An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 Forbairtí Bonneagair Straitéisigh - Dlínse an Bhoird Pleanála faoin bPríomh-Acht chun déileáil leo )

27 2006

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2004 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000.