|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 3 Leasuithe Iarmhartacha ) |
An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 4 An Coinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe. Glacadh leis ag Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 9 Nollaig 1948 | |
[EN] | Alt 7(3). | |
[EN] | TÁ NA HARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, | |
[EN] | AR BHREITHNIÚ A BHEITH DÉANTA ACU ar an dearbhú a rinne Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ina rún 96 (I) dar dáta 11 Nollaig 1946 gur coir faoin dlí idirnáisiúnta cinedhíothú, go bhfuil sé in aghaidh spiorad agus aidhmeanna na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil sé daortha ag an saol sibhialta; | |
[EN] | Á AITHINT DÓIBH gurbh éirleach ró-mhór ar an gcine daonna, gach ré den stair, cinedhíothú; agus | |
[EN] | ÓS DEIMHIN LEO gur gá comhoibriú idirnáisiúnta chun an cine daonna a shaoradh ón sciúirse fhuafar sin, | |
[EN] | TAR ÉIS COMHAONTU LEIS SEO MAR A FHORÁILTEAR ANSEO INA DHIAIDH SEO: | |
[EN] | Airteagal I | |
[EN] | Daingníonn na Páirtithe Conarthacha gur coir faoin dlí idirnáisiúnta cinedhíothú, cibé acu le linn síochána nó le linn cogaidh a dhéantar é, agus go ngabhann siad orthu féin é a chosc agus a phionósú. | |
[EN] | Airteagal II | |
[EN] | Sa Choinbhinsiún seo, ciallaíonn cinedhíothú aon ghníomh díobh seo a leanas a dhéantar d'fhonn aicme náisiúnta, eitneach, chiníoch nó chreidimh a dhíothú, go hiomlán nó go páirteach, mar aicme den sórt sin: | |
[EN] | (a) Daoine den aicme a mharú; | |
[EN] | (b)Mórdhíobháil choirp nó intinne a dhéanamh do dhaoine den aicme sin; | |
[EN] | (c) Dálaí maireachtála a ghearradh de dhearbh-thoil ar an aicme dá dtiocfadh an aicme a dhíothú go hiomlán nó go páirteach; | |
[EN] | (d) Bearta a chur i bhfeidhm d'fhonn cosc a chur le breitheanna san aicme; | |
[EN] | (e) Leanaí den aicme a aistriú go héigeanta go dtí aicme eile. | |
[EN] | Airteagal III | |
[EN] | Beidh na gníomhartha seo a leanas inphionóis: | |
[EN] | (a) Cinedhíothú; | |
[EN] | (b) Comhcheilg cinedhíothú a dhéanamh; | |
[EN] | (c)Imghríosú díreach agus poiblí cinedhíothú a dhéanamh; | |
[EN] | (d) Iarracht ar chinedhíothú a dhéanamh; | |
[EN] | (e) Comhpháirteachas i gcinedhíothú. | |
[EN] | Airteagal IV | |
[EN] | Gearrfar pionós ar dhaoine a dhéanfaidh cinedhíothú nó aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III, cibé acu is rialtóirí iad ar a bhfuil freagracht bhunreachtúil, oifigigh phoiblí nó daoine príobháideacha. | |
[EN] | Airteagal V | |
[EN] | Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin go n-achtóidh siad an reachtaíocht is gá, de réir a mBunreachtanna faoi seach, chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus, go háirithe, pionóis éifeachtacha a fhoráil do dhaoine atá ciontach i gcinedhíothú nó in aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III. | |
[EN] | Airteagal VI | |
[EN] | Daoine a chúiseofar i gcinedhíothú nó in aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III triailfidh binse inniúil iad de chuid an Stáit arb ina chríoch a rinneadh an gníomh, nó triailfidh cibé pianbhinse idirnáisiúnta iad ag a mbeidh dlínse i leith na bPáirtithe Conarthacha sin a mbeidh glactha acu lena dhlínse. | |
[EN] | Airteagal VII | |
[EN] | Ní mheasfar gur coireanna polaitiúla chun críche eiseachadta cinedhíothú ná na gníomhartha eile a áirítear in airteagal III. Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin eiseachadadh a dhéanamh i gcásanna den sórt sin de réir a ndlíthe agus na gconarthaí a bheidh i bhfeidhm. | |
[EN] | Airteagal VIII | |
[EN] | Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach a iarraidh ar orgain inniúla na Náisiún Aontaithe cibé beart is cuí leo a dhéanamh faoi Chairt na Náisiún Aontaithe chun gníomhartha cinedhíothaithe nó aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III a chosc agus deireadh a chur leo. | |
[EN] | Airteagal IX | |
