|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Truailliú na Farraige ) |
An tAcht um Thruailliú na Farraige (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Truailliú ó Ola Bhuncair (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) | |
Léiriú (Cuid 2). |
3.— (1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | ciallaíonn “ola bhuncair” aon ola mhianrach hidreacarbóin (lena n-áirítear ola bhealaithe) a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun long a oibriú nó a thiomáint, agus aon iarmhair d’ola den sórt sin; | |
[EN] | folaíonn “cairtfhostóir” cairtfhostóir lánchostais; | |
[EN] | ciallaíonn “Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste mar gheall ar Thruailliú ó Ola Bhuncair 2001, a rinneadh i Londain an 23 Bealtaine 2001; | |
[EN] | ciallaíonn “cúirt Choinbhinsiúin” i ndáil le Stát is Páirtí (seachas an Stát)— | |
[EN] | (a) aon chúirt nó binse ag a bhfuil dlínse faoi dhlí an Stáit sin is Páirtí chun dliteanas a chinneadh i leith damáiste arna thabhú mar gheall ar thruailliú, agus chun cúiteamh a dhámhachtain i leith an chéanna, nó | |
[EN] | (b) aon chúirt nó binse ag a bhfuil dlínse faoi dhlí an Stáit sin is Páirtí— | |
[EN] | (i) chun breithniú a dhéanamh ar aon achomharc i gcoinne breithiúnais, nó | |
[EN] | (ii) chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnas, | |
[EN] | ó chúirt nó ó bhinse dá dtagraítear i mír (a); | |
[EN] | ciallaíonn “Rialachán ón gComhairle” Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle 1 ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás cuain”— | |
[EN] | (a) i gcás cuain lena mbaineann na hAchtanna Cuanta 1946 go 1976, údarás cuain de réir bhrí na nAchtanna sin, | |
[EN] | (b) i gcás cuain atá faoi rialú cuideachta arna bunú de bhun alt 7 den Acht Cuanta 1996, an chuideachta lena mbaineann, | |
[EN] | (c) i gcás lárionaid cuan iascaigh lena mbaineann an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh 1968, an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, | |
[EN] | (d) i gcás cuain atá faoi rialú údaráis áitiúil, an t-údarás áitiúil lena mbaineann, | |
[EN] | (e) i gcás cuain atá faoi bhainistiú Iarnród Éireann — Irish Rail, an comhlacht sin; | |
[EN] | ciallaíonn “cigire” duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas: | |
[EN] | (a)duine a cheapfar go cuí faoi alt 14; | |
[EN] | (b)comhalta de na Buan-Óglaigh a bhfuil céim choimisiúnta aige nó aici, le linn dó nó di a bheith in éide; | |
[EN] | (c)comhalta den Gharda Síochána, le linn dó nó di a bheith in éide; | |
[EN] | (d)maidir leis an gcuan a bhfuil sé nó sí ina mháistir cuain nó ina máistir cuain ann, duine arna cheapadh nó arna ceapadh go cuí ag an údarás cuain lena mbaineann chun bheith ina mháistir cuain nó ina máistir cuain; | |
[EN] | ciallaíonn “long Éireannach” long Éireannach de réir bhrí alt 9 den Acht Loingis Thráchtála 1955; | |
[EN] | ciallaíonn “breithiúnas” breith ó chúirt Choinbhinsiúin arna tabhairt de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin lena ndéantar cúiteamh a dhámhachtain do dhuine i leith damáiste arna thabhú aige nó aici mar gheall ar thruailliú; | |
[EN] | ciallaíonn “féichiúnaí breithiúnais” an duine ar ina choinne nó ina coinne a thug cúirt Choinbhinsiúin breithiúnas críochnaitheach; | |
[EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001; | |
[EN] | folaíonn “máistir”, i ndáil le long, an bainisteoir nó an t-oibritheoir nó iad araon; | |
[EN] | ciallaíonn “Ballstát” Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát agus an Danmhairg; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le hordú nó le rialacháin arna dhéanamh nó arna ndéanamh ag an Aire faoin gCuid seo; | |
[EN] | ciallaíonn “Stát is Páirtí” stát (seachas an Stát) a ndearbhaítear ina leith, le hordú faoi alt 4, gur Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún é. | |
[EN] | (2) (a) Folaíonn tagairt sa Chuid seo don Stát— | |
[EN] | (i) tagairt d’uiscí intíre an Stáit, | |
[EN] | (ii) tagairt d’fharraigí teorann an Stáit agus don ghrinneall agus don fho-ithir faoi na farraigí sin, agus | |
[EN] | (iii) faoi réir mhír (b), tagairt d’aon limistéar atá laistigh de líne a bhfuil gach pointe di 200 míle farraige ó na bunlínte chun críocha na nAchtanna um Dhlínse Mhuirí 1959 go 1988, agus do na huiscí os a chionn. | |
[EN] | (b) Ní fhorléireofar aon ní i mír (a)(iii) mar ní is éileamh ag an Stát ar aon limistéar— | |
[EN] | (i) atá faoi dhlínse stáit seachas an Stát, agus | |
[EN] | (ii) a n-aithníonn an Stát é a bheith faoin dlínse sin. | |
[EN] | (3) Tá le focal nó abairt a úsáidtear sa Chuid seo agus a úsáidtear freisin sa Choinbhinsiún an bhrí sa Chuid seo atá leis nó léi sa Choinbhinsiún. | |
Orduithe. |
4.— (1) Féadfaidh an tAire le hordú— | |
[EN] | (a) a dhearbhú gur Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún é aon stát a shonrófar san ordú agus beidh ordú den sórt sin ina fhianaise gur Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún é an Stát sin, | |
[EN] | (b) dearbhú a dhéanamh chun críocha Airteagal 7.15 den Choinbhinsiún, | |
[EN] | (c) táillí a fhorordú ar táillí iad is iníoctha de bhun alt 9(8). | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú ordú arna dhéanamh aige nó aici faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
Rialacháin. |
5.— Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha na Coda seo agus an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear deimhnithe a eisiúint faoi alt 9. | |
Orduithe agus Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
6.— Déanfar gach ordú agus gach rialachán faoin gCuid seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin nó an rialacháin sin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. | |
Beidh feidhm dlí ag an gCoinbhinsiún. |
7.— (1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo beidh feidhm dlí ag an gCoinbhinsiún sa Stát agus tabharfar aird bhreithiúnach air. | |
[EN] | (2) Mar áis tagartha, tá téacs an Choinbhinsiúin sa Bhéarla (lena n-áirítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis) leagtha amach sa Sceideal. | |
An réim maidir le teorannú. |
8.— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ Coinbhinsiún 1976 ” an Coinbhinsiún um Theorannú Dliteanais i leith Éileamh Muirí, a rinneadh i Londain an 19 Samhain 1976; | |
[EN] | ciallaíonn “ Prótacal 1996 ” an Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1976, a rinneadh i Londain an 2 Bealtaine 1996. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil dlínse ag an Stát faoin gCoinbhinsiún, ansin beidh feidhm ag Airteagail 6 go 9 de Choinbhinsiún 1976 (arna leasú le hAirteagail 3, 4 agus 5 de Phrótacal 1996). | |
[EN] | (3) Más rud é, de bhun Airteagal 8 de Phrótacal 1996, go ndéanfar na teorainneacha dliteanais (lena n-áirítear aon mhéid amháin nó níos mó de na méideanna a shonraítear sna hAirteagail iomchuí) a leasú go cuí trí na teorainneacha a mhéadú, ansin déanfaidh an tAire, más deimhin leis nó léi gur méadaíodh na teorainneacha dliteanais go cuí, ordú a dhéanamh lena dtabharfar feidhm dlí do na teorainneacha mhéadaithe nua dliteanais. Déanfaidh an tAire dáta a dtiocfaidh na teorainneacha nua i bhfeidhm sa Stát a shonrú san ordú, ar dáta é nach luaithe ná an tráth a dtiocfaidh siad i bhfeidhm go hidirnáisiúnta de réir Phrótacal 1996. | |
