An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Iarrataí ar Shócmhainní a Reo agus Orduithe ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a Fhorghníomhú ) Ar Aghaidh ( CUID 6 Ilghnéitheach )

30 2006

An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006

CUID 5

Iarrataí Eile

Fianaise ar chéannacht.

50 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “sampla colainne” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) sampla d’fhuil, de ghruaig, d’fhual nó de sheile;

(b) gearrthán iongan nó aon ábhar a fhaightear faoi ionga;

(c) sváb ó aon pháirt den chorp;

(d) lorg coise nó múnla dá shórt d’aon pháirt den chorp, lena n-áirítear múnla déadach;

ciallaíonn “toiliú” toiliú i scríbhinn, agus aon tagairt do thoiliú ó dhuine is tagairt í—

(a) i gcás duine a bhfuil 17 mbliana slánaithe aige nó aici, do thoiliú ón duine sin,

(b) i gcás duine nach bhfuil 17 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, ach ag a bhfuil 14 bliana d’aois slánaithe, do thoiliú ón duine sin agus óna thuismitheoir nó óna tuismitheoir nó óna chaomhnóir nó óna caomhnóir, agus

(c) i gcás duine nach bhfuil 14 bliana d’aois slánaithe aige nó aici, do thoiliú óna thuismitheoir nó óna tuismitheoir nó óna chaomhnóir nó óna caomhnóir;

ciallaíonn “fiaclóir” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta de thuras na huaire i gClár na bhFiaclóirí arna choimeád faoi Acht na bhFiaclóirí 1985;

ciallaíonn “dochtúir” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta de thuras na huaire i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi alt 26 d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978;

ciallaíonn “fianaise ar chéannacht” méarlorg, lorg dearna, céannacht inteacháin nó grianghraf duine nó sampla colainne ó dhuine agus aon taifid ghaolmhara.

(2) Faoi réir alt 4, féadfaidh an tAire, de bhun iarrata ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta faoi Airteagal 93.1(a) ar chúnamh maidir le fianaise ar chéannacht a fháil, an iarraidh a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i gcomhair aon ghnímh is gá, má tá sé nó sí sásta i dtaobh na nithe a luaitear i bhfo-alt (3).

(3) Is iad seo a leanas na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

(a) nach ndéanfar aon fhianaise ar chéannacht a sholáthraítear a úsáid ach amháin chun cion ICC a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus

(b) maidir leis an bhfianaise—

(i) go dtabharfaidh an Chúirt ar ais í nuair nach bhfuil gá léi a thuilleadh chun na críche sin, mura rud é go léireoidh an tAire a mhalairt, nó

(ii) go ndéileálfar léi de réir fho-ailt (12) agus (13).

(4) Más rud é nach bhfuil, nó sa mhéid nach bhfuil, an fhianaise ar chéannacht a iarrtar i seilbh an Gharda Síochána, ordóidh an Coimisinéir do chomhalta den Gharda Síochána (“comhalta”) an méid seo a leanas a chur in iúl don duine a bhfuil an fhianaise le soláthar aige nó aici—

(a) cineál na fianaise,

(b) gur iarr an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta í i dtaca le cion a thagann faoi réim a dlínse a imscrúdú nó a ionchúiseamh,

(c) nach bhfuil oibleagáid air nó uirthi an fhianaise a sholáthar, agus

(d) go bhféadfar í a thabhairt i bhfianaise in imeachtaí os comhair na Cúirte, má thoilíonn sé nó sí í a sholáthar.

(5) Má thoilíonn an duine an fhianaise a thabhairt, féadfaidh an comhalta an fhianaise a thógáil, nó a chur faoi deara í a thógáil, de réir na hiarrata agus de réir aon cheanglas a shonraítear san iarraidh i ndáil lena tógáil.

(6) Más rud é go bhfuil duine a bhfuil an fhianaise ar chéannacht le soláthar aige nó aici i gcoimeád—

(a) ní fhéadfar fianaise a thógáil faoin alt seo ach amháin má bhaineann sí le cion seachas an cion ar ina leith atá an duine i gcoimeád, agus

(b) féadfar aon fhianaise a sholáthraítear a thógáil san áit ina bhfuil an duine i gcoimeád nó in áit eile.

