An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 6 Leasú ar an Explosives Act 1875 ) Ar Aghaidh (CUID 8 Mí-Úsáid Drugaí )

26 2006

TODO

CUID 7

Coireacht Eagraithe

Léiriú (Cuid 7)

70. — (1) Sa Chuid seo—

folaíonn “gníomh” neamhghníomh agus folaíonn tagairt do ghníomh a dhéanamh tagairt do ghníomh a fhágáil gan déanamh;

ciallaíonn “eagraíocht choiriúil” grúpa struchtúraithe, is cuma conas atá sé eagraithe, ar grúpa é—

(a) ina bhfuil 3 dhuine nó níos mó agus iad ag gníomhú de chomhbheart,

(b) atá bunaithe thar thréimhse ama,

(c) a bhfuil aici mar a príomhchuspóir nó mar a príomhghníomhaíocht cion tromaí amháin nó níos mó a dhéanamh nó a éascú d’fhonn sochar airgeadais nó sochar ábharach eile a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach;

tá le “long Éireannach” an bhrí atá leis in alt 9 den Acht Loingis Thráchtála 1955;

ciallaíonn “cion tromaí” cion a bhféadfar duine a phionósú ina leith le príosúnacht ar feadh téarma 4 bliana nó níos mó:

ciallaíonn “grúpa struchtúraithe” grúpa—

(a) nach bhfoirmítear go randamach chun cion amháin a dhéanamh láithreach, agus

(b) nach gá dó róil atá mínithe go foirmiúil a bheith aige dá chomhaltaí, nach gá dó leanúnachas comhaltais a bheith aige agus nach gá dó struchtúr forbartha a bheith aige.

(2) Chun críocha an ailt seo, maidir le cion a éascú, ní gá go mbeadh eolas ag duine ar chion áirítear a n-éascaítear é a dhéanamh ná ní gá gurb eol do dhuine go ndearnadh cion.

Cion comhcheilge.

71. — (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), aon duine a dhéanann comhcheilg, cibé acu sa Stát nó in áit eile, le duine amháin nó níos mó, chun gníomh a dhéanamh—

(a) sa Stát, ar gníomh é ic cion tromaí, nó

(b) in áit lasmuigh den Stát, ar gníomh é is cion tromaí faoi dhlí na háite sin agus ba chion tromaí é dá ndéanfaí sa Stát é.

tá sé nó sí ciontach i gcion is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar gníomh den sórt sin iarbhír.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le comhcheilg a dhéantar lasmuigh den Stát más rud é—

(a) go ndearnadh an cion, arbh ábhar don chomhcheilg, nó gur beartaíodh é a dhéanamh, sa Stát nó i gcoinne saoránaigh d’Éirinn,

(b) go ndéantar an chomhcheilg ar bord loinge Éireannaí,

(c) go ndéantar an chomhcheilg ar aerárthach atá cláraithe sa Stát, nó

(d) gur saoránach Éireannach, nó duine gan stát a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, a dhéanann an chomhcheilg.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1) freisin maidir le comhcheilg a dhéantar lasmuigh den Stát in imthosca seachas na cinn sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ach sa chás sin ní fhéadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí a thionscnamh, ná toiliú le himeachtaí a thionscnamh, i leith ciona faoi fho-alt (1) ach amháin de réir alt 74 (3).

(4) Aon duine a chúisítear i leith ciona faoin alt seo dlitear é nó í a dhíotáil, a thriail agus a phionósú mar phríomhchiontóir.

(5) Maidir le duine gan stát a bhfuil a phríomháit nó a príomháit chónaithe aige nó aici sa Stát ar feadh an 12 mhí díreach roimh chomhcheilg a dhéanamh, meastar ina leith, chun críocha fho-alt (2), go bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát ar dháta déanta na comhcheilge.

Coireacht eagraithe.

72. — (1) Aon duine a dhéanfaidh go feasach, d’fhonn cur le cumas eagraíochta coiriúla—

(a) cion tromaí a dhéanamh nó a éascú sa Stát, nó

(b) cion tromaí a dhéanamh nó a éascú in áit lasmuigh den Stát, ar cion é faoi dhlí na háite sin agus ba chion tromaí é dá ndéanfaí sa Stát é,

trí ghníomh a dhéanamh—

(i) i gcás lena mbaineann mír (a), cibé acu is laistigh den Stát nó lasmuigh de a dhéantar é, agus

(ii) i gcás lena mbaineann mír (b), ar gníomh é a dhéantar sa Stát, ar bord loinge Éireannaí nó ar aerárthach atá cláraithe sa Stát,

páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht de chuid na heagraíochta, nó a thugann cuidiú i leith gníomhaíochta den sórt sin, tá sé nó sí ciontach i gcion.

(2) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1), ní gá don ionchúiseamh a chruthú—

(a) go ndearna an eagraíocht choiriúil lena mbaineann cion tromaí sa Stát nó cion tromaí faoi dhlí áite lasmuigh den Stát más rud é, maidir leis an ngníomh arb é an cion é, go mba chion tromaí é dá ndéanfaí sa Stát é, de réir mar a bheidh,

(b) gur chuir páirteachas nó cuidiú an duine lena mbaineann le cumas na heagraíochta coiriúla lena mbaineann chun an cion lena mbaineann a dhéanamh, nó

(c) gurbh eol don duine lena mbaineann cineál sonrach aon chiona a d’fhéadfaí a bheith déanta nó éascaithe ag an eagraíocht choiriúil lena mbaineann.

(3) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar ghlac duine páirt in aon ghníomhaíocht de chuid eagraíochta coiriúla, nó ar chuidigh duine le gníomhaíocht den sórt sin, féadfaidh an chúirt breithniú a dhéanamh, inter alia, ar na nithe seo a leanas maidir leis an duine—

(a) an úsáideann an duine ainm, focal, siombail nó léiriú eile trína sainaithnítear an eagraíocht nó atá bainteach leis an eagraíocht, nó

(b) an bhfaigheann an duine aon tairbhe ón eagraíocht.

