An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasuithe ar Acht 1999 )

40 2006

An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh ailt 4, 6, 8, 11 go 14 agus 19 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Gáis 1976;

ciallaíonn “Acht 1999” an tAcht um Rialáil Leictreachais 1999;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.