(7) Ní fhéadfaidh aon duine seachas dochtúir sampla colainne a thógáil faoin alt seo ar sampla é arb é atá ann ná fuil, gruaig phúbasach, nó sváb ó oscailt cholainne (seachas an béal) nó ó réigiún na mball giniúna, agus is fiaclóir nó dochtúir agus iad sin amháin a fhéadfaidh múnla déadach a thógáil amhlaidh.

(8) Má cheanglaíonn an Chúirt é, féadfaidh an Coimisinéir socrú a dhéanamh chun go ndéanfar tástáil dlí-eolaíochta ar sváb ó oscailt cholainne nó ó réigiún na mball giniúna.

(9) Féadfar sampla de ghruaig seachas gruaig phúbasach a thógáil faoin alt seo trí ribí a ghearradh nó trí ribí a phiocadh ina n-aonar mar aon lena bhfréamhacha agus, i gcás ina bpioctar ribí, ní phiocfar níos mó díobh ná a measfaidh an duine a bheidh ag tógáil an tsampla, le réasún, ina leith gur gá iad mar shampla leordhóthanach chun críche tástála dlí-eolaíochta nó chun críoch comparáide.

(10) Déanfaidh an comhalta a thógfaidh fianaise ar chéannacht na sonraí seo a leanas a thaifeadadh—

(a) an áit, an t-am agus an dáta ar tógadh í,

(b) toradh aon tástála dlí-eolaíochta ar an bhfianaise,

(c) aon sonraí iomchuí eile, lena n-áirítear aon sonraí a shonróidh an Chúirt,

agus beidh cóip den toiliú le tógáil na fianaise san áireamh sa taifead.

(11) Déanfaidh an Coimisinéir aon fhianaise ar chéannacht—

(a) atá i seilbh an Gharda Síochána, nó

(b) a tógadh faoi fho-alt (5), mar aon le cóip den taifead arna dhéanamh faoi fho-alt (10),

a chur chuig an Aire lena tarchur chuig an gCúirt.

(12) Nuair a bheidh an fhianaise ar chéannacht agus an taifead á dtarchur chuig an gCúirt, déanfaidh an tAire, más rud é nach bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(b)(i) agus faoi réir fho-alt (13), dearbhú a fháil go ndéanfar an fhianaise a dhíothú—

(a) mura ndéantar an duine is ábhar don imscrúdú a ionchúiseamh, ag deireadh tréimhse 12 mhí ón tráth a thógtar an fhianaise, mura rud é gurb é is cúis leis an duine gan a bheith ionchúisithe ná gur éalaigh sé nó sí nó nach féidir teacht air nó uirthi, nó

(b) má dhéantar an duine a ionchúiseamh agus go n-éigiontaítear nó go scaoiltear saor é nó í nó go n-urscaoiltear é nó í nó go scoirtear de na himeachtaí, ag deireadh tréimhse 21 lá dá éis sin.

(13) Féadfaidh an tAire, ar iarraidh ón gCúirt agus tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, a ordú go ndéanfar aon tréimhse a luaitear i bhfo-alt (12) a fhadú ar chúis mhaith.

Daoine a aimsiú agus maoin, etc. a shainaithint nó a aimsiú.

51 .— (1) Más rud é, de réir mhíreanna (a), (g) agus (i) d’Airteagal 93, go n-iarrfaidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta cúnamh—

(a) i ndáil le daoine a aimsiú nó míreanna maoine a shainaithint nó a aimsiú,

(b) i ndáil le háiteanna nó láithreáin a scrúdú, lena n-áirítear dí-adhlacadh agus scrúdú a dhéanamh ar láithreáin uaighe, nó

(c) i ndáil le taifid nó doiciméid eile a sholáthar,

déanfaidh an tAire, faoi réir alt 4 agus fho-alt (2), an iarraidh a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána agus déanfaidh an Coimisinéir socrú chun go gcomhlíonfar í.

