|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Thruailliú na Farraige (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Truailliú ó Ola Bhuncair (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) ) |
An tAcht um Thruailliú na Farraige (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1.— (1) Féadfar an tAcht um Thruailliú na Farraige (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Tagann an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Iompair le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna um Thruailliú na Farraige 1991 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Thruailliú na Farraige 1991 go 1999, den mhír seo agus de Chuid 3 den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |
[EN] | (4) Féadfar na hAchtanna Cuanta 1996 go 2006 a ghairm de na hAchtanna Cuanta 1996 go 2005, den mhír seo agus de Chuid 4 le chéile | |
Caiteachais. |
2.— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Iompair ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |