|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Iarrataí ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar Dhaoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas ) | Ar Aghaidh ( CUID 5 Iarrataí Eile ) |
An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID 4 Iarrataí ar Shócmhainní a Reo agus Orduithe ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a Fhorghníomhú | |||||||||||||||||||||||||
Léiriú (Cuid 4). |
37 .— Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1988 ” an tAcht Féimheachta 1988; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ cosantóir ” duine a mbeidh iarraidh faighte ag an Aire ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i ndáil leis nó léi chun maoin a reo nó ordú ICC a fhorfheidhmiú; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ ordú ICC infhorfheidhmithe ” ordú ICC a mbeidh ordú infhorfheidhmithe déanta i ndáil leis; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ ordú forfheidhmithe ” ordú faoi alt 40(3) chun ordú ICC a fhorfheidhmiú; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ reo-ordú ” ordú faoi alt 38(4); | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ bronntanas a thagann faoi réim na Coda seo ” bronntanas— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a thug an cosantóir in imeachtaí i leith ciona ICC aon tráth tar éis an cion a dhéanamh nó, má tá níos mó ná cion amháin den sórt sin ann, an cion is túisce de na cionta lena mbaineann na himeachtaí de thuras na huaire, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a measann an chúirt ina leith gur cuí sna himthosca go léir é a chur i gcuntas; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “ ordú ICC ” an bhrí a shanntar dó le halt 40(1); | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ maoin inréadaithe ”— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) aon mhaoin a shealbhaíonn cosantóir, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) aon mhaoin a shealbhaíonn duine dár thug cosantóir, go díreach nó go neamhdhíreach, bronntanas a thagann faoi réim na Coda, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ach ní fholaíonn sé aon mhaoin— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) atá faoi réir ordaithe faoi alt 4 nó 4A den Acht um Fháltais ó Choireacht 1996, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) faoi réir a forghéillte faoi ordú infhorfheidhmithe ICC, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) faoi réir ordaithe faoi alt 30 (orduithe forghéillte) den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) faoi réir ordaithe coigistíochta, nó faoi réir ordaithe forghéillte, de réir bhrí Acht 1994, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (v) faoi réir ordaithe um chomhar coigistíochta nó faoi réir ordaithe forghéillte sheachtraigh, dá dtagraítear in alt 46 nó 47 den Acht sin; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil a úinéir cláraithe, nó a meastar a úinéir a bheith cláraithe, faoin Acht um Chlárú Teidil 1964. | |||||||||||||||||||||||||
Reo-orduithe. |
38 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaigheann an tAire iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta faoi Airteagal 93.1(k) chun maoin duine, lena n-áirítear aon earraí ar baineadh úsáid astu le linn cion ICC a dhéanamh, a reo d’fhonn í a fhorghéilleadh faoi dheoidh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, déanfaidh an tAire, faoi réir alt 4, cóip den iarraidh agus aon doiciméid a bheidh ina teannta a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara air sin go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú faoi fho-alt (4). | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Más rud é, maidir leis an iarratasóir— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go gcreideann sé nó sí go bhfuil aon talamh ar úinéireacht ag an duine lena mbaineann an iarraidh (cibé acu a chreideann nó nach gcreideann an t-iarratasóir go bhfuil talamh eile ar úinéireacht ag an duine), agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) gurb eol dó nó di cá bhfuil an