[EN] | (4) (a) Chun críche na dteorainneacha dliteanais a shonraítear in Airteagail 6 agus 7 (arna leasú) de Choinbhinsiún 1976, glacfar leis gurb é an luach, in airgeadra an Stáit, atá ag an aonad cuntais a shonraítear sa Choinbhinsiún sin ná an luach, arna fhionnadh de réir Airteagal 8 (arna leasú) den Choinbhinsiún sin, san airgeadra sin, a bhí ag an aonad cuntais ar an lá iomchuí a shonraítear san Airteagal sin nó, mura féidir an luach a bhí aige ar an lá sin a fhionnadh amhlaidh, a luach san airgeadra sin ar an lá is déanaí roimh an lá sin ar ar féidir an luach a fhionnadh amhlaidh. | |
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do Bhanc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann agus ina luaitear— | |
[EN] | (i) gurb é atá i méid sonraithe in airgeadra an Stáit ná luach aonaid cuntais den sórt sin ar lá sonraithe, nó | |
[EN] | (ii) nach féidir an luach, in airgeadra an Stáit, atá ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe a fhionnadh de réir Choinbhinsiún 1976 (arna leasú) agus gurb é atá i méid sonraithe in airgeadra an Stáit ná an luach, arna ríomh de réir an Choinbhinsiúin sin, atá ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe (arb é an lá is déanaí é roimh an lá sonraithe céadluaite ar ar féidir an luach sin a fhionnadh mar a dúradh), | |
[EN] | beidh sé inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú. | |
Árachas. |
9.— (1) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difear do chearta seachaíochta aon duine a sholáthraíonn árachas nó urrús airgeadais faoi Airteagal 7 den Choinbhinsiún. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le deimhniú arna eisiúint de bhun Airteagal 7 den Choinbhinsiún á fhianú go bhfuil árachas nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin. Beidh deimhniú den sórt sin san fhoirm atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. | |
[EN] | (3) Chun críocha Airteagal 7 den Choinbhinsiún is é nó is í an tAire an t-údarás cuí sa Stát. | |
[EN] | (4) Féadfaidh úinéir loinge den sórt seo a leanas— | |
[EN] | (a) long Éireannach, nó | |
[EN] | (b) long atá cláraithe i stát nach Stát is Páirtí, | |
[EN] | iarratas a dhéanamh chuig an Aire ar dheimhniú faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an tAire, ar a bheith deimhin dó nó di go bhfuil árachas nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm i leith na loinge, deimhniú a eisiúint faoin alt seo chuig an úinéir. | |
[EN] | (6) Más rud é, maidir le long Éireannach— | |
[EN] | (a) ar mó ná 1,000 a holltonnáiste, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh deimhniú arna eisiúint ag an Aire faoin alt seo ar bord aici, | |
[EN] | ansin, beidh úinéir, cairtfhostóir agus máistir na loinge sin ciontach i gcion. | |
[EN] | (7) Maidir le húinéir, cairtfhostóir agus máistir loinge seachas long Éireannach- | |
[EN] | (a) atá sa Stát, | |
[EN] | (b) ar mó ná 1,000 a holltonnáiste, agus | |
[EN] | (c) nach bhfuil deimhniú a chomhlíonann Airteagal 7 den Choinbhinsiún agus a eisítear de réir an Airteagail sin ar bord aici, | |
[EN] | beidh gach duine acu ciontach i gcion. | |
[EN] | (8) Beidh cibé táille a fhorordóidh an tAire ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (4) ar táille í nach mó ná an caiteachas a thabhaíonn an tAire le linn dó nó di an t-iarratas sin a bhreithniú agus deimhniú a eisiúint. | |
[EN] | (9) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoin alt seo. | |
Breithiúnas críochnaitheach a aithint agus a fhorfheidhmiú sa Stát. |
10.— (1) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le breithiúnas ó chúirt de chuid Ballstáit seachas cúirt nó binse de chuid críche Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an Rialachán ón gComhairle maidir léi. | |
[EN] | (2) Déanfar breithiúnas críochnaitheach ó chúirt Choinbhinsiúin a aithint, agus beidh sé infhorfheidhmithe, sa Stát de réir Airteagal 10 den Choinbhinsiún. | |
[EN] | (3) Is chun na hArd-Chúirte a dhéanfar iarratas chun breithiúnas críochnaitheach a fhorfheidhmiú. | |
[EN] | (4) Chun críocha na Coda seo measfar breithiúnas a bheith ina bhreithiúnas críochnaitheach más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh an t-am ar laistigh de, faoi dhlí an Stáit is Páirtí lena mbaineann, a fhéadfar achomharc a thionscnamh i gcoinne an bhreithiúnais, imithe in éag gan aon achomharc den sórt sin a bheith tionscanta, | |
[EN] | (b) faoi dhlí an Stáit is Páirtí lena mbaineann, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le hachomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais sin, | |
[EN] | (c) go ndearnadh achomharc i gcoinne an bhreithiúnais a tharraingt siar, nó | |
[EN] | (d) go ndearna an chúirt Choinbhinsiúin, ar achomharc a d’éist an chúirt sin, an breithiúnas a dhaingniú nó a athrú, agus— | |
[EN] | (i) go mbeidh an t-am ar laistigh de, faoi dhlí an Stáit is Páirtí lena mbaineann, a fhéadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chun an breithiúnas a dhaingniú nó a athrú amhlaidh, imithe in éag agus gan aon achomharc den sórt sin a bheith tionscanta, | |
[EN] | (ii) faoi dhlí an Stáit is Páirtí lena mbaineann, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le hachomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chun an breithiúnas a dhaingniú nó a athrú amhlaidh, nó | |
[EN] | (iii) go ndearnadh achomharc i gcoinne an chinnidh chun an breithiúnas a dhaingniú nó a athrú amhlaidh a tharraingt siar. | |
[EN] | (5) Faoi réir an ailt seo agus Airteagal 10 den Choinbhinsiún, déanfaidh an Ard-Chúirt ordú go n-íocfar méid an bhreithiúnais chríochnaithigh, lúide aon íocaíochtaí arna ndéanamh go cuí faoina chomhair ó dháta an bhreithiúnais chríochnaithigh. | |
[EN] | (6) Maidir le breithiúnas críochnaitheach a ndearnadh ordú ina leith faoi fho-alt (5), beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna aige, go feadh an méid a bheidh forfheidhmiú an bhreithiúnais sin údaraithe leis an ordú forfheidhmiúcháin, amhail is dá mba bhreithiúnas ón Ard-Chúirt an breithiúnas. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí in iarratas faoin alt seo chun breithiúnas críochnaitheach a fhorfheidhmiú, cibé ordú a dhéanamh a mheasfaidh sí a bheith cóir agus cothrom ag féachaint do na himthosca agus d’Airteagal 10 den Choinbhinsiún. | |
Breithiúnas ó chúirt nó binse de chuid Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha a aithint agus a fhorfheidhmiú. |
11.— Beidh feidhm ag an Rialachán ón gComhairle agus ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Breithiúnais Shibhialta agus Thráchtála) 2002 (I.R. 52 de 2002) i leith breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse de chuid Ballstáit seachas cúirt nó binse de chuid críche Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an Rialachán ón gComhairle maidir léi. | |
Ús a íoc tar éis breithiúnas agus costais a íoc. |
12.— (1) Féadfar, de rogha na cúirte, a fhoráil le hordú forfheuidhmiúcháin faoi alt 10, go n-íocfaidh an féichiúnaí breithiúnais leis an iarratasóir lena mbaineann costais réasúnacha an iarratais ar an ordú nó na costais réasúnacha atá teagmhasach leis. | |
[EN] | (2) (a) Más rud é, ar iarratas ar ordú faoi alt 10, go suitear, de réir dlí an Stáit is Páirtí inar tugadh an breithiúnas, go bhfuil ús ar shuim, a ndéantar foráil ina leith sa bhreithiúnas go n-íocfar í, inghnóthaithe faoin mbreithiúnas de réir ráta nó rátaí áirithe agus ó dháta nó ó thráth áirithe, ansin forálfar san ordú, má dhéantar é— | |
[EN] | (i) go ndlífear den duine a bhfuil an tsuim sin iníoctha aige nó aici an t-ús ar an tsuim sin a íoc freisin, ar leith ó aon ús ar chostais is inghnóthaithe de bhua fho-alt (1), de réir na sonraí a bheidh luaite san ordú, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh méid an úis inghnóthaithe ag an iarratasóir lena mbaineann amhail is dá mba chuid den tsuim sin é. | |
[EN] | (b) Más rud é go mbeidh an féichiúnaí breithiúnais tar éis a dhliteanas nó a dliteanas a theorannú de réir na réime maidir le teorannú atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 6 den Choinbhinsiún, ní rachaidh comhiomlán an úis is iníoctha de bhua an fho-ailt seo agus an méid cúitimh is iníoctha ag an bhféichiúnaí breithiúnais i leith an teagmhais lena mbaineann thar an méid uasta cúitimh is iníoctha faoin Airteagal sin i leith aon teagmhais amháin arb é ola bhuncair a iompraítear ar bord na loinge lena mbaineann is cúis leis. | |
[EN] | (3) Ní bheidh ús iníoctha ar shuim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ach amháin de réir mar a fhoráiltear leis an alt seo. | |
Doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hiarratas ar ordú forfheidhmithe faoi alt 10. |
13.— (1) Cuirfear na doiciméid seo a leanas i gceangal le hiarratas ar ordú faoi alt 10: | |
[EN] | (a) cóip chuídheimhnithe den bhreithiúnas lena mbaineann an t-iarratas; | |
[EN] | (b) i gcás breithiúnais a tugadh trí mhainneachtain láithriú nó cosaint, cóip chuídheimhnithe den doiciméad lena suitear go ndearnadh an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí lena mbaineann an breithiúnas a sheirbheáil go cuí ar an bpáirtí a mhainnigh láithriú nó cosaint, nó go raibh fógra faoi na himeachtaí nó an doiciméad ag an bpáirtí sin, agus | |
[EN] | (c) má éilíonn an Ard-Chúirt amhlaidh, aistriúchán ar na doiciméid a shonraítear i míreanna (a) agus (b) agus é deimhnithe, ag duine atá inniúil chun deimhniú a dhéanamh amhlaidh, mar aistriúchán ceart ar na doiciméid. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina chóip de breithiúnas, measfar é a bheith cuídheimhnithe má airbheartaíonn sé— | |
[EN] | (i) séala na cúirte Coinbhinsiúin a thug an breithiúnas a bheith air, nó | |
[EN] | (ii) a bheith deimhnithe ag duine ina cháil nó ina cáil mar bhreitheamh nó oifigeach de chuid na cúirte sin mar chóip dhílis den bhreithiúnas, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina chóip de dhoiciméad a shonraítear i bhfo-alt (1)(b), measfar é a bheith cuídheimhnithe má airbheartaíonn sé a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den doiciméad sin ag duine a chomhlíonann feidhmeanna, i ndáil leis an gcúirt Choinbhinsiúin lena mbaineann, ar feidhmeanna iad atá comhionann nó comhchosúil leis na feidhmeanna a chomhlíonann cláraitheoir nó cléireach cúirte sa Stát seo i ndáil leis an gcúirt sin. | |
Cigirí. |
14.— (1) Féadfaidh an tAire cibé daoine nó cibé aicmí daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun a bheith ina gcigirí chun críocha na Coda seo. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire barántas a cheaptha nó a ceaptha a thabhairt do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1), tar éis é nó í a cheapadh, agus le linn dó nó di feidhm a thugtar leis an gCuid seo a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an barántas sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh. | |
[EN] | (3) Aon uair a bheidh forais réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go ndearnadh cion i ndáil le long faoin alt seo nó faoi alt 9 agus go bhfuil an long lena mbaineann sa Stát, féadfaidh sé nó sí an long a choinneáil, nó í a thabhairt go dtí cibé áit sa Stát is cuí leis nó léi, agus í a choinneáil ansin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh cigire, chun críocha na Coda seo— | |
[EN] | (a) aon long a stopadh, | |
[EN] | (b) dul ar bord aon loinge, | |
[EN] | (c) an long a iniúchadh agus a scrúdú, | |
[EN] | (d) logleabhar na loinge (más ann) agus fardal na loinge (más ann) agus aon taifid nó doiciméid eile ar bord na loinge a bhaineann leis an long, lena húinéir, lena cairtfhostóir lánchostais (más ann) nó lena máistir, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, | |
[EN] | (e) a cheangal ar an máistir nó ar aon duine d’fhoireann na loinge cibé faisnéis nó doiciméid, agus cibé cúnamh, a thabhairt dó nó di a bheidh ag teastáil uaidh nó uaithi le réasún chun feidhmeanna faoin gCuid seo a chomhall, | |
[EN] | (f) long a choinneáil de réir alt 15. | |
[EN] | (5) Aon duine— | |
[EN] | (a) a chuirfidh bac nó treampán ar chigire le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCuid seo a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas de chuid cigire faoi fho-alt (4) a chomhlíonadh, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (6) Má fhágann long a coinníodh de bhun an ailt seo an áit inar coinníodh í, nó má fhéachann sí leis an áit sin a fágáil, beidh úinéir, cairtfhostóir lánchostais (más ann) agus máistir na loinge lena mbaineann ciontach i gcion. | |
Longa a choinneáil. |
15.— (1) I gcás long agus na daoine ar bord na loinge a bheith coinnithe i gcalafort nó in áit eile sa Stát ag cigire i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó nó di leis an gCuid seo, mar go bhfuil drochamhras air nó uirthi go bhfuil cion déanta faoi alt 9 nó 14, déanfaidh an cigire (mura rud é go bhfuil sé ní sí ag feidhmiú faoi fho-alt (2)) iarratas, a luaithe is féidir, chun breithimh den Chúirt Dúiche ar ordú lena n-údarófar leanúint den long agus de na daoine sin a choinneáil. Féadfaidh an breitheamh ordú a dheonú lena n-údarófar an choinneáil sin go ceann tréimhse 48 n-uaire an chloig más deimhin leis nó léi go bhfuil drochamhras den sórt sin ar an gcigire is iarratasóir. | |
[EN] | (2) I gcás long agus na daoine ar bord na loinge a bheith coinnithe i gcalafort nó in áit eile sa Stát ag cigire i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó nó di leis an gCuid seo, déanfaidh an cigire, a luaithe is féidir, máistir na loinge agus aon daoine eile ar bord na loinge a bhfuiltear tar éis nó ar tí imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne i leith ciona faoi alt 9 nó 14(6) a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche. Déanfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuiltear tar éis nó ar tí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcoinne an mháistir agus na ndaoine eile sin nó i gcoinne aon duine amháin nó níos mó acu, le hordú arna dhíriú chuig cigire, a cheangal ar an gcigire sin an long agus gach duine (lena n-áirítear an máistir), ar deimhin leis nó léi amhlaidh ina leith, a choinneáil in áit shonraithe sa Stát go dtí go ndéanfaidh cúirt, i bhfeidhmiú a dlínse coiriúla, na