An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Truailliú na Farraige ) Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL International Convention on Civil Liability for Bunker Oil Pollution Damage 2001 )

29 2006

An tAcht um Thruailliú na Farraige (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006

CUID 4

Leasú ar an Acht Cuanta 1996

Leasú ar an Acht Cuanta 1996.

38.— Leasaítear an tAcht Cuanta 1996 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 95:

“Díolúine do dhaoine áirithe.

95A.— Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann ná insaothraithe—

(a) i gcoinne údaráis cuain de réir bhrí alt 2 den Acht Cuanta 1996,

(b) i gcoinne cuideachta de réir bhrí alt 2, nó

(c) i gcoinne seirbhíseach nó gníomhairí de chuid údaráis nó cuideachta lena mbaineann mír (a) nó (b),

chun damáistí a ghnóthú i leith díobhála do dhaoine, damáiste do mhaoin nó caillteanais eile a líomhnaítear gur faillí maidir le comhlíonadh, nó déanamh de réir, aon fheidhmeanna a thugtar dóibh faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha 1972 ba chúis nó ba leaschúis léi nó leis.”.