|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Leasú ar an Acht Forbartha Móna 1998 ) | Ar Aghaidh ( CUID 8 An Éifeacht atá le Leasuithe Áirithe arna nDéanamh ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ) |
An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 7 Leasú ar Acht 2001 | |
Leasú ar Acht 2001. |
21 .— (1) Leasaítear Acht 2001 in alt 2 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(3) Maidir leis an stoc caipitiúil sa Bhord arna eisiúint chuig an Aire Airgeadais de bhun fho-alt (2)(a) beidh, ar theacht i ngníomh don fho-alt seo, beidh méid de, arb éard é 10 faoin gcéad den stoc caipitiúil sa Bhord, arna aistriú chuig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus fanfaidh an méid sin san Aire sin. | |
[EN] | (4) Maidir le stoc caipitiúil arna eisiúint ag an mBord tar éis don fho-alt seo teacht i ngníomh— | |
[EN] | (a) eiseofar 85 faoin gcéad den stoc caipitiúil sin chun an Aire Airgeadais gan íocaíocht agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc caipitiúil láníoctha, agus | |
[EN] | (b) eiseofar 10 faoin gcéad den stoc caipitiúil sin chun an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha gan íocaíocht agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc caipitiúil láníoctha, | |
[EN] | agus beidh feidhm ag na socruithe sin in ionad na socruithe a shonraítear i bhfo-alt (2)(a).”. | |
[EN] | (2) Leasaítear Acht 2001 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3: | |
[EN] | “An tAire Airgeadais agus an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha d’fheidhmiú cumhachtaí i leith stoic chaipitiúil. | |
[EN] | 3.— (1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ina bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae. | |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ina bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an stoc caipitiúil go léir sa Bhord atá ar seilbh aige nó aici, ná aon chuid de, a dhíol, a mhalartú, a ghéilleadh nó a dhiúscairt ar shlí eile gan toiliú a fháil roimh ré ón Aire Airgeadais.”. | |
[EN] | (3) Leasaítear Acht 2001 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7: | |
[EN] | “Díbhinní a íoc isteach sa Státchiste. | |
[EN] | 7.— Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais nó an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i leith stoic chaipitiúil a bheidh ar seilbh ag ceachtar díobh a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”. | |
[EN] | (4) Leasaítear Acht 2001 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11: | |
[EN] | “Caiteachais. | |
[EN] | 11.— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.”. |