himeachtaí sin a bhreithniú. Nuair a bheidh breithniú déanta amhlaidh ar na himeachtaí sin, féadfaidh breitheamh na cúirte lena mbaineann, le hordú, a ordú do chigire an long a choinneáil tuilleadh in áit shonraithe sa Stát go dtí go gcinnfear ar aon achomharc i gcoinne an bhreithnithe lena mbaineann nó go dtí go gcinnfear aon imeachtaí eile atá bainteach leis an mbreithniú nó leis an achomharc sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina leanfaidh cigire, de bhun ordaithe faoi fho-alt (1), de long agus na daoine ar bord na loinge a choinneáil i gcalafort nó in áit eile sa Stát, féadfaidh cigire an máistir agus aon daoine eile ar bord na loinge, a bhfuiltear tar éis nó ar tí imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne i leith ciona faoi alt 9 nó 14(6), a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche agus déanfaidh an breitheamh sin— | |
[EN] | (a) roimh dheireadh na tréimhse 48 n-uaire an chloig lena mbaineann an t-ordú sin, agus | |
[EN] | (b) más deimhin leis nó léi go bhfuiltear tar éis nó ar tí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcoinne an mháistir agus na ndaoine eile sin nó i gcoinne aon duine amháin nó níos mó acu, | |
[EN] | le hordú arna dhíriú chun cigire, a cheangal ar an gcigire sin an long agus gach duine réamhráite (lena n-áirítear an máistir), ar deimhin leis amhlaidh ina leith, a choinneáil in áit shonraithe sa Stát go dtí go ndéanfaidh cúirt, i bhfeidhmiú a dlínse coiriúla, na himeachtaí sin a bhreithniú agus, nuair a dhéanfar na himeachtaí sin a bhreithniú amhlaidh, féadfaidh breitheamh na cúirte lena mbaineann, le hordú, a ordú do chigire an long a choinneáil tuilleadh in áit shonraithe sa Stát go dtí go gcinnfear aon achomharc i gcoinne an breithnithe lena mbaineann nó go dtí go gcinnfear aon imeachtaí eile atá bainteach leis an mbreithniú nó leis an achomharc sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéantar ordú faoi fho-alt (2) nó (3), féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche nó, de réir mar is cuí, breitheamh na cúirte a dhéanann breithniú ar imeachtaí dá dtagraítear sna fo-ailt sin nó a rinne breithniú ar na himeachtaí sin, le hordú, a ordú do chigire an long lena mbaineann an t-ordú a scaoileadh saor, faoi réir an cosantóir do thabhairt urrúis, nó urrús a thabhairt thar ceann an chosantóra, ar urrús é a bheadh leordhóthanach i dtuairim an bhreithimh lena mbaineann chun íocaíocht a dhéanamh i leith na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) (i) i gcás nach bhfuil breithniú déanta ag an gcúirt ar na himeachtaí sin fós, an fhíneáil uasta a dhlífí den chosantóir dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion lena mbaineann na himeachtaí, nó | |
[EN] | (ii) i gcás an cosantóir a bheith ciontaithe sna himeachtaí sin, aon fhíneáil arna forchur ag an gcúirt lena mbaineann, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) méid measta na gcostas (más ann) a bhaineann le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil le cion den sórt sin a dhlífí den chosantóir dá gciontófaí ann é nó í nó a dhlífí de nó di dá ndéanfaí, ar achomharc i gcoinne ciontaithe mar gheall ar an gcion sin nó ar aon imeachtaí eile a thabhairt chun críche i dtaca leis an gciontú sin, an ciontú a dhaingniú. | |
[EN] | (5) Maidir le fo-alt (3), is fo-alt é i dteannta, agus ní fo-alt é in ionad, aon chumhachta eile atá ag cúirt chun a cheangal go rachaidh an cosantóir faoi bhanna nó faoi chúirtbhanna maidir le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile lena mbaineann an cion áirithe. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéantar ordú faoin alt seo chun long a choinneáil nó a scaoileadh saor, déanfar an long a choinneáil nó a scaoileadh saor, de réir mar a bheidh, de réir théarmaí an ordaithe. | |
Fíneálacha etc. i leith cionta áirithe a ghnóthú. |
16.— (1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le fíneáil i leith ciona faoin gCuid seo a ghnóthú ar cion é arna dhéanamh ag úinéir nó máistir na loinge lena mbaineann agus i ndáil leis na costais (más ann) a ordaítear a íoc i leith imeachtaí mar gheall ar an gcion sin: | |
[EN] | (a) socróidh an chúirt lena mbaineann tréimhse ama ar laistigh di atá an fhíneáil agus na costais sin (más ann) le híoc; | |
[EN] | (b) i gcás ina gcoinnítear an long lena mbaineann faoi alt 15(2) nó 15(3), déanfaidh an chúirt, le hordú, a ordú do chigire an long a choinneáil tuilleadh in áit shonraithe sa Stát go dtí go n-íoctar an fhíneáil agus na costais sin (más ann), agus comhlíonfaidh an cigire an t-ordú sin; | |
[EN] | (c) i gcás nach n-íoctar an fhíneáil ná na costais sin (más ann) laistigh den tréimhse ama sin, féadfar an fhíneáil agus na costais sin a ghnóthú tríd an long sin agus trína trealamh, trína troscán agus trína feisteas a thochsal agus a dhíol; | |
[EN] | (d) ordóidh an chúirt— | |
[EN] | (i) go n-íocfar go hiomlán nó go páirteach aon airgead a tugadh mar urrús de réir alt 15(4), nó | |
[EN] | (ii) go ndíolfar aon mhaoin réadach nó maoin phearsanta a tugadh mar urrús de réir an alt 15(4) sin agus go n-íocfar go hiomlán nó go páirteach na fáltais ó aon díol den sórt sin, | |
[EN] | do shásamh na fíneála agus na gcostas sin (más ann) go hiomlán nó go páirteach. | |
[EN] | (2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a choiscfidh fíneáil nó costais lena mbaineann an fo-alt sin a ghnóthú ón gcosantóir lena mbaineann trí ghnáthphróis dlí. | |
Pionóis agus cionta. |
17.— (1) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 9 dlífear— | |
[EN] | (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €1,500,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin gCuid seo (seachas alt 9) dlífear— | |
[EN] | (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 i ndáil le cion faoin gCuid seo, amhail is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3)(a) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1)(a)(i) a shonrú ann. Déanfar an tagairt in alt 13(2)(a) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 do na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt 3 den alt sin a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin. | |
[EN] | (3) I gcás cion faoin gCuid seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach nó an duine sin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. | |
Imeachtaí. |
18.— (1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i leith ciona faoin gCuid seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] | (2) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin gCuid seo a thionscnamh— | |
[EN] | (a) laistigh de 2 bhliain ón dáta a rinneadh an cion, agus | |
[EN] | (b) más rud é ag deireadh na tréimhse sin, go bhfuil an duine a bheidh le cúiseamh lasmuigh den Stát, laistigh de 2 mhí ón gcéad dáta ina dhiaidh sin a thiocfaidh sé nó sí isteach sa Stát. | |
[EN] | (3) Aon tagairtí in alt 382 d’Acht na gCuideachtaí 1963 do chuideachta, forléireofar iad, chun críocha na Coda seo, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chomhlacht corpraithe (cibé acu is cuideachta é de réir bhrí an ailt sin nó nach ea) a chúisítear ar díotáil i gcion faoin gCuid seo. | |