[EN] | Cuirfear díospóidí idir na Páirtithe Conarthacha i dtaobh léiriú, feidhmiú nó comhlíonadh an Choinbhinsiúin seo, lena n-áirítear díospóidí i dtaobh Stát a bheith freagrach i gcinedhíothú nó in aon ghníomh eile dá n-áirítear in Airteagal III, faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta ar aon pháirtí sa díospóid á iarraidh sin. | |
[EN] | Airteagal X | |
[EN] | Is é an 9 Nollaig 1948 an dáta a bheidh ar an gCoinbhinsiún seo agus tá comhúdarás ag na téacsanna sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis de. | |
[EN] | Airteagal XI | |
[EN] | Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt go dtí an 31 Nollaig 1949 lena shíniú thar ceann aon Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe agus thar ceann aon Stát nach comhalta a mbeidh cuireadh chun a shínithe dírithe chuige ag an Tionól Ginearálta. | |
[EN] | Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. | |
[EN] | Tar éis an 1 Eanáir 1950 féadfar aontú don Choinbhinsiún seo thar ceann aon Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe agus thar ceann aon Stát nach comhalta a fuair cuireadh mar a dúradh. | |
[EN] | Déanfar ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. | |
[EN] | Airteagal XII | |
[EN] | Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach tráth ar bith, trí fhógra a bheidh dírithe chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, feidhmiú an Choinbhinsiúin seo a chur i mbaint le gach críoch nó le haon chríoch arb é an Páirtí Conarthach sin atá freagrach ina caidreamh coigríche a sheoladh. | |
[EN] | Airteagal XIII | |
[EN] |
An lá a bheidh an chéad fiche ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais taiscthe, tarraingeoidh an tArd-Rúnaí suas proc | |
[EN] | Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an nóchadú lá tar éis dáta an fichiú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh. | |
[EN] | Aon daingniúchán nó aontachas a dhéanfar tar éis an dáta sin is déanaí a luaitear glacfaidh sé éifeacht an nóchadú lá tar éis an ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh. | |
[EN] | Airteagal XIV | |
[EN] | Fanfaidh an Coinbhinsiún seo in éifeacht ar feadh tréimhse deich mbliana ó dháta a theachta i bhfeidhm. | |
[EN] | Fanfaidh sé i bhfeidhm dá éis sin ar feadh tréimhsí comhleanúnacha cúig bliana i gcás na bPáirtithe Conarthacha sin nach mbeidh séanadh déanta acu air sé mhí ar laghad roimh dheireadh na tréimhse reatha. | |
[EN] | Déanfar séanadh trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. | |
[EN] | Airteagal XV | |
[EN] | Más rud é, de bharr séantaí, go dtitfidh líon na bPáirtithe sa Choinbhinsiún seo faoi bhun sé chomhalta dhéag, scoirfidh an Coinbhinsiún d'fheidhm a bheith aige amhail ón dáta a ghlacfaidh an séanadh is deireanaí acu sin éifeacht. | |
[EN] | Airteagal XVI | |
[EN] | Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach iarratas, trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an Ard-Runaí, a dhéanamh aon tráth á iarraidh go n-athchóireofaí an Coinbhinsiún seo. | |
[EN] | Cinnfidh an Tionól Ginearálta na bearta, más aon bhearta iad, a dhéanfar maidir leis an iarratas sin. | |
[EN] | Airteagal XVII | |
[EN] | Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe na nithe seo a leanas in iúl do Chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe agus do na Stáit nach comhaltaí atá i gceist in airteagal XI: | |
[EN] | (a) Síniúcháin, daingniúcháin agus aontachais a fuarthas de réir airteagal XI; | |
[EN] | (b) Fógraí a fuarthas de réir airteagal XII; | |
[EN] | (c) An dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir airteagal XIII; | |
[EN] | (d) Gach séanadh a fuarthas de réir airteagal XIV; | |
[EN] | (e) Aisghairm an Choinbhinsiúin de réir airteagal XV; | |
[EN] | (f) Fógraí a fuarthas de réir airteagal XVI. | |
[EN] | Airteagal XVIII | |
[EN] | Taiscfear scríbhinn bhunaidh an Choinbhinsiúin seo i gcartlanna na Náisiún Aontaithe. | |
[EN] | Cuirfear cóip dheimhnithe den Choinbhinsiúin chuig gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe agus chuig gach Stát nach comhalta atá i gceist in airteagal XI. | |
[EN] | Airteagal XIX | |
[EN] | Cláróidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an Coinbhinsiún seo ar dháta a theachta i bhfeidhm. |