(2) Ní rachaidh an tAire ar aghaidh de réir fho-alt (1) mura dtugann an Chúirt gealltanas—

(a) nach ndéanfar aon ábhar a thabharfar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid, gan toiliú an Aire, chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear san iarraidh, agus

(b) go gcuirfear an t-ábhar ar ais nuair nach mbeidh sé ag teastáil a thuilleadh chun na críche a shonraítear amhlaidh (nó chun aon chríche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), mura rud é go léireoidh an tAire nach gá é a chur ar ais.

(3) Tabharfaidh an Coimisinéir tuairisc don Aire ar thoradh an ghnímh a dhéanann an Garda Síochána maidir leis an iarraidh, agus déanfaidh an tAire an tuairisc a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

(4) Ní rachaidh comhalta den Gharda Síochána isteach in aon áitreabh nó áit ar mhaithe leis an iarraidh a chomhlíonadh gan toiliú an áititheora nó gan bharántas nó ordú faoin alt seo á údarú dó nó di dul isteach.

(5) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána do dhéanamh cóip den iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus d’aon doiciméid a bheidh ina teannta a thabhairt ar aird, barántas a eisiúint chun aon áitreabh nó áit a chuardach más deimhin leis nó léi go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint—

(a) gur gá dul isteach san áitreabh nó san áit chun an iarraidh a chomhlíonadh, agus

(b) maidir le háititheoir an áitribh nó na háite—

(i) nár thoiligh sé nó sí toiliú leis an dul isteach, nó

(ii) nach dócha, in imthosca an cháis, go dtoileoidh sé nó sí agus go bhféadfaí dochar mór a dhéanamh do chomhlíonadh na hiarrata dá n-iarrfaí an toiliú.

(6) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás ina mbaineann an iarraidh le hábhar áirithe nó le hábhar de thuairisc áirithe, agus

(ii) i gcás inar dealraitheach don bhreitheamh go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint—

(I) go bhfuil an t-ábhar i seilbh an duine atá ainmnithe san iarraidh, agus

(II) nár chomhaontaigh sé nó sí é a thabhairt ar aird nó nach dócha, in imthosca an cháis, go ndéanfadh sé nó sí amhlaidh agus, sa chás deiridh sin, go bhféadfaí dochar mór a dhéanamh do chomhlíonadh na hiarrata dá n-iarrfaí an toiliú.

(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, féadfaidh an breitheamh a ordú don duine a bheidh ainmnithe san iarraidh, nuair a thabharfaidh comhalta den Gharda Síochána ar aird cóip den ordú—

(i) an t-ábhar a thabhairt ar aird don chomhalta chun go dtabharfaidh an comhalta chun siúil é, nó

(ii) rochtain ar an ábhar a thabhairt don chomhalta laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san ordú.

(c) Forálfar freisin leis an ordú go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána, mura gcomhlíonfar an t-ordú, an t-áitreabh lena mbaineann a chuardach, agus, chun na críche sin, féadfaidh an comhalta na cumhachtaí cuardaigh a thugtar le fo-alt (7) a fheidhmiú.

(d) Féadfaidh an breitheamh an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh.

(7) Maidir le barántas faoi fho-alt (5), déarfar ann, agus oibreoidh sé sa chaoi, go n-údaraítear do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána, agus cibé daoine eile is gá ina theannta nó ina teannta agus ar an mbarántas a thabhairt ar aird—

(a) dul isteach, laistigh de 7 lá tar éis an dáta a eisítear an barántas, san áitreabh nó san áit a bheidh ainmnithe sa bharántas agus forneart réasúnach a úsáid chuige sin más gá,

(b) an t-áitreabh nó an áit sin agus aon duine a fhaightear ansin a chuardach,

(c) más gá chun an iarraidh a chomhlíonadh agus faoi réir fho-alt (12), an áit nó aon chuid di a thochailt,

