|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Iarrataí Eile ) | Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17 Iúil 1998 ) |
An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 6 Ilghnéitheach | |
Suíonna de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Stát. |
58 .— (1) Féadfaidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, le linn di a bheith ag suí sa Stát, a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Reacht agus beidh éifeacht dá réir sin le forálacha an Reachta chuige sin, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann leis an Ionchúisitheoir agus Cuid 8 de (achomharc in aghaidh breitheanna, nó athbhreithniú ar bhreitheanna, ó Dhlísheomra Trialach de chuid na Cúirte). | |
[EN] | (2) Maidir le horduithe a dhéanfaidh an Chúirt i rith trialach a bheidh os a comhair le linn di a bheith ina suí amhlaidh (lena n-áirítear orduithe chun duine a phríosúnú nó a choinneáil), beidh éifeacht leo chun gach críche amhail is dá mba orduithe iad arna ndéanamh ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil, agus beidh éifeacht dá réir sin le haon achtacháin agus ionstraimí reachtúla iomchuí (lena n-áirítear rialacha cúirte), fairis na modhnuithe is gá. | |
[EN] | (3) Ní bheidh aon bhreithiúnas, ordú nó cinneadh ón gCúirt le linn di a bheith ina suí amhlaidh faoi réir athbhreithnithe ag cúirt sa Stát. | |
An tIonchúisitheoir do dhéanamh imscrúduithe sa Stát. |
59 .— (1) Faoi réir alt 4, féadfaidh an tIonchúisitheoir— | |
[EN] | (a) imscrúduithe a sheoladh sa Stát— | |
[EN] | (i) de réir Chuid 9 (Comhar Idirnáisiúnta agus Cúnamh Breithiúnach) den Reacht, nó | |
[EN] | (ii) sna himthosca a luaitear in Airteagal 57.3(d), má údaraíonn an Dlísheomra Réamhthrialach dó nó di déanamh amhlaidh, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar chúnamh a fhorghníomhú go díreach sa Stát, ach sin faoi réir míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 99 a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht le hAirteagal 55 (cearta daoine le linn imscrúdaithe) i ndáil le himscrúduithe den sórt sin. | |
Díolúintí agus pribhléidí a bhaineann leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. |
60 .— (1) Beidh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ag a breithiúna, ag an Ionchúisitheoir, ag an Leas-Ionchúisitheoir, ag an gCláraitheoir, ag daoine eile dá foireann agus ag na daoine eile sin a luaitear in Airteagal 48 agus sa Chomhaontú maidir le Pribhléidí agus Díolúintí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, d’éagmais aon tarscaoilte, na pribhléidí, na díolúintí agus saoráidí is gá chun na gcríoch a shonraítear i ndáil leo san Airteagal sin nó sa Chomhaontú. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), beidh éifeacht le hAirteagal 48 agus leis an gComhaontú i ndáil leis an Stát. | |
[EN] | (3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar an gComhaontú. | |
[EN] | (4) Tá téacs an Chomhaontaithe, sa Bhéarla, leagtha amach i Sceideal 2 mar áis tagartha. | |
Díolúine stáit nó taidhleoireachta, etc. |
61 .— (1) De réir Airteagal 27, maidir le haon díolúine taidhleoireachta nó díolúine stáit a thugtar do dhuine mar gheall ar bhaint a bheith aige nó aici le stát is páirtí sa Reacht, ní urchosc í ar imeachtaí faoin Acht seo i ndáil leis an duine. | |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “díolúine taidhleoireachta” aon phribhléid nó díolúine a thugtar do dhuine le halt 6, nó faoi alt 5, den Acht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta 1967; | |
[EN] | ciallaíonn “ díolúine stáit ” aon phribhléid nó díolúine a thugtar do cheann stáit nó do phríomh-aire, nó d’aire gnóthaí eachtracha, d’ionadaí, d’oifigeach nó do ghníomhaire stáit— | |
[EN] | (a) de bhua aon achtacháin (seachas alt 5 nó 6 den Acht sin 1967), nó | |
[EN] | (b) faoi aon riail dlí; | |
[EN] | ciallaíonn “stát is páirtí sa Reacht” stát a ghlac le dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta de réir Airteagal 12 (réamhchoinníollacha a bhaineann le feidhmiú dlínse). | |
Iarrataí chun na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar chúnamh. |
62 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfuil imscrúdú á dhéanamh, nó i gcás ionchúiseamh a bheith tionscanta, sa Stát maidir le cion ICC nó maidir le cion tromaí eile. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, de réir Airteagal 93.10, cúnamh a sholáthar i dtaca leis an imscrúdú nó leis an ionchúiseamh. | |
[EN] | (3) San alt seo, ciallaíonn “cion tromaí” cion ar ina leith a fhéadfar duine atá láninniúil agus nár ciontaíodh roimhe sin a phionósú ina leith le téarma príosúnachta ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós is déine ná sin. | |
Fianaise in imeachtaí. |
63 .— (1) In aon imeachtaí— | |
[EN] | (a) aon doiciméad a airbheartaíonn— | |
[EN] | (i) gur iarraidh é ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas, nó a ghabháil go sealadach, nó ar aon chineál eile cúnaimh, nó | |
[EN] | (ii) gur doiciméad é (seachas doiciméad a luaitear i mír (b)) arna sholáthar ag an gCúirt i ndáil leis an iarraidh, | |
[EN] | agus a bheith sínithe ag oifigeach don Chúirt, beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an iarraidh nó ar an doiciméad agus ar na nithe a luaitear ann, | |
[EN] | (b) aon doiciméad a airbheartaíonn— | |
[EN] | (i) gur cóip é de bharántas gabhála agus tabhartha suas arna eisiúint ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó de bhreithiúnas nó d’ordú ón gCúirt, agus | |
[EN] | (ii) a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach don Chúirt, | |
[EN] | beidh sé inghlactha i bhfianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, mar chóip dhílis den bharántas, | |
[EN] | (c) aon doiciméad a airbheartaíonn— | |
[EN] | (i) gur aistriúchán é ar dhoiciméad a luaitear i mír (a) nó (b), agus | |
[EN] | (ii) a bheith deimhnithe go bhfuil sé cruinn ag duine a dhealraíonn a bheith inniúil chun déanamh amhlaidh, | |
[EN] | beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an aistriúchán, | |
[EN] | (d) aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de na Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise nó de na hEilimintí Coireanna, beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na Rialacha sin nó ar na hEilimintí sin, | |
[EN] | (e) aon doiciméad a airbheartaíonn gur doiciméad é a fuarthas ón gCúirt le facs, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gurb é an doiciméad bunaidh é a chuir an Chúirt, | |
[EN] | (f) aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é ón Aire á rá gur stát is páirtí sa Reacht, nó nach stát is páirtí sa Reacht, é stát áirithe, beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an ní sin, agus | |
[EN] | (g) aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é ón Aire faoi alt 38(8)(b)(ii), beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe a luaitear ann. | |
[EN] | (2) In aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar chion faoin Acht seo, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ina luaitear— | |
[EN] | (a) gur eisigh an Roinn pas chuig an duine ar dháta sonraithe, agus | |
[EN] | (b) de réir mar is fearr is eol don oifigeach agus mar a chreideann sé nó sí, nár scoir an duine de bheith ina náisiúnach Éireannach, | |
[EN] | beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise go raibh an duine ina náisiúnach Éireannach ar an dáta a líomhnaítear go ndearna sé nó sí an cion. | |
[EN] | (3) Toimhdeofar in aon imeachtaí, go dtí go suífear a mhalairt, maidir le hiarrataí ón gCúirt ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas, nó a ghabháil go sealadach, nó ar aon chúnamh faoi Airteagal 93— | |
[EN] | (a) go ndearnadh agus gur tarchuireadh go cuí iad de réir na bhforálacha iomchuí den Reacht, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil siad á ndéanamh i dtaca le himscrúdú nó ionchúiseamh cionta a thagann faoi réim dhlínse na Cúirte. | |
Rialacháin. |
64 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, cibé rialacháin a dhéanamh a mheasann sé nó sí is gá nó is fóirsteanach chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo nó d’aon fhoráil de. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh sna rialacháin maidir leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) nithe atá coimhdeach le hiarrataí ar chúnamh ón gCúirt a fhorghníomhú, | |
[EN] | (b) (i) coimeád, caomhnú nó cosaint doiciméad nó airteagal eile a urghabhtar nó a fhaightear ar shlí eile i gcúrsa iarraidh ar chúnamh ón gCúirt a chomhlíonadh, | |
[EN] | (ii) iad a chur chuig an gCúirt, agus | |
[EN] | (iii) más cuí, iad a chur ar ais chuig an duine ónar urghabhadh iad nó iad a dhiúscairt ar shlí eile, | |
[EN] | (c) nithe is gá nó is fóirsteanach chun lánéifeacht a thabhairt d’aon imscrúduithe nó d’aon suíonna de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Stát, agus | |
[EN] | (d) an téacs, de thuras na huaire, de na Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise agus de na hEilimintí Coireanna. | |
[EN] | (3) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin. | |
Leasú ar an Acht um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh 1998. |
65 .— Leasaítear alt 7 (iarraidh chun an duine céanna a eiseachadadh) den Acht um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh 1998 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |
[EN] | “(b) thar imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach de réir bhrí an Achta um Barántas Gabhála Eorpach 2003, mura rud é go mbeidh ordú déanta ag an Ard-Chúirt faoi alt 15 nó faoi fho-alt (1) nó (2) d’alt 16 den Acht sin chun an duine a thabhairt suas,”. | |
Leasuithe iarmhartacha. |
66 .— Beidh éifeacht le Sceideal 3 i ndáil leis na leasuithe ar achtacháin dá bhforáiltear ann. |