talamh, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | luafaidh an t-iarratasóir san iarratas go gcreideann sé nó sí amhlaidh agus sonróidh sé nó sí cá bhfuil an talamh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) Ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear “reo-ordú” sa Chuid seo) á thoirmeasc ar aon duine déileáil le maoin an duine lena mbaineann an iarraidh más deimhin leis an gCúirt— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis an maoin, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) (I) go bhfuil fíneáil gearrtha ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó ordú leorghnímh nó ordú forghéillte déanta aici, sna himeachtaí lena mbaineann, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhféadfaidh an Chúirt sin fíneáil a ghearradh, nó ordú den sórt sin a dhéanamh, sna himeachtaí sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a), folaíonn déileáil le maoin a shealbhaíonn aon duine— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás fiach a bheith dlite don duine sin, íocaíocht a dhéanamh le haon duine de laghdú ar mhéid an fhéich, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) an mhaoin a aistriú ón Stát. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Féadfaidh reo-ordú a bheith faoi réir cibé coinníollacha agus eisceachtaí a shonrófar ann, lena n-áirítear cibé foráil a dhéanamh is cuí leis an gCúirt le haghaidh caiteachas maireachtála agus caiteachas dlí aon duine. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) I mír (a)(ii)(I) folaíonn “imeachtaí” imscrúdú ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar chion ICC. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) Má tá feidhm ag fo-alt (3)(b), beidh an ráiteas a luaitear san fho-alt sin san áireamh sa reo-ordú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Le linn a cuid cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú, tabharfaidh an Ard-Chúirt aird chuí ar chearta aon tríú páirtithe. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Féadfaidh feidhm a bheith ag reo-ordú— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maidir leis an maoin inréadaithe go léir a shealbhaíonn duine sonraithe, cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear an mhaoin san ordú, agus | |||||||||||||||||||||||||
(b) maidir le maoin inréadaithe a shealbhaíonn duine sonraithe, ar maoin í a aistríodh chuige nó chuici tar éis an t-ordú a dhéanamh. | ||||||||||||||||||||||||||
(7) Maidir le reo-ordú— | ||||||||||||||||||||||||||
(a) féadfar é a dhéanamh ex parte agus ar shlí seachas go poiblí, | ||||||||||||||||||||||||||
(b) féadfar foráil a dhéanamh leis maidir leis an ordú a sheirbheáil ar dhaoine a ndéanann sé difear dóibh, nó maidir le fógra a thabhairt do dhaoine den sórt sin, ar cibé modh a ordóidh an Ard-Chúirt, | ||||||||||||||||||||||||||
(c) féadfar é a urscaoileadh nó a athrú i ndáil le haon mhaoin, agus | ||||||||||||||||||||||||||
(d) urscaoilfear é ar iarratas ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó ar na himeachtaí os comhair na Cúirte sin a bheith críochnaithe ar imeachtaí iad a ndéantar an t-ordú i ndáil leo. | ||||||||||||||||||||||||||
(8) Chun críocha fho-alt (7)(d), beidh imeachtaí os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta críochnaithe— | ||||||||||||||||||||||||||
(a) i gcás ina gcinneann an Chúirt gan ordú ICC a dhéanamh, ar dháta an chinnidh, | ||||||||||||||||||||||||||
(b) i gcás ina ndéanann an Chúirt ordú den sórt sin— | ||||||||||||||||||||||||||
(i) ar an dáta a ndéantar cinneadh críochnaitheach ar iarratas faoi alt 40 chun é a fhorfheidhmiú, nó | ||||||||||||||||||||||||||
(ii) nuair a eisíonn an tAire deimhniú á rá nach dóigh go bhfaighfear iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar an ordú a fhorfheidhmiú. | ||||||||||||||||||||||||||
(9) Féadfaidh aon duine a ndéanann reo-ordú difear dó nó di iarratas a dhéanamh ar ordú den sórt sin a urscaoileadh nó a athrú. | ||||||||||||||||||||||||||
