sa chion a chiontú roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar airm thine a shealbhú nó a úsáid go neamhdhleathach, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(7) Maidir le fo-ailt (4) go (6) den alt seo, níl feidhm acu, ná níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoin alt seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (8)(b) den alt seo), agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoin alt seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(8) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoin alt seo,

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoin alt seo agus gur ciontaíodh é nó í roimhe i gcion faoi alt 15 den Phríomh-Acht, faoi alt 26, 27A nó 27B den Acht seo nó faoi alt 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 10 mbliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine.

(9) Tá feidhm ag alt 27C den Acht seo maidir le himeachtaí i leith ciona faoin alt seo agus maidir le haon téarma príosúnachta íosta a fhorchuirtear sna himeachtaí sin faoi fho-alt (4) nó (8) den alt seo.”.

Alt nua a chur in ionad alt 27A d’Acht na nArm Tine 1964.

59. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 27A d’Acht na nArm Tine 1964:

“Arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú in imthosca amhrasacha.

27A.— (1) Is cion é do dhuine arm tine a bheith ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú in imthosca a thabharfadh mar thátal réasúnach nach chun críche dleathaí atá sé ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú, mura rud é gur chun críche dleathaí atá sé ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú

(2) Maidir le duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide na 14 bliana, nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi faoi réir fho-ailt (4) go (6) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air nó uirthi.

(3) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona faoin alt seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(4) I gcás ina gciontófar duine (seachas duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, le linn pionós a fhorchur, a shonrú gur téarma príosúnachta nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta a bheidh le cur isteach ag an duine.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d’fhágfadh go mbeadh an téarma íosta míchóir sna himthosca go léir agus, chun na críche seo, féadfaidh an chúirt aird a bheith aici ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má phléadáil—

(i) an tráth a cuireadh in iúl gur beartaíodh pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar cuireadh an méid sin in iúl,

agus

(b) ar thug an duine cúnamh ábhartha maidir leis an gcion a imscrúdú.

(6) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (5) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici, go háirithe, ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a chiontaítear sa chion a chiontú roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar airm thine a shealbhú nó a úsáid go neamhdhleathach, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(7) Maidir le fo-ailt (4) go (6) den alt seo, níl feidhm acu, ná níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoin alt seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (8)(b) den alt seo), agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoin alt seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(8) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoin alt seo,

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoin alt seo agus gur ciontaíodh é nó í roimhe i gcion faoi alt 15 den Phríomh-Acht, faoi alt 15 den Phríomh-Acht, faoi alt 26, 27 nó 27B den Acht seo nó faoi alt 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine.

(9) Tá feidhm ag alt 27C den Acht seo maidir le himeachtaí i leith ciona faoin alt seo agus maidir le haon téarma príosúnachta íosta a fhorchuirtear sna himeachtaí sin faoi fho-alt (4) nó (8) den alt seo.

(10) Le linn alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse) 1976 a chur i bhfeidhm maidir leis an alt seo, toimhdeofar, mura rud é go suífear a mhalairt, go bhfuil críoch atá neamhdhleathach sa Stát neamhdhleathach i dTuaisceart Éireann.”.

Alt nua a chur in ionad alt 27B d’Acht na nArm Tine 1964.

60. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 27B d’Acht na nArm Tine 1964:

“Arm tine a iompar le hintinn choiriúil.

27B.— (1) Is cion é do dhuine arm tine, nó arm tine bréige, a bheith leis nó léi le hintinn—

(a) cion indíotáilte a dhéanamh, nó

(b) comhrac in aghaidh ghabháil an duine nó duine eile nó cosc a chur ar ghabháil an duine nó duine eile,

agus, i gceachtar cás, an t-arm tine nó an t-arm tine bréige a bheith leis.

(2) Maidir le haon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi, faoi réir fho-ailt (4) go (6) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air nó uirthi.

(3) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona faoin alt seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(4) I gcás ina gciontófar duine (seachas duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, le linn pionós a fhorchur, a shonrú gur téarma príosúnachta nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta a bheidh le cur isteach ag an duine.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d’fhágfadh go mbeadh an téarma íosta míchóir sna himthosca go léir agus, chun na críche seo, féadfaidh an chúirt aird a bheith aici ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má phléadáil—

(i) an tráth a cuireadh in iúl gur beartaíodh pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar cuireadh an méid sin in iúl,

agus

(b) ar thug an duine cúnamh ábhartha maidir leis an gcion a imscrúdú.

(6) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (5) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici, go háirithe, ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a chiontaítear sa chion a chiontú roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar airm thine a shealbhú nó a úsáid go neamhdhleathach, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(7) Maidir le fo-ailt (4) go (6) den alt seo, níl feidhm acu, ná níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoin alt seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (8)(b) den alt seo), agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoin alt seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(8) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoin alt seo,

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoin alt seo agus gur ciontaíodh é nó í roimhe i gcion faoi alt 15 den Phríomh-Acht, faoi alt 26, 27 nó 27A den Acht seo nó faoi 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine.

