An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Iarrataí ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar Dhaoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas )

30 2006

An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006

CUID 2

Dlínse Intíre i leith Cionta ICC

Léiriú (Cuid 2).

6.— (1) Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cúirt”, de réir mar is cuí, an Phríomh-Chúirt Choiriúil, an Chúirt Choiriúil Speisialta nó, i ndáil le daoine atá faoi réir an dlí mhíleata, armchúirt, cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de a thionóltar í;

ciallaíonn “coir in aghaidh na daonnachta” aon cheann de na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 7;

ciallaíonn “cinedhíothú” aon cheann de na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 6;

ciallaíonn “coir chogaidh” aon cheann de na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 8.2 (seachas fomhír (b)(xx)).

(2) In Airteagail 7 agus 8 forléireofar tagairtí do dhúnmharú mar thagairtí do dhuine a mharú in imthosca a d’fhágfadh gur dúnmharú a bheadh ann dá ndéanfaí sa Stát é.

Cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

7 .— (1) Aon duine a dhéanfaidh cinedhíothú, coir in aghaidh na daonnachta nó coir chogaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aisghairtear an tAcht um Chinedhíothú 1973 (“Acht 1973”).

(3) Ní dochar an aisghairm a dhéantar le fo-alt (2) d’oibleagáidí an Stáit faoin gCoinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 9 Nollaig 1948 agus a bhfuil an téacs de leagtha amach i Sceideal 4.

(4) D’ainneoin fho-alt (2), féadfar imeachtaí faoi Acht 1973 a thionscnamh tar éis dháta rite an Achta seo maidir le cion faoin Acht sin a rinneadh roimh an dáta rite sin.

Cionta atá coimhdeach le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

8 .— (1) Aon duine a dhéanfaidh aon ghníomh a shonraítear i mír 3 d’Airteagal 25 (coireanna atá coimhdeach le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh), beidh sé nó sí ciontach i gcion (dá ngairtear “cion coimhdeach” san Acht seo).

(2) Ní dochar fo-alt (1) d’alt 7 (pionóis mar gheall ar chúnamh a thabhairt do chiontóirí) den Acht um an Dlí Coiriúil 1997.

Imeachtaí i leith ciona ICC.

9 .— (1) San Acht seo ciallaíonn “cion ICC” cinedhíothú, coir in aghaidh na daonnachta, coir chogaidh nó cion coimhdeach.

(2) Is é nó is í an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a dhéanfaidh, nó is lena thoiliú nó lena toiliú amháin a dhéanfar, aon imeachtaí breise (seachas athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) a thionscnamh i ndáil le duine a chúisítear i gcion ICC.

(3) Féadfar imeachtaí i leith ciona ICC a dhéantar lasmuigh den Stát a thionscnamh in aon áit sa Stát, agus féadfar déileáil leis an gcion, chun gach críche teagmhasaí, mar chion a rinneadh san áit sin.

(4) Gan dochar d’alt 7 (4), ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh i leith iompair ar cion ICC é, más rud é gur tharla an t-iompar roimh an Acht seo a rith.

Pionós mar gheall ar chion ICC.

10 .— (1) Aon duine a chiontófar i gcion ICC, dlífear—

(a) príosúnacht saoil a chur air nó uirthi más rud é—

(i) go bhfuil dúnmharú san áireamh sa chion, nó

(ii) go mbeadh téarma príosúnachta saoil cóir mar gheall ar fhíorthromaíocht an chiona agus ar imthosca ar leithligh an duine chiontaithe,

(b) in aon chás eile, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 30 bliain a chur air nó uirthi,

(c) fíneáil a chur air nó uirthi de réir na gcritéar dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise, agus

(d) más rud é go mbeidh maoin faighte ag an duine mar thoradh ar an gcion nó i dtaca leis an gcion, ordú coigistíochta a dhéanamh ina leith faoi alt 9 d’Acht 1994.

(2) Le linn an pionós a bheidh le forchur a chinneadh, cuirfidh an chúirt forálacha Airteagal 78 (pianbhreith a chinneadh) i gcuntas.

(3) Aon suimeanna a ghnóthófar faoi ordú coigistíochta arna dhéanamh i ndáil le cion ICC, úsáidfear iad, go hiomlán nó go páirteach, má ordaíonn an chúirt amhlaidh, chun leorghníomh a dhéanamh d’íospartaigh an iompair arb é an cion é.

Cionta in aghaidh riaradh an cheartais.