(d) aon ábhar nó rud eile a fhaightear ansin, nó atá i seilbh duine atá i láthair ansin tráth an chuardaigh a scrúdú, a urghabháil agus a choimeád, ar ábhar nó rud é a gcreideann an comhalta le réasún ina leith gur fianaise é ar chion ICC a dhéanamh nó gur fianaise é maidir leis an gcéanna, nó ar ábhar nó rud é ar gá é a choimeád chun an iarraidh a chomhlíonadh, agus

(e) cibé bearta eile a dhéanamh is dealraitheach don chomhalta a bheith riachtanach chun aon ábhar nó rud den sórt sin a chaomhnú agus chun nach mbainfear leis.

(8) I gcás inarb é atá san ábhar dá dtagraítear i bhfo-alt (6) (7)(d) ná ábhar i bhfoirm neamh-inléite , beidh éifeacht leis an mbarántas nó leis an ordú mar ordú chun an t-ábhar a thabhairt ar aird, nó chun rochtain a thabhairt air, i bhfoirm atá inléite agus inar féidir é a thabhairt chun siúil.

(9) Maidir le barántas nó ordú faoin alt seo—

(a) ní thugtar aon cheart leis chun doiciméid a scrúdú, a urghabháil nó a choimeád, ar doiciméid iad—

(i) atá, i dtuairim an Aire, dochrach do shlándáil an Stáit, nó

(ii) atá faoi réir pribhléide dlíthiúla,

nó chun a chur faoi deara na doiciméid a thabhairt ar aird, nó chun rochtain a thabhairt orthu, agus

(b) faoi réir mhír (a) agus fhomhír (10), tá éifeacht leis d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear faoi aon achtachán nó riail dlí.

(10) I gcás ina n-iarrfaidh an Chúirt go nochtfar aon fhaisnéis nó doiciméad a sholáthair rialtas stáit eile, nó a soláthraíodh thar a cheann, i modh rúin do roinn Rialtais nó d’údarás eile, déanfaidh an tAire, de réir Airteagal 73 (faisnéis nó doiciméid tríú páirtí)—

(a) más páirtí sa Reacht an stát sin, toiliú a thabhairt maidir leis an nochtadh nó gealltanas a thabhairt an tsaincheist maidir le nochtadh a réiteach leis an gCúirt, faoi réir Airteagal 72 (faisnéis slándála náisiúnta a chosaint), nó

(b) in aon chás eile, a chur in iúl don Chúirt nach féidir leis nó léi an doiciméad nó an fhaisnéis a sholáthar mar gheall ar an oibleagáid rúndachta i leith an rialtais sin.

(11) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar chomhalta den Gharda Síochána le linn dó nó di cuardach a dhéanamh faoin alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500 nó príosúnacht ar feadh tréimhse 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(12) (a) Ní fhéadfaidh an Garda Síochána corp a dhí-adhlacadh as áit a bheidh ainmnithe sa bharántas gan údarú déanamh amhlaidh le hordú ón Aire, tar éis fógra a thabhairt don chróinéir don cheantar cróinéara lena mbaineann.

(b) Ar dhí-adhlacadh den sórt sin a bheith déanta beidh na cumhachtaí céanna agus na dualgais chéanna ag an gcróinéir lena mbaineann a bheadh aige nó aici amhail is dá mba rud é nár adhlacadh an corp.

(13) Faoi réir alt 4, féadfar aon ábhar a urghabhfar nó a gheofar de bhua an ailt seo a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta de réir ordacháin an Aire, ar ordacháin iad a thabharfar tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt.

(14) Más rud é gurb é atá san ábhar a gheofar mar fhreagra ar an iarraidh ná doiciméad, déanfar an doiciméad bunaidh nó cóip de a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus, más aon airteagal eile atá san ábhar, déanfar an t-airteagal féin nó tuairisc air, grianghraf de nó léiriú eile air a tharchur amhlaidh.

(15) Chun aon fhaisnéis a fháil is gá chun go gcomhlíonfar iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar chúnamh i ndáil le daoine a aimsiú, féadfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, más é a thuairim nó a tuairim go bhfuil faisnéis maidir leis an áit ina bhfuil na daoine sin nó maidir le háit oibre na ndaoine sin ar seilbh nó ar fáil ag aon duine nó ag aon chomhlacht, fógra a sheirbheáil ar an duine nó ar an gcomhlacht, á cheangal ar an duine nó ar an gcomhlacht aon fhaisnéis den sórt sin a sholáthar i scríbhinn laistigh de cibé tréimhse ama a shonrófar san fhógra.

(16) Ní choiscfear duine ar fhógra den sórt sin a chomhlíonadh le haon achtachán nó riail dlí lena gcoisctear nó lena sriantar nochtadh faisnéise (ach amháin faisnéis atá, i dtuairim an Aire, dochrach do shlándáil an Stáit nó atá faoi réir pribhléide dlíthiúla).

(17) Aon duine nó aon chomhlacht nach gcomhlíonfaidh fógra den sórt sin, gan leithscéal réasúnach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí dhéag nó iad araon a chur air nó uirthi.

Fianaise a thógáil.

52.— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaighidh an tAire iarraidh faoi Airteagal 93.1(b) ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ar iarraidh í—

(a) ar fhianaise a thógáil, lena n-áirítear fianaise faoi mhionn, ó dhaoine seachas daoine a bhfuil drochamhras orthu go ndearna siad cion ICC nó daoine atá á n-imscrúdú nó á n-ionchúiseamh ag an gCúirt, nó

(b) ar fhianaise a thabhairt ar aird, lena n-áirítear tuairimí agus tuarascálacha a bhfuil gá ag an gCúirt leo a fháil ó shaineolaithe.

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, féadfaidh an tAire, faoi réir alt 4

(a) a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh den Chúirt sin a ainmniú chun an fhianaise lena mbaineann an iarraidh a ghlacadh, agus

(b) cóip den iarraidh agus d’aon doiciméid a bheidh ina teannta nó aon doiciméid ghaolmhara a chur chuig an mbreitheamh.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh cumhachtaí na Cúirte Dúiche in imeachtaí coiriúla ag an mbreitheamh ainmnithe, lena n-áirítear a cumhachtaí—

(i) i ndáil le freastal finnéithe a áirithiú, i ndáil le doiciméid nó airteagail eile a thabhairt ar aird, i ndáil le fianaise faoi mhionn a thógáil agus, faoi réir fho-alt (4), iallach a chur ar fhinnéithe fianaise a thabhairt nó doiciméid nó nithe eile a thabhairt ar aird agus, i gcoitinne, i ndáil le seoladh na n-imeachtaí maidir le fianaise a thógáil, agus

(ii) faoi aon achtachán nó riail dlí a bhaineann le finnéithe a chosaint ar imeaglú,

agus

(b) féadfaidh an breitheamh ainmnithe, más é a thuairim nó a tuairim gur gá é—

(i) chun íospartaigh nó finnéithe a chosaint nó chun duine a chosaint a líomhnaítear ina leith go ndearna sé nó sí cion ICC a chosaint, nó

(ii) chun faisnéis rúnda nó faisnéis íogair a chosaint,

a ordú go ndéanfar na himeachtaí os a chomhair nó os a comhair, nó aon chuid díobh, a sheoladh ar shlí

seachas go poiblí.

(4) Déanfaidh an breitheamh na cearta dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 55 (cearta daoine le linn imscrúdaithe) a chur in iúl do dhuine lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Ní bheidh iallach ar dhuine aon fhianaise a thabhairt sna himeachtaí ar fianaise í nach bhféadfaí iallach a chur air nó uirthi í a thabhairt in imeachtaí coiriúla sa Stát.

