An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 1 Suimeanna a Vótáladh le hAghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú )

35 2006

An tAcht Leithreasa 2006

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil

Alt 2.

Sceideal de shuimeanna a áirítear i Sceideal 1 a bhféadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh ina leith, le hordú faoi Alt 91 den Acht Airgeadais 2004, go mbeidh siad ar fáil chun a n-úsáide chun slánaithe soláthair sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2007 le haghaidh na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch sna Vótaí agus sna Teidil chomhréire a luaitear i gcolúin (1) agus (2).

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna dá n-iarchuirtear géilleadh.

(1)

(2)

(3)

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh

30,965,000

19

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus seirbhísí áirithe eile, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi scéimeanna airgeadteoranta atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus deontais-i-gcabhair a íoc

1,272,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas

500,000

25

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d’Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, agus scéimeanna, fóirdheontais agus deontais ilghnéitheacha

20,000,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc

15,257,000

31

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Bia, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Choimisiún Talún na hÉireann agus chun deontais, fóirdheontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

20,277,000

32

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun deontais áirithe a íoc agus le haghaidh seirbhísí áirithe eile

29,100,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais agus deontais áirithe agus deontas-i-gcabhair a íoc, agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

16,322,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

20,842,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

2,600,000

39

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Sláinte agus Leanaí (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

2,000,000

Iomlán Sceideal 2

159,135,000