|
|||||
|
An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 3 Leasuithe Iarmhartacha | |
[EN] | Alt 66. | |
[EN] | 1. Leasaítear an tAcht Cosanta 1954— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (3) (arna leasú le halt 56 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005) d’alt 169, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | |
[EN] | “(c) má chiontaítear é nó í i gcion faoi alt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó i gcion faoi alt 7 (cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh) nó 8 (cionta coimhdeacha) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006, dlífear— | |
[EN] | (i) príosúnacht saoil a chur air nó uirthi— | |
[EN] | (I) má ghabhann dúnmharú leis an gcion nó, i gcás ciona a dhéantar lasmuigh den Stát, má ghabhann marú duine leis in imthosca de shórt gurbh ionann é agus dúnmharú dá mba laistigh den Stát a dhéanfaí an cion, nó | |
[EN] | (II) más rud é go mbeadh téarma príosúnachta saoil cóir ag féachaint do mhórthromaíocht an chiona agus d’imthosca ar leithligh an duine chiontaithe, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná tríocha bliain a chur air nó uirthi;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-ailt (2)(c) agus (3) d’alt 192 (arna leasú le halt 5 den Acht um Chinedhíothú 1973, le halt 6(b) den Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000, le halt 6(b) den Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe) 2000 agus le halt 56 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “cinedhíothaithe”: | |
[EN] | “i gcion faoi alt 3, arna leasú, den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó i gcion faoi alt 7 (cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh) nó 8 (cionta coimhdeacha) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006”. | |
[EN] | 2. Leasaítear alt 3 (sárú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin Sceidealta) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 i bhfo-alt (1) (arna ionadú le halt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive (Leasú) 1998), trí na focail ó “beidh sé nó sí ciontach” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh agus agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: | |
[EN] | “beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú— | |
[EN] | (a) gearrfar príosúnacht saoil air nó uirthi— | |
[EN] | (i) má ghabhann dúnmharú leis an gcion nó, i gcás ciona a dhéantar lasmuigh den Stát, má ghabhann marú duine leis in imthosca de shórt gurbh ionann é agus dúnmharú dá mba laistigh den Stát a dhéanfaí an cion, nó | |
[EN] | (ii) más rud é go mbeadh téarma príosúnachta saoil cóir ag féachaint do mhórthromaíocht an chiona agus d’imthosca ar leithligh an duine chiontaithe, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, gearrfar príosúnacht air nó uirthi ar feadh téarma nach faide ná 30 bliain”. | |
[EN] | 3. Leasaítear alt 11 (cionta polaitiúla) den Acht um Eiseachadadh 1965 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(3) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cion a gcúiseofar duine ann nó ar ciontaíodh é nó í ann lasmuigh den Stát agus ar ina leith a bheadh an gníomh arb é an cion é ina chion dá ndéanfaí laistigh den Stát é— | |
[EN] | (i) faoi alt 3 (sarú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin Sceidealta) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962, arna leasú le halt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive (Leasú) 1998, agus | |
[EN] | (ii) faoi alt 7 (cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus cionta cogaidh) nó 8 (cionta coimhdeacha) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006. | |
[EN] | (b) Chun críocha na Coda seo agus gan dochar d’alt 3 (cionta áirithe nach measfar gur cionta polaitiúla iad) den Acht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur) 1987, ní mheasfar gur cion polaitiúil nó cion a bhaineann le cion polaitiúil cion a bhfuil feidhma ag an bhfo-alt seo maidir leis .”. | |
[EN] | 4. Leasaítear an tAcht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta 1967 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2: | |
[EN] | “Feidhm an Achta um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006. | |
[EN] | 2A.- Ní dochar Codanna II go VIII den Acht seo d’ailt 60 (díolúintí agus pribhléidí a bhaineann leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta) agus 61 (díolúine stáit nó díolúine taidhleoireachta, etc.) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006.”. | |
[EN] | 5. Leasaítear an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967— | |
[EN] | (a) in alt 13(1) (arna leasú le halt 6 den Acht um Chinedhíothú 1973, le halt 8 den Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000, le halt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe) 2000 agus le halt 59(a) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta 2005), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “cinedhíothú”: | |
[EN] | “cion faoi alt 7 (cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh) nó 8 (cionta coimhdeacha) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) in alt 29(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g) (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht um Chinedhíothú 1973): | |
[EN] | “(g) cion faoi alt 3, arna leasú, den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó cion faoi alt 7 nó 8 den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006.”. | |
[EN] | 6. Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 6: | |
[EN] | “Cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh agus cionta coimhdeacha | |
[EN] | 6A. Cion faoi alt 7 nó 8 den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006.”. |