(6) Faoi réir fho-alt (5), aon duine a thoghairfear chun fianaise a thabhairt sna himeachtaí agus a mhainneoidh nó a dhiúltóidh, gan leithscéal réasúnach, aon cheist a fhreagairt nó ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon doiciméad nó rud eile a thabhairt ar aird, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) Más dealraitheach ag aon chéim de na himeachtaí go bhfuil forais drochamhrais ann go ndearna an duine cion ICC, déanfaidh an breitheamh—

(a) a chearta nó a cearta faoi mhír 2 d’Airteagal 55 a chur in iúl don duine,

(b) más gá, a ordú go ndéanfar ateangaire inniúil a sholáthar don duine, agus

(c) a ordú go ndéanfar cúnamh dlíthiúil a sholáthar don duine más dealraitheach don bhreitheamh nach leor acmhainn an duine chun a chumasú dó nó di cúnamh den sórt sin a fháil.

(8) Ar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (7)(c) beidh an duine i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil sna himeachtaí agus chun na críche sin beidh feidhm, i ndáil leis an duine, ag alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962, fairis na modhnuithe is gá, amhail is dá mba rud é gur deonaíodh deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Dúiche) dó nó di faoin alt sin.

(9) Déanfaidh an breitheamh—

(a) an taifead ar aon fhianaise a gheofar faoin alt seo a chur chuig an Aire lena tharchur chuig an gCúirt, agus

(b) aon deimhniú nó aon chineál eile fíordheimhnithe a sholáthar i ndáil leis an bhfianaise de réir mar is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh.

(10) I bhfo-alt (3)(a)(ii) folaíonn “achtachán” na hAchtanna um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981 agus 1990, an tAcht um Fhianaise Choiriúil 1992, an tAcht um Cheartas Coiriúil 1999 agus Acht na Leanaí 2001.

Ceistiú.

53.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaighidh an tAire iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta faoi Airteagal 93.1(c) chun aon duine a cheistiú a mbeidh drochamhras ann go ndearna sé nó sí cion ICC.

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, déanfaidh an tAire, faoi réir alt 4, cóip den iarraidh agus aon doiciméid a bheidh ina teannta a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána.

(3) Socróidh an Coimisinéir go ndéanfaidh comhalta nó comhaltaí den Gharda Síochána an duine lena mbaineann a cheistiú i stáisiún Garda.

(4) Ní cheisteofar an duine de bhun na hiarrata mura rud é—

(a) go dtoilíonn sé nó sí leis an gceistiú a dhéanamh air nó uirthi,

(b) go mbeidh a chearta nó a cearta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 55, curtha in iúl dó nó di,

(c) go ndéanfar, más gá, ateangaire inniúil, agus cúnamh dlíthiúil de réir mhír 2 den Airteagal sin, a sholáthar dó nó di.

(5) Maidir leis an toiliú—

(a) féadfaidh an duine lena mbaineann é a thabhairt, nó

(b) i gcás, mar gheall ar staid choirp nó mheabhrach an duine nó mar gheall ar a óige atá sé nó sí, nár chuí don duine gníomhú thar a cheann féin nó thar a ceann féin, féadfaidh duine cuí é a thabhairt, agus é nó í ag gníomhú thar cheann an duine.

(6) Déanfar an ceistiú a fhístaifeadadh agus déanfaidh an Coimisinéir an taifeadadh, mar aon le haon chineál fíordheimhnithe a shonrófar san iarraidh, a chur chuig an Aire lena tharchur chun na Cúirte.

(7) Seolfar an ceistiú, faoi réir an ailt seo, de réir aon ordachán ina thaobh sin a bheidh san iarraidh.

Doiciméid a sheirbheáil.

54 .— (1) Faoi réir alt 4, féadfaidh an tAire iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar dhoiciméid a sheirbheáil, lena n-áirítear toghairmeacha nó doiciméid bhreithiúnacha eile, a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir—

(a) a chur faoi deara go seirbheálfaidh comhalta den Gharda Síochána na doiciméid de réir na hiarrata agus déanfaidh sé nó sí cruthúnas ar sheirbheáil a chur chuig an Aire lena tharchur chuig an gCúirt, nó

(b) mura féidir an tseirbheáil a dhéanamh, fógra a thabhairt don Aire dá réir sin, ar fógra é ina luafar an chúis nár seirbheáladh iad.

(3) Más é atá sa doiciméad atá le seirbheáil ná toghairm á cheangal ar dhuine láithriú os comhair na Cúirte mar fhinné, beidh fógra ina theannta á rá—

(a) go bhféadfadh sé gur mhian leis an duine ar a seirbheáiltear é comhairle a lorg maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá mainneodh sé nó sí déanamh de réir na toghairme,

(b) go bhféadfadh sé nach mbeidh na cearta agus na pribhléidí céanna ag an duine faoin Reacht in imeachtaí os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a bheadh ag finnéithe in imeachtaí coiriúla os comhair cúirte sa Stát, agus

(c) de réir mar a bheidh—

(i) gur thug an Chúirt dearbhú don duine nach ndéanfaidh an Chúirt é nó í a ionchúiseamh, a choinneáil nó a chur faoi réir aon sriain ar shaoirse phearsanta maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a tharla roimh imeacht as an Stát dó nó di, nó

(ii) go bhfuil údarás ag an gCúirt faoi Airteagal 93.2 chun déanamh amhlaidh.

Príosúnach a aistriú go sealadach.

55 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaighidh an tAire iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta faoi Airteagal 93.1(f) ar phríosúnach atá i gcoimeád sa Stát a aistriú go sealadach chuici chun críocha céannachta nó chun fianaise nó cúnamh eile a fháil.

(2) Féadfaidh an tAire, faoi réir alt 4, a cheangal, le hordú, go ndéanfar duine den sórt sin—

(a) a thabhairt i gcoimeád ón áit ina bhfuil sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil go dtí áit imeachta as an Stát chun é nó í a sheachadadh isteach i gcoimeád duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCúirt, agus

(b) tar éis don duine filleadh ón gCúirt, a thabhairt ar ais i gcoimeád go dtí an áit ina raibh sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil mura rud é, i gcás duine a bhfuil pianbhreith príosúnachta nó coinneála á cur isteach aige nó aici, go bhfuil téarma na pianbhreithe imithe in éag.

(3) Maidir le hordú faoin alt seo—

(a) ní fhéadfar é a dhéanamh—

(i) ach amháin le toiliú an duine, nó

(ii) i gcás inar dealraitheach don Aire nach cuí don duine toiliú a thabhairt mar gheall ar staid choirp nó mheabhrach an duine nó mar gheall ar a óige atá sé nó sí, ach amháin i gcás toiliú a bheith tugtha ag duine is dealraitheach don Aire gur duine cuí é nó í chun déanamh amhlaidh,

agus

(b) féadfar a fhoráil leis go mbeidh an t-aistriú faoi réir coinníollacha, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) an duine a thabhairt ar ais go dtí an Stát, agus

(ii) coimeád an duine le linn dó nó di a bheith lasmuigh den Stát.

(4) Aon duine (seachas comhalta den Gharda Síochána) a bhfuil duine atá á thabhairt nó á tabhairt ón áit, nó go dtí an áit, ina bhfuil nó ina raibh sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil ina choimeád nó ina coimeád faoi fho-alt (2), meastar, chun críocha an fho-ailt sin, gur comhalta den sórt sin é nó í.

(5) Má éalaíonn duine as coimeád nó má bhíonn duine ar a shaoirse nó ar a saoirse go neamhdhleathach le linn idirthurais sa Stát go dtí an Chúirt nó ón gCúirt, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó duine eile a bhfuil sé nó sí ina choimeád nó ina coimeád é nó í a ghabháil gan bharántas agus a thabhairt go dtí aon áit a bhféadfar é nó í a thabhairt chuici de réir ordaithe faoin alt seo.

(6) (a) Aon duine a bhfuil pianbhreith príosúnachta nó coinneála á cur isteach aige nó aici nó atá i gcoimeád ar shlí eile, leanfaidh sé nó sí den phianbhreith a chur isteach nó fanfaidh sé nó sí de bheith i gcoimeád le linn don duine a bheith ar idirthuras go dtí an áit imeachta nó ón áit imeachta nó le linn dó nó di bheith i gcoimeád na Cúirte.

(b) Déanfaidh an tAire dáta éagtha aon phianbhreithe den sórt sin a chur in iúl don Chúirt.

(7) San alt seo folaíonn “coimeád” coimeád sa Stát le linn a bheith ag feitheamh le triail nó pianbhreith nó de mhainneachtain fíneáil nó suim eile atá dlite faoi ordú ó chúirt a íoc.

Idirthuras.

56 .— (1) San alt seo ciallaíonn “ aistrí ” duine—

(a) atá á thabhairt suas nó á tabhairt suas ag stát eile don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta faoi Airteagal 89,

(b) atá i gcoimeád i stát eile agus atá á aistriú nó á haistriú go sealadach chun na Cúirte faoi Airteagal 93.7, nó

(c) atá á aistriú nó á haistriú de réir Chuid 10 den Reacht idir an Chúirt agus stát eile, nó idir stáit eile den sórt sin, chun pianbhreith príosúnachta arna forchur ag an gCúirt a chur isteach,

agus ar i ndáil leis nó léi a rinneadh iarraidh ar idirthuras a tharchur de réir Airteagal 87.

(2) Faoi réir Airteagal 89.3, údaróidh an tAire idirthuras aistrí tríd an Stát, mura rud é, i dtuairim an Aire, go gcuirfeadh idirthuras bac nó moill ar an tabhairt suas.

(3) Féadfaidh an tAire—

(a) aon choinníollacha is dóigh leis nó léi is gá a chur ag gabháil leis an údarú, agus

(b) a shocrú go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána maoirsiú ar an duine le linn dó nó di a bheith ar idirthuras tríd an Stát.

(4) Maidir le haistrí—

(a) de réir Airteagal 89.3(c), déanfaidh comhalta den Gharda Síochána, é nó í a choinneáil ar theacht isteach sa Stát dó nó di, agus

(b) measfar é nó í a bheith i gcoimeád an chomhalta sin nó aon chomhalta eile den sórt sin a bheidh ag maoirsiú an aistrí de thuras na huaire.

(5) I dteannta na faisnéise a cheanglaítear le hAirteagal 89.3(b) a bheith in iarraidh ón gCúirt ar idirthuras, féadfaidh an tAire a cheangal ar an gCúirt cibé faisnéis bhreise a mheasann an tAire a bheith riachtanach nó fóirsteanach a sholáthar i ndáil le himthosca thabhairt suas nó aistriú an aistrí lena mbaineann.

(6) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás duine dá dtagraítear in aon mhír d’fho-alt (1) a bheith ar bord aerárthaigh a dhéanann tuirlingt neamhsceidealta sa Stát.

(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, féadfaidh an tAire—

(i) a cheangal go ndéanfaidh an Chúirt, de réir Airteagal 89.3(e), laistigh den tréimhse 96 huaire an chloig dar tús an t-am a dhéantar an tuirlingt neamhsceidealta, iarraidh a chur faoina bhráid nó faoina bráid maidir le hidirthuras an duine lena mbaineann, agus

(ii) a chur in iúl don Chúirt go ndéanfar an duine a scaoileadh saor mura bhfaightear an iarraidh laistigh den tréimhse sin.

(c) Mura bhfaigheann an tAire an iarraidh roimh dheireadh na tréimhse a luaitear i mír (b)(ii), ordóidh an tAire go ndéanfar an duine a scaoileadh saor.

(d) Ní urchosc an scaoileadh saor ar ghabháil an duine ar scór iarrata dá éis sin ón gCúirt ar é nó í a thabhairt suas.

(e) Tá feidhm ag fo-ailt (2) go (5) i ndáil le duine den sórt sin mar atá feidhm acu i ndáil le haistrí.

An tAcht gan teorannú a dhéanamh ar sholáthar cúnaimh eile.

57 .— Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní lena dtoirmisctear cúnamh (seachas cúnamh dá bhforáiltear faoin Acht seo) a sholáthar don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ar cúnamh é nach dtoirmisctear le haon achtachán eile nó le haon riail dlí.