An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 Dlínse Intíre i leith Cionta ICC )

30 2006

An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar an tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006 a ghairm den Acht seo.

Léiriú (ginearálta).

2 .— (1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “gníomh”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, neamhghníomh, agus tá tagairtí d’iompar le forléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Cheartas Coiriúil 1994;

forléireofar “cion coimhdeach” de réir alt 8(1);

ciallaíonn “stát eile” stát seachas an Stát;

ciallaíonn “Airteagal” Airteagal den Reacht;

folaíonn “doiciméad”—

(a) léarscáil, plean, graf, líníocht, grianghraf, claonchló fótagrafach, taifead, leabhar, tréimhseachán nó paimfléad, agus

(b) más cuí, aon téip, diosca ríomhaire nó rud eile ar a stóráiltear sonraí atá inathraithe go haon bhuanfhoirm inléite;

ciallaíonn “ Eilimintí de Choireanna ” Eilimintí de Choireanna (lena n-áirítear aon leasuithe orthu) a ghlactar faoi Airteagal 9;

ciallaíonn “ na hAchtanna um Eiseachadadh ” na hAchtanna um Eiseachadadh 1965 go 2001;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d’fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas;

tá le “cion ICC” an bhrí a thugtar dó le halt 9(1);

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “ Seomra Réamhthrialach ” Seomra Réamhthrialach na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “príosún” áit coimeádta atá á riaradh ag an Aire nó thar ceann an Aire agus folaíonn sé—

(a) Foras Naomh Pádraig,

(b) áit a sholáthraítear faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970,

(c) áit a shonraítear faoi alt 3 d’Acht na bPríosún 1972, agus

(d) ionad athchuir arna ainmniú faoi alt 88 d’Acht na Leanaí 2001;

folaíonn “maoin”—

(a) airgead agus an mhaoin eile go léir, réadach nó pearsanta, sochorraithe nó dochorraithe,

(b) ábhair i gcaingean agus aon mhaoin dholáimhsithe nó neamhchorprach eile, agus

(c) fáltais ó dhiúscairt maoine;

ciallaíonn “Ionchúisitheoir” Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) de réir bhrí an Achta um Dhlínse Choiriúil 1960;

ciallaíonn “Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise” na Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise (lena n-áirítear aon leasuithe orthu) arna nglacadh faoi Airteagal 51;

ciallaíonn “Reacht” Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17 Iúil 1998;

ciallaíonn “ordú tabhartha suas” ordú ón Ard-Chúirt faoi alt 25 chun duine a thabhairt suas.

(2) Ní choiscfidh aon ní san Acht seo (ach amháin a mhéid a cheanglaítear le halt 18) duine a thabhairt suas de réir na nAchtanna um Eiseachadadh nó an Achta um Barántas Gabhála Eorpach 2003.

(3) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

(a) aon tagairt d’alt nó do Chuid is tagairt í d’alt nó do Chuid den Acht seo,

(b) aon tagairt d’fho-alt, do mhír nó d’fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt,

(c) aon tagairt do Sceideal is tagairt í do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

(d) aon tagairt d’aon achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Cúirteanna do léiriú an Achta agus an Reachta.

3 .— (1) Le linn an tAcht agus an Reacht a léiriú, féadfaidh cúirt, más gá—

(a) na Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise, na hEilimintí de Choireanna agus aon bhreithiúnas nó breith iomchuí ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chur i gcuntas,

(b) aon bhreithiúnas iomchuí eile a chur i gcuntas, agus

(c) na travaux préparatoires a bhaineann leis an Reacht agus na tuairimí foilsithe ó thráchtairí ar a théacs a bhreithniú agus cibé creidiúnacht a thabhairt dóibh is cuí leis an gcúirt sna himthosca.

(2) Chun críocha a fheidhme i ndáil leis an Stát, déanfar tagairtí sa Reacht do Stát is Páirtí, do stát iarrtha nó do stát coimeádta a fhorléiriú, mar a gceadaíonn an comhthéacs amhlaidh—

(a) mar thagairtí don Stát, nó

(b) i gcás ina gceanglaítear, nó ina bhféadfadh sé go gceanglaítear, leis na forálacha ina bhfuil na tagairtí, feidhmeanna feidhmiúcháin a chomhlíonadh thar ceann an Stáit, mar thagairtí don Aire.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar an Reacht.

(4) Tá téacs an Reachta i mBéarla leagtha amach i Sceideal 1 mar áis tagartha.

(5) San alt seo ciallaíonn “cúirt” cúirt sa Stát agus folaíonn sé armchúirt, cibé acu laistigh den Stát nó laistigh den Stát a chomórtar í.

Iarrataí ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

4 .— (1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haon iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas, nó ar dhuine a ghabháil go sealadach, nó ar chúnamh faoi Airteagal 93 (cineálacha eile comhoibrithe), a thoimhdean, mura mbeidh aon fhaisnéis dá mhalairt aige nó aici, maidir leis an iarraidh—

(a) go ndearnadh í go cuí agus gur tarchuireadh í de réir fhorálacha iomchuí an Reachta, agus

(b) go bhfuil sí á déanamh i dtaca le cionta a imscrúdú nó a ionchúiseamh laistigh de dhlínse na Cúirte.