(10) I gcás reo-ordú a bheith déanta ag an Ard-Chúirt de dhroim iarrata a bhaineann le himscrúdú ar chion ICC, féadfaidh sí an t-ordú a urscaoileadh más rud é nach bhfuil an t-imscrúdú críochnaithe laistigh de cibé tréimhse ama a mheasann sí a bheith réasúnach. | ||||||||||||||||||||||||||
(11) I gcás reo-ordú a bheith déanta ag an Ard-Chúirt, féadfaidh an Chúirt, aon tráth, glacadóir a cheapadh— | ||||||||||||||||||||||||||
(a) chun seilbh a ghabháil ar aon mhaoin inréadaithe, agus | ||||||||||||||||||||||||||
(b) chun í a bhainistiú nó chun déileáil léi ar shlí eile de réir ordacháin na Cúirte, | ||||||||||||||||||||||||||
ach sin faoi réir cibé eisceachtaí agus coinníollacha a shonróidh an Chúirt agus foráil a dhéanamh maidir le caiteachais agus luach saothair an ghlacadóra, agus féadfaidh sí a cheangal ar aon duine a shealbhaíonn maoin den sórt sin, nó a bhfuil maoin den sórt sin faoina rialú aige nó aici í a sheachadadh ar an nglacadóir. | ||||||||||||||||||||||||||
(12) I gcás reo-ordú a bheith déanta ag an Ard-Chúirt, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil, d’fhonn aistriú aon mhaoine inréadaithe amach as an Stát a chosc, an mhaoin a urghabháil. | ||||||||||||||||||||||||||
(13) Is de réir ordacháin na hArd-Chúirte a dhéileálfar le maoin a urghabhtar faoi fho-alt (12). | ||||||||||||||||||||||||||
(14) Beidh éifeacht le halt 60 (diúscairtí a bheith ar neamhní atá ceaptha chun coigistiú etc. a shárú) d’Acht 1994 amhail is dá bhfolódh na tagairtí do choigistiú tagairtí do reo-ordú. | ||||||||||||||||||||||||||
Reo-orduithe a chlárú. |
39 .— (1) (a) I gcás ina ndéantar reo-ordú i ndáil le talamh, nó ina ndéantar ordú lena n-athraítear nó lena n-urscaoiltear ordú den sórt sin, déanfaidh cláraitheoir na hArd-Chúirte fógra faoin ordú a dhéanamh, mar aon le cóip den ordú, a chur chuig Cláraitheoir na dTeideal agus na nGníomhas. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Más dealraitheach ón reo-ordú, nó más eol don Chláraitheoir thairis sin, gur talamh cláraithe é an talamh, déanfaidh an Cláraitheoir air sin— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) a chur faoi deara taifead a chur sa chlár arna choimeád faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 á thoirmeasc, go dtí go n-urscaoiltear an t-ordú, aon déileáil a dhéanamh le haon talamh nó muirear cláraithe ar dealraitheach go ndéanann an t-ordú difear dó, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) má dhéantar an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh dá éis sin, a chur faoi deara an taifead a athrú dá réir sin nó a chealú, de réir mar a bheidh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás nach bhfuil feidhm ag mír (b), cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara air sin go ndéantar fógra a chlárú, de bhun an Registration of Deeds Act 1707, i gClárlann na nGníomhas i dtaobh an reo-ordú a dhéanamh, a athrú nó a urscaoileadh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) Más rud é nach bhfuil, agus fad nach bhfuil, oifigí Chláraitheoir na dTeideal agus Chláraitheoir na nGníomhas i seilbh an duine chéanna— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) déanfar an tagairt i mír (a) do Chláraitheoir na dTeideal agus na nGníomhas a fhorléiriú mar thagairt do Chláraitheoir na dTeideal agus do Chláraitheoir na nGníomhas, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) déanfar an tagairt i mír (b) don Chláraitheoir a fhorléiriú mar thagairt do Chláraitheoir na dTeideal, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) déanfar an tagairt i mír (c) don Chláraitheoir a fhorléiriú mar thagairt do Chláraitheoir na nGníomhas. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) I gcás ina ndéantar reo-ordú a dhéanann difear do leas i gcuideachta nó ina maoin, nó go ndéantar ordú lena n-athraítear nó lena n-urscaoiltear ordú den sórt sin, déanfaidh cláraitheoir na hArd-Chúirte fógra faoin ordú a dhéanamh, mar aon le cóip den ordú, a chur chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Ar na doiciméid sin a fháil, cuirfidh Cláraitheoir na gCuideachtaí faoi deara, más cuideachta chláraithe an chuideachta, an fógra a thaifeadadh i gClár na gCuideachtaí agus— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) más cuideachta láithreach, arna míniú in alt 2(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963, an chuideachta, cóip den fhógra a chur chuig gach stiúrthóir de chuid na cuideachta, agus chuig rúnaí na cuideachta, ag oifig chláraithe na cuideachta, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile, cóip den fhógra a chur leis an bpost chuig an duine a chónaíonn sa Stát agus arb é nó í an duine atá údaraithe chun seirbheáil na próise, agus aon fhógraí a cheanglaítear a sheirbheáil ar an gcuideachta, a ghlacadh thar ceann na cuideachta lena mbaineann. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) San fho-alt seo— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Clár na gCuideachtaí” Clár na gCuideachtaí a choimeádtar faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2005; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cuideachta chláraithe”— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) cuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoi na hAchtanna sin, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) cuideachta láithreach, arna míniú in alt 2(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) cuideachta arna clárú faoi Chuid XI den Acht sin nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Nochtadh ag Brainsí) 1993 (I.R. Uimh. 395 de 1993). | |||||||||||||||||||||||||
Orduithe ICC a fhorfheidhmiú. |
40 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh an tAire tar éis iarraidh a fháil ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun ordú de chuid na Cúirte a fhorfheidhmiú (dá ngairtear “ordú ICC” sa Chuid seo) ar ordú é lena bhforchuirtear fíneáil nó forghéilleadh nó lena ndéantar foráil maidir le leorghníomh d’íospartaigh nó i leith íospartach. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, déanfaidh an tAire, faoi réir alt 4, a chur faoi deara iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar fhorfheidhmiú an ordaithe ICC. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Más rud é, maidir leis an iarratasóir— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go gcreideann sé nó sí go bhfuil aon talamh ar úinéireacht ag an duine a ndearnadh an t-ordú ina choinne nó ina coinne (cibé acu a chreideann nó nach gcreideann an t-iarratasóir go bhfuil talamh eile ar úinéireacht ag an duine), agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) gurb eol dó nó di cá bhfuil an talamh, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | luafaidh an t-iarratasóir san iarratas go gcreideann sé nó sí amhlaidh agus sonróidh sé nó sí cá bhfuil an talamh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) Ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt, faoi réir fho-alt (4), ordú (dá ngairtear “ordú forfheidhmithe” sa Chuid seo) a dhéanamh ar ordú ICC a fhorfheidhmiú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Má tá feidhm ag fo-alt (2)(b), beidh an ráiteas dá dtagraítear san fho-alt sin ar áireamh san ordú forfheidhmithe. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú forfheidhmithe ach amháin más rud é go bhfuil— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an t-ordú ICC, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an ciontú ar ina leith a rinneadh é, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | i bhfeidhm, agus gan é a bheith faoi réir achomhairc eile, agus más rud é— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur tugadh deis réasúnach do dhaoine ag a bhfuil leas in aon mhaoin lena mbaineann chun uiríll a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás ina bhforchuirtear fíneáil leis an ordú ICC, nach ndéanfaidh forfheidhmiú an ordaithe dochar do chearta tríú páirtithe bona fide. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Más rud é go mbeidh an t-ordú ICC comhlíonta go páirteach, ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú forfheidhmithe ach amháin i ndáil is i ndáil leis an gcuid nár comhlíonadh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) I gcás ina mbaineann an t-ordú infhorfheidhmithe ICC le fíneáil nó suim eile a íoc, déanfar an t-ordú a fhorfheidhmiú de réir a théarmaí amhail is dá mba ordú ón Ard-Chúirt é chun an tsuim is iníoctha faoin ordú ICC, nó aon suim is lú ná sin a bheidh dlite fós faoin ordú, a íoc leis an Stát. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) I gcás ina mbaineann an t-ordú infhorfheidhmithe ICC le maoin a fhorghéilleadh— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) oibreoidh an t-ordú chun a chearta nó a cearta, más ann, sa mhaoin, a bhaint den duine lena mbaineann sé, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) déanfar an t-ordú a fhorfheildhmiú de réir a théarmaí amhail is dá mba ordú ón Ard-Chúirt é chun an mhaoin a fhorghéilleadh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) Ní údaraítear le haon ní i bhfo-alt (6) nó (7) duine a phríosúnú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) Faoi réir fho-alt (10), más rud é, aon tráth tar éis an t-ordú forfheidhmithe a dhéanamh, go dtuairiscítear don Ard-Chúirt go bhfuil aon suim is iníoctha faoin ordú ICC gan íoc fós, féadfaidh an Chúirt, gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó d’fhorfheidhmiú an ordaithe ina dhiaidh sin, a ordú go ndéanfar an duine lena mbaineann an t-ordú ICC a phríosúnú go ceann tréimhse nach faide ná an tréimhse atá leagtha amach sa dara colún den tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne an mhéid atá gan íoc faoin ordú ICC. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (10) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (9) den alt seo mura rud é mbeidh deis réasúnach tugtha don duine lena mbaineann an t-ordú ICC uiríll a dhéanamh chuig an gCúirt. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (11) Beidh éifeacht le halt 60 (neamhniú diúscairtí atá ceaptha chun sárú a dhéanamh ar choigistíocht, etc.) d’Acht 1994 amhail is dá bhfolódh an tagairt d’fhorghéilleadh tagairt d’ordú infhorfheidhmithe ICC. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (12) Aon airgead nó maoin eile a gheofar faoi ordú infhorfheidhmithe ICC, déileálfar leis nó léi, gan dochar d’alt 49(1), de réir ordachán ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (13) Beidh feidhm ag alt 39 i ndáil le horduithe forfheidhmithe a chlárú mar atá feidhm aige i ndáil le reo-orduithe a chlárú agus beidh éifeacht leis dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | An Tábla | |||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Maoin a réadú. |
41.— (1) Más rud é, maidir le hordú forfheidhmithe nach bhfuil faoi réir achomhairc, nach gcomhlíontar é, féadfaidh an Ard-Chúirt na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1), féadfaidh an Chúirt, i ndáil le haon mhaoin inréadaithe— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) duine a cheapadh chun bheith ina ghlacadóir nó ina glacadóir ina leith, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a chumhachtú don ghlacadóir seilbh a ghlacadh uirthi, faoi réir cibé coinníollacha nó eisceachtaí a shonróidh an Chúirt, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a ordú d’aon duine a bhfuil sí ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici nó faoina rialú aige nó aici í a sheachadadh ar an nglacadóir, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) a chumhachtú don ghlacadóir í a réadú i cibé slí a ordóidh an Chúirt, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) a ordú d’aon duine a shealbhaíonn leas inti cibé íocaíocht a ordóidh an Chúirt a dhéanamh leis an nglacadóir i leith aon leasa thairbhiúil arna shealbhú inti ag an gcosantóir nó, de réir mar a bheidh, ag faighteoir aon bhronntanais a thagann faoi réim an Achta seo, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) ar an íocaíocht a bheith déanta, aon leas tairbhiúil den sórt sin a aistriú, a dheonú nó a mhúchadh, le hordú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní fheidhmeoidh an Chúirt na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo mura rud é go mbeidh deis réasúnach tugtha do dhaoine a shealbhaíonn aon leas sa mhaoin lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuici i ndáil leis an bhfeidhmiú sin. | |||||||||||||||||||||||||