(9) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo beidh cruthú, maidir leis an gcúisí, go raibh arm tine nó arm tine bréige leis nó léi agus go raibh beartaithe aige nó aici cion indíotáilte a dhéanamh nó gabháil a chomhrac nó a chosc ina fhianaise go raibh beartaithe aige nó aici é a bheith leis le linn sin a dhéanamh.

(10) Tá feidhm ag alt 27C den Acht seo maidir le himeachtaí i leith ciona faoin alt seo agus maidir le haon téarma príosúnachta íosta a fhorchuirtear sna himeachtaí sin faoi fho-alt (4) nó (8) den alt seo.”.

Alt nua 27C in Acht na nArm Tine 1964

61. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach in Acht na nArm Tine 1964 i ndiaidh alt 27B:

“Forálacha a bhaineann le pianbhreith-eanna íosta faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006.

27C.— (1) San alt seo, ciallaíonn “téarma príosúnachta íosta” téarma arna shonrú ag cúirt—

(a) faoi alt 15 den Phríomh-Acht,

(b) faoi alt 26, 27, 27A nó 27B den Acht seo, agus

(c) faoi alt 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990

lúide aon laghdú ar an tréimhse príosúnachta faoi fho-alt (3) den alt seo.

(2) Maidir leis an gcumhacht chun pionós a iomalartú nó a loghadh, ar cumhacht í a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951, níl feidhm aici maidir le téarma príosúnachta íosta.

(3) Na rialacha nó an cleachtas faoinar féidir le príosúnaigh loghadh pianbhreithe a thuilleamh i gcoitinne trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu maidir le duine a mbeidh téarma íosta den sórt sin á chur isteach aige nó aici.

(4) Maidir le haon chumhacht a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 arna chur chun feidhme le halt 4 d’Acht na bPríosún 1970 chun duine a mbeidh pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige nó aici a scaoileadh saor go sealadach, ní fheidhmeofar í le linn téarma íosta príosúnachta mura rud é go bhfuil cúis thromaí de chineál daonchairdiúil ann ina leith sin, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor a dheonófar amhlaidh ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint don chúis sin.”.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil 1984

Leasú ar alt 15 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

62. — Leasaítear alt 15 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 trí “€2,500” a chur in ionad £1,000”.

Leasú ar Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 2000

Leasú ar Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990.

63. — Leasaítear Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990—

(a) trí alt 4 a aisghairm,

(b) in alt 6(1), trí “mír (f) den mhíniú ar “arm tine” in alt 1(1) den Phríomh-Acht” a chur in ionad “alt 4 (1) (f)”, agus

(c) in alt 7(8), trí “i mír (g)(ii) den mhíniú ar “arm tine” in alt 1(1) den Phríomh-Acht” a chur in ionad “in alt 4(1) (g)”.

Alt nua 8A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990.

64. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 8 d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990:

“Leasuithe eile ar Achtanna na nArm Tine.

8A.— Déantar gach foráil d’Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006 a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 a leasú ar an modh a shonraítear sa tríú colún agus sa cheathrú colún os coinne lua na forála sin sa chéad cholún den Sceideal sin.”.

Alt nua 12A d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990.

65. — Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 12 d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990:

“Bairille gunna gráin nó raidhfil a ghiorrú.

12A.— (1) (a) a ghiorraíonn bairille gunna gráin go fad atá níos lú ná 61 cheintiméadar, nó

(b) bairille raidhfil a ghiorrú go fad atá níos lú ná 50 ceintiméadar,

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Ní cion é faoi fho-alt (1) do dhéileálaí cláraithe arm tine bairille gunna gráin nó raidhfil a ghiorrú go fad atá níos lú ná 61 cheintiméadar nó 50 ceintiméadar faoi seach más rud é gurb é amháin is cúis le déanamh amhlaidh ná bairille nach bhfuil níos lú 61 cheintiméadar nó 50 ceintiméadar, de réir mar a bheidh, a chur in ionad cuid lochtach den bhairille.

(3) Is cion é do dhuine aon ní atá cosúil le harm tine, ach nach féidir diúracán a chaitheamh, a athrú ina arm tine.

(4) Faoi réir fho-alt (5), is cion é arm tine a mhodhnú ionas go bhfágtar go bhfuil a mheicníocht athlódála go hiomlán uathoibríoch go méadaítear a chailibre is cuma an arm tine srianta an t-arm tine, arna mhodhnú amhlaidh.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) maidir le harm tine atá deartha agus monaraithe ionas gur féidir bairillí ag a bhfuil cailibrí éagsúla a cheangal de.

(6) Is cion é do dhuine (seachas déileálaí cláraithe arm tine) na nithe seo a leanas a shealbhú gan údarú dleathach nó leithscéal réasúnach—

(a) gunna gráin a bhfuil a bhairille níos lú ná 61 cheintiméadar ar fad,

(b) raidhfil a bhfuil a bhairille níos lú ná 50 ceintiméadar ar fad,

(c) arm tine athraithe a luaitear i bhfo-alt (3), nó

(d) arm tine atá modhnaithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (4).

(7) Maidir le haon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt a chur air nó uirthi, faoi réir fho-ailt (9) go (11) den alt seo nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (13) den alt seo, faoi réir an fho-ailt sin, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air nó uirthi.

(8) Féadfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine i leith ciona faoin alt seo, aird a bheith aici, go háirithe, i dtaobh ar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(9) I gcás ina gciontófar duine (seachas duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, a shonrú gur téarma príosúnachta nach giorra ná 5 bliana (dá ngairtear “an téarma príosúnachta íosta” san alt seo) an téarma príosúnachta íosta a bheidh le cur isteach ag an duine.

(10) Níl feidhm ag fo-alt (9) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d’fhágfadh go mbeadh an téarma príosúnachta íosta míchóir sna himthosca go léir agus, chun na críche seo, féadfaidh an chúirt aird a bheith aici ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má phléadáil—

(i) an tráth a cuireadh in iúl gur beartaíodh pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar cuireadh an méid sin in iúl,

agus

(b) ar thug an duine cúnamh ábhartha maidir leis an gcion a imscrúdú.

(11) Féadfaidh an chúirt, le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (10) den alt seo i dtaobh an bhfuil pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana míchóir sna imthosca go léir, aird a bheidh aici, go háirithe, ar na nithe seo a leanas—

(a) an ndearnadh an duine a chiontaítear sa chion a chiontú roimhe sin i gcion faoi Achtanna na nArm Tine 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, agus

(b) an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail, i dtaca le cosc a chur ar airm thine a shealbhú nó a úsáid go neamhdhleathach, dá bhforchuirfí pianbhreith níos giorra.

(12) Maidir le fo-ailt (9) go (11) den alt seo, níl feidhm acu, ná níl éifeacht leo, ach amháin i ndáil le duine a chiontaítear i gcéad chion faoin alt seo (seachas duine a thagann faoi réim fho-alt (13)(b) den alt seo), agus, dá réir sin, tá tagairtí sna fo-ailt chéadluaite sin do chion faoin alt seo le forléiriú mar thagairtí do chéad chion den sórt sin.

(13) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) go gciontaítear é nó í i ndara cion nó i gcion ina dhiaidh sin faoin alt seo,

(b) go gciontaítear é nó í i gcéad chion faoin alt seo agus gur ciontaíodh é nó í roimhe i gcion faoi alt 15 den Phríomh-Acht nó faoi alt 26, 27A nó 27B d’Acht na nArm Tine 1964,

sonróidh an Chúirt, le linn pianbhreith a fhorchur, gur príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana an téarma príosúnachta íosta atá le cur isteach ag an duine.

(14) Tá feidhm ag alt 27C d’Acht na nArm Tine 1964 maidir le himeachtaí i leith ciona faoin alt seo agus maidir le haon téarma príosúnachta íosta a fhorchuirtear sna himeachtaí sin faoi fho-alt (9) nó (13) den alt seo.”.

Leasú ar alt 1 d’Acht na nArm Tine (Deimhniú Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000.

66. — Leasaítear alt 1 d’Acht na nArm Tine (Deimhniú Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Acht 1976”—

“ciallaíonn “Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána nó comhalta den Gharda Síochána, nó comhaltaí de chéim áirithe sa Gharda Síochána, nach ísle céim ná ceannfort a cheapfaidh an Coimisinéir i scríbhinn chun aon cheann d’fheidhmeanna an Choimisinéara a chomhlíonadh faoin Acht seo;”,

agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Príomh-Acht”:

“ciallaíonn “arm tine srianta” arm tine a ndearbhaítear ina leith faoi alt 2B(a) den Phríomh-Acht seo gur arm tine srianta é;”,

Leasú ar alt 2 d’Acht na nArm Tine (Deimhniú Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000.

67. — Leasaítear alt 2 d’Acht na nArm Tine (Deimhniú Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, chun an Choimisinéara” a chur isteach i ndiaidh “chun an Aire” agus trí “, an Coimisinéir” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) i gcás inar arm tine srianta an t-arm tine agus nach bhfuil sé beartaithe ach amháin chun na gcríoch a luaitear i mír (a), is chun an Aire nó chun an Choimisinéara a dhéanfar é,”,

(c) i bhfo-alt (4), trí “nó (aa)” a chur isteach i ndiaidh “mír (a)”, agus

(d) i bhfo-alt (5), trí “, chun an Choimisinéara” a chur isteach i ndiaidh “chun an Aire”.