(2) (a) Más rud é, maidir le hiarraidh ón gCúirt, go bhfuil nochtadh faisnéise i gceist léi agus, i dtuairim an Aire, go ndéanfadh nochtadh den sórt sin dochar do leasanna shlándáil an Stáit, déanfaidh sé nó sí mar a leanas—

(i) de réir Airteagal 93.5, déanfaidh sé nó sí breithniú i dtaobh an féidir an fhaisnéis a sholáthar faoi réir na coinníollacha sonraithe nó an féidir an cúnamh lena mbaineann a sholáthar ar dháta is déanaí nó ar shlí ionadúil, agus

(ii) más é a thuairim nó a tuairim nach féidir an fhaisnéis a sholáthar amhlaidh, gníomhóidh sé nó sí i gcomhar leis an Ionchúisitheoir, le comhairleoirí dlí an chosantóra nó le Dlísheomra Réamhthrialach nó Dlísheomra Trialach na Cúirte chun iarracht a dhéanamh an tsaincheist a réiteach de réir mhír 5 d’Airteagal 72.

(b) I gcás ina dtiocfaidh an tAire ar an eolas go ndéanfar, nó gur dócha go ndéanfar, an fhaisnéis sin a nochtadh in imscrúdú nó in imeachtaí arna dtionscnamh ag an gCúirt, déanfaidh sé nó sí, de réir mhír 4 den Airteagal sin, idirghabháil chun réiteach a fháil ar an tsaincheist.

(c) Más rud é—

(i) go bhfanfaidh an tsaincheist gan réiteach, agus

(ii) gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon slí nó aon choinníollacha ann a d’fhágfadh go bhféadfadh an fhaisnéis a nochtadh gan dochar a dhéanamh do leasanna shlándáil an Stáit.

déanfaidh an tAire—

(I) an tuairim sin agus na cúiseanna sonracha atá léi a chur in iúl don Ionchúisitheoir nó don Chúirt mura rud é, dá ndéanfaí amhlaidh, gurb é a bheadh de thoradh air sin, uaidh féin, ná dochar a dhéanamh do na leasanna sin, agus

(II) páirt a ghlacadh in aon chomhairliúcháin a iarrann an Chúirt faoi Airteagal 72.7(a)(i) i ndáil leis an tsaincheist.

(d) Chun críocha an fho-ailt seo beidh éifeacht le hAirteagal 72 agus le míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 93, fara aon mhodhnuithe is gá.

(e) In aon imeachtaí, maidir le haon doiciméad a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Aire agus a dheimhniú, ina thuairim nó ina tuairim—

(i) go mbeadh nochtadh faisnéise i gcomhlíonadh iarrata ón gCúirt, nó

(ii) de réir mar a bheidh, go mbeadh aon nochtadh eile den sórt sin,

dochrach do leasanna shlándáil an Stáit, beidh sé inghlactha mar fhianaise ar an tuairim sin, gan aon chruthúnas eile.

(f) San fho-alt seo, folaíonn tagairtí d’fhaisnéis a nochtadh tagairtí do dhoiciméid a sholáthar, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(3) Más rud é, maidir le hiarraidh ón gCúirt a chomhlíonadh, go dtoirmisctear an comhlíonadh sin faoi dhlí an Stáit ar bhonn prionsabail bhunúsaigh dhlíthiúil ag a bhfuil feidhm ghinearálta, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an gCúirt, de réir Airteagal 93.3, chun iarracht a dhéanamh an t-ábhar a réiteach.

(4) Má dhiúltaítear d’iarraidh ar chúnamh, déanfaidh an tAire na cúiseanna atá leis an diúltú sin a chur in iúl don Chúirt nó don Ionchúisitheoir.

(5) De réir Airteagal 93.8, féadfaidh an tAire—

(a) i gcás inar gá sin, faisnéis nó doiciméid a tharchur chuig an Ionchúisitheoir ar bhonn rúnda lena húsáid nó lena n-úsáid aige nó aici ach sin d’aon toisc chun fianaise nua a ghiniúint, agus

(b) toiliú dá éis sin lena nochtadh.

(6) Is faisnéis oifigiúil í, de réir bhrí an Achta um Rúin Oifigiúla 1963, aon iarraidh a luaitear i bhfo-alt (1) agus aon doiciméid tacaíochta nó aon doiciméid ghaolmhara.

(7) Maidir le hiarrataí iomaíocha ar chúnamh ón gCúirt agus ó stát eile de bhun oibleagáide idirnáisiúnta de chuid an Stáit, seachas iarrataí ar thabhairt suas nó ar eiseachadadh, déileálfaidh an tAire leo de réir Airteagal 93.9.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo (lena n-áirítear ranníoc an Stáit le cistí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta faoi Airteagal 115 ach gan costais atá le híoc ag an gCúirt faoi Airteagal 100 a áireamh) a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.