An Ard-Chúirt nó an glacadóir d’fheidhmiú cumhachtaí. |
42 .— (1) San alt seo ciallaíonn “cumhachtaí” na cumhachtaí a thugtar don Ard-Chúirt le halt 38 (11) nó 41 (2) nó do ghlacadóir a cheaptar faoi cheachtar de na forálacha sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar na cumhachtaí a fheidhmiú d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a áirithiú go bhfuil an mhaoin lena mbaineann ordú faoi cheachtar de na forálacha sin ar fáil chun aon ordú ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chomhlíonadh, ar ordú é lena bhforchuirtear fíneáil nó forghéilleadh nó lena ndéantar foráil maidir le leorghníomh d’íospartaigh nó ina leith, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás maoine inréadaithe arna sealbhú ag duine a ndearna an cosantóir bronntanas a thagann faoi réim na Coda seo a thabhairt dó nó di go díreach nó go neamhdhíreach, méid a réadú nach mó ná an luach an bhronntanais de thuras na huaire, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a cheadú d’aon duine, seachas an cosantóir nó faighteoir aon bhronntanais den sórt sin, luach aon mhaoine arna sealbhú aige nó aici a choimeád nó a ghnóthú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Le linn na cumhachtaí a fheidhmiú, ní chuirfear i gcuntas aon oibleagáidí de chuid an chosantóra nó de chuid fhaighteoir aon bhronntanais den sórt sin, ar oibleagáidí iad atá ar neamhréir leis an oibleagáid chun an reo-ordú nó an t-ordú ICC lena mbaineann a chomhlíonadh. | |||||||||||||||||||||||||
Glacadóirí: foráil fhorlíontach. |
43 .— Maidir le glacadóir— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a dhéanfaidh aon bheart i ndáil le maoin nach maoin inréadaithe, ar beart é a bheadh glacadóir i dteideal a dhéanamh dá mba mhaoin inréadaithe í, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a chreideann, agus forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint, go bhfuil sé nó sí i dteideal an beart sin a dhéanamh i ndáil leis an maoin sin, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas ag duine ar bith i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharlaíonn de thoradh an bhirt sin ach amháin a mhéid arb é a fhaillí nó a faillí is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste. | |||||||||||||||||||||||||
Féimheacht cosantóra, etc. |
44 .— (1) I gcás ina ndéanfar duine a shealbhaíonn maoin inréadaithe a bhreithniú ina fhéimheach nó ina féimheach, beidh an mhaoin seo a leanas eisiata ó mhaoin an fhéimhigh chun críocha Acht 1988: | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) aon mhaoin atá, de thuras na huaire— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) faoi réir reo-ordaithe arna dhéanamh roimh an ordú breithnithe, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) faoi réir ordaithe ICC is ábhar d’ordú forfheidhmithe arna dhéanamh roimh an ordú breithnithe; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) aon mhaoin arna réadú de bhua alt 38(11) nó 41(2) agus atá, de thuras na huaire, i lámha glacadóra. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás duine a bheith breithnithe ina fhéimheach nó ina féimheach roimh an Acht seo a rith, ní dhéanfar cumhachtaí na hArd-Chúirte nó glacadóra faoi cheachtar de na hailt sin a fheidhmiú i ndáil le maoin an fhéimhigh chun críocha Acht 1988. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás duine a bhreithniú ina fhéimheach nó ina féimheach agus ina ndearna an duine, go díreach nó go neamhdhíreach, bronntanas a thagann faoin gCuid seo a thabhairt— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ní dhéanfar aon chinneadh i dtaobh an bhfuil an bronntanas ar neamhní faoi alt 57, 58 nó 59 d’Acht 1988 i leith an bronntanas a thabhairt aon tráth a bhí maoin an duine ar tugadh an bronntanas dó nó di faoi réir reo-ordaithe nó ordaithe infhorfheidhmithe ICC, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) déanfar aon réadú faoin gCuid seo ar mhaoin a bhí ar seilbh ag an duine ar tugadh an bronntanas dó nó di a chur i gcuntas in aon chinneadh den sórt sin a dhéanfar tar éis an reo-ordú nó an t-ordú infhorfheidhmithe ICC a urscaoileadh. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I gcás inar tíolacadh achainí i bhféimheacht, nó ina ndearnadh breithniú i bhféimheacht, roimh an 1 Eanáir 1989, beidh éifeacht leis an alt seo maille leis an modhnú go ndéanfar tagairtí do mhaoin an fhéimhigh atá dílsithe sna sannaithe chun críocha dlí na féimheachta a bhí i bhfeidhm roimh an dáta sin a chur in ionad tagairtí do mhaoin an fhéimhigh chun críocha Acht 1988. | |||||||||||||||||||||||||
Maoin a ndéileálann an Sannaí Oifigiúil léi. |
45 .— (1) Gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála d’aon achtachán eile, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil nó iontaobhaí a cheaptar faoi Chuid V d’Acht 1988 aon mhaoin a urghabháil nó a dhiúscairt ar maoin í nach bhfuil a fheidhmeanna nó a feidhmeanna infheidhmithe i ndáil léi ó tharla go bhfuil sí faoi réir reo-ordaithe nó ordaithe infhorfheidhmithe ICC de thuras na huaire, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go gcreideann sé nó sí, tráth na hurghabhála nó na diúscartha, agus forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint, go bhfuil sé nó sí i dteideal (cibé acu de bhun ordaithe ó chúirt nó ar shlí eile) an mhaoin a urghabháil nó a dhiúscairt, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas ag aon duine i leith aon chaillteanais nó damáiste a thig as an urghabháil nó as an diúscairt ach amháin sa mhéid gurb é a fhaillí nó a faillí féin is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) beidh lian aige nó aici ar an maoin, nó ar na fáltais as an maoin a dhíol, i leith an oiread sin dá chaiteachais nó dá caiteachais a tabhaíodh i dtaca leis na himeachtaí féimheachta nó i dtaca le himeachtaí eile ar airbheartaíodh an urghabháil nó an diúscairt a dhéanamh i ndáil leo agus i leith an oiread sin dá luach saothair a chuirfear le réasún i leith é nó í do ghníomhú i dtaca leis na himeachtaí sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Más rud é, maidir leis an Sannaí Oifigiúil nó le hiontaobhaí a cheaptar mar a dúradh— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go dtabhóidh sé nó sí caiteachais i leith na maoine sin, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach eol dó nó di, agus nach bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint, go bhfuil an mhaoin de thuras na huaire faoi réir reo-ordaithe nó ordaithe ICC infhorfheidhmithe, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | beidh sé nó sí i dteideal (cibé acu a rinne sé nó sí, nó nach ndearna sé nó sí, an mhaoin a urghabháil nó a dhiúscairt ionas go mbeadh lian aige nó aici) íocaíocht a fháil i leith na gcaiteachas sin faoi alt 49. | |||||||||||||||||||||||||
Cuideachta a shealbhaíonn maoin inréadaithe a fhoirceannadh. |
46.— (1) San alt seo— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta a fhéadfar a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2005; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “tráth iomchuí”— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás nach mbeidh aon ordú déanta chun an chuideachta a fhoirceannadh, tráth rite an rúin chun í a fhoirceannadh go toilteanach, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh ordú den sórt sin déanta agus, sula ndéantar an achainí a thíolacadh chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt, go mbeidh rún den sórt sin rite ag an gcuideachta, tráth rite an rúin, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) in aon chás eile ina mbeidh ordú den sórt sin déanta, tráth déanta an ordaithe. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás maoin inréadaithe a bheith á sealbhú ag cuideachta agus i gcás ordú chun an chuideachta a fhoirceannadh a bheith déanta nó i gcás rún a bheith rite aici chun an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, ní bheidh feidhmeanna an leachtaitheora (nó feidhmeanna aon leachtaitheora shealadaigh) infheidhmithe i ndáil leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maoin atá de thuras na huaire— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) faoi réir reo-ordaithe a rinneadh roimh an tráth iomchuí, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) faoi réir ordaithe ICC is ábhar d’ordú forfheidhmithe a rinneadh roimh an tráth sin, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) aon mhaoin arna réadú de bhua ordaithe den sórt sin ar maoin í atá de thuras na huaire i lámha glacadóra a cheaptar faoin gCuid seo. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás ordú a bheith déanta chun cuideachta a fhoirceannadh nó i gcás rún den sórt sin a bheith rite, ní dhéanfar cumhachtaí na hArd-Chúirte nó cumhachtaí glacadóra den sórt sin a fheidhmiú i ndáil le haon mhaoin inréadaithe a shealbhaíonn an chuideachta lena mbaineann— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ionas go gcuirtear toirmeasc ar fheidhmiú na gcumhachtaí sin d’fhonn aon mhaoin a shealbhaíonn an chuideachta a dháileadh ar chreidiúnaithe na cuideachta, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ionas go gcuirtear cosc le caiteachais (lena n-áirítear luach saothair an leachtaitheora nó aon leachtaitheora shealadaigh) a íoc as aon mhaoin, ar caiteachais iad a thabhaítear go cuí le linn an fhoirceanta i leith na maoine. | |||||||||||||||||||||||||
Ús ar shuimeanna neamhíoctha faoi orduithe forghníomhaithe. |
47 .— (1) Más rud é nach ndéantar aon suim a cheanglaítear ar dhuine a íoc faoi ordú infhorfheidhmithe ICC a íoc an tráth a cheanglaítear í a íoc (cibé acu láithreach ar an ordú forfheidhmithe lena mbaineann a dhéanamh nó tráth a shonraítear san ordú ICC), dlífidh an duine ús a íoc ar an tsuim go ceann na tréimhse a bhfanfaidh sí gan íoc lena linn. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha forfheidhmithe, déileálfar le méid an úis mar chuid den mhéid atá le gnóthú ón duine faoin ordú infhorfheidhmithe ICC. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Is é an ráta úis an ráta úis is infheidhme de thuras na huaire maidir le fiach breithiúnais shibhialta de chuid na hArd-Chúirte. | |||||||||||||||||||||||||
Airgeadra íocaíochtaí faoi orduithe forghníomhaithe. |
48 .— (1) Is san euro a íocfar méid is iníoctha sa Stát faoi ordú infhorfheidhmithe ICC. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Má dhéantar an méid is iníoctha a shloinneadh san ordú infhorfheidhmithe ICC in airgeadra seachas an euro, déanfar an íocaíocht ar bhonn an ráta malairte atá i réim idir an euro agus an t-airgeadra sin ar an dáta a dhéantar an t-ordú forfheidhmithe. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, maidir le deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach d’fhoras údaraithe agus a airbheartaíonn an ráta malairte a lua atá i réim ar dháta sonraithe idir airgeadra sonraithe agus an euro, beidh sé inghlactha in aon imeachtaí, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “ foras údaraithe ”— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas ón mBanc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) duine dá dtagraítear in alt 7(4) den Acht sin, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) foras creidmheasa (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú) 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992)) a bheidh údaraithe ag an Údarás sin chun gnó forais creidmheasa a sheoladh de réir na n-achtachán maoirseachta de réir bhrí na Rialachán sin. | |||||||||||||||||||||||||
Fáltais ó réadú a úsáid. |
49 .— (1) Aon airgead a íocfar nó a ghnóthófar i leith ordaithe infhorfheidhmithe ICC (lena n-áirítear aon athrú ar ordú den sórt sin), féadfar é a úsáid, go feadh aon mhéid is gá, chun caiteachais a thabhófar i bhfeidhmiú aon chumhachtaí faoin Acht seo agus luach saothair aon duine a fhostófar chun na críche sin a íoc. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Maidir le haon airgead den sórt sin, tar éis aon chaiteachais nó luach saothair den sórt sin a íoc, déanfar é a aistriú, de réir ordacháin an Aire, chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó, má ordaíonn an Chúirt sin amhlaidh, go díreach chuig an gCiste Iontaobhais dá bhforáiltear in Airteagal 79 chun tairbhe íospartach coireanna a thagann faoina dlínse agus chun tairbhe theaghlaigh na n-íospartach sin. |