(4) Chun críocha an ailt seo, maidir le cion a éascú, ní gá go mbeadh eolas ag duine ar chion áirítear a n-éascaítear é a dhéanamh ná ní gá gurb eol do dhuine go ndearnadh cion.

(5) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Cion a dhéanamh thar ceann eagraíochta coiriúla.

73. — (1) Aon duine a dhéanfaidh cion tromaí chun sochair eagraíochta coiriúla, ar threoir ó eagraíocht choiriúil nó i gcomhar le heagraíocht choiriúil, tá sé nó sí ciontach i gcion.

(2) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1), ní gá don ionchúiseamh a chruthú go raibh aithne ag an duine lena mbaineann ar aon duine de na daoine arb iad an eagraíocht choiriúil lena mbaineann iad.

(3) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Imeachtaí a bhaineann le cionta a dhéantar lasmuigh den Stát.

74. — (1) Féadfar imeachtaí i leith ciona faoi alt 71 72 i ndáil le gníomh a rinneadh lasmuigh den Stát a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an gcion chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh san áit sin.

(2) I gcás ina gcúisítear duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní fhéadfar aon imeachtaí breise a thionscnamh maidir leis an ní (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

(3) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí breise a thionscnamh, nó toiliú le himeachtaí breise a thionscnamh, i gcoinne duine i leith ciona maidir le gníomh a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) d’alt 71 maidir leis agus a dhéantar lasmuigh den Stát sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, más deimhin leis nó léi—

(a) gurb amhlaidh—

(i) go bhfuil iarraidh déanta faoi Chuid II den Acht um Eiseachadadh 1965 ag aon tír ar dhuine a thabhairt suas chun é nó í a thriail mar gheall ar chion i leith an ghnímh sin, agus

(ii) go bhfuiltear tar éis diúltú go críochnaitheach don iarraidh (cibé acu de thoradh cinnidh de chuid na cúirte nó ar shlí eile),

(b) gurb amhlaidh—

(i) go bhfuil barántas gabhála Eorpach faighte ó stát eisiúna chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an duine mar gheall ar chion i leith an ghnímh sin, agus

(ii) go bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta nach ceart an barántas gabhála Eorpach a fhormhuiniú lena fhorghníomhú sa Stát faoin Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 nó nach ceart an duine a thabhairt suas don stát eisiúna lena mbaineann,

(c) go bhfuil sé fóirsteanach, mar gheall ar na himthosca speisialta (lena n-áirítear dóchúlacht diúltaithe dá dtagraítear i mír (a)(ii) nó cinneadh dá dtagraítear i mír (b)(ii), ach gan a bheith teoranta do na nithe sin), imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an duine mar gheall ar chion faoi dhlí an Stáit i leith an ghnímh.

(4) San alt seo, tá le “barántas gabhála Eorpach” agus le “stát eisiúna” na bríonna atá leo in alt 2(1) den Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003.

Fianaise in imeachtaí faoin gCuid seo.

75. — (1) In aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 71

(a) maidir le deimhniú atá sínithe ag oifigeach don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ina luaitear—

(i) gur eisigh an an Roinn Stáit sin pas do dhuine ar dháta sonraithe, agus

(ii) de réir mar is fearr is eol don oifigeach agus mar a chreideann sé nó sí, nach bhfuil an duine scortha de bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach,

is fianaise é go raibh an duine ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach ar an dáta a líomhnaítear a rinneadh an cion lena mbaineann, mura suífear a mhalairt, agus

(b) maidir le deimhniú atá sínithe ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó ag duine atá údaraithe aige nó aici agus ina luaitear, maidir le haon cheann de na nithe a shonraítear i mír (a), (b)(c) d’alt 74(3), is fianaise é ar na fíorais atá luaite sa deimhniú, mura suífear a mhalairt.

(2) Mura rud é go suífear a mhalairt, measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina dheimhniú faoi fho-alt (1)

(a) gur deimhniú den sórt sin é,

(b) é a bheith sínithe ag an duine a airbheartaíonn é a bheith sínithe aige nó aici, agus

(c) i gcás deimhnithe arna shíniú le húdarú ón Aire Gnóthaí Eachtracha nó ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, é a bheith sínithe de réir an údaraithe.

Dliteanas i leith cionta arna ndéanamh ag comhlachtaí corpraithe.

76. — (1) Más rud é, maidir le cion a bheidh déanta faoin gCuid seo ag comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí toiliúla ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó aon oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

Contúirt dhúbailte.

77. — Aon duine a éigiontaítear nó a chiontaítear i gcion in áit lasmuigh den Stát, ní thionscnófar imeachtaí ina choinne nó ina coinne—

(a) faoi alt 71 , i leith ciona arb é atá ann an gníomh, nó an chomhcheilg chun an gníomh a dhéanamh, ar gníomh é arb é an cion é, nó

(b) faoi alt 72 , i leith ciona arb é atá ann an gníomh arb é an cion é,

ar cion é ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh an duine ina leith amhlaidh.

Leasú ar Acht 1967.

78. — Leasaítear Acht 1967—

(a) in alt 13(1), trí “nó cion faoi alt 71 , 7273 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006” a chur isteach i ndiaidh “cion dúnmharaithe faoi alt 6 nó 11 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005 nó iarracht an cion sin a dhéanamh”, agus

(b) in alt 29(1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k):

“(l) cion faoi alt 71 , 7273 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997.

79. — Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 28:

“Coireacht Eagraithe

28A.— Cion faoi alt 71, 7273 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.”.