11 .— (1) Is cion é ag duine aon cheann de na gníomhartha a luaitear i mír 1 d’Airteagal 70 (cionta in aghaidh riaradh an cheartais) a dhéanamh d’aon turas i ndáil le himeachtaí—

(a) os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, nó

(b) os comhair cúirte i leith ciona ICC,

agus, chun críocha na n-imeachtaí a luaitear i mír (b), déanfar tagairtí don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i mír 1 agus sa chéad abairt de mhír 2 den Airteagal sin a fhorléiriú mar thagairtí do chúirt.

(2) (a) Aon duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1)(b), dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(b) Faoi réir mhír (a)(i), déanfar méid aon fhíneála a bheidh le gearradh a chinneadh ag féachaint do na Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise.

(3) Is é nó is í an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a dhéanfaidh, nó is lena thoiliú nó lena toiliú amháin a dhéanfar, aon imeachtaí breise (seachas athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) a thionscnamh i ndáil le duine a chúisítear i gcion faoin alt seo.

Dlínse sheach-chríochach.

12 .— (1) I gcás ina ndéanfaidh náisiúnach Éireannach gníomh lasmuigh den Stát ar chion ICC, nó ar chion faoi alt 11(1), é dá ndéanfaí laistigh den Stát é, beidh sé nó sí ciontach sa chion sin agus dlífear an pionós a fhoráiltear ina leith a chur air nó uirthi.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) freisin i ndáil le duine d’aon náisiúntacht eile a dhéanfaidh gníomh lasmuigh den Stát arbh é a bheadh ann, dá ndéanfaí laistigh den Stát é—

(a) coir chogaidh faoi fhomhír (a) (sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive) nó (b) (sáruithe tromchúiseacha sonraithe eile ar na dlíthe agus na nósanna is infheidhme i gcoinbhleacht armtha idirnáisiúnta) d’Airteagal 8.2, agus

(b) cion faoi alt 3 (sárú tromchúiseach ar Choinbhinsiúin na Ginéive agus ar Phrótacal I a ghabhann leo sin) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962.

(3) Aon ghníomh—

(a) a dhéantar lasmuigh den Stát ar bord loinge Éireannaí nó ar bord aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach, agus

(b) dá ndéanfaí laistigh den Stát é, arbh é a bheadh ann cion ICC,

meastar, chun críocha an Achta seo, é a bheith déanta laistigh den Stát.

(4) Maidir leis an tagairt i bhfo-alt (2)(b) d’alt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962, is tagairt í don alt sin arna leasú le halt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive (Leasú) 1998 agus le mír 2 de Sceideal 3.

(5) San alt seo—

tá le “ aerárthach faoi urlámhas Éireannach ” an bhrí a thugtar dó le halt 1(1) den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair 1973;

tá le “ long Éireannach ” an bhrí a thugtar dó le halt 9 den Acht Loingis Thráchtála 1955.

An dlí infheidhme.

13 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag dlí an Stáit (lena n-áirítear dlí coiteann an Stáit) maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndearna duine cion faoin gCuid seo.

(2) Beidh feidhm ag Airteagal 27 (feidhm an Reachta maidir le gach duine gan aon idirdhealú atá bunaithe ar cháil oifigiúil) agus ag míreanna (a) agus (b) d’Airteagal 28 (freagracht ceannasaithe agus uachtarán eile as coireanna atá faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta), de réir mar is cuí agus fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le haon chinneadh den sórt sin.

(3) Ní dochar an t-alt seo d’alt 3(1).

Íospartaigh agus finnéithe a chosaint.

14 .— (1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin gCuid seo—

(a) déanfar na bearta a shonraítear i míreanna 1 agus 5 d’Airteagal 68 (íospartaigh agus finnéithe a chosaint agus a rannpháirteachas in imeachtaí), más cuí, le linn an cion a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus

(b) déanfaidh an chúirt lena mbaineann, más cuí, na bearta a shonraítear i míreanna 1 go 3 agus 5 den Airteagal sin.

(2) Ní dochar aon bhearta den sórt sin ná an tslí ina ndéanfar iad do chearta an chúisí agus do thriail chothrom neamhchlaon ná ní bheidh siad ar neamhréir leis na nithe sin.

(3) In aon imeachtaí den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh, nó féadfar iarratas a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, go ndéanfar bearta is gá chun aon seirbhísigh nó gníomhairí don Stát a bhfuil baint acu leis na himeachtaí a chosaint agus chun faisnéis rúnda nó íogair a chosaint; agus féadfaidh an chúirt an t-iarratas a dheonú